Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cluichíní ón Iasacht - Oireachtas 1920

Title
Cluichíní ón Iasacht - Oireachtas 1920
Author(s)
Synge, James,
Pen Name
Brian Iascaire / Roighne Roiscleathan (A
Translator
Ó Foghludha, Risteard
Composition Date
1920
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sidiad na hiarrachtaí a bhuaidh duaiseanna
i gcomórtas a cúig ar Oireachtas 1920.



“Brian Iascaire” .i. Seán Tóibín, a
fuair ionad a haon:



“Diarmuid an Droichid” .i. Seán Tóibín
arís, a fuair ionad a dó:



“Roighne Roiscleathan” .i. Riseárd Ó
Foghludha, a fuair duais speisialta.



“FIACHRA ÉILGEACH.”


L. 5


AN MHUIR


L. 6


AN FHUIREANN:



MÁIRE, Bean aosta.



BRIAN, Mac di.



CAITLÍN AGUS NÓRA, Inghneacha léi.



COMHURSAIN.



An áit: Oileán le hais Chonnamara.



An tigh: Tigh iascaire. Líonta agus cótaí móra ann
agus túirne. Roinnt clár geal in a seasamh
sa chúinne.


L. 7


AN MHUIR *



“Brian Iascaire” a dhein an innsint seo Ghaedhilge.



Caitlín (cailín fiche bliadhain) do chríochnughadh císte aráin, agus
dá chur ar an ngreideal. Í do ghlanadh a lámh agus do
dhíriughadh ar sníomh.



Nóra (gearrachaile seacht mbliadhna déag) do theacht sa dorus
agus dfhéachaint isteach.



NÓRA



Í do labhairt de ghlór íseal.



Cá bhfuil sí féinidh?



CAITLÍN



Tá sí in a luighe, go bhfóire Dia uirthi. Í d'iarraidh
tuitim in a codladh. Rud a theipfidh uirthi is baoghal
liom.



Nóra do theacht isteach go ciúin. Beart éadaigh
fé n-a hascail aici.



CAITLÍN



Í ag sníomh léi.



Cad é sin agat?



NÓRA



An sagart óg a thug so dham. Léine agus stocaí duine
báithte; duine a bádhadh in aice Thír Conaill.



Caitlín do stad den sníomh. Í do chur cluais le
héisteacht uirthi féin.



* .i. “Riders to the Sea” sa Bhéarla bhunaidh ag
John M. Synge.


L. 8


NÓRA



Caithfam féachaint ortha so. Caithfam iad d'infhiúchadh
nuair a gheobham an cothrom; nuair a bheidh sí féin
ar an dtráigh, uair éigin. Bfhéidir gur le Micheál
bocht iad.



CAITLÍN



Díth céille, a Nóra! Cad a bhéaradh an corp chomh fada
ó bhaile le Tír Chonaill?



NÓRA



Deir an sagart óg go bhfaca sé a leithéid cheana. “Agus
má's le Micheál iad so,” arsa eisean, “abair le
n-a mháthair gur cuireadh go galánta i roilig
bheannuighthe é. Acht muran leis iad san,” arsa
eisean, “ná habraídh focal léi, mar ní haon chabhair
an drochscéal do chur i gcuimhneamh arís di. Tá sí
leathmharbh ón mbrón.”



Séideán gaoithe ann. An dorus dá oscailt ag an
ngaoith.



CAITLÍN



Í dfhéachaint amach agus ceist uirthi.



An ndubhrais leis i dtaobh Bhriain agus aonach na
Gaillimhe?



NÓRA



Dubhart, acht ní chuirfeadh sé aon stad leis. “Níor
mhaith liom é chosc,” arsa eisean. “Acht ní baoghal
do, le congnamh Dé. Beidh a mháthair ag paidreóracht
i gcaitheamh na hoidhche dho, agus ní fhágfaidh Dia
gan mac ar an saoghal so í.”



CAITLÍN



'Bhfuil an fharraige millteach indiu le hais na Fionna-
charraige?


L. 9


NÓRA



Millteach go leór, go bhfóire Dia orainn. Táid na
calathaí thiar go glórach cheana féin agus gan barra
taoide in aon chor ann.



Í do chur an éadaigh ar an gclár.



An oscalócham é seo anois?



CAITLÍN



Ná hoscail, ar eagla na heagla. Níl aon chodla mór
uirthi féin, agus bfhéidir go n-eireóchadh sí aníos
chugainn.



Í do dhul fé dhéin an chláir.



Róluath a gheobham go léir tuairisc, go bhfóire
Dia orainn.



NÓRA



Ag cur cluaise le dorus an tseómra dhi.



Tá sí ag corruighe, is dóigh liom. Beidh sí chugainn aon
nómant.



CAITLÍN



Beir ar an dréimire liom agus cuirfead so in áirde
ar an gcúl-lochta. Ní baoghal go bhfeicfe sí annsan
é. Nuair a bheidh sé in a lán mara ragha sí don
tráigh arís féachaint a bhfeicfadh sí aon nídh.



Iad araon do bhreith ar an dréimire agus dá chur
suas i gcoinnibh an lochta, Caitlín do dhul suas cúpla
coiscéim agus do chaitheamh an bhirt éadaigh uaithi
isteach. Máire do theacht ón seómra agus Caitlín
ar an dréimire.



MÁIRE



Ag labhairt léi chun Chaitlín.



An amhlaidh ná fuil go leór móna anuas agaibh i gcóir
na hoidhche?


L. 10


CAITLÍN



Tá císte beag agam á bheirbhiughadh do Bhrian.



Í do chaitheamh cúpla fód móna anuas. Í do theacht
anuas annsan.



Gheobha sé gnó dhe má théigheann sé fé dhéin na
Gaillimhe indiu.



Nóra do chur na móna ar an dteine, agus timcheall
an oighin.



MÁIRE



Ag suidhe ar an stól di.



Ní ceart dó dul ar an bhfarraige indiu agus gaoth
aniar andeas ann, agus í ag dul i dtreise, leis.
Tá súil agam go labharfidh an sagart óg leis.



NÓRA



Ní chuirfidh an sagart óg aon chosc leis, a mháthair, agus
chuala Éamonn Sheáin agus Stiabhna agus na fir
eile á rádh go bhfuil sé ullamh chun imtheachta.



MÁIRE



Cá bhfuil sé anois?



NÓRA



Chuaidh sé soir féachaint an mbeadh bád eile ag dul go
Gaillimh an tseachtmhain seo. Acht ní fada go
mbeidh sé chugainn anois, mar chonnac an báidín
seól lasmuigh den Chreagán ó chianaibh.



CAITLÍN



Tá duine ag gabháil an chladaig aleith.



NÓRA



Ag féachaint amach di.



Seo chugainn é, agus deabhadh air, freisin.



Brian do theacht isteach agus é dfhéachaint timcheall
an tighe. É do labhairt go réidh brónach annsan.


L. 11


BRIAN



Cá bhfuil an blúire úd téadáin, a Chaitlín? É siúd a
cheannuigheas i gConnamara?



CAITLÍN



Tá sé ar thairnge in aice na gcláracha. Chuireas in áirde
annsan ar maidin é, mar bhí an mhuc dhubh á stracadh.



NÓRA



Í do thabhairt an téadáin do.



An é seo é, a Bhriain?



MÁIRE



Bfhearr go mór an téad san fhágaint ar crochadh annsan
mar a bhfuil na cláracha.



Brian do thógaint an téadáin.



Beidh gnó againn de sin annso adeirim leat. Má
thagann Micheál chun na trágha chugainn ar maidin
amáireach nó an mhaidin in a dhiaidh san, déanfam
uaigh mhór dhoimhinn do, le congnamh Dé.



BRIAN



Ag casadh an téadáin do.



Níl aon adhastar agam i gcóir an chapaill, agus tá
dithineas orm. Ní raghaidh aon long eile chun na
Gaillimhe go ceann coidhcighis agus beidh an-aonach
capall amáireach ann.



MÁIRE



Beidh daoine ag cainnt má thagann Micheál bocht chun
na trágha agus gan aon fhear gaoil dó ar an bhfód,
agus gan téadán ná eile againn. Agus mise tar
éis na cláracha adhmaid ba ghlaine is ba bhreághtha i
gConnamara do cheannach ar airgead mór i gcóir
na comhrann.



Í dfhéachaint siar ar an adhmad.


L. 12


BRIAN



Cionnas fhéadfadh aon chorp teacht chun trágha agus gaoth
aniar andeas ann le naoi lá, agus cuardach naoi
lá déanta againn, chomh maith.



MÁIRE



Ná bac san. Tá suathadh mór indiu ar an bhfarraige
agus bhí an Réalt Mhór ar aghaidh na gealaighe anonn,
aréir. Dá mbeadh scór capall nó céad capall
féinidh agat, agus airgead mór le fagháil ortha
cad is fiú airgead seachas mac, agus é féin in a
mhac aonair, leis!



BRIAN



Ag gabháil go dian don adhastar dó.



Téigh-se fé dhéin an ghoirt gach lá, a Chaitlín, agus ná
leig na caoirigh isteach san eórnain, agus má thagann
an ceannuidhe ruadh, díol an mhuc dhubhchos leis má
thairgeann sé an t-airgead adubhairt sé cheana.



MÁIRE



Tá fhios agat ná tabharfidh sé an t-airgead mór san
uirthi sin, mar mhuic.



BRIAN



Le Caitlín.



Má leanann an ghaoth so, bailigheadh Nóra agus tu féin
an oiread feamnaighe agus a dheanfaidh ualach eile
ceilpe. Is dian a bheidh an scéal orainn as so
amach, mar is beag é toradh fir aonair.



MÁIRE



Is déine 'ná san a bheidh nuair imtheóchaidh íde na coda
eile ortsa. Cionnas a mhairfeam-na, mná, nuair a
bheidh ár macra le chéile imthighthe?



Brian do chur an adhastair uaidh; é do bhaint a
chasóige dhe agus do chur nuadhchasóige uime.


L. 13


BRIAN



Bhfuil sí timcheall an Chreagáin fós, a Nóra?



NÓRA



Ag féachaint amach di.



Tá sí thar an Rinn Ruadh aleith anois agus tá scaoilte
leis an seól mór.



BRIAN



É do chur tobac agus sparáin chuige.



Bead ar an gCalaith roimpi. Chífe sibh arís me fé cheann
cheithre lá nó fé cheann trí lá ma bhíonn aimsir bhreágh
ann.



MÁIRE



Í d'iompáil chun na teine agus do shocrughadh a brait
cinn um á ceann.



Nách ceanntréan an duine ná glacfadh comhairle a
mháthar féinidh, agus í d'iarraidh é shaoradh ó mhill-
teacht na farraige, agus ó bhás báithte.



CAITLÍN



Bíonn taithneamh ag fearaibh óga don bhfarraige, agus
ní hiongna ná héistfidís le cainnt bhaoth na seanóirí.
Is searbh le gach éinne an síorphort, pé scéal é.



BRIAN



É do thógaint an adhastair.



Caithfad brostughadh orm féin anois. Raghad ar an
láir ruaidh, agus leanfaidh an capaillín glas
síos me. Slán is beannacht!



É d'imtheacht.



MÁIRE



Í do dhíriughadh ar ghol.



Tá deire le Brian!… Go bhfóire Dia orainn go
léir anocht. Sar a mbeidh tuitim na hoidhche ann,
ní bheidh mac ar domhan agam.


L. 14


CAITLÍN



Nach maith ná cuirfeá do bheannacht leis agus é sa dorus
ag feitheamh léi! Nách leór buairt a bheith orainn-ne,
gan Brian do scaoile chun bóthair mar sin? Focal
piseóige agus cainnt mhímhuinnteartha agat á rádh
leis.



Máire do thógaint an ursail agus í do dhíriughadh
ar an dteine do chorruighe agus gan gábha leis.



NÓRA



Ná bí ag tógáil na teine ón arán mar sin.



CAITLÍN



In árd a ghutha dhi.



Féach air sin mar dhearmhad donais; níor chuimhnigheas
ar an mblúire aráin a thabhairt do.



Í do theacht chun na teine.



NÓRA



Millfar an fear bocht má fágtar gan biadh é go
sroiseann sé an Ghaillimh, acht ní bhíonn rath ar aon
tigh a mbíonn seanbhean ag síorchlamhsán ann.



Máire dá suathadh féin anonn is anall.



CAITLÍN.



Í do ghearradh píosa den arán, í dá fhilleadh in éadach
agus dá thabhairt dá máthair.



Rith leat treasna na páirce agus beir ag an dtobar
roimis agus tabhair é seo dho. Abair “go mbuadha
Dia leat” annsan leis agus beidh an scéal leighiste.



MÁIRE



Í do thógaint an aráin.



An mbead ann roimis?


L. 15


CAITLÍN



Beir; má bhrostuighir.



MÁIRE



Ag éirighe go mall in a seasamh di.



Táim anchrapaithe indiu.



CAITLÍN



Í dfhéachaint uirthi le himshníomh.



Tabhair di an maide, a Nóra, ar eagla go leagadh clocha
na trágha í.



NÓRA



Ciaca maide?



CAITLÍN



An ceann a thug Micheál leis ó Chonnamara.



MÁIRE



Ag tógaint an mhaide dhi.



B'é nós an tsaoghail riamh é go bhfágidís na sean-
daoine rudaí le huadhacht ag na daoine óga, acht
is amhlaidh fhágaid an t-aos óg rudaí ag na sean-
daoine anois.



Í do dhul amach go mall réidh. Nóra do dhul chun an
dréimire.



CAITLÍN



Fan leat go fóill, a Nóra. Ní fheadraís ná go gcasfadh
sí go luath. Tá sí chomh buartha san ná feidir sí
aon nídh sa cheart, go bhfóire Dia uirthi.



NÓRA



Bhfuil sí siar timcheall na sceiche fós?


L. 16


CAITLÍN



Í dfhéacaint amach.



Tá. Caith chugam anuas anois é. Ní fios cathuin a
raghaidh sí amach arís.



NÓRA



Ag tógaint an éadaigh anuas di.



Beidh an sagart óg mar seo amáireach agus má's le
Micheál bocht é seo, déarfam leis é.



CAITLÍN



Í do thógaint an bhirt ó Nóra.



An ndubhairt sé cionnas a fuarathas iad so?



NÓRA



Ag teacht anuas di.



Bhí beirt fhear ag tabhairt poitín ó oileán isteach roim
éirighe gréine, agus bhuail an maide rámha an corp
agus iad i gcomhgar na faille.



CAITLÍN



Í d'iarraidh an beart d'oscailt.



Tabhair dham an scian, a Nóra, tá an córda so seirgthe
ón sáile agus bhainfeadh sé seachtmhain díom an
snaidhm seo a réidhteach.



NÓRA



Í do thabhairt na scine dhi.



Is fada an turas é as so go Tír Chonaill, adeirtear.



CAITLÍN



Í do ghearradh an chórda.



Is fada, leis. An mangaire úd a dhíol an scian so linn,
dubhairt sé go mbainfeadh sé lá fada dhíot siubhal
ó thuaidh go Tír Conaill ón gCarraig seo thall.


L. 17


NÓRA



Agus an fada bheadh corp ar farraige ag dul ann?



Caitlín d'oscailt an bhirt agus do thógaint stoca
amach. Iad araon dá infhiúchadh.



CAITLÍN



Dia linn, a Nóra. Níor mhaith liom a rádh gur le Micheál
bocht iad so, agus mar sin féin tá deallramh aca
le n-a chuid-sin.



NÓRA



Tá léine leis annso sa chúinne. Fan go gcuirfam an
dá cheann in aice a chéile.



Í do dhul ag cuardach sa chúinne.



Níl sí annso, a Chaitlín, pé rud d'imthigh uirthi.



CAITLÍN



Bfhéidir gurab í sin an léine chuir Brian uime ar maidin.
Bhí a cheann féin pas fliuch.



Í do shíneadh méire chun na cúinne.



Tá blúire den éadach chéadna annsan, féach.
Taisbeáin dam an muinchilte sin.



Nóra dá thabhairt chúici agus í dá chur i gcompráid
leis an léine.



CAITLÍN



Is é an méanach céadna atá ionnta araon. Acht má's é
féin, nách mó bannlamh de sin a díoladh sa Ghaillimh
ó bhliadhain go céile? Nách mó fear go mbeadh
léine den éadach san uime chomh maith le Micheál.



NÓRA



Í d'éis snamanna an stoca do chomhaireamh: “a haon a dó…”



Ó, a Mhuire Mháthair Dé! Is é Micheál an fear a
cailleadh! Go ndeine Dia grásta dho anocht!
Cad a dhéanfaidh sí féin, an bhean bhocht, nuair a
chífe sí é seo agus Brian anois amuigh ar an
bhfarraige?


L. 18


CAITLÍN



Ag infhiúchadh an stoca dhi.



Stoca gan órnáid gan casadh é seo.



NÓRA



Sin é an tarna peidhre dheineas féin. Is cuimhin liom
go maith iad, mar dfhágas roinnt snaidhm ar lár
sa tsáil.



CAITLÍN



Í do chóimhreamh na snadhmanna — a haon, a dó…



Sin é an stoca céadna gan aon agó.



