Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ár nGnó Féin

Title
Ár nGnó Féin
Author(s)
An Buailteán,
Pen Name
An Buailteán
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar nGnó Féin.



Casaoid Lucht Bhéarla.



Tá casaoid ghá dhéanamh le goirid fá lucht na Gaedhilge agus is ag
sgrúdairíbh an Bhéarla atá an chasaoid dhá déanamh. Is cuibhe agus is cóir i
gcomhnaidhe casaoid a bheith ag lucht an Bhéarla fúinn. Sé an Béarla an námha agus
ba dona an lá ag an nGaedhilg i nÉirinn an lá nach mbeadh sé ina achrainn idir an
dá theangain. Tá daoine ann ar mhaith leo go mbeadh a gcáil i mbéal an phobuil
agus an tráth a shíleadar an Ghaedilg a bheith ag borradh go tréan bhíodar ag
cuimil linn ar mhaith leo féin. Tá fhios againn nach ar mhaithe linn a bhaineadar
ariamh linn mar nár chuireadar eolas ar an nGaedhilg agus le goirid nuair a
bhí sosamhlacht na lige orainn shíl cuid dár “gcairdibh” bulle coise a thabhairt
dúinn. Fíoradh aca an seanfhocal “An té atá thíos buailtear cos air.” Ní gádh
orainn ar feadh tamaill. Bhídís go hárdghlórach ag cain fá náisiúntacht agus
shaothruigheadar clú leis an gcaint ach ní dhearnadar aon obair. An té is mó
caint, sé is lugha obair go minic.



Professor Kettle.



An lá cheana thug Professor Kettle masla do lucht na Gaedhilge. Shamhlaigh
sé le tincéiríbh iad. Daoine a raibh aithne aca ar Kettle ní raibh súil aca le
rud níos fearr uaidh, ach is baoghalach go gcreidfidh cor-dhuine de lucht an Bhéarla
é. Duine cliste seadh Professor Kettle. Tig leis labhairt go blasta i
bhFrainncis nó san nGearmáinis, agus tá sé ina mháighistir ar an mBéarla.
Tá na hilteangach go breagh aige ach tá sé fós gan an dara focal Gaedhilge
aige. Cé'n t-ughdarás atá ag a leithéid sin baramhail a thabhairt fá Chonnradh na
Gaedhilge? Níl ughdarás ar bith, ach tá a chroidhe agus aigne calctha ag an
ngalldachas agus milleann an galldachas an chneastacht. Muna dtig le gallaibh
an buadh d'fhághail le cóire féachann siad le n-a fhághail le fealltacht. Shíl
Professor Kettle buille feille a thabhairt do lucht na Gaedhilge ach is
mó an dochar a dhéanfas an droch-iarracht úd dó fein ná dúinne. Tá fios
againn go léir anois an mianach atá ann agus ní méadú ar ar meas air an
t-eolas.



Na Páipéir Nuaidheachta.



Muna mbímid gustach bríoghmhar i mbun ár ngotha féin is beag meas
a bheas ag lucht an Bhéarla orainn. Támuid le fad an lá go mín le lucht
na bpáipéar nuaidheachta agus céard tá againn dá bharr? Tá gach páipéar
i nÉirinn nach mór bheith gan focal Gaedhilge ortha. Shílfeadh duine nach raibh
Gaedhilgeoir beo i nÉirinn, nó go raibh dlighe i n-aghaidh na Gaedhilge agus go
raibh sí gá cosg ag Oifig an Chogaidh. Féach ar aon pháipéar laetheamhail ó Chorgaigh
go Béalfeirste agus chídhfear duit go bhfuil an ceart agam. Chonnaic mé ar
an “bhFreeman” an lá cheana cúig columhna fa rásaibh a bhí thall i Sasanaibh ach
níor fheadas focal amháin Gaedhilge d'fhághail ann. Agus tá an sgéal céadna
le hinnsint fútha ar fad. Tá na páipéir seachtmhaineamhla chomh dona
céadna taobh amuich de dha cheann aca nó trí agus sé an dona mór nach
bhfuil fú na fá gha rádh mar chasaoid ag lucht na Gaedhilge.



An tSaoirse.



An leigfimid do'n ghluaiseacht so na Gaedhilge dul chum deiridh d'easpaidh
lámh chonganta i n-am an chruadhtáin? Is cinnte go bhfuiltear éadmhar linn
agus go mba mhaith le daoinibh áithridhe an Connradh d'fheicsint ar lár. Támuid
neamhspleadhach sa gConnradh. Is cuma linn cé'n phoilitidheacht atá ag duine
an fhaid is tá se dílis dár gcúis féin. Is mór an nidh an tsaoirse sin ach daoine
ar mhaith leo aigne Gaedheal do dhalladh agus do smachtú ní thig leo an tsaoirse
d'fhullaingt. Muna mbeadh an tsaoirse sin ní mhairfeadh an Connradh bliadhain
agus caithfidh an tsaoirse do chosaint agus an Connradh do bhuanadh. Is
fearr dúinn go cinnte glacadh le comhairle an Chraoibhín agus leighine do
chúrsaíbh poilitidheacht atá ag déanamh bhuadhartha do'n tír ar fad fá láthair.
Tiocfaidh ciall dúinn go léir ar ball. Beidh congnamh gach aicme uainn leis an
nGaedhilg do chur i gceart ar a bonnaibh arís. Ní mór dúinn cuimhne air sin.



An Fhaillighe.
Fá láthair tá daoine ar ndóthain ann chun na hoibre, dá ndeinidís obair.
Uair ar bith a thagann gluaiseacht nua i gceist tá go leor againn a thréigeann
obair na Gaedhilge le méad ar suime san rud nua. Tá Connradhthóirí go
fairisn agus go gnóthach in gach aon ghluaiseacht fá láthair ach tá siad failligheach
i n-obair a gcumainn féin. Féachmaois leis an gConnradh do neartú agus do
chosaint i n-ainm Dé. Is furasta craobh do choinneál ar bun, agus is furasta
daoine do choinneál le chéile chun gnó na Gaedhilge do chur ar agaidh ach fonn a
bheith ortha chuige. Taithnigheann an obair leis na daoinibh mar gur féidir le gach
duine a chion féin a dhéanamh. Cuireann an obair seo 'gainne spreacadh i
ndaoinibh agus chídhtear dibh gan rómhaill nach bhfuil réidhteach i ndán do chás na
hÉireann muna réidhtigheann lucht na Gaedhilge é. 'Sí an fhaillighe an námha is
mó dá bhfuil againn. Má léigimid di marbhóchaidh sí an Connradh agus an
Ghaedhilg léithe.



An Buailteán.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services