Chum an Airmhidneach ionnruic Proinnsias Laighneach
ar bhás Sheorsa Uí Reachtagáin.
'Airmhidne ionmhuin,
Is ris an ngrádh buadhadh do bhreith, go nach raibhe
múiribh láidre Shemiramis ainseasta 'n-a aghaidh; ná
tulchaibh tréanbhorbadh uathbhásachadh Gréagmhara a
n-éigniúghadh na h-óig-ríaghna Hellena; nó coilltibh
dlúthghéagachadh doidhshiubhalthadh Transilvania ó Huniades
da chabhrughadh a chríche; ná torraibh daingne
glas-fháisgeachadh Insprunc ón mbainphrionnsa Sobiesci 'dul
tré shléibhte ruadha ródh-lomadh agus tré chairgeachadh géaradh
cinn-gharbhadh agus tré chonaraibh crosánta doidh-shiubhalta,
coillte, curruidh, aibhne báiteachadh, móinte agus boguidh, ag
fulang duadha agus dóruinne do shearcughadh a céile cumainn.
A shaoi na páirte, anallód ba holc ribh canndol athtuirsi agus
caoi shleachta Sheorsa uí Reachtagáin do chluistin, agus anois
fuilingir a dhearbhráthair cumainn Tomás go laothamhuil
a ndeúr is gan bacadh do chur air; agus mo thruaighe an
tsean-Bhóighn do bheith eadruibh, nó anach crosántadh ar bith
oile, nó ní féidir nach gcuirtheadh do bhang air scur ós so
súas ó oll-chaoidibh, re go ttiubhradh fo deara a
shuaruigheacht féin a n-aghaidh toladh a uile aos-grádha
do thuicsin, agus go ndearcadh go grinn a gcúram na cuallachta
éattreorachadh anaosta atá anois taobh ris mar Athair. Guidhim
sibh, a shuairc ionmhuin, ar leithscéal do ghlacadh ionn ar
scríobhadh chugaibh; agus deimhinidhim díbh nach glacuinn
an dánacht sin oram féin munadh mbeith an t-uasal
Mac Ualron; óir tug do aithne scríobhadh chugaibh, ag
meas, ó stadair féin Tomás do chómhairliughadh, nach raibhe
sin beo re n-éisteadh anois acht ribh-si. Ná síl, a shaoi, gur
cumadóireacht so, ní headh go deimhin, óir ar mbeith a
n-Áth Cliath don uasal shuas, chuir a onóir fios dá imsgin
oramsa agus d'aithne dhamh mar do scríobhas.
Anois, a sholásuidh na ndeoruighibh, má tá an sean-ghrádh
dílis úd do théith anallód bhur gcroidhe aguibh, ná bacadh
abhuinn, móin, ná slíabh sibh ón gcumhachtadh tug bhur
nDía féin díbh, ag cur a aithne a n-eagair id bhríathraibh
beoil más féidír, nó ad scríbhinn, agus cuir do bhang ar an
deorach bocht so a ghnáth-dhóluibh laothamhuil do léigean
a ndearmod agus na leinibh atá fo a chúram do smachtughadh
go hathaireamhuil agus a gcoingmhéil síos a n-umhladh go nach
néirgheodhagh a n-uabhar, agus fós tabhair fo deara air an tan
tífeas aon do na leinibh beagadh ag gul gan a dhéor féin do
thaisbéanadh d'aon aca, acht leigeadh air féin gur fíachmhar
'n-aghaidh a n-antoladh é; agus ós so do dhéanamh bu sughach
sáthach subháilceach sástadh an t-onórach shúas, Hester,
Maili agus
do sheirbhíseach fíor-umhal
an seal bhus
Tadhhg ua Neachtuin
Feb. 6, 1725.
B 1725 18T
U Máire Ní Reachtagáin
"Roimhe an Airmhidneach Proinnsias Laighneach,
fáilteadh Mháire nuí Reachtagáin .i. bean
Taidhg uí Neachtuin"
Fáilteadh romhat go Duibhlinn daoineach,
'oideadh fhíre an fhíorchrádhbhadh,
'aoidhreadh ionnraic úir-thréid Íosa,
a chroídhe dhílis na hiolghrádhadh.
Reult eoluis as slighthibh
go dún naomhtha Dé dúileach,
Proinnsias pártach, gidh Laighneach,
a bhfhoidne is a n-úmhladh.
A Chéile cumainn an chóirchreideamh
a tteagasg is a bhfuighleadh,
míle fáilteadh rómhat, a chumainn
go hÁth ionmhuin Duibhlinn daoineach.
Abhrán
Dia do bheathadh, a charadh 's a chéile an ghrinn;
Dia do bheathadh go cathair an Bhearladh bhinn;
cían do bheathadh sul rachair a gcria ná 'gceill
iarradh is aisgeadh do Mhailidh bhocht féin, a chuim, etc..
B 1726 18T
U Tadhg Ó Neachtain
A bhollsaire bhinn-ghlóruidh an Fhír-Dhé,
Ba gnás ag Gaoidhil-fhine cíocras na n-ocrach do shásughadh
a bhfhéile thíorramhuil ghnáth-thabharrthach a n-uile gcroidhe
agus inntinn agus aigne, re ar méaduigh a gclú síorruidhe ar feadh
iomlán na críostuidheachta is gach rann don domhan. Is
follus so os líonmhúireacht óstásaibh nó aoidh-thearmonnaibh
na Fódhla do gach tíorrthach agus gach coigcrích; agus ní amháin
biadh an chuirp dáltuidh do na deoruidhibh romhráidhte
acht beathadh fhíre na h-anama, agus sin ré h-áilgheas dhíadha
aoidhrighibh Dé do léig iad féin oidhche agus lá do
shódh-lásughadh gach deoruigheach dearóil, tíorrdha no danarrdha.