Í do labhairt de ghlór árd.



A Nóra, a bhuidhnach, nách dubhach an scéal é Micheál
bocht a bheith mar siúd á chaitheamh ó thuinn go tuinn
ar an bhfarraige choímhthach agus gan duine chun é
thórramh ná chun é chaoine, agus fiacha dubha na
mara ag faire air le dúil in a chuid feóla.



NÓRA



Í d'iompáil timcheall agus dá caitheamh féin anuas
ar an mbeart éadaigh.



Ó, a Mhuire na bhFeart nách céasta an scéal é gan de
rian Mhichíl ann acht seanléine agus stoca gan
cuma, agus b'é féin an fear cumasach a stiúróchadh
bád, agus a mharbhóchadh iasc dúinn!



CAITLÍN



D'éis nómaint nó dhó.



Féach an í sin í féin atá chugainn. Chuala coiscéim
dar liom.



NÓRA



D'fhéachaint amach.



Is í. Tá sí chugainn aníos.


L. 19


CAITLÍN



Cuir iad so i gcoimeád arís. Ná leig aon nídh ort
agus na habair aon nídh faid a bheidh Brian amuigh.
…Beidh sí níos socaire innti féin tar éis
beannacht do chur leis.



NÓRA



Iad araon do dhúnadh an bhirt éadaigh.



Cuir annsan sa chúinne é.



Iad dá chur isteach i bpoll an teinteáin, agus
Caitlín do dhíriughadh ar an sníomh arís.



An aithneóchaidh sí orm go rabhas ag gol?



CAITLÍN



Iompuigh chun an doruis i dtreó is ná beidh an solus
ar do cheannaightheachaibh.



Nóra do shuidhe sa chúinne in aice na teine. Máire
do theacht isteach de siubhal mhall réidh, gan í dfhéachaint
ar éinne aca. Í do shuidhe sa chúinne eile. An bhulóg
aráin fé pháipéar ina láimh aici. Nóra agus Caitlín
dfhéachaint chun a chéile. Nóra do shíneadh a méire chun
na bulóige. Caitlín do leanamhaint don sníomh
go ceann nómaint eile.



Ní thugais an císte aráin do?



Máire do dhíriughadh ar chaoine de ghlór íseal, gan í
dfhéachaint ar éinne aca.



Ná facaís Brian?



Máire do leanmhaint don chaoine. Caitlín do
labhairt beagán mífhoigneach léi.



Nárbh fhearr innsint dúinn cad a thárla 'ná bheith
ag ologón mar sin? Níl aon leigheas anois air. An
airighir, an bhfacaís Brian?



MÁIRE



De ghuth lag íseal.



Tá mo chroidhe in a dhá leath ón lá so amach.


L. 20


CAITLÍN



Go mífhoidhneach.



An bhfacaís Brian?



MÁIRE



Ó, chonnac scannradh de radharc.



CAITLÍN



Í d'éirighe ón dtúirne agus dfhéachaint amach.



Féach síos anois é. Ar mhuin na lárach agus an capaillín
glas ar sodar in a dhiaidh.



Preab dá bhaint a' Máire. An brat do thuitim siar
síos di do nochtadh a chuid gruaige scaoilte. Í do
labhairt de ghlór sceóin.



MÁIRE



An capaillín glas in a dhiaidh!



CAITLÍN



Í do dhul fé dhéin na teine.



Cad é seo in aon chor ort, a mháthair?



MÁIRE



Ón lá úd chonnaic Bríd Ní Ghadhra an fear marbh agus
an leanbh in a bhaclainn, ní fhaca éinne riamh an
scannradh a chonnac-sa ó chiainibh.



CAITLÍN AGUS NÓRA



D'aon ghuth.



A mháthair?



Iad do dhul ar a nglúinibh in a haice.



NÓRA



Cad é féin?


L. 21


MÁIRE



Chuadhas chomh fada leis an dtobar beannuighthe agus bhí
paidir agam á rádh nuair a chonnac Brian chugam
ar an láir agus an capaillín glas á leanamhaint.



Í do stad agus do chur a dhá láimh le n-a ceannaigh-
theachaibh mar a bheadh sí d'iarraidh toirmeasc a dhéanamh
ar radharc gránda.



A Mhic Mhuire na nGrás, saor sinn!



CAITLÍN



Cad a chonnaicís?



MÁIRE



Chonnac Micheál féinidh!



CAITLÍN



Go bog réidh léi.



Ní fhacaís, a mháthair. Ní hé Micheál a chonnaicís, mar
tháinig scéala indiu á rádh go bhfuarathas a chorp
ar tráigh i dTír Chonaill agus gur cuireadh go
galánta i roilig bhreágh bheannuighthe é; a bhuidheachas
san le Dia!



MÁIRE



Í do labhairt pas dána.



Chonnac indiu é, gan aon agó. É ar mhuin capaill agus
an capall ar sodar. Bhí Brian roimis amach ag
marcaidheacht ar an láir. “Go mbuadha Dia leat!
arsa mise leis, acht níor airigh sé me mar is im
aigne féin adubhart é. D'imthigh sé tharm amach
go tapaidh. “Slán is beannacht,” arsa eisean
agus sar a raibh aga agam é fhreagairt, chonnac
an capaillín glas ag imtheacht tharm siar agus
Micheál féin ar a mhuin. Culaith éadaigh uasal
uime agus bróga nuadha.


L. 22


CAITLÍN



Í ag caoine.



A Mhuire Mháthair, táimíd creachta millte indiu!



NÓRA



Ná dubhairt an sagart óg nách baoghal go bhfágfadh
Dia gan congnamh sinn?



MÁIRE



De ghlór íseal, daingean.



Is beag a bhfuil dá fhios aige cad a bhaineann le tréine
agus le fíochmhaire na farraige… Caillfar
Brian indiu orm, agus ní bhéad-sa abhfad beó
in a dhiaidh. Cuiridh fios ar Éamonn go ndeine sé
cómhra mhaith dhaingean de sna cláracha geala san.
Ó, Thiarna, is é an scrios é! ochtar fear breágh
imthighthe as an dtigh seo — mfhear chéile, agus a
athair sin, agus mo sheisear mhac breágh. Bádhadh
an uile dhuine aca; cuid aca a fuarathas ar tráigh
in a dhiaidh san agus cuid ná fuarathas. Táid
siad go léir imthighthe pé aca fuarathas an corp
nó nár deineadh. Oidhche an mhóranaithe a cailleadh
Seán agus Stiabhna, agus isteach ar Thráigh Bhéil
an Óir a tháinig na cuirp. Is rómhaith is cuimhin
liom an tráthnóna a beireadh an bheirt aca an dorus
san isteach ar chomhla adhmaid chugam.



Í do stad, nómant. Na cailíní d'éirighe de gheit.
Fuaim éigin á clos aca.



NÓRA



De ghlór íseal.



Tá duine ar an dtráigh ag glaodhach.


L. 23


MÁIRE



Gan aon nídh á chlos aici sin. Í do leanmhaint dá scéal.



Séamas agus a athair agus a athair sin arís d'imtheacht
uaim in aon oidhche amháin, agus ba dhorcha an oidhche í,
mo bhrón! A dtuairisc ná a dtásc ní bhfuair-
eamar riamh ó shin. Agus ag bailiughadh feamann
a bhí Pádraig nuair a hiompuigheadh an currach air.
Annso im shuidhe a bhíos-sa agus Brian im bhaclainn
nuair a bheir na mná an scéala chugam. Focal
níor labhradar, ámhthach. Níor ghábha dhóibh é. Dfhan-
adar annsan sa dorus agus iad ag gearradh
Fíoghair na Croise ortha féin go dtáinig na fir
isteach chugam agus Pádraig — mo mhac áluinn! —
aca ar chlár sínte. Agus an sileadh sáile a bhí
ó n-a chuid éadaigh dfhág sé a rian ar an gcasán
tirm chun an doruis aníos.



Í do stad den chainnt agus do shíneadh a láimhe chun
an doruis. Duine d'oscailt an doruis ón dtaobh
amuigh. Mná do theacht isteach agus iad do ghearradh
Fíoghair na Croise ortha féin. Iad do dhul ar a
nglúinibh laistigh den dorus. Clóca anuas ar ceann
gach duine aca.



MÁIRE



Mearbhall uirthi. Í do labhairt le Caitlín.



An é Pádraig nó Micheál atá aca? Nó bhfuil aon
nídh eile bun ós cionn?



CAITLÍN



Fuaradar Micheál ar an dtráigh síos amach i dTír
Chonaill, agus tá uaigh mhaith bheannuighthe aige,
buidheachas le Dia.



MÁIRE



Is mó fear óg a bádhtar, mo bhrón! mar is iad na fir
óga a théigheann chun na farraige. Cionnas a bheadh
fhios aca súd gur Micheál é? Ní aithneóchadh a
mháthair féinidh é, tar éis naoi lá dhó san uisce,
agus an ghaoth á sheóladh ó aill go haill.


L. 24


CAITLÍN



Micheál a bhí ann, mar chuireadar chugainn adtuaidh
a chuid éadaigh. Seo!



Í do shíneadh an éadaigh chun Mháire. Ise d'éirighe
agus dá thógaint. Nóra do dhul sa dorus agus
dfhéachaint amach.



NÓRA



Tá fir chugainn agus ualach mór aca, agus uisce ag
sileadh uaidh síos. Tá rian fada fliuch in a ndiaidh
siar ar chlocha an chladaigh.



CAITLÍN



Í do labhairt i gcogar leis na mnáibh atá d'éis teacht
isteach.



An é Brian é?



BEAN ACA



Is é, mo bhrón géar! agus go ndeine Dia grásta dhá
anam!



Dís bhan óg do theacht isteach. Iad do tharrac an
chláir amach ar lár an úrláir. Na fir do theacht agus
Brian ar chlár aca; é clúdaithe le seansheól báid.
Iad do chur an chuirp ar an gclár.



CAITLÍN



Í do labhairt chun na mban, faid atá na fir do
shocrughadh an chuirp ar an gclár.



An amhlaidh a bádhadh é?



BEAN ACA



An capaillín liath do leag é agus thuit an fear bocht
le faill. Chuir an taoide aníos ar an gCarraig
Bháin é marbh.



Máire d'éis éirighe agus d'éis dul ar a glúinibh
ag ceann an chláir. Na mná do dhíriughadh ar chaoine go
bog íseal. Caitlín agus Nóra do dhul ar a nglúinibh
ar an dtaobh eile chlár agus na fir do dhéanamh amhlaidh
sin in aice an doruis.


L. 25


MÁIRE



Í dfhéachaint suas uaithi agus í do labhairt amhail
duine bheadh ina haonar.



Níl neart don bhfarraige aon fhear eile do sciobadh
uaimse as so amach. Níl, a mhaoineach, mar ná
fuilid na fir agam chuige… Ní dhéanfaidh
an fharraige aon olc eile ormsa agus ní gábha
dham bheith ag cuardach na trágha ná bun faille ná
béal cuasáin ar lorg mo mhuinntire. Ná ní call
dam beith ag éirghe ist oidhche agus bheith ag
paidreóracht nuair a bhíonn an tonn anoir ag
treascairt na toinne aniar agus torann ar an
dtráigh a chuirfadh sceón sa tsaoghal. Ní gábha
dham bheith im shuidhe oidhcheanta fada Samhna ón
lá so amach, ná bheith ag faire na farraige nuair
a chloisfad na mná eile ag caoine, ná ceist a bheith
orm ná beadh go leór Uisce Coisreacthan sa tigh.



Le Nóra.



Tabhair dham an tUisce Coisreactha, a Nóra, tá sé
annsan ar an dtaobhán.



Nóra dá thabhairt di.



MÁIRE



Í do chur éadaigh Mhichíl anuas ar chosaibh Bhriain.



Í do chrothadh an Uisce Choisreactha ar Bhrian annsan.



Dubhart paidreacha dhuitse, a Bhriain, chomh maith le gach
éinne eile dem chúram. Bhínn á rádh ist oidhche
go n-imthigheadh mearbhall cinn orm. Ghuidheas
Dia na bhFlaitheas agus Muire Mháthair ar do shon-sa,
a Bhriain. Beidh sos ist oidhche feasta agam, agus
is mithid é. 'S eadh san. Beidh codladh na hoidhche
againn mura mbíonn de chothughadh againn acht
arán an drochphlúir agus iasc ná beadh úr.



Í do dhul ar a glúinibh arís agus do thosnughadh arís
ar na paidreachaibh de ghuth íseal.


L. 26


CAITLÍN



Í do labhairt chun seanduine.



Bfhéidir go bhféadfaidh Éamonn agus tú féin cómhra
dhéanamh dó nuair a bheidh éirighe lae ann. Tá
cláracha geala adhmaid annso againn. Í féin
a cheannuigh iad á cheapadh go bhfaighthí Micheál bocht.
Tá císte úr aráin annso istigh. Itidh é sar a
dtosnuighe sibh.



AN SEANDUINE.



É dfhéachaint ar an adhmad.



Tá tairngí agaibh, is dócha?



CAITLÍN



Níl, mhuise; níor chuimhnighmar ortha.



AN SEANDUINE.



Is mór an t-iongna é sin anois ná cuimhneóchadh sí féin
ar na tairngí agus a bhfaca sí do chomhrannaibh
á dhéanamh.



CAITLÍN



Tá sí ag éirighe aosta, an bhean bhocht — go bhfoire Dia
uirthi.



Máire d'éirighe agus do leathadh éadaighe Mhichíl
amach in aice an chuirp. Í do dhortadh an Uisce
Choisreactha arís ortha. Í á dhéanamh go mall.



NÓRA



Le Caitlín.



Nách ciúin réidh atá sí indiu, agus an lá úd a bádhadh
Micheál, chloisfá thiar ag an dtobar í. Cia cheapfadh
gur mó an cion a bhí ar Mhicheál aici ná ar Bhrian?


L. 27


CAITLÍN



Go mall soiléir di.



Is cuma cad é an saghas gnótha é, éirigheann duine
aosta tuirseach de, agus ná fuil lógóireacht naoi
lá déanta aici, an bhean bhocht!



Máire do chur an áirthín uaithi síos ar an gclár. Í
do fháscadh a dhá lámh le chéile agus do dhul ar a
glúinibh ag cosaibh Bhriain.



MÁIRE



Táid fir an tighe seo go léir i dteannta a chéile anocht.
Tá an duine deireannach aca millte ag an
bhfarraige orm. Go ndéine Dia trócaire ortha
go léir, ar Bhrian agus ar Mhicheál agus ar Shéamas
agus ar Stiabhna agus ar Sheán. Go ndéine Dia
grásta dhóibh go léir, agus damhsa, agus do gach
éinne riamh ar domhan.



Í do stad. Na mná do dhéanamh gearrachaointe go
híseal.



MÁIRE



Í d'éirighe.



Fuair Micheál bocht uaigh bheannuighthe i dTír Chonaill
thuaidh, as ucht grásta Dé. Beidh cómhra mhaith ag
Brian. Tá cláracha geala adhmaid annso in a
cóir, agus cuirfar go galánta i roilig bheannuighthe
Bríde é. Cad eile iarrfadh aon bhean dá mac?
Ní mhaireann éinne acht seal, agus caithfam bheith
sásta le toil an Tiarna.



Í do dhul ar a glúinibh arís. An brat do thuitim
anuas.


L. 29


FEAR NA NAMHRÁN


L. 30


AN LUCHT COMHRÁIDH:



MACDARA
Fear na nAmhrán.



COLM
A dhearbhratháir sin.



MÁIRE NÍ FHIANNACHTA,
Máthair na beirte sin.



SÍLE



MAOILSHEACHLAINN
Oide Múinte.



CUIMÍN



DIARMUID AN DROICHID.



Is ionad don drama: Cistin tighe tuatha; í go glan
fairsing, agus dorus ar thaoibh na láimhe clé.
Teinteán ar thaoibh na láimhe deise agus dorus
seómra le n'ais. Duthaigh uaigneach laistiar,
agus árdchnuic mhaola mar chúl di.


L. 31


FEAR NA nAMHRÁN



Ar n-a thionntódh do “Dhiarmuid an Droichid.”



In a suidhe do Mháire Ní Fhiannachta cois na teine agus í ag
sníomh. Sa chúinne do Shíle agus í ag cárdáil olna.
Máire Ní Fhiannachta in a mnaoi liath agus íoghair an
bhróin ar a ceannaightheachaibh. In a cailín óg cosnochta
do Shíle.



MÁIRE



Sochruig an teine sin, a Shíle, a stór.



SÍLE



Ní hamhlaidh atá fuacht ort?



MÁIRE



Tá mo chosa pas fuar.



Síle d'éirighe agus do chur móna ar an dteine; í do
shuidhe arís.



SÍLE



Budh chóra dhuitse bheith it chodladh.



MÁIRE



Ní fhéadfainn codladh dhéanamh, a chroidhe, mar braithim
go bhfuil duine éigin chugainn, nó go bhfuil rud
éigin mór le tuitim amach. Shamhluigheas gur airigheas
coiscéim daoine lasmuigh i rith an lae indé.



SÍLE



Bileóga an chrainn chárthainn a bhí ag déanamh fothraim.



Bhí an ghaoth dá scuabadh den chrann agus tríd an
mbearnain aleith.


L. 32


MÁIRE



Bfhéidir gurbh shin é é. An dtugais fé ndeara go raibh
buairt éigin ar Cholm aréir ag dul amach do?



SÍLE



Is dóigh gur fearr an choinneal so mhúchadh; tá fáinne
an lae anois ann.



Í dfhéachaint an fhuinneóg amach. Í d'éirighe agus
do mhúchadh na coinnle. Í do shuidhe annsan arís.



MÁIRE



An dóigh leat go raibh aon bhuairt mhór ar Cholm aréir
agus é ag dul amach?



SÍLE



Is dóigh liom go raibh.



MÁIRE



An ndubhairt sé aon nídh leatsa?



SÍLE



Dubhairt.



Iad do leanmhaint dá gcuid oibre agus iad araon
'n-a dtost. Síle do stad den obair, agus í do
labhairt annsan.



Is ceart dam innsint duitse a Mháire Ní Fhiannachta
cad dubhairt do mhac liom. Thugas an oidhche aréir
ag machtnamh air, agus ag cur is ag cúiteamh liom
féin mar gheall air. Ní ceart go mbeadh scéal
im chroidhe-se agus im aigne gan fhios duit-se agus
sinn araon ar an dteinteán céadna. Dubhairt
Colm focal mór liom.



MÁIRE



An ndubhairt, a inghin ó?


L. 33


SÍLE



Dubhairt sé go bhfuil cion mór aige orm.



MÁIRE



Í ag stad den sníomh.



'S eadh, a inghin ó?



SÍLE



Agus d'iarr sé orm é phósadh ma thagann sé slán ón
iarracht so.



MÁIRE



Cad dubhraís leis?



SÍLE



Dubhart ná féadfainn é fhreagairt an uair sin.



MÁIRE



Agus an bhfuil freagra agat anois do?



SÍLE



Tá, acht ní fhéadfainn é rádh leis.



MÁIRE



An bhféadfá é rádh liomsa?



SÍLE



D'eis gearrthamaill.



Is cuimin leat an lá úd a thánag don tigh seo don chéad
uair, a Mháire?



MÁIRE



Is maith, is cuimhin liom é, a stór.


L. 34


SÍLE



Ba mhór an bhuairt croidhe a bhí orm an lá san.



MÁIRE



Is fíor, a laogh. Agus dheineas féin gol nuair iarr
an sagart orm aire a thabhairt duit. Rugais greim
ar ghúna orm agus dheinis do ghearán liom, agus
tocht it chroidhe bheag. “Chuireadar súd mo mháthair-ó
sa pholl síos,” arsa tusa, “thuit a codla ar mo
mháithrín-ó agus chuireadar súd sa talamh síos í!”



SÍLE



Agus do phógais annsan me agus chuiris mo cheann
let leacain agus dubhraís focail sóláis agus
ceana liom. “Go bhfóire Dia ar mo ghrádh bhán,”
arsa tusa. Nuair éirigheas as an ngol rugais go
lic an teinteáin mé mar a raibh do bheirt mhac. Thóg
Macdara chuige ar a ghlúin mé agus chuir sé a lámh
ar mo cheann, agus shlíob sé siar mo chuid gruaige.
Cailín beag bídeach ab eadh me an lá san! Dhírigh
sé ar amhrán do rádh dham. Amhrán beag símplí.
Amhrán a thuigeas. Amhrán a raibh brón ann; acht
bhí sólás ann i dteannta an bhróin, agus dhein an
t-amhrán san fóirithin orm. An sólás a tháinig
orm ba mhar a chéile é agus an sólás a chuireadh
póg agus barróg mo mháthar orm tráth bhinn mí-
chéadfach le toirmeasc codalta —



MÁIRE



Seadh, a inghin ó?



SÍLE



Lean Macdara den amhrán gur thuit mo chodladh orm
agus thóg sé in a bhaclainn mé. Nuair a dhúisigheas
tamall fada 'na dhiaidh san, bhí a dhá ghéig thréana
timcheall orm agus mo cheann fiar i gcoinnibh a


L. 35


ghualann. Nuair fhéachas suas air dhein sé meanga-
gháire chugam. “Ba bhreágh an codla é sin,” arsa
eisean. D'éirigheas aniar chuige agus chrom sé a
cheann chugam agus phóg sé me. Ba chiúin is ba
chaoin an fear Macdara.



Máire do dhíriughadh ar bhogghol.



Féach anois níor cheart dam an méid sin innsint
duitse. Go maithe Dia dham é. Chuireas deóra
let shúilibh.



MÁIRE



Éist, a inghin ó. Dheinis an ceart agus an méid sin a
innsint dam ó's rud é nár scar a chuimhne leat
féin. Lean ort, a chailín bhig. Mo bhuachaill
maith! mo bhuachaill áluinn!



SÍLE



Ní raibh ionnam acht gearrchaile beag.



MÁIRE



Ní raibh acht ocht mbliadhna d'aois agat an lá adubhairt
an sagart liom aire thabhairt duit.



SÍLE



Agus an mó bliadhain a bhí ag Macdara?



MÁIRE



Bhí cúig bhliadhna déag slán ó lá fhéile Macdara roimis
sin; an lá cailleadh do mháthair.



SÍLE



Tigh athar is máthar dam an tigh seo riamh ó shin. Bhís
go maith is go caoin liom riamh, a Mháire, agus
do dhís mhac, freisin, acht —


L. 36


MÁIRE



'Seadh, a stór, cad é féin?



SÍLE



Agus réalt eólais dam agus túr nirt dam ab eadh
Macdara riamh ón lá úd. Ní fheadar ar thuig sé
go raibh cion agam air? Thuig, dar liom, mar —



MÁIRE



Thuig sé go maith é, a leanbh.



SÍLE



An bhfuilir deimhin de? An ndubhairt sé leat é, nó
an amhlaidh a thuigis féin é?



MÁIRE



Mise a mháthair, a Shíle. Thuigeas gach cor dar chuir sé
riamh de agus gach smaoineamh dá dtáinig riamh
do. Ní dubhairt sé focal dam, acht thuigeas an
scéal uaim féin, amach as an dtuigsint máthar a
bhronn Dia orm.



SÍLE



Thráchtadh sé go minic orm tráth dheineadh sé filidheacht.
Tá m'ainm in a lán dá chuid amhrán. Nuair a bhínn
ag léighthóireacht ar an mbán amuigh, is minic a
thagadh sé fém dhéin agus amhrán aige a cheap sé
dhamh. Ba shona an saoghal againn araon é an
uair úd.



MÁIRE



Bhí saoghal suairc sona ag gach éinne nuair a bhí Macdara
annso.



SÍLE



Do sheirg mo chroidhe ionnam an lá úd a díbrigheadh
uainn é.


L. 37


MÁIRE



Maith mar do thuigeas-sa san.



SÍLE



Ní codladh a dheininn ar feadh abhfad in a dhiaidh súd acht
mé im dhúiseacht ag cuimhneamh air agus ar a chuid
filidheachta. Bhínn ag rádh na n-amhrán im aigne
féin go ngealadh an lá orm. Nuair a shiubhlainn
an bán nó an mhóin do chromainn ar a bheith ag
glaodhach air, ag luadhadh ainme ós árd, agus le
linn an Aifrinn ba thoirmeasc ar mo phaidir é.
Nuair árduigheadh an Sagart an Corp Naomhtha,
is iad ceannaightheacha Mhacdara a bhíodh ós cómhair
m'aigne agus ós cómhair mo shúl — go maithe Dia
dham é!



MÁIRE



Tá uaigneas orainn araon ó shin aleith, a Shíle, agus ar
gach éinne a thaithigheann an tigh seo.



SÍLE



Níor thuig Colm riamh go raibh cion chómh mór san agam
ar Mhacdara. Ó fhág Macdara sinn tá Colm go
caoin liom agus go maith dham, acht bhí sé mar sin
liom i gcómhnuidhe riamh.



MÁIRE



Buachaill a bhfuil an croidhe maith mór aige is eadh Colm.



SÍLE



Níor thuigeas riamh go raibh Colm ceanamhail orm. B'é
an rud ba shia siar im cheann go dtráchtfadh sé ar
phósadh liom. Ní labharfadh sé anois féin is dócha,
mura mbeadh an gnó san atá romhainn amach. Ní
fada uainn é adeir Colm.


L. 38


MÁIRE



Ní fada, a chroidhe.



SÍLE



Tagann sceón ionnam nuair a chuimhnighim ar an scéal.
Na fir go léir d'imtheacht leó go gealgáirtheach
somheanamnach, gan aon chuimhneamh aca ar bhás
ná ar bhascadh. Agus siúd sínte ar an gcnoc
annsan iad gan preab in a gcroidhe agus iad fuar
marbh. Is dóigh go ngoinfear Colm bocht. Beidh
gruaig bhuidhe a chinn á deargadh le fuil. Uch! Is
géar brónach an saoghal é.



MÁIRE



Éist, a inghin ó, ní ceart duit bheith ag cainnt mar sin
ós sa tigh seo beathuigheadh thu. Mise a mháthair sin
agus ní mór liom é dhul ar an gcnoc.



SÍLE



Maith dham, a Mháire. Is mó fé thrí an bhuairt a bhí riamh
ort 'ná mar a bhí ormsa. Ar mo scéal féin is
eadh bhíos ag cuimhneamh, nídh nách ceart dam.



Í d'éirighe agus do phógadh Mháire.



Is amhlaidh a bhíonn áthas is mórdháil orm nuair a
théid fir óga eile i gcontabhairt a n-anamna, nuair
a thagann an glaodhach, nuair a chloisid an guth úd.
Fir óga chalma na mórghéag is na slinneán gan
chromadh — iad go léir mar Cholm. Is groidhe liom
iad, agus is tréan liom an guth árd úd a ghlaodhann
ortha, agus adeir leó dul i gcabhair ar a gcine.
Deirtear liom gur fear óg an té úd a labhrann leó.
Gur duine mar éinne eile ón sliabh so é, agus gur
cainnt mar a gcainnt féinidh a labhrann sé, acht
gur aige atá an guth iongantach béil, guth a chuireann
an fhuil ar lasadh. Duine is eadh é dfhulaing pianta
is gorta, leis.


L. 39


MÁIRE



Bfhéidir gur de bhárr na bpianta a tháinig an neart
agus an binneas 'n-a chainnt.



SÍLE



Deir Diarmuid an Droichid go bhfeaca sé ar aonach
Uachtair Áird trí lá ó shin é agus ná raibh riamh a
leithéid sin de bhrúghadh daoine ar an sráid. Iad
go léir d'iarraidh radharc fhagháil air.



MÁIRE



Ní fheadar an mbeadh sé ag cuimhneamh ar theacht chugainn-ne
Cois Fhairrge nó an amhlaidh atá a thriall ar Dhúthaigh
Seoghach? Bhraitheas nídh éigin aisteach indé. A
theacht súd, bfhéidir; agus mheasas go mb'fhéidir
gurbh é —



SÍLE



Gurbh é —



MÁIRE



Mo mhac féin é; é ag filleadh abhaile chugam.



SÍLE



Macdara, an eadh?



MÁIRE



Seadh, Macdara féin.



SÍLE



An dtiocfadh sé thar n-ais mar sin lá an ghábhtair?



MÁIRE



Thiocfadh, a inghin ó.



SÍLE



An mbeadh cead a chos aige fén am so?


L. 40


MÁIRE



Cé chuirfeadh cosc leis nuair a bheadh an lá ann chun
filleadh abhaile. Tagann “colúr na scéala”
abhaile nuair a bhíonn sé i n-am agus i dtráth. Ní
choscfadh aon rud é acht an bás — Dia idir sinn is
an t-olc!



SÍLE



Amen!



MÁIRE



Seo chugainn Colm.



SÍLE



Ag féachaint an fhuinneóg amach di.



Seadh, leis. Tá sé sa tsráid.



MÁIRE



Colm bocht!



An doras dá oscailt. Colm do theacht isteach. In
a ogánach fiche bliadhain do.



COLM



An amhlaidh ná deaghais a chodladh, a mháthair?



MÁIRE



Ní dheaghas, a chroidhe. Bhí an iomad den imshníomh orm
chun codlata. Annso thugas an oidhche acht dfhan
Síle im theannta.



COLM



Gnó gan gábha é sin agaibh. Budh chóra dhíbh bheith in bhúr
gcodla.



MÁIRE



Bheadh an scéal ró-uaigneach againn dá dtéighmís sa
leabthain. Bhíomar ag seanchus linn annso. An
raibh gasra mór anocht agaibh?


L. 41


COLM



Bhí, a mháthair. Bhí deichneabhar is trí scór ann.



MÁIRE



Cathuin a déanfar an iarracht úd, a Choluim?



COLM



Amáireach nó umanathar, nó aon nómant. Táthar ag
feitheamh le scéala ón nGaillimh.



MÁIRE



Fén sliabh a ragha sibh, nó go hUachtar Árd?



COLM



Níl fhios agam fós. Go hUachtar Árd bfhéidir. Beidh
Diarmuid an Droichid agus Cuimín agus an
maighistir scoile chugainn anois chun é shocrughadh.



MÁIRE



Tú féin a bheidh mar cheann ortha?



COLM



Is mé, mura dtagann duine níos fearr 'ná mé.



MÁIRE



Cia bheadh níos fearr 'ná tu, a Choluim?



COLM



Bfhearr fear úd na n-amhrán. Bhí sé indé in Uachtar
Árd. Táimíd ag súil leis go dtiocfadh sé annso
anoir.



MÁIRE



Cuir uisce á bheirbhiughadh, a Shíle, agus cuir treó ar an
seómra. Ólfaidh an maighistir braon té. Bfhearra
dhuitse síneadh thart go ceann uair a chluig, a
Choluim.


L. 42


COLM



Ní dhéanfad, a mháthair, beidh chugainn gan mhoill.



MÁIRE



Corruigh leat, a Shíle, agus socruigh an seómra. Seo,
tabhair dham an citeal san.



Síle d'éis teacht isteach agus citeal aici. Máire
dá thógaint uaithi agus dá chur ar an dteine. Síle
do dhul sa tseómra.



COLM



D'éis tamaill 'n-a thost do.



Ar dhein Síle aon chainnt áirithe leat, a mháthair?



MÁIRE



Dhein, a mhic liom.



COLM



Cad dubhairt sí?



MÁIRE



D'innis sí dham an nídh úd adubhraís aréir. Bíodh foidhne
agat, a Choluim, agus ná bí tathanach léi. Tá
smaointe á dhéanamh aici-sin mar tá sean-nidhthe
in a cuimhne.



COLM



Cad iad na nidhthe a bheadh in a cuimhne?



MÁIRE



Is mó bean a mbíonn nidhthe in a cuimhne is in a ceann —
gan fhios don saoghal!



COLM



Ní thuigim gur cuimhin le Síle aon nidhthe eile acht gnóthaí
bhain leis an dtigh seo, nó le n-a máthair féin. Níl
innti acht leanbh.


L. 43


MÁIRE



Níl ionnat féin acht leanbh. Bíodh foidhne agat, a
Choluim. Cuimhnighid leanbhaí ar nidhthe, acht imthighid
na nidhthe as a gcuimhne le haimsir. Níor imthigh
nidhthe áirithe a' ceann tSíle fós.



COLM



Sin cainnt ná tuigim.



MÁIRE



Éist, tá daoine lasmuigh.



COLM



Ag féachaint an fhuinneóg amach do.



Cuimín agus an maighistir atá ann.



MÁIRE



A Choluim, bí foidhneach mar a dhéanfadh buachaill maith.



Ná cráidh tú féin rómhór. Beirt leanbh sibh.



Cuimín is Maoilsheachlainn do theacht isteach. In a
fhear mheadhonaosta do Chuimín. Maoilsheachlainn
in a fhear níos sine 'ná sin, é cromshlinneánach
breacliath.



CUIMÍN IS MAOILSHEACHLAINN



Dia annso dhíbh!



MÁIRE



Dia bhur mbeatha, fheara! An suidhfe sibh? Bíodh an
chathaoir mhór ag an maighistir, a Choluim. Is gearr
anois go mbeidh an té ullamh.



MAOIL.



É do shuidhe i n-aice na teine.



Nách luath éirighis, a Mháire?


L. 44


MÁIRE



Níor luigeas ar aon leabaidh aréir.



MAOIL.



An amhlaidh fhanais it shuidhe i gcaitheamh na hoidhche?



MÁIRE



'S eadh! acht bhí Síle im theannta.



MAOIL.



Is truagh iad mná an tsaoghail. Iad rómhaith. Rómhaith
a bheith ag obair dhúinn-ne. Iad róchúramach dínn.
Is mó bean ar an sliabh so fhan in a suidhe aréir.
Is mó bean ar fud Éireann a dhein é. Is iad na
mná dheineann an faireachán oidhche i gcómhnuidhe.



MÁIRE



Ag fliuchadh an té dhi.



Nách ceart go bhfanfaimís in ár suidhe agus deoch the
thabhairt díbh nuair fhillfeadh sibh? Tá sé chómh
maith agaibh dul siar sa tseómra anois.