A shaoi, ráinic clú millseacht bhréithribh an teagaisg
Críostuidhe atá anois dá dheóladh a n-Uladh go hÁth Cliath,
agus gidh iomdha grim sáir-mhilis ag fuireann na h-áite céadna,
ní leith-líonta iad gan an bheathadh neamhdha sin agaibh-si
do bhlas agus ré bhur ttoil, 'Airmhidhnidh ionmhuin ionnraic,
dá ndáiltigh an fhleith neamhdha dhíadha chéadna re biadha
na n-aineoluighibh go n-athfhillfidhe é mar an gcorn Bhalair
agus mar scoráid Lughaidh ris an mbuadha gcéadna do dáladh í,
is é sin, gan grim dá thoradh 'laghadughadh; agus tuille oile,
do admháil cumuinn na cóigeadh sin ba reul eoluis cill agus tuatha
re linn oineagh na h-Éireann, anois re h-umhlacht croídhe
aisgim bhur mbeannacht agus ciontuighim mé féin ionn mo
dhánacht ag scríobhadh chugaibh, an ní nach ndéanainn
munadh mbeith deagh-chlú bhur mór-shubháilceadh do
sanntuidh ré éistighthibh agus go mór-mhór re do sheirbhíseach
rodh-umhal,
Tadhg ua Neachtuin.
Iuil 2, 1726.
"Ó Baothán binn, an beartach suairc,
a thulach Teamhrach do ro-ghluais;
bhus saoi an Seaán, bhus uasal méin,
Mac an Bheathadh a chraobh cheinéil."
"Aug. 21, 1726. Ar scríobha ó Phortláirge ris an uasal
Pól Céitin chum Seáin Ua Baotháin a n-Áth Cliath dúan ionna
raibhe trí rainn agus abhrán ag aisge ar an Seán thuas a ghuidhe 'chur
chum Día re Tadhg agus Díarmuid 'threisiughadh a n-aghaidh Gaill
go scaoilfidh a ngeimhleach, do freagra Pól ó Áth Cliath ar an modh
so":
U 0245
Buidheach Diarmuid 's as buidheach Tadhg
dhíbh, agus Seán, a Phóil chléibh,
air h'aisge, 'shaoi, go ttig' tar tuinn
oighreadh an fhuinn, ua na Séam.
Lá agus oidhche air Dhía na ndúl
cuir-si riom do ghuidhe ghéar;
gheabhair éisteacht ó Rígh na rann
an mac fa fann bheith turtach tréan.
Gheabhair fós réad do fhuireann chlíar
beannacht Dhía do chlanna Gaodhul -
do chompáin dil ataoim do rádh
is Croistian, thráth, an tsuilbhir shéimh.
Oir is í féin an ríaghan óg
do thriall dá deoin go Salomh saoi;
sibh-si an Salomh, a Phóil chléibh;
beannacht Dhé for an días!
Beannacht fós do do chrobhthuinn clíar,
ó Áth Cliath is buidheach díobh:
a n-impidhe ghéar ar Mhuire mhór
Gaoidhil a sódh bheith go buidheach, etc..
Meadhair is macnais a ttalamh íath Éireann,
is Gaill dá leadradh ag lannadh 's gaoi Ghaodhuluibh,
Tadhg 'n-a sheasamh 'sa chloidhiomh go rígh-réimeach,
's Diarmuid ag casgairt aicmeadh an bhaoth-Bhéarla!
Aisge Sheáin.
B 1726c 18T
"Fáilteadh Sheáin Uí Bhaotháin roimh Phóil Céitin".
Dia do bheathadh, a chuid mo chuim,
Dia do bheathadh go daoineach Duibhlinn,
Dia do bheathadh a bhfáilteadh is céad
a scannrugh mhórdha an mhóiréag'.
A Ghaiscidh chródha, 'fhir chlaoiteadh an bháis,
do chriothnuigh an t-éag re h-uathbhás,
so fód thúairim an corn so lán
re "Dia do réidhteach," a roghrádh.
Ath-chorn lán don ghrís gan ghruig
do Christian nár dhleacht a dhearmad,
don stuadh mhaerdha, don mhálladh mhín,
íc-liaigh pártach mo Phóilín.
Abhrán
A Phóil chléibh, na céada fáilteadh romhat
re póg mo chléibh dod bhéilbhinn bhláith-cheart chóir;
is dóigh go mbéidhmíd aerach sástadh ó bhrón,
do dheóin Dé mar d'éirghe ó bhás mo Phól.
B 1728 18T
U Tadhg Ó Neachtain
"Tadhg Ó Neachtuin, Domhnach na Trionnóide, Iún 16, 1728."
Á algadh árdamharcach alt,
bhile buan bithbheannuighthe bláth,
Choimhdhe chómhachtaidh chóir chaoimh,
díanaidh do dhíon do dháimh.
Eirghe, éist éagnach Éireann, éist;
feartaibh fíor for a fonn fras,
gluais gó gastadh, 'Ghuís gan ghruig,
'Shíoth shoineanntadh, h-uile-shearc.
Íosa ionmhuin, Íach innsidh Ír,
luibh leighis leag léar lot,
musgail mheanmhuin, 'Mhic Mhuire Mhóir,
neartaidh nóit, ná nochtaidh nocht
Ó oirdheirc ol-chobhrach oc,
Phlúr pártach Pharrthais phuirt,
reachtaidh rinn, rae ríanach riodh,
samhrach suthain, sealbhughadh suilt.
Tearmonn tairbheach Thríonnóite, taom,
'Uain uasail um uabhar uilc
bhacas crostacht deamhnuighe díom;
an Ógh éarlach um íc a n-alt.
A algadh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11