MAOIL.



B'fhearr linn é ól annso cois teine.



COLM



An raibh aon scéal ag muinntir na ceardchan, a
mhaighistir, nó aon tuairisc aca ar an dteachtaire
úd?



MAOIL.



Ní raibh.


L. 45


CUIMÍN



Nuair a bhíomar ag teacht aníos an bóithrín chonnacamar
duine ag dul thar Cnoc an Teachta. Mheasas gurb
é an teachtaire úd é.



MAOIL.



Níorbh é, dar liom. Bhí imtheacht rómhall fé siúd. Ní
mall a thiocfaidh fear na mórscéala. Beidh luathas
na gaoithe ann.



COLM



Duine dár ngasra féin ag dul abhaile tar éis an
ullmhúcháin ab eadh é siúd, is dócha.



CUIMÍN



Níorbh eadh, duine iasachta ab eadh é. Duine a bhí ar
aonach an Uachtair Áird agus fhan rofhada sa tsráid,
is dóichí.



MAOIL.



'S eadh dfhan a lán ann ag cainnt ar chúrsaí agus ar
an nídh atá chugainn.



CUIMÍN



Bhí Fear úd na nAmhrán ann agus dhein sé cainnt mhaith
ann — cainnt iongantach. Deir Diarmuid an
Droichid go labhrann sé mar a labharfadh fáidh.
Dfhan morán daoine ar an sráid ag súil leis go
labharfadh sé arís um thráthnóna, acht níor labhair.



MAOIL.



Cad é an saghas é?


L. 46


CUIMÍN



É mar a bheadh fear ón sliabh i dtaoibh éadaigh agus
cómhrádh béil. Mílíth ann mar a bhíonn sa duine ón
gcathair. É ciúin scáthmhar, mheasfá, go labhrann
sé leis an sluagh. Is annsan a thagann an
fuinneamh is an spionnadh ann. Tá binneas cainnte
agus cothrom focal aige a chorruigheann croidhe
is aigne a lucht éisteachta. Tagann fearg ar
uairibh air agus é ag cainnt ar éagcóir Gall sa
tír seo. Laoch den tseanaimsir is eadh é, dar le
muinntir Dhúithche Seóghach, nó fáidh, nó Mac na
Maighdine féin, moladh go deo Leis. Deirid gurb
é a bheidh i dtosach catha má deintear iarracht eile
ar ghallaibh a ruagairt.



MAOIL.



Ag féachaint do i dtreó an dorais.



Cloisim coiscéim duine.



MÁIRE



Í ag éisteacht ar feadh tamaill roimh labhairt do
Mhaoilseachlainn.



Aithnighim an coiscéim sin. Coiscéim mo mhic féin!



COLM



Táimse annso agat, ar ndóigh, a mháthair.



MÁIRE



Siúd é coiscéim mo mhic, coiscéim Mhacdara!



Iad uile dfhéachaint chúici; an doras dá chorruighe,
iad go léir dfhéachaint chun an dorais.



MAOIL.



Bfhearr liom 'ná Gaillimh gan roinnt an ceart do bheith
agat, acht is é Diarmuid an Droichid atá ann, is
dóigh liom.


L. 47


MÁIRE



Ní hé, acht mo mhac-sa, Macdara!



An doras dá oscailt. Fear óg chúig bhliadhna fichead
do theacht isteach. Éadach fir tuatha uime. É do
sheasamh sa doras.



MACDARA



Dia mór díbh!



IAD UILE



Agus duitse leis!



MÁIRE



Tar éis éirighe dhi. Í do bhreith barróige air.



Ráinig do mheanmna mé, a mhic liom. Bhraitheas chugam
thu! Bhíos ag súil leat!



MACDARA



Ag breith barróige dho uirthi.



A mháithrín ó, a mháithrín ó!



Síle do theacht sa doras, Í dfhanamhaint ag féachaint
ar an ndís.



MÁIRE



Ag féachaint suas di.



D'airigheas chugam thu treasna réidhe agus garbhchnoc,
agus tré shráideana is bailte puirt.



MACDARA



Agus bfhada liomsa uaim thu, a mháthair.



MÁIRE



Í ag gol



Deóra áthais is mórdhála atá anois liom, a mhic mo
chroidhe. A cháirde, sidé agaibh mo chéadmhac
múirneach, mo ghrádh bán, Macdara.


L. 48


MACDARA.



É do phógadh Choluim.



A dhearbhratháirín ó!



É do chrothadh láimhe leis na daoine eile.



Dia dhuit, a Chuimín Éanna; Dia dhuitse a mhaighistir.



CUIMÍN



Dia bheatha chugainn!



MAOIL.



Dia bheatha abhaile, a Mhacdara!



MACDARA



Dfhéachaint in a thimcheall do.



Cá bhfuil —



Síle dá feicsint do.



A Shíle!



É do bhreith ar láimh uirthi.



A Shíle bheag bhán. Bhfuil…? A mháthair,
ba mhinic a bhí an radharc so ós cómhair mh'aigne.
Tusa annsan, agus Síle annsúd sa doras, agus
sibh go léir ag cur fáilte abhaile romham mar seo.
Minic a shamhluigheas é agus mé na céadta míle
slighe ón áit seo, agus théigheadh glaodhach óm chroidhe
amach chugaibh!



MÁIRE



Agus ráinigheadh an glaodhach sinn, a mhic liom. Is
minic adubhart liom féin agus mé annso cois teine
nó sa pháirc amuigh — “Tá Macdara ag cuimhneamh
anois orm.” Agus d'airigheas chugam thu gach lá
le mí anuas. Tú ag druidim liom i gcómhnuidhe.
Bhraitheas im chomhgar aréir tu. Ná dubhart le
Síle é! — go rabhthas chugam — go raibh Macdara
féin chugham, bfhéidir.



SÍLE



Dubhraís.


L. 49


MÁIRE



D'aithnigheas ar bhreacadh an lae seo go raibh scéal mór
ag teacht in ár dtreó. Chonnac fáinne an lae ar
an sliabh agus é dearg, agus chonnac fáinne an
lae agus é buidhe, acht riamh lem chuimhne-se ní fhaca
aon bhreacadh lae chómh glórmhar geal le fáinne an
lae seo indiu.



Tar liomsa isteach sa tseómra, a ghile liom. Tá an
bórd i dtreó ann ag Síle. Tabhair chugainn an
císte milis agus an té, a Shíle. Tar isteach a
mhaighistir, tar isteach a Chuimín.



MAOIL.



Fanfamna annso, a Mháire, sláinte chugat. Is fearr
na leanbhaí do dhul isteach leat. Seo libh isteach
a dhaoine óga. Tá nidhthe le socrughadh annso
againn-ne, beirt, agus táimíd ag súil le Diarmuid
an Droichid.



MÁIRE



Ní mór linn ann tu in aonacht linn, a mhaighistir; ná
tusa acht chomh beag a Chuimín.



MAOIL.



Fanfamna annso, go raibh maith agat.



Iad do dhul sa tseómra. An císte á thabhairt léi
ag Síle agus an té ag Máire.



MAOIL.



Árdscéala é seo — Macdara bheith annso.



CUIMÍN



An mbeidh sé in ár bhfochair-ne, an dóigh leat?


L. 50


MAOIL.



Ní hamhlaidh go mbeadh croidhe meathta, croidhe an staigín
sa duine. Féach leat an ceann áluinn fearamhail
atá air. Níl aon aithne agatsa air, a Chuimín, ná
ar a chroidhe mhór mhaith. Aige sin atá an chiall
agus an tuigsint, a Chuimín, agus bhí riamh, ón
uair a múineadh an chéad fhocal do. B'é an feall
go deó go raibh air imtheacht uainn. Acht dhein san
féin maitheas. Tá scéal mór is céad in a cheann
san anois.



CUIMÍN



Níor innseadh riamh dam cé an chiall gur seóladh síos
amach é.



MAOIL.



Amhráin a bhíodh á dhéanamh aige. Amhráin a chuireadh
mire agus misneach i gcroidhe na gcomhursan.



CUIMÍN



Is minic a chuala san i dtaoibh a chuid amhrán.



MAOIL.



Amhráin a raibh grádh ionnta dá dhúthaigh féin, agus a
chuirfeadh dóchas is misneach i gcroidhe an uile
Ghaedhil a chloisfeadh iad. Bhí daoine ann, ámh,
adubhairt go raibh nídh éigin i bhfuirm Diamhasla
ionnta, acht ní fheaca-sa riamh é agus is lugha 'ná
san a chreidim é. Bhí fuath do ghallaibh ins na
hamhránaibh agus is dá bhrígh sin adubharthas go raibh
rud ionnta a bhí i gcoinnibh dlighe Dé, mar tá daoine
riamh ann a cheapann go bhfuil lámh Dé le gallaibh
agus go mbeidh go deó.



Tháinig scéala ag triall ar Fhear na nAmhrán go raibh
na sagairt go mór in a choinnibh. Tháinig cómhairle
annsan chuige ón sagart paróiste á rádh leis gan
buairt do chur ar a mháthair ná ar a mhuinntir acht


L. 51


imtheacht leis síos amach. Ghlac sé an chómhairle
sin agus d'imthigh sé leis maidin gan slán fhágáil
ag éinne. Buachaill fiche bliadhain ab eadh é an lá
imthigh sé.



CUIMÍN



Cár chaith sé a théarma ó shin?



MAOIL.



Ins na bailtí móra, tamall annso agus tamall annsúd.
Tá aghaidh agus ceannaightheacha fir léighinn air.
É mar a bheadh sagart nó bráthair nó cléireach.
Tá a lán léighte aige ó shin, agus a lán machtnaimh
déanta aige agus ní foláir nó tá a lán amhrán
maith déanta, leis, aige.



CUIMÍN



Bhfuil sé chómh láidir dfhear le Colm?



MAOIL.



Níl sé leath chómh stóinsithe le Colm, acht tá greim maith
dóide ar phíce aige. Déarfainn gur mhaith a dhéanfadh
sé báire; go gcasfadh sé camán chómh maith le haon
bhuachaill a bheathuigh Connachta riamh.



CUIMÍN



Ba mhór an congnamh ar an sliabh so é. Tá báidh mhór
ag daoinibh leis. Níl fear sa pharóiste seo ná
déanfadh rud air, le lán croidhe.



MAOIL.



Is fíor. Acht ba mhaith é a chómhairle agus a shocrughadh,
lá an ghábhtair. Is fearr a mheabhair chinn sin
'ná meabhair chinn trír againn-ne.



CUIMÍN



Ní fheadar cad é an mhoill atá ar Dhiarmuid an Droichid?


L. 52


MAOIL.



É bheith ag feitheamh le scéala i dtigh na ceardchan fós,
is dócha. Chuaidh sé soir an bóthar, ag súil le
scéala éigin ón nGaillimh a chloisint.



CUIMÍN



Beidh míshuaimhneas orainn go bhfillfidh sé.



É d'éirighe agus do dhul chun na fuinneóige. Maoil.
dfhanamhaint cois teine ag déanamh a smaointe.
Cuimín do theacht ón bhfuinneóig agus do labhairt
arís.



An amhlaidh fhanfamna ar an sliabh so, nó a
raghaimíd chun bóthair?



MAOIL.



Amach Béal na Máma a ragham, áit in a gcasfar
muinntir Dhúithche Seóghach orainn. Fágfaimíd
gasra fear ag faire na Bearnan, agus gasra ag
faire an Líonáin. Annsan gheobhaimíd bóthar na
loch tríd an Máim agus tré Chorr na Móna agus
tré Chluain Biorra go ráineóchaimíd sráid Chonga.
Beidh lucht cabhruighthe againn ar thaobh na láimhe
clé i mBaile an Róba agus gasra láidir ar thaoibh
na láimhe deise ag Tuaim Dá Ghualann. Cia chosc-
fadh annsan sinn? Ní dóichí go bhféadfadh an
gasra suarach gall atá sa Chlóchán é dhéanamh!



CUIMÍN



Má thagaid siad súd i n-ár gcoinnibh beidh neart dúinn
iad a bhascadh idir an dá shliabh.



MAOIL.



Is fíor. Béarfar i gceart ortha má chorruighid.



Macdara do theacht sa doras, císte is cupán in a
láimh aige.


L. 53


MACDARA



Duitse é seo, a mhaighistir. Is fada liom annso amuigh
thu.



MAOIL.



Ag tógaint an chupáin do.



Fad saoghail, a Mhacdara.



MACDARA



Téigh-se siar don tseómra, a Chuimín, tá slighe anois
ann.



CUIMÍN



D'éirighe is do dhul don tseómra.



Tá go maith. Glaodhaigh amach orm nuair a thiocfaidh
Diarmaid.



MAOIL.



Is mór an lá againn é seo, a Mhacdara.



MACDARA



Is mór agus is maith, acht ní lá gan brón é.



MAOIL.



Cad a dhéanfadh brónach é! Ní lá bróin riamh lá filleata
fir fáin.



MACDARA



Ní tháinig aon mhóráthas riamh gan buairt éigin le n-a
chois. Is beag teacht ná go leanann imtheacht é.
Tá nídh ag borradh im aigne, a mhaighistir agus ní
binn liom é. Tá deire aistir déanta indiu agam
acht samhluightar dam go bhfuil aistear níos mó
'ná é rómham amach. Do ghuidheas óm chroidhe gur
bun bóthair a bheadh agam nuair a chuirfinn cos thar
táirsigh annso. Níl agam, ámh, acht stad i lár
aistir… Nuair fháisc mo mháthair le n-a
croidhe indiu me, chuimhnigheas ar Mhuire Mháthair
ar bóthar úd an Dóláis.


L. 54


MAOIL.



Ba naomhtha agus ba bhrónach an cuimhneamh a tháinig duit.
Ní hamhlaidh a chuimhnighis air sin sar a chuiris chun
bóthair?



MACDARA



Chuimhnigheas ar nídh nách fios dam focal do; nídh a bhain
le doimhneas mo chroidhe agus mh'aigne. B'é toradh
bhí air go dtáinig mian dam mo mhuinntir fheicsint
arís — mo mháthair is Colm is Síle. Bhraitheas go
raibh gníomh mór — éacht — rómham le déanamh
agus ná féadfainn cur chuige gan póg óm mháthair
agus beannacht uatha i dtriúr. Shamhluigheas go
mbeadh sluagh im thimcheall ag faire orm d'éis an
ghnímh; iad go fuar foidhneach. Chuala daoine ag
mallachtaighe orm de bhrígh gur mise a bheir dóibh
an bás do theacht in a measc. Agus dfhéachadar na
mairbh orm, dar liom, agus ní dubhradar aon nídh.
Ba bhrónach an fhéachaint a bhí ortha, acht ba shásta —
ba ríshásta! Chuala annsan lucht caointe agus is
mór mar a ghoillfeadh a ngártha goil sin orm mura
mbeadh póg mo mháthar agus a mbeannacht súd
i dtriúr. Thug an dá nídh san misneach dam agus
do chuir síothcháin Dé orm, agus budh chuma liom
annsan cáine seachas moladh agus budh chuma liom
bás bocht nó saoghal sámh mar thoradh ar mo ghníomh.



MAOIL.



Aisling a bhain duit agus is aisteach liom mar aisling í.



MACDARA



Tromluighe tuirseamhail agus taidhreamh taithneamhach
do b'eadh é i n-aonacht. Is iongantach mar a ghabhann
smaoineamh bróin is smaoineamh buaidhrimh sinn
agus sinn istigh i lár sluagh, lá buidhe gréine. Acht
níl cathughadh ná cumha orm de bhárr na haislinge úd,
mar is í threóruigh fé dhéin mo mhuinntire féin arís


L. 55


mé. Bheadh uaigneas go bráth orm da mbudh ná
tiocfainn dá bhféachaint… Tá mo mháthair
ag liathadh go tiugh.



MAOIL.



Tá sí ag dul i n-aois, a Mhacdara, acht cá hiongna san
agus t'athair fé'n úir agus tu féin ar díbirt.
Nách breágh mar fhás Colm?



MACDARA
'S eadh. Fear córach is eadh Colm. Níor labhair sé fós
chugam, ámhthach. Tá sé go dúr liom.



MAOIL.



Is minic an scéal mar sin idir bhuachaillí a tógtar i
dteannta chéile. Nuair a bhíd scartha ó chéile ar
feadh tamaill, bíd go cúthail scáthmhar nuair a
castar ar a chéile arís iad. Ar atharruigh Síle
mórán?



MACDARA



Níor atharruigh agus, seadh, — d'atharruigh. Níor mheasas
riamh go ndéanfadh bean chómh háluinn sin di.
Mheasas tráth gur istigh i gcroidhe an duine a bhíonn
an áilneacht, ná feiceann ár súile riamh í, gur
rud doimhinn diamhar í ná feictar acht le linn
aislinge nó le linn taidhrimh. Chruadhas mo chroidhe
i gcoinnibh áilneachta na pearsan. Bhraitheas gur
rud míghlan í agus ba mhinic ar fheicsint na
háilneachta san dam ar sráid cathrach gur pheannaid
dam í. Minic a ghuidheas go mbeadh neart dam
radharc mo shúl do dhúnadh ar áilneacht na pearsan
ar eagla go mbudh trúig peaca dham í. Is minic
leis, adubhart liom féin go raibh dearmhad orm
mar ná bronnfadh Dia an áilneacht pearsan ar
dhaoine mura mbeadh gur rud ó neamh anuas í.
Agus tamall in a dhiaidh san cheapainn gur dalladh


L. 56


aigne an smaoineamh san, go raibh cath á chur orm
gan fhios dam; go raibh drochmhian mo chroidhe ag
buadhachtain orm. Is annsan do chruadhas me
féin agus dfhanas fuar glan im chroidhe is im aigne,
chómh fuar glan le barra na hárdbhinne. Acht
tuigim anois nár ghábha dham san go léir mar an
áilneacht so atá i Síle, is naomhtha an rud é, mar
is ó Dhia a tháinig.



MAOIL.



Cailín ar bith atá go maith, tá sí dathamhail, a Mhacdara.
Ná bí ag aighneas rómhór leat féin mar sin. Dein-
eann daoine éagcóir ortha féin le neart cirteacht
aigne.



An cuimhin leat an lá úd fadó agus tu it gharsún nuair
bhrisis sciathán na fiadhlachan, agus an méid a
gholais in a thaobh, siúd is nach det dheóin a dheinis an
díoghbháil. Scríobhais amhrán uair eile ar nead
smólaigh a creachadh, agus dheinis amhrán eile ar an
spideóigín a fuair bás den ghorta ar lic an doruis.
Agus an fonn gáire chuiris ar an sagart nuair
innsis do go raibh mórchoir is drochpheaca déanta
agat — go rabhais tar éis blátha báithte buidhe do
ghoid as an abhainn!



MACDARA



Ag gáirídhe dho.



'S eadh, is cuimhin. Maidin an Aifrinn i dtigh Dhiarmuda
an Droichid ab eadh adubhart é sin leis an sagart.
Nuair a dhein an sagart gáire bhraitheas go raibh
an uile dhuine agaibh ag gáirídhe leis, agus tháinig
mearbhal orm agus ritheas liom abhaile.



MAOIL.



Ag gáirídhe dho.



Is cuimhin liom é. Is é mheasamar go léir go rabhais
tar éis a rádh leis go raibh grádh agat dá chailín
tighe féin!


L. 57


MACDARA



Is beag ná go raibh, leis, mar thugadh sí ubhla móra misle
dham a' gairdín an tsagairt féin. Chuireadh na
hubhla san scéal úd Chloinne Tuireann i gcuimhne
dham, iad súd a chuaidh thar lear ar lorg na n-ubhal.



MAOIL.



Is iongna nár scríobhais dán ortha san, freisin?



MACDARA



Agus dheineas, leis. Dán fiche rann sa tseanmheadaracht,
sa deibhidhe.



MAOIL.



Ar dheinis mórán amhrán agus tú síos amach?



MACDARA



Ní dheininn aon-amhrán ar dtúis, mar bhí diombhadh
chroidhe rómhór orm, acht tar éis tamaill nuair
a chínn leanbhaí ag súgradh ar an mbóthar thagadh
aiteas is aoibhneas orm agus is minic a dheininn
amhrán. I dtaoibh súgradh leanbh ar shráid Chille
Conaill an chéad amhrán dár dheineas; agus ceann
eile ar fhear dall a casadh orm ar chlochán Each-
dhroma, agus nuair a chonnac abha na Sionainne ag
scuabadh léi siar fé dhroichead Átha Luain is eadh
dheineas an t-árdamhrán ar fad, amhrán a raibh
fuinneamh is mórtas ann. Dheineas a lán amhrán
ó fhágas Áth Luain go ránag Áth Cliath Life.



MAOIL.



Cionnas a rith leat Cois Life?


L. 58


MACDARA



Chuadhas ag triall ar fhear leabhar agus d'iarras air
mo chuid amhrán do chur amach mar leabhar. Léigh
sé na hamhráin agus dubhairt sé ná leigfeadh eagla
dho na hamhráin sin a thabhairt don phobal, go mbeadh
an gall ar a thí agus go mbrisfeadh an gall a
shiopa is a chóir cló, agus go gcuirfeadh sé é féin
fé ghlasaibh cruadha. Bhíos ag siubhal na sráide
agus ocras mór orm, lá, nuair a stadas chun
fógra Gaedhilge a léigheadh — fógra a bhí ar fhalla.
Tháinig duine suas chugam agus chuir sé mo thuairisc
féin orm. Nuair a chuala sé mo scéal dubhairt
sé go n-aimseochadh sé obair dam, agus dhein.
Chaitheas bliadhain ag múineadh scoile, agus scríobhas
roinnt eile amhrán agus tugadh le léigheadh don
phobal iad. An té a bhí in a cheann ar an scoil
tháinig sé chugam lá agus dfhiafruigh sé dhíom an
mise a scríobh na hamhráin sin. Nuair adubhart
leis gur me, dubhairt sé ná raibh cead agam bheith
ag múineadh a thuille sa scoil sin agus chuir sé
chun bóthair me.



MAOIL.



Cad a thárla dhuit annsan?



MACDARA



Shiubhlas liom go bhfuaireas gnó eile le déanamh. Im
oide múinte do gharsún aonair a bhíos annsan,
agus deich scillinge dham ón máthair gach seachtmhain;
obair a thaithn liom ab eadh í, mar d'éirigh gealaghrádh
is árdchion idir me féin is mo scoláire beag. Is
iongantach an ghairm bheatha an mhúinteóireacht mar
is fút féin atá aigne agus inntinn an leinbh a
dhealbhadh agus a threorughadh. Is dóigh gur mhinic
a chuimhnighis féin air sin a mhaighistir?


L. 59


MAOIL.



Ní bhíonn aon aga agamsa chun cuimhnimh ná machtnaimh.



MACDARA



Agus machtnamh an saothar is mó dheineas-sa ó tháinig
aos fir dam. Ag cuimhneamh ar nidhthibh agus ag
ceapadh dán is eadh a chaitheas mo shaoghal go dtí so.



MAOIL.



Gnó maith, má bhíd na hamhráin ar fóghnamh.



MACDARA



Deirtar gur fearr cúram a dhéanamh de sna nidhthe
bhaineann leis an aigne 'ná de rudaí a bhaineann
leis an gcorp. Nílim féin rodheimhin de sin, ámh.
Ní dóigh liom go sásuigheann aislingí agus taidhrithe
an duine go deire a shaoghail. Ní mór do bheith ag
ceapadh agus bheith ag déanamh rudaí. Ar an gcuma
san is eadh is mó a bheidh sé de réir deilbh Dé.



MAOIL.



Nach fear gnímh an file?



MACDARA



Ní headh. Níl ann acht glór. Ní dheineann sé acht
glaodhach ar dhaoine eile. Is iad na daoine eile a
dheineann an gníomh nó fhulangann an phian. Má's
áil leis an bhfile bheith in a theagascóir cheart, caithfe
sé arán do sholáthar agus é bhriseadh do dhaoine.
Caithfe sé slíghe Ghetsaimine is faillte Gholgóta
chur de. Minic dam á mheas gurab é saoghal is
uaisle amuigh saoghal na mban. Deinid mná saothar
mór agus fuilingid pian agus peannaid. Agus
an té bhíonn ag teagasc na n-óg deineann sé mar
an gcéadna. Bheireann sé smaointe móra a aigne
mar bhiadh dóibh agus bheireann sé uaisleacht a
mheóin féin mar bhainne dhóibh.


L. 60


MAOIL.



Acht a ndeineann an leanbh cúiteamh ann? “Maith ar
leanbh maith gan toradh,” adeir an seanfhocal.
Cionnas a dhein do scoláire féin cúiteamh leatsa?



MACDARA



A bhfuil ar chumas aon leinbh cúiteamh do dhéanamh le
n-a mháthair nó le n-a mhaighistir? Ceárd gan
buidheachas is eadh do cheárd-sa, a mhaighistir. Ceárd
go leanann brón agus briseadh croidhe í. Is é
dála na máthar agat é. Cothuigheann sí an leanbh
go mbíonn sí féin caithte tabhartha, agus annsan
tréigeann an leanbh í.



MAOIL.



Ní mar sin a bhí do dhalta-sa?



MACDARA



Níorbh eadh. Ródhílis dam a bhí sé siúd. Chómh dílis sin
go raibh éad ar a mháthair chugam. Is mar sin a
bhíonn an scéal go minic i dtaoibh máthar is múin-
teóra. Ceárd is eadh an mhúinteóireacht go leanann
buaidhreamh aigne í, a mhaighistir. Má's drochoide
atá ann éaluighid na scoláirí uaidh; má's oide
maith é éirighid chómh ceanamhail sin air go dtagann
éad ar a muinntir chuige. Dubhairt máthair mo
scoláire-se go gcaithfeadh an leanbh imtheacht liomsa
nó léi féin.



MAOIL.



Cad do rinne sé?



MACDARA



D'imthigh sé le n-a mháthair, ní nár locht air.


L. 61


MAOIL.



Cad do rinnis-se annsan?



MACDARA



Bhailigheas suas agus d'imthigheas chun bóthair



MAOIL.



Cionnus éirigh do bhóthar leat?



MACDARA



Níor éirigh a bhóthar riamh leis an duine gur baineadh an
mheabhair dá cheann agus an misneach as a chroidhe.
Ní raibh ar chúig bhóithre móra na hÉireann fear
siubhal ní ba bhochte 'ná me. Ní raibh súil agam
le cabhair ná le congnamh ó éinne agus gan ion-
taoibh agam as éinne sa tsaoghal mhór. Ní deintidhe
aisling oidhche dam ná taidhreamh lae. Tráth thagainn
go dtí tobar beannuighthe nó teampall ní abrainn
aon phaidir ná ní stadainn ag aon tigh tábhairne
chun deoch ól, pé aca bhíodh an t-airgead agam chuige
nó ná bíodh. Ba chuma liom i dtaoibh paidreacha
agus ba chuma liom i dtaobh ólacháin.



MAOIL.



Ná deinteá aon amhrán na laethe sin?



MACDARA



Dheineas aon cheann amháin a bhí lán de shearbhas is de
mhíshásamh, agus nuair a léigheas é i dtigh tórraimh,
cuireadh lasmuigh den doras mé mar dhuine míchlú!



MAOIL.



Agus an abarthá aon phaidir?


L. 62


MACDARA



Ní abrainn mar do samhluigheadh dam lá, ná raibh Dia
ná Flaithis Dé ann. Ar mo ghlúinibh ós comhair na
Croise i gCill Gobnatan a bhíos nuair a tháinig a
smaoineamh san dam. Níorbh aon chabhair bheith a
rádh paidreacha dá éis sin. Is amhlaidh a dheininn
gáire fé dhaoine a bhíodh ag paidreóracht agus is
minic a bhí fonn orm é rádh ós árd le muinntir na
sráide go raibh mearbhal mór ortha mar ná raibh aon
Dia riamh ann. “Tá breall oraibh, a dhaoine,”
adeirinn im aigne leo, “Níl Dia ná Flaithis Dé
ann!”



MAOIL.



Scéal péine dham do chainnt, a Mhacdara.



MACDARA



Acht i gcionn aimsire tháinig smaoineamh eile dam;
“Cad é an mhaith an fhírinne do chur i dtuigsint
dóibh má's sólás dóibh an mearbhal? Má thuigid
ná fuil aon Dia ann, beidh uaigneas ortha agus
míshásamh aigne mar atá orm féin,” arsa mise.
B'in é fé ndeara dham gan labhairt ós árd.
Choimeádas agam féin é mar rún, agus bhrúghas
ar mo chroidhe é.



MAOIL.



Is truagh go mór liom an scéal so, a Mhacdara. Abair
paidir, a chara, agus eisteóchaidh Dia leat, agus
cuirfir aithne arís Air. Ráineóchaidh an Solus
arís tu.



MACDARA



Acht tá aithne níos fearr anois agam ar Ghnúis Ghil Dé.



MAOIL.



Tá aithne curtha arís ar do Dhia agat, a Mhacdara?
Is maith san, a mhic ó, is maith san.


L. 63


MACDARA



Aithnighim mo Dhia mar is ionann É agus mórphianta.
Uaigneas is eadh is ainm Dó; agus Bochtanas
is eadh is ainm Dó.



MAOIL.



Cainnt ná tuigimse is eadh í sin acht tá fírinne éigin
ar siubhal agat, dar liom.



MACDARA



Thugas-sa laethanta agus oidhcheanta i dteannta na
mbocht, A Mhaoilsheachlainn. Is olc é a scéal
súd, a chara. Iad gan biadh sa ló agus gan leabaidh
ist oidhche. Chonnac leanbhaí a tháinig ar an saoghal
nuair ná raibh de dheoch ag a máithreachaibh acht caol-
uisce fuar. Is mó cóisir gan suairceas agus
tórramh gan coinneal a chonnac-sa ameasc bocht
na mbailtí móra, a chara. Agus chonnac ar an
dtuaith leis é. Ba mhinic brón im chroidhe de dheascaibh
deacraí máthar; agus deóra lem shúilibh as ucht
lógóireacht leanbh. Agus bítar ag cáineadh na
máthar is ag cáineadh na leanbh san, a Mhaoil-
sheachlainn, á rádh go mbíd cam in a n-aigne agus
salach i n-a gcorp. Acht ní hamhlaidh sin a chonnac-sa
iad acht fuil is cneádhna Chríost ar cheannaightheacha
an uiledhuine aca!



Diarmuid an Droichid do theacht isteach. Colm do
theacht as an seómra tar éis nómaint nó dhó.



MAOIL.



Cad é do scéal-sa, a Dhiarmuid?



DIARMUID



Táid na gaill tar éis imtheacht ón gClochán!


L. 64


MAOIL.



Cá ndeaghadar? Fé dhéin na gcnoc?



DIARMUID



Ní headh acht aniar tré Bhearna na Coille Móire is tré
Ghleann Eidhne aleith.



COLM



Agus ná táinig aon scéala fós ón nGaillimh?



DIARMUID



Ní tháinig, ná rian scéala.



COLM



Dubhrathas linn fanmhaint leis an bhfocal; acht táimíd
rófhada díomhaoin annso.



MAOIL.



Ní héidir go rugadh ar fhear na scéala. An mbeadh
gaill ag teacht ón nGaillimh, freisin?



COLM



Is fearra dhúinn gníomh a dhéanamh uainn féin!



CUIMÍN



Ní hamhail a dhéanfá gan órdughadh é!



COLM



Ní hamhail a fhanfaimís annso go mbéarfaidhe orainn
mar a bhéarfaidhe ar choiníní.



CUIMÍN



Níl socrughadh ar bith déanta againn; is fearr fuireach
le scéala.


L. 65


COLM



Socrughadh a shásóchadh gach éinne, níor deineadh riamh
agus ní dhéanfar go deó é, agus ní thiocfaidh aon
scéalaidhe anois.



CUIMÍN



Níl éinne mar cheann orainn.



COLM



Nár toghadh mise mar cheann oraibh?



CUIMÍN



Toghadh, acht ní chun sinn do chur ag troid agus an tír
go léir in a dúthaigh síothchána! Tiocfaidh an focal
ón bhfear cheart nuair a bheidh an uair cheart ann.



COLM



Ba chóir go dtiocfadh an focal sul ar imthigh na gaill
chun bóthair.



CUIMÍN



Níl aon chead agatsa bheith ag cáineadh na bhfear ceannais!
Cá bhfios duitse cad is ceart nó neamhcheart?
Nách fíor dham é, a fheara?



An amhlaidh éireóchaimís amach agus gan aon órdughadh
tabhartha dhúinn? Cad deirirse a Dhiarmuid, ó's
tusa a thug scéala go minic ón nGaillimh chugainn?



DIARMUID



Is mór agam cainnt Choluim agus déarfidh an pobal
fós gur mhisneamhail dílis an duine a dhein an
chainnt sin agus gur aige a bhí an ceart, bfhéidir.
Níor mhaith liomsa, ámhthach, an t-órdughadh thabhairt
chun ár ngasra beag fear do chur ag troid na
ngall agus gan againn acht píce i gcoinnibh gunna.
Dá mbeadh scéala d'aon tsaghas againn, acht níl!


L. 66


CUIMÍN



Cad is dóigh leatsa don scéal, a mhaighistir? Is críona
agus is ciallmhaire tusa ná éinne againn.



MAOIL.



Is é adeirimse le Colm ná foidhne bheith aige. Tá duine
gur mó é 'ná Colm agus 'ná mise agus bfhéidir
go labharfadh sé an focal sara mbeidh an meadhon
lae ann. Fan go réidh, a Choluim agus —



COLM



Is rómhinic a tugadh an chómhairle sin dam — fanmhaint
go réidh. Ar maidin indiu féin adubhairt mo
mháthair liom é nuair a bhí Macdara sa dorus agam.
Nuair a labhras ar scéal eile labhras ródhéadhnach
agus me ar tí labhairt gach lá le seacht mbliadhna!



MAOIL.



Cad tá á rádh anois agat, a bhuachaill?



COLM



Tá so á rádh agam go bhfuilim chun bóthair agus chun
catha an nómant so, mura leanann acht seisear
ón sliabh so me!



Síle do theacht sa dorus agus sceón innti.



CUIMÍN



Ní ceart duit san; ná téigh!



COLM



Is ceart agus raghad!



DIARMUID



Ní maith an gnó agat é, fir do chur i gcontabhairt a
n-anamna is a gcoimeád beatha gan gábha gan
órdughadh.


L. 67


COLM



Contabhairt is eadh gach nídh le fear na feirme móire.
Ní thagann scannradh ar éinne acht ar an bhfear a
bhfuil a chuid tailimh ceannuighthe aige!



MAOIL.



Éist liomsa go fóill, a Choluim!



Colm gan éisteacht leis. Fearg do theacht air agus
é do dhul an doras amach. Na fir eile d'iarraidh
é chosc.



SÍLE



In a haonar di. Í do labhairt amhail a bheadh brionglóid
á déanamh di.



“Na fir d'imtheacht leó go gealgáiriteach,” arsa mise,
acht ní mar sin dhein Colm é acht a chroidhe in a lasair
le feirg.



Is é Colm a bhí go deas is go cneasta riamh. Mo bhrón
cráidhte! Is claoidhte an galar an grádh. Ní
peannaid go dtí é. Budh mhór an nídh do Mhacdara
is dam féin, i mbeirt, bheith in ár leanbhaí arís.
Sinn ag súgradh ar an Mám glas agus gan fhios
againn an grádh mór so bheith i n-aonchor ann…
Leagfar Colm fuar marbh ar bhóthar an Ghleanna
agus leanfaidh Macdara amach é, go n-imreóchar
bás air sin sa tslighe chéadna… Mo léan!
Níl acht dhá rud mhór sa tsaoghal so, grádh agus
bás.



Macdara do theacht amach as an seómra.



MACDARA



De ghuth íseal.



Tá mo mháthair tar éis tuitim a chodladh, a Shíle.



SÍLE



Cá hiongna san? Is fada an faireachán atá déanta
aici — agus againn go léir.


L. 68


MACDARA



Imthigheann críoch ar gach scéal, agus bíonn deire le
faireachán lá éigin mar filleann an fear fáin
i n-am tráth.



SÍLE



Is minic ná tagann acht an bás as.



MACDARA



Is minic gur ríoghdha an teacht aige-sin féinidh é. Ní
raibh uaimse, tráth, acht sáimhríocht saoghail. Tusa
is mise bheith ar aon láthair agus gan éinne sa
tsaoghal mór le cur isteach orainn. Ní raibh uaim
acht san, acht is léir dam anois ná beimídne, beirt,
acht tamall gearr i dteannta a chéile. Tá gnó le
déanamh agamsa agus ní mór dam é dhéanamh im
aonar. Gnó dian deacair is eadh é acht is binn
liom é dhéanamh im aonar mar — tá grádh dhuitse
agam… Budh neart dam do phóg-sa agus
póg mo mháthar agus póg ó Cholm; acht déanfad mo
ghnó i n-éagmais na bpóg san anois.



Síle do chromadh ar ghol.



Ná déin aon ghol, a chailín mhaith. Fanfairse in
aonacht lem mháthair faid a mhairfidh sí, i gcaitheamh
an ghearrashaoghail atá roimpi.



Níl innsint scéil go bráth ar a bhfulaingid mná, ar
méid a bpeannaide is a gcúrsaí bróin, acht mar sin
féin is luatha go mór a gheibheann a gclann tréan
mac bás ná mar a gheibhid máithreacha bás agus
maireann óigbhean ar feadh morán bliadhnta tar
éis báis dá buachaill croidhe féin.



Máire do ghlaodhach ón seómra amach ar Mhacdara
— “A Mhacdara!” Eisean do dhul sa tseómra,
Síle do dhul ar a glúinibh in aice na teine; í ag gol.
Glórtha fear dá gclos. Maoilsheachlainn do theacht
isteach.



SÍLE



Ar imthigh sé, a mhaighistir?


L. 69


MAOIL.



D'imthigh. Tá an bóthar ó thuaidh á chur de aige agus
tá chúig fear déag — fir óga — in éindí leis.
A bhfuil Macdara annso istigh fós?



SÍLE



Tá, acht chaith sé tamall beag annso sa chistin gur
ghlaodhaigh a mháthair air.



Maoil. do shuidhe in aice na teine.



MAOIL.



Ag Colm a bhí an ceart, dar liom. Tá an gnó so ródhian
dár leithéidne. Táimídne ró-aosta. A ndubhairt
Macdara aon nídh leatsa?



SÍLE



Dubhairt — go raibh gnó dian deacair le déanamh aige
agus go gcaithfeadh sé é dhéanamh in aonar. Ní
fheaca sé Colm ag imtheacht, acht mise fé ndeara
é sin.



Glórtha fear á chlos lasmuigh.



SÍLE



Glórtha daoine, an eadh?



MAOIL.



'S eadh. Sin iad na buachaillí ag teacht aníos an cnoc.



Bhí gasra aca thíos ag an gcrosaire ó chiainibh.



Glór daoine sa dorus. Diarmuid an Droichid agus
Cuimín, agus buachaillí eile do theacht isteach.



DIARMUID



Deirid na fir anois nár dheineamar an ceart nuair a
leigeamar Colm chun siubhail agus gan de chongnamh
fear aige acht chúig dhuine déag. Budh cheart go
mbeimís uilig i n-aonacht leis.


L. 70


CUIMÍN



Agus is é deirimse nár dhein Colm an ceart agus
imtheacht mar sin gan órdughadh. An amhlaidh a
mheasann sé go raighimís go léir amach chun ár
lámhaichte mar gheall ar é féin a bheith gan foidhne?
Cá bhfuil an chóir chatha, agus an t-órdughadh a bhí
le teacht ón nGaillimh?



MAOIL.



Tá focal le rádh agamsa agus is é is soith liom ná
dubhart é sul ar imthigh Colm. Tá fear fé dhíon an
tighe seo agus tá neart do an t-órdughadh a thabhairt.
Cad deirthí leis sin?



CUIMÍN



Ciaca againn?



Maoil. do dhul chun dorais an tseómra agus é dá
oscailt.



MAOIL.



Éirigh amach chun na ndaoine, a Mhacdara. Táid ag
feitheamh le focal uait.



DUINE ACA



Ní hamhlaidh atá Macdara tar éis teacht abhaile!



Macdara do theacht amach as an seómra. Máire
do sheasamh sa doras laistiar de.



DIARMUID



Siné an duine a labhair linn ar aonach Uachtair Áird!



É do dhul suas chun Macdara agus é do phógadh a
láimhe.



Níor éirigh liom dul it aice indé, a Mhacdara; bhí
sluagh rómhór it thimcheall, acht ní fheadar cad a
bhain dam gan tu aithint. Budh chóir go n-aith-
neóchainn ceannaightheacha mhic mo chomhursan.


L. 71


A Mháire Ní Fhiannachta, beifar ag guidhe na mbeannacht
fós ar an lá a rugadh do chéadmhac.



Máire do theacht ós comhair a mic agus í do phógadh
a láimhe.



MÁIRE



De ghuth íseal.



An lámh beag a bheireadh greim ar chuislinn orm. An
lámh chruaidh a dhéanfaidh an dorn dubh ar ghallaibh
agus a bhrisfidh an cuibhreach atá ar ár muinntir!
A fheara maithe an tsléibhe seo, sidé agaibh Macdara
— fear na n-amhrán — an duine adaigh an spréidh
cheart i gcroidhe a mhuinntire. Cá bhfuilid marcaigh
úd na hAille Each ná preabaid fé dhéin a namhad?
A mhná an tsléibhe seo, cóiríghidh na cláir agus
lasaídh na soillse! Tá tórramh is dachad le
déanamh fé theacht na rae nuaidhe.



Iad go léir do theacht chum Macdara agus iad dá
phógadh.



MAOIL.



Labhair, a Mhacdara, má tá an uair cheart ann.



MACDARA



Cá bhfuil Colm?



DIARMUID



Tá sé ar an mbóthar go Gaillimh agus chúig dhuine dhéag
in a theannta!



MACDARA



Ní gábha dhamsa labhairt mar sin. Tá labhartha ag Colm
cheana!



CUIMÍN



Acht is tusa is ceann orainn.


L. 72


MACDARA



An duine is luatha a dhein gníomh siné an duine is túisce
labhair, agus an duine is túisce labhair is é is ceann
oraibh. Faigh píce dam go leanad é! Níor cheart
é leigint chun siubhail gan congnamh ceart fear.
Ná fuil ceithre scór fear agaibh ar an sliabh so?



DIARMUID



Níor chiallmhar an gnó do cheithre scór fear aghaidh a
thabhairt ar cheithre míle, nó ar cheithre scór míle,
bfhéidir.



MACDARA



Ní hi gcomhnuidhe a bhíonn an gníomh ciallmhar in a ghníomh
cheart!



CUIMÍN



Is aisteach greanamhar an chainnt í sin!



MACDARA



Cloisfir cainnt níos aistighe agus níos greanamhaire
fós. Ar mhaithe le nbhur n-anam budh cheart díbh
dul, agus ní mar chongnamh do Cholm, ná dfhonn
an cath a bhuadhachtain, mar tá an cath buaidhte pé
aca raghaidh sibhse chun bóthair nó ná raghaidh!



Mórliúgh lasmuigh. Duine do rith chúca isteach.



É SIN



Tá Colm sínte i mBéal an Ghleanna!



MACDARA



Níor ghábha an chúig dhuine dhéag féin, féach! Ní maith
mar a dheineabhar bhúr ngnó a fheara críona an
tsléibhe seo. Dhéanfadh aon fhear amháin an gnó.
Is truagh nár fhan an chúig dhuine dhéag úd sa bhaile.


L. 73


Tá neart do éinne amháin náisiún a shlánughadh fé mar do
shlánuigh an tAonMhac, moladh go deó Leis, an
chine daonna. Raghadsa amach anois i gcoinnibh
na ngall agus ní thabharfad sleagh liom ná píce,
Agus chífar im sheasamh ós cómhair mo namhad me
gan cosaint gan clúdach, fé mar do chonnacthas
Críost ar crochadh gan cosaint gan clúdach!



É do dhul ameasc na bhfear agus é do bhaint a chasóige
is a charabhat de. Ar shroisint an doruis do, an
liúgh dá chlos ó sna fearaibh. Iad go léir dá lean-
amhaint annsan an dorus amach.



Maire Ní Fhiannachta do dhul chun an teinteáin.
Í do shuidhe ann a dteannta Shíle.



An brat do theacht anuas.


L. 75


CAIMBÉAL NA COILLE MÓIRE


L. 76


AN FHUIREANN:



MÁIRE STÍOBHART.



MÓR CHAMSHRÓN.



DUBHGHAlL STÍOBHART.



AN CAPTAEIN MAC SÁINE.



GIOLLA EASPUIG CAIMBÉAL.



SÉAMUS MAC COINNICH.



An t-ionad: Úrlár bhótháinín uaignigh ar thaobh an
bhóthair a ghabhann ón Sruthán go Rannach i
dtuaisceart Pheairt, in Albain.



An uain: Tar éis éirighe amach na bliadhna 1745.


L. 77


CAIMBÉAL NA COILLE MÓIRE



“Roighne Roiscleathan” do chuir Gaedhilg air.



Chítar Mór ag gabháil anonn is anall go míshuaimhneasach. An
tseanbhean ina suidhe ar stóilín cois na teine móna atá
i gcroidhe an urláir.



Gan insa chistin féin acht fíorbheagán troscáin agus gan um
na mnáibh acht giobóga. Tá Mór cosnochtaithe. Thiar
i lár baill tá dorus a ghabhann amach go cúl an tighe.
Fuinneóigín sa bhfalla ar an dtaobh chlé den dorus san.
Ar an dtaobh dheas den chistin tá dorus eile, amach chum
an sciobóil. Arsa Mór, tar éis féachaint amach an
fhuinneóg ar feadh scaithimhín —



MÓR



Comraidhe Dé chughainn! Nach tiubaisteach fiadhain
an oidhche í!



MÁIRE



An bhfuil sé ag cur sneachta fós?



MÓR



Tá go deimhin, mhuise — agus séide is suathadh ann
gan sos, gan staonadh. Agus tá an oidhche chomh
dubh san ná tagann liom an taobh eile 'en bhóthar
dfheicsint.



MÁIRE



Is maith mar thárla.



Gabhann Mór anonn treasna an úrláir agus
stadann go neamhchinnte. Tá sí go míshuaimhneasach,
agus deallramh uirthi go bhfuil súil aice le rud
éigin.


L. 78


MÓR



Nár bhfhearra dham an solus do chur sa bhfuinneóig?



MÁIRE



Cad do b'áil leat a leithéid sin do dhéanamh!
Ní hamhla chualais glaodhach uaidh?



Iompuigheann sí go haithrinneach.



MÓR



Le bagairt cinn.



Ní hamhla, acht ná cuirfeadh an solus in iúil do go bhfuil
gach nídh ina cheart?



MÁIRE



Ní chuirfeadh, mhuise! Is é an socrughadh do rinneadh
ná gur tar éis an ghlaodhach do chuirfaidhe an solus
sa bhfuinneóig.



MÓR



Acht is fada bheadh sé ag glaodhach a leithéid seo dh'oidhche
gan sinn dá aireachtaint.



MÁIRE



Ná bíodh an iomarca imshnímh ort, a Mhór. Déinimís
a chomhairle siúd. Cuir fód eile ar an dteine,
agus suidh.



MÓR



Fé bhreis imshnímh.



Ní leigeann imshnímh dam suidhe. Tá rud éigin dá
innsint dam go bhfuil mífhoirtiún éigin i ndán
dúinn anocht. Ó, éist leis an ngaoith sin ag
caoine is ag osnaigheal timcheall an tighe, díreach
amhla is dá mbudh anam bocht caillte bhí ar iomchar
aici, agus go mbeimís-na dá eiteach ar eisteas
oidhche.


L. 79


MÁIRE



Ná bí 'ot bhuaidhreadh féin mar sin. Déin mar
adeirimse leat. Cuir síos a thuilleadh móna.



MÓR



Ag an gcis mhóna.



Ón lá… Cadé rud é siúd?



Éistighid nóimeant.



MÁIRE



An ghaoth — sin a raibh ann; tá sí ag éirighe. Is dona an
oidhche í do sna créatúiríbh atá amuigh sa bhfraoch.



Cuireann Mór síos a thuilleadh móna, agus gan
focal aisti.



MÁIRE



Ar ghaibh puinn daoine thar brághaid indiu?



MÓR



Níor ghaibh. Go luaith tar éis breacadh lae do ghaibh na
cótaí dearga tharainn ón Sruthán; ní tháinig éinne
eile an treó annsan go bhfeaca, tuairim a naoi 'e
chlog, seanduine a bhí anachosmhail leis an tseana-
bhíoblóir úd ó Chill Conán. Ar a ceathair 'e chlog,
díreach, agus tuitim oidhche ann, do ghaibh fear ar
muin capaill annso ar sodar, agus garsún ina
theannta, ag rith, agus greim ar an stíoróip aige.
Ar an Rannach a bhí a n-aghaidh.



MÁIRE



Acht ní fheacaís a thuilleadh dhe sna cótaíbh dearga?



MÓR



Ag crothadh a cinn.



Do bhí an bóthar chomh ciúin leis an uaigh, rith an lae. A
dtiocfa sé an dóigh leat?


L. 80


MÁIRE



An amhla mheasair, a inghean ó, gur buaidh feasa atá
agam agus a leithéid sin de cheist do chur chugham.
Níl d'eólus agamsa acht go bhfuil chúig lá ó bhí sé
annso cheana i gcomhair bídh is dighe dhó féin is don
chuid eile — chúig lá agus chúig oidhche ó shoin, cuimhnigh
air sin; agus an méid a rug sé leis bhí sé beag a
ndóithin; agus gan taithighe ag éinne aca ar bheith
amuigh fé thóir, mar mheasaim. Ní foláir dó iarracht
do dhéanamh chum teacht annso anocht. Acht ní maith
liom in éanchor an ciúineas úd rith an lae, gan
éinne le feicsint ó mhaidin go hoidhche. Ní foláir
nó tá eólus éigin aca, a Mhór. Táim dá cheapadh
go bhfuiltar ag déanamh faireacháin.



Cloisid araon glór éigin leathsmuigh. Cuirid cluas
ortha féin.



MÁIRE



Corruigh ort leis an solus, a Mhór.



MÓR



Ó chúlaibh an tighe tháinig an glór san ámhthach — ó thaobh
an chnuic.



MÁIRE



Seadh, déin mo chomhairle. B'éidir gur ag faire bheidís
ar an dtaobh eile.



Lasaid coinneal agus leagaid ar an bhfuinneóig í.
Ritheann Mór chum an doruis.



MÓR



Go réidh! fan anois! An amhla mheasfá an dorus do
leathadh agus solus mar seo ar fuaid an tighe?
Ar ndóigh do chífaidhe fear insa dorus ar an gcuma
san, míle ó bhaile. Agus cá bhfios duit cé bhéadh


L. 81


ag spiaireacht? Múch an solus anois, agus déin
an teine do chlúdach le brat.



Níl sa chistin annsan acht an breacsholus: bainid
an chleith ó chúlaibh an doruis. Tagann duine éigin
isteach.



MÓR



Ní foláir nó tá fuacht an domhain ort, a Dhubhghaill!



Cuireann Dubhghall Stíobhart in iúil di le bagairt
cinn go bhfuil. Tá sé anathréith.



MÓR



Seadh, agus taoi fliuch báidhte ina theannta san!



STÍOBHART



Do bhí gárda mhaith dhaingean aca ar Dhroichead Eiriocht.
Do b'éigean dam an abha mhór do chur díom.



Tá an tseanabhean tar éis an choinneal do lasadh
athuair, agus an phlaid do bhí ag folachadh na
teinean do thógaint léi.



MÁIRE



Droichead Eiriocht — ní foláir mar sin nó —



STÍOBHART



Bagrann sé a cheann chúichi.



Seadh, i gcoire atá ar an dtaobh thall den Bhinn Dheirg,
leath slighe suas.



MÁIRE



Tá sé féin ann, mar sin?



STÍOBHART



Tá, agus Ceapach chomh maith, agus duine eile is treise
fós.



MÁIRE



Éist!



Déineann sí sméidhe i dtreó Mhóir.


L. 82


STÍOBHART



An amhla, a mham a ghrádh, ná…



MÁIRE



Seadh, tabharfidh Mór chughainn as an scioból an biadh
ataoi chum a bhreith leat. Tá sé i bhfolach go maith
againn fén bhféar. Imthigh a Mhór agus beir
isteach é.



Gabhann Mór amach an dorus chum an sciobóil.



STÍOBHART



Is mór is iongna liom thu, a mham; ní scéithfeadh Mór
choidhche — go brách na breithe.



MÁIRE



Níl innti acht gearrachaile. Níor tréaileadh fós í.
Acht ca bhfios d'éinne cadé an t-eólus do phiocfaidhe
aisti?



STÍOBHART



Bíodh sé mar sin: ní héinéifeacht é, mar ní raibh agam
á innsint acht cár fhágas iad-súd; ní raibh éan-
tagairt agam dá dhéanamh don ionad ina bhfuilim
chum teagmháil leó arís.



MÁIRE



Ní 'san áit a dubhraís ó chiainibh a bheid siad?



STÍOBHART



Ní headh in éanchor: do thréigeadar an coire sin aréir,
agus (de chogar) i mball uaigneach ar shliabh
Rannaich atáim chum teagmháil leó.



MÁIRE



Cá fearra do ghearrachaile eólus do bheith aici? Ná
hinnis é siúd di.



Suidheann sé chum búird: déineann an tseanbhean
freastal air.


L. 83


STÍOBHART



Is mór an éadáil teine a leithéid seo dh'oidhche; agus is
mór an compórd do dhuine tig do bheith os a chionn.



MÁIRE



Ní dócha go bhfanfair againn anocht?



STÍOBHART



Ní thiocfadh liom san do dhéanamh. Ní mór dam bheith
mórán mílte shlighe ón áit seo sar a mbreacann lá
ar Bhinn Dheirg.



Filleann Mór ón scioból.



MÓR



Níor bhfuiris duit teacht uatha, a Dhubhghaill?



STÍOBHART



Ní misde dhuit é sin a rádh. Ghabhas anuas trí mhíle de
chnoc Eiriocht, agus nuair a shroiseas an talamh
mhín do b'éigean dam siubhal ins na sruthánaibh,
mar do gheobhthaidhe rian mo chos sa tsneachta.



MÓR



Acht ní fheacaidh éinne thu?



STÍOBHART



Ca bhfios dam, a ghrádh? Do bhraitheas uaim síos na
saighdiúirí sar ar thuit an oidhche agus me abhfad
suas ar leacain na Binne Deirge; agus i dtreó
Shliabh Rannach do bhíodar mar bheadh cuileóga ar
bhraitlín bhán. Ní bheadh éandul thórsa ag cat
coille ná ag éanainmhidhe eile ná beadh eitilt aige.
Agus saighdiúirí aca ar gach droichead is gach áth is
gach eanach! B'éigean dam cur díom suas fíoghair


L. 84


an tsléibhe thar n-ais arís; agus mar sin féin,
cad do chífinn nuair ghabhas timcheall an chúinne
dar an dtaobh thall de Chill Rathan acht fear faire
leó agus é ar a shuaimhneas ar an dtaobh chluthair
de charraig mhóir. Acht ní raibh éindeacaireacht
sa scéal as san amach.



MÓR



Agus cionnus a thárla san?



STÍOBHART



Mar do bhaineas-sa dhe a bhróga, agus ina dhiaidh san
ba chuma liom cé chífeadh mo rian sa tsneachta.



MÓR



Do bhainis de a bhróga!



STÍOBHART



Ag gáiridhe.



Do rinneas go deimhin. Ná tuigeann tú an cás?
Cionnus a bhainfeadh garsún bróga de shaighdiúir?
Réidhtig an cheist sin dam fhaid is bhéad ag caitheamh
mo choda.



MÓR



É bheith ina chodladh, b'éidir?



STÍOBHART



I n-a chodladh! Seadh, má's eadh; is trom an codladh
atá air mar seo, agus méaranna a chos anáirde
aige.



Tógann an tseanbhean an mhiodóg den chlár.
Cuireann sí thar n-ais arís é. Tugann Mór fé
ndeara an gníomh agus cuireann uaithi an mhiodóg,
ar chuma go dtuiteann ar an úrlár. Báthann sí a
haghaidh ina basaibh.


L. 85


MÁIRE



Tabhair leat isteach an cannta cáise úd, a Mhór.



Féachfamna chum a chompóird anocht, ó tá gach nídh
i dtreóir.



Téigheann Mór sa scioból d'iarraidh na cáise.



…Is maith is cuimhin liom a máthair seo dá
rádh liom, lá insa gheimhreadh chruaidh in ar cailleadh
í, agus an sioc go daingean ar an ndútha, agus na
héanlaithe ag tuitim fuar marbh ó sna géagaibh,
agus na fiadha ag bualadh a gcoinncíní ar na
dóirsibh againn — is maith is cuimhin liom í do rádh,
sar ar éag sí —



Buillí troma dá bhualadh ar an ndorus.



AN DUINE AMUIGH



In ainm an Ríogh!



Éirighid araon ina seasamh.



MÁIRE



Éirg sa tuighe insa scioból: brostuig a mhic.



Leanann den bhualadh ar an ndorus.



AN DUINE AMUIGH



Oscluightar an dorus so in ainm an Ríogh!



Snapann an Stíobhart chuige éanearraidhe leis a
chuirfeadh ar a súilibh dóibh é bheith ann, agus sciúr-
dann chum an sciobóil. Dearmhadann sé an mhiodóg
atá ar an úrlár. Téigheann an tseanbhean chum
an doruis.



MÁIRE



Cé athá annsan? Cad do b'áil leat?


L. 86


AN DUINE AMUIGH



Oscail an dorus so. Oscail é go tapa!



Cuireann Máire an dorus ar leathadh, agus seo
isteach Caimbéal na Coille Móire agus an Captaein
Mac Sáine. Ina ndiaidh araon tagann fear eile
.i. Séamus Mac Coinnich, cléireach na Coille Móire,
agus saicín leathair ar iomchar aige. Ina dhiaidh sin
arís tagann ceathrar saighdiúirí fé arm.



MAC SÁINE



Á! tá an t-éan tar éis éalódh uainn.



CAIMBÉAL



Agus é tar éis a chos do bhualadh i gcoinne na
miodóige. Beireann ar an mhiodóig ina láimh.



Acht tá an teas insa neid fós; féach air seo.



MAC SÁINE



Do dheallroghadh an scéal gur chuireamair isteach air
agus é ag caitheamh a choda. Cuarduighidh an tigh,
a fheara.



MÁIRE



Bean bhocht uaigneach mise. Tá dearmad oraibh. Me
féin a bhí ag ithe an tsuipéir.



CAIMBÉAL



Agus an mhiodóg dá theaspeaint aige.



Agus is dócha gur b'é seo an réidhteóirín fiacal a bhí
agat? Á! ní dhéanfa san an gnó a bhean mhaith.
Tá a fhios againn-na go cruinn cá bhfuilimíd, agus
cé hé atá uainn, agus ceapaim, dar Cruachan,
go bhfuil sé againn.



Fothram sa scioból. Tagann saighdiúirí isteach,
agus Mór eatortha. Chuaidh sí i bhfolach le neart
eagla, agus tá an cannta cáise ina glaic fós aice.


L. 87


MAC SÁINE



Cé athá againn annso!



CAIMBÉAL



Tá, cailín óg!



MÁIRE



Inghean í seo do dhearbhráthair dam do cailleadh. Ag
tabhairt na cáise chugham a bhí sí, féibh mar is léir
díbh.



CAIMBÉAL



Ar aghaidh arís libh, a fheara: ní fada uainn an turtur
eile.



Go magamhail leis an tseanmhnaoi.



Seadh, a Mhaighstreás Stíobhart, is dóigh, — an amhla
dhéineann sí seo freastal ort agus tu ag ithe it
aonar? Dar mfhocal is deas an cor é do inghin
do dhearbhráthar mhairbh; mo náire thu! mo náire thu!



Seo isteach na saighdiúirí thar n-ais agus Dubhghall
Stíobhart gabhtha aca, agus glasa ar a ghéagaibh.



CAIMBÉAL



Cad dubhartsa leat! Agus is dócha gur mac é seo
le deirbhshiúr duit do cailleadh, a Mhaighistreás
Stíobhart! nó b'éidir gur b'é do bhuitléar é!
Deirim an méid seo, a bhean mhaith: do scaoil Pharó
buitléar uaidh, tráth; acht ní scaoilfidh Giolla
Easpuig Caimbéal duine eile aca uaidh. Ní leigfidh
go deimhin. Agus maran maith leis seo freagra
cóir do thabhairt ar cheisteannaibh atá againn-na
le cur chuige crochfam é chomh hárd le Haman fé
mhaidin amáireach.



Cuirid Stíobhart ina sheasamh cois an bhúird go bhfuil
Caimbéal suidhte ina theannta cheana féin. Beirt
shaighdiúirí mar ghárda ar an Stíobhart. Saighdiúir
eile ar chúlaibh Chaimbéil, agus duine eile ag an
ndorus. Mac Coinnich ina shuidhe ag an gcúinne
thuas den chlár. An Captaein Mac Sáine ina sheasamh
cois na teine.


L. 88


CAIMBÉAL



Le Dubhghall Stíobhart.



Seadh, a dhuine, is eól don dlighe go bhfuil agatsa tásc
is tuairisc na háite ina bhfuil cuan is ceilt ag
méirlig áirithe. Is eól dúinn ina theannta san
gur ghreamuigh a thuilleadh den chineál chéadna
dhóibh cheithre lá ó shoin agus go bhfuilid go léir ag
claoidhe le n-a chéile chum lucht traesan do chur
slán thar lear as na Stáit seo Sheóirse Shasana.
Cad deirir uime-sin?



Ní bheireann Stíobhart éinfhreagra air.



CAIMBÉAL



Taoi dá admháil mar sin?



Ní bheireann Stíobhart éinfhreagra air.



CAIMBÉAL



Seo, a bhuachaill, seo! Ní suarach in éanchor an chon-
tabhairt ina bhfuilir. Leathstiar den scéal so
atá gnóthaí móra stáit nach tuigithe dhuitse. Is é
is fearra dhuit a dhéanamh ná labhairt láithreach.



Ní bheireann Stíobhart éinfhreagra air.



CAIMBÉAL



Féach. Inneósa me an fhírinne dhuit. Níl baoghal
bárthain ort anocht, agus tuigeann gach n-aon
agaibh mo bhréithre — níl baoghal bárthain ort acht
an t-eólus do thabhairt dúinn.



Ní bheireann Stíobhart éinfhreagra air.



CAIMBÉAL



I bhfeirg obainn.



Cuir do chloidheamh le conablach an amadáin mhóir seo,
a Chaptaein Mac Sáine féachaint an mbainfeadh
san luascadh as a theangain.


L. 89


STÍOBHART



B'éidir nár mhisde dham mar sin, a Mháighistir Caimbéal,
beagán do rádh leat ionnas ná beifá ag caitheamh
cainnte ar an scéal in aisce. Chum go mbeirir
Loch Rannach leat de bhuaidh bréithre go barra
Sceiche Cuileann ní bhfaghair seadh ná ní headh
uaimse.



CAIMBÉAL



Go socair.



An ndeireann tu liom é? Ní bheinn ródheimhnitheach
dá mbeinn it chás. Is fada mise ag pléidhe le cúrsaí
an tsaoghail agus deirim leat ná fuil ann acht
an dá dhream ná tagann atharrach ar a smaointe —
amadáin agus corpáin.



STÍOBHART



Labhrann seisean leis, go socair.



Beidh tu ag cur let chuid eóluis shaoghalta anocht, mar
sin, a Mháighistir Caimbéal, agus beidh rud agat
le cur insa cheann eile den mheidh.



CAIMBÉAL



Ag mionbhualadh a bhoiscín snaoise.



B'éidir sin, a ógánaigh; acht déin marthana ar an méid
seo uaimse — bíodh gur áil leat an béal dúnta
i gcáil amadáin, an áil leat an rud céadna i gcáil
chorpáin?



Caimbéal ag feitheamh go himshníomhach le freagra.
Ní labhrann Stíobhart focal.



CAIMBÉAL



Díth céille, a mhic ó. Agus mise tar éis lámh liom do
leagadh ar mo chroidhe, agus geallamhaint dhuine
uasail do thabhairt duit, má's eagla atá ort…


L. 90


STÍOBHART



Eagla!



Caitheann sé seile le tarcuisne i dtreó Chaimbéal.



CAIMBÉAL



Agus fíoch air.



Do chonntracht, a ropaire dhúir Ghaedhlaig…
(Le Mac Sáine). Amach leis. Gheobham an t-eólus
ar chuma eile.



Éirigheann Caimbéal ina sheasamh. Beirid na
saighdiúirí Stíobhart amach sa scioból.



CAIMBÉAL.



Agus é ag riastáil ar fuaid an tseómra.



Tá amalóirí ann, a Mhic Sáine, a mholfadh an cheann-
dánacht so agus a dhéarfadh gur dilse é. Dilse,
má's é do thoil é! Acht is mór é mo thaithighe fhéin
ar chúrsaíbh an tsaoghail, agus deirim leat nár
bhuail éinfhear ciallmhar umam riamh ná bainfaidhe
cor as le hór buidhe. Má thá an duine ann ná
bainfaidhe, is follus nach fear ciallmhar é. Dilse
go deimhin! níl ann go léir, a dhuine, acht dúire.
Braithid na daoine seo gur áil leat rud éigin
dfhagháil uatha, acht ní scarfid leis le teann sainnte.
Agus ní hacmhainn dá laginntinn a thuigsint go
bhféadfá-sa rud do chur ina ndeárnain budh
thairbhighe go mór dóibh.



Suidheann chum an bhuird athuair.



Tabhair chughainn bean an tighe, mar sin.



Cuirid an tseanbhean mar a raibh an mac.



CAIMBÉAL



Le milisbhréithre.



Seadh anois, a Mháighistreás Stíobhart, a bhean mhaith:
is dóighte an cás agat é. B'é mo chomhairle-se
dhuit ná a bheith lághach macánta linn. Is dócha go


L. 91


bhfhuil an ceann in aimhréidhe ort, agus nach fios
duit ca ionad is fearra dhuit iompódh. B'éidir
gur ab é dála an tSalmaire agat é, an té adubhairt
“dfhéachas mar seo is mar siúd acht ní fheaca éinne
go mbeadh truagh ná taise aige dom chuid dilleach-
taidhe.” Acht féach, is dóigh, ní bheadh an ceart agat;
seo duine sheasoghaidh leat má innsir dam a bhfuil
ar eólus agat. Ní misde dhuit bheith muinighneach
as Giolla Easpuig Caimbéal.



MÁIRE



Níl muinighin agamsa as éinne de shliocht an bhéil chaim.



CAIMBÉAL



Maidir leis an méid sin adubhraís: ní misde dham a rádh
nach rómhór é mo ghean féin dóibh. Níl acht éinne
amháin aca go bhfuil éanphuinn meas agam air. Acht
ní hiad sliocht Chaimbéal atá fé argóint againn
annso, a bhean mhaith; “fágaimís súd mar athá sé.”
Seo leat, anois.



Ní labhrann Máire Stíobhart focal.



CAIMBÉAL



Tosnuigheann sé le dúire: annsan tagann air,
i ndiaidh chéile, iongantus, fonn argóinte, agus
leigint air gur tarcuisneach leis féin an mháthair
agus gur truagh leis an mac. Tá a leithéid sin de
dhuairceas air gurab ar éigean a dhfhéadann sé na
focail do thabhairt leis, le neart ríghneachta.



Á! an port céadna agatsa atá ag do mhac! Is dócha
go dtuigeann tu cionnus a raghaidh an scéal leis
siúd?



Iompuigheann chum a chléirigh.



Nách deas an mháthair í seo againn a Shéamuis!
Cé chreidfadh é? Tá fhios aici go cruinn cad a
shaorfadh a mac — an naoidhnán go dtug sí lacht


L. 92


a cích dho, acht a ndéanfa sí é shaoradh? B'ait léi
sin! Máthair go deimhin! máthair, adeirimse
leat!



Déineann Caimbéal gáire. Déineann Mac Coinnich
leamhgháire amadánta. Tá Caimbéal ag braith ar
thoradh éigin foghanta dho féin ar a bhfuil ráidhte aige.



Nár dhóigh leat, a Shéamuis, go gcuimhneoghadh sí ar an
tráth úd nuair ná raibh ann acht bunóicín, agus
eagla an domhain air roimh an ndoircheacht, agus
mar do cheap an páiste gur bh'ise cuan a chosanta
ar gach amhgar, agus mar do ritheadh sé fé n-a déin
agus a láimhíní ar leathadh aige ag glacadh cuain
i mbinn a gúna. An doircheacht! Is dorcha an
oidhche atá ina chionn anois, agus is fada an turas
atá roimhe.



Stadann arís.



Nár dhóigh leat, a Shéamuis, go meabhróghadh sí an chuma
nar chuir sí breis éadaighe air, dá chosaint ar fhuacht
an gheimhridh, agus cionnas do choinghibh sí teas an
tsamhraidh uaidh. Agus ón lá a tháinig tosach siubhail
do, mar bhíodh a súil ar na beithidhig is ar an uisce
is ar an aithinne, ar eagla a ghoirtighthe. Agus cad
chuige an t-imshníomh go léir, a Shéamuis, má thá sí
chum leigint do luascadh anois ó cheann sealáin
ar an gcroich — má leigeann sí dá chorp bheith dá
ghiobadh ag na héanlaithe — a mac beag féin, a
bunóicín dílis féin!



MÁIRE



Níl éanchoir déanta ag mo mhac-sa!



CAIMBÉAL



Ná fuil mhuise! Muran maith leat mfhocal-sa do
chreideamhain leis, b'éidir go n-éistfá le Máighistir
Mac Coinnich annso. Seadh, a Shéamuis, cadé do
thuairimse?


L. 93


MAC COINNICH



Níl éanagó ná go bhfuil sé ciontach, maidir le cabhair
is congnamh do thabhairt do mhéirlig chum dul i
bhfolach; agus ina theannta san, go bhfuaireathas
airm ina sheilbh. Coirthe móra is eadh iadsan araon.



CAIMBÉAL



Is maith an áit go rabhais, a Shéamuis! Agus, eadrainn
féin, a Mháighistreás Stíobhart, tá coir eile fós
le cur ina leith, dom thuairimse (glacann sé
snaoisín), isé sin, — bheith dall ar chomhairle a
leasa. — Seo, anois…



MÁIRE



Ní leomhthadh sibh méar do leagadh ar mo mhac; mo shlán
fúibh é chur ar an gcroich.



MAC COINNICH



Agus má's áil leis an nduine uasal é chrochadh cad a
bheadh dá bhac?



MÁIRE



Le déine.



Baineadh barra do mhéire le Dubhghall Stíobhart, a
Chaimbéal na Coille Móire, agus geallaimse
dhuit ná fuil acht neamhnídh i mBinn Cruachan seachas
an t-ualach a bheidh anuas ar t'anam. Cuirfe me
mallacht na seacht bhfáinne ar do shaoghal. Déanfad
agairt ar theintibh Ephrom it choinne, ar an dteine
ghorm, is ar an dteine uaine, is ar an dteine ghlas:
cuirfead mallacht ar do theaghlach, agus ar do
mhnaoi agus ar an gcloinn sin ná beidh do shloinne
ortha choidhche. Ó! beidh mo thrommhallacht ar gach
nduine agaibh go brách.


L. 94


CAIMBÉAL



Fé bhíogadh — is léir go bhfuil sé corruighthe —
tuiteann an naoisín óna chrobh le neart creatha.



Chughat, chughat, a bhean! (Go feargach) Is tu an…
an… an bháirseach agus a leithéid sin do
rádh liomsa! Cuirfead dot ghreadadh thu le bun
fuipe ar dtúis, agus déanfar tu do bháthadh annsan
mar bhadhb. Go mbeiridh an diabhal leis na hain-
mhidhthe dúra piseógach so! (Le Mac Sháine). Bhí sé
ceart againn bheith annso roimhis agus bheith sa
scioból ag éisteacht leo!



MAC SÁINE



Seadh, éisteacht ar chúlaibh an doruis! Féach nár
chuimhnigheas riamh ar an tseift sin!



CAIMBÉAL



Nár chuimhnighis mhuise! Hú! Is mó rud san ar an
saoghal ná fuil machtnuighthe fós agatsa ortha.
Cad n-a thaobh ná déanfá é siúd? Cradhscal a
bheadh ort ina choinne?



MAC SÁINE



Tá dhá nídh agam ina choinne ná meabhruigheann tu, a
cheann fine na Coille Móire.



CAIMBÉAL



Áirmhig iad.



MAC SÁINE



Ar an gcéad dul níl éinsciatháin chum eitilt againn…
agus bheadh rian ár gcos sa tsneachta… Ar
an dtarna dul do chuirfadh an bhean in iúil do go
rabhamair annso.


L. 95


CAIMBÉAL



Ní inneosadh, dá gcuirinnse in iúil di go bhféadfainn í
sháitheadh isteach in íochtar dhúinsiúin Inbhir Nois.



MÁIRE



Le tarcuisne.



D'inneósainn mhuise, agus dá gcuirthá in iúil dam go
raibh it chumus me sháitheadh isteach i ndúinsiún
ifrinn na ndeamhan.



CAIMBÉAL



Beirtar as mo radharc an scréachóg so; geóbham an
t-aithghearra ar an scéal, a Mhic Sháine.



Táid na saighdiúirí ag breith Mháire chum an sciobóil.



Ná beiridh annsan í. Caithidh amach sa tsneachta í.



MÁIRE



Ní bhéarfa tu choidhche air, a Chaimbéal: ní bhfaghair go
brách ná choidhche é!



CAIMBÉAL



Le cuthach.



Ná faghad go deimhin! Is mise gheobhaidh é, dar an Té
atá thuas, má's éigean dam glinneamhain fé bhun
gach cloichín atá ar an sliabh ó Thorc Bhadomhnaig go
Cráin Átha Fódla.



Beirid na saighdiúirí amach an tseanbhean.



Agus do b'áil liom focal nó dhó leatsa a Chaptaein
Mac Sáine. Do chuala ót bhéal ó chiainibh na
constaicí atá agat i gcoinne éisteacht ar chúlaibh
dóirse, agus nidhthe den tsórt san. Tuigimse go
cruinn na hárdsmaointe taidhbhseacha bhíonn ag an
óige chum go dtagann aois na céille dhóibh. Bhíodh
na hárdsmaointe taidhbhseacha san agam féin tráth.
Acht dá mbeadh tréimhse caithte agat ar úrlár na


L. 96


Parliminte i nDún Éadain, feibh mar atá agamsa,
agus do phéidhre lámh loma sáidhte agat i bpócaíbh
follmha, geallaim duit go gcaithfá uait na hárd-
smaointe féibh mar do chaitheas-sa. Cuirimís uainn
an díth céille insa ghnó so…



MAC SÁINE



Féach, a dhuine uasail!…



CAIMBÉAL



Go réidh, go réidh, a Chaptaein Mac Sáine, go n-éistir
le n-a bhfuil agamsa le rádh. Táim tar éis mórán
dfheicsint is do chlos anocht ná taitneann liom.
Meáidh is éist an méid seo it chluais uaimse —
ní fhoghnfaidh nidhthe den tsórt san duit i seirbhís
a Shoillse, an Rí.



MAC SÁINE



Saighdiúir mise, a cheann fine na Coille Móire, agus
gabhaim párdún agat má shamhluighid mo bhréithre
duit bheith módh is garg: ní maith liom an obair seo,
acht is lugha 'ná san féin a thaitneann do bhearta-sa
liom; tá fuath agam dóibh.



CAIMBÉAL



Is róchuma ciaca binn nó searbh leat mo bhearta-sa,
mar tá ort an gnó do dhéanamh! Ormsa amháin
a luigheann cionnus a dhéanfar é. Tuig uaimse
an cás — sidé é: taoi-se agus mise annso chum an
dlighe do chur i bhfeidhm, an tAcht chum smachtuighthe
Gheadhltacht Alban. Ní héanobair shuarach é sin,
acht obair anamhór ar fad. Cadé an chuid atá
agatsa ann? Níl ionnatsa agus it chuid fear
acht mar bheadh scuaba, scuaba ag árdoifigeach na
Coróineach. Insa dútha so ina bhfuilimíd mise


L. 97


bheireann an t-ordughadh agus tusa dhéineann an
scuabadh!



Dírigheann sé a mhéar i dtreó an sciobóil.



Seadh, anois, déin do chuid scuabtha, a Chaptaein
Mac Sáine.



MAC SÁINE



Agus é corruidhthe, roinnt.



Cad do b'áil leat? Cad atá uait? Budh mhaith liom
fhios a bheith agam cad tá ar intinn agat.



CAIMBÉAL



Ná bac in éanchor lem intinn-si: cadé an bhaint atá ag
saighdiúir le cúrsaíbh intinne, ar éanchuma? Níl
agatsa le déanamh acht a n-orduighimse dhuit.
Amach leis an nduine sin agus cuir suas i gcoinnibh
an fhalla é.



MAC SÁINE



Murdar é seo, a cheann fine na Coille Móire; murdar,
deirim arís e!



CAIMBÉAL.



Díth céille, a dhuine, níl ann acht gníomh gan éifeacht.



MAC SÁINE



Ní mór dam barántus uait chum a dhéanta.



CAIMBÉAL



Corruig ort, máiseadh: béarfaidh Mac Coinnich amach
chughat é.



Cromann an cléireach ar scríobhadh. Beireann Mac
Sáine is a chuid fear Stíobhart amach leo. Fanann
Caimbéal ina shuidhe go n-imthighid. Críochnuigheann
an cléireach an scríbhinn, cuireann caimbéal a ainm
leis an mbarántus — agus beireann an cléireach
amach é. Ceapann Caimbéal go bhfuil sé ina aonar
insa tig, acht tá Mór Chamshrón ina crúnca ar stóilín
cois na teine aganfhios do.


L. 98


CAIMBÉAL



Féibh mar bhéadh duine bhéadh ag caint leis féin ós árd.



Tá buaidhte aca orm mar sin féin. Nach ait an cás é?
Cheapas ar dtúis ná beadh ann acht suarachas. Acht,
ina dhiaidh san — siné agat é — ina dhiaidh san!…
b'olc an dóigh na ráinig liom breith ar Chlúine, —
is ar Cheapach, — ar Lochíel, agus ar… ar…
air féin, b'éidir. Uch! ciorrbhadh air mar scéal!
cuireann sé fearg an domhain orm cuimhneamh air!
Agus a rádh nár ghábha dhon duine seo amuigh acht
aonfhocal amháin de chogar liom, nó méar do
phoinnteáil. Acht ní dhéanfadh! Tá buaidhte orm
ag a gcuid aislingí is a gcuid broinglóidí. “Beidh
tu ag cur let chuid eóluis shaoghalta anocht, mar
sin, a Mháighistir Caimbéal, agus beidh rud agat
le cur insa cheann eile den mheidh,” arsa eisean,
agus dar Muiris tá curtha agam lem chuid eóluis
shaoghalta, agus is rud é nách rómhaith a thaitneann
sé liom — gur treise aisling 'ná gaiscidheach fé
arm is éide… Féach mise, Giolla Easpuig
Caimbéal na Coille Móire, le lánughdarás ón
gCoróin, agus comhacht beathadh agus báis agam,
comhacht agam le creachadh is le cloidheamh, agus
ina dhiaidh san níl brigh ionnam i gcoinne aislingí na
ndaoine seo — seanbhean chríonna agus geósach
garsúin — ní lugha ar an mbeirt seo an sioc 'ná
saighdiúirí is eachradh, agus an chroich agus ór
buidhe… Is ait thar barr an cás é; rud ná
tuigim… Tá buaidhte orm mar sin féin.
Tá go deimhin; tá buaidhte ag an mbeirt orm,
bíodh ná fuil ann acht cúrsaí nóimeantaí go mbeidh
duine aca tar éis bháis.



MÓR



Preabann ina seasamh agus glinnidheann air: is geall
a guth le macalla ar a chainnt-sean.



Tar éis bháis!


L. 99


CAIMBÉAL



Iompuigheann go hobann uirthi.



Cadé rud é seo!



MÓR



An tar éis bháis atá sé?



CAIMBÉAL



Go dúr.



Ní headh, fós, acht féach amach an fhuinneóg so láithreach



Dírigheann sé méar ar an bhfuinneóig
agus chífir iad dá ullamhughadh chum báis.



Cromann sé ar a chuid earraidhe do chur chuige, a hata, &c., &c.



MÓR



Bhéarfadsa an t-eólus duit.



CAIMBÉAL



Fé iongna.



Cadé rud é seo adeirir!



MÓR



Bhéarfad-sa dhuit an t-eólus atá uait.



CAIMBÉAL



Go socair.



Agus a Dhia Mhór, a rádh go rabhas díreach ar tí…
ar tí… faghaim an t-eólus — faghaim an t-eólus
go héascaidh.



MÓR



Taoi ag geallamhaint dam ná crochfar é?



CAIMBÉAL



Bheirim mo mhóid ná crochfar.


L. 100


MÓR



Gheobhad thar n-ais uait é?



CAIMBÉAL



Gheobhair thar n-ais uaim é gan crochadh.



MÓR



Seadh, má's eadh (tagann Caimbéal ar a comhgar), i
gcoire atá an dtaobh thall den Bhinn Dheirg, leath
slighe suas — cabhair ó Dhia chugham!



CAIMBÉAL



An bhuaidh agam i ndeire na dála! Tá buaidhte glan
agam ortha! Ina dhiaidh san is uile, a Thiarna na
cruinne, tá ceart is ciall le fagháil ar an dtalamh
do chruthuighis.



Cuireann chuige arís a chlóca, a hata, &c.



Agus a rádh… a rádh… go rabhas
díreach chum éalódh liom féin fé dhiombáidh, agus
me buailte.



MÓR



Tá sé saor anois ón gcroich?



CAIMBÉAL



Déineann sé gáire, agus féachann amach an fhuinneóg
sar a mbeireann sé freagra uirthi, agus tá sé ag
an ndorus nuair labhrann.



Geall leis; tá; geall leis. Éist!



Coingbheann sé a bhas anáirde — cloistar torann
mór piléar. Gabhann Caimbéal amach agus dúnann
sé an dorus ina dhiaidh. I gcionn tamaillín tagann
an tseanbhean isteach sa chiúineas, agus tugann sí
cúpla coiscéim chum tosaig.



MÁIRE



Ar chuala tu san, a Mhór Chamshrón; ar chuala tu san?



Tá a géaga fillte ag Mór agus a haghaidh cromtha
anuas ortha, agus í ag gol.


L. 101


MÁIRE



Uch! go réidh a laogh, go gcloisim an fothram san ag
gluaiseacht tar cnocaibh móra na cruinne…
Ní misde dhuitse gol do dhéanamh, níl ionnat acht
leanbh gan tuigsint, acht ní fhliuchfaidh deór éan-
tsúil liomsa um Dhubhghall Stíobhart choidhche. Ní
raibh aréir agamsa acht geósach buachalla, aodhaire
caorach ar leacannaibh Átha Fódla; maidin indiu
ámhthach, mise máthair fir atá luaidhte ar laochraí
móra an domhain. Beifar ag reic scéalta uime
ar fuaid gach dútha. Beidh Dubhghall Stíobhart
i mbéalaibh máithreacha mar shómpla is mar chuspa
dá gcloinn mhac. Is árd an cháil a bheidh air ag
lucht innste éacht is eachtra… Tháinig na
daoine móra, lucht an uabhair, agus ní raibh éan-
scannradh acht a gcomhacht, agus gliocas na péiste
ionnta, agus iad lán den lúbaireacht. Bhí an bás
ina chéile aca… Ní raibh i nDubhghall
Stíobhart acht buachaill, buachaill óg go raibh
áilneacht na beathadh leathta os a chomhair, agus
faid saoghail i ndán do. Acht do dhiúltuig sé
don méid sin go léir. “Aonfhocal amháin uait”
arsa iadsan, “aonfhocal amháin dfhíseóireacht agus
tá saoghal is saidhbhreas agat.” Acht níor bhog sé
a bhéal dóibh! Ní raibh teóra le n-a gcuid feirge!
Bíodh éirighe anáirde agus lúthgháir ort, a Mhór
Chamshrón, go bhfuil rian a chrú chroidhe i sneachta
an tsléibhe. Táid nidhthe ann is treise 'ná an bás.
Fágaimís an gol fé sna leanbhaíbh…



Tagann sí chum tosaig agus leagann lámh léi ar
ghualainn an chailín.



MÁIRE



Bfhearra dhúinn é thabhairt isteach, agus gan é fhágaint
annsúd ina aonar.



Leagadh an Chruitín.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services