Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocla

Title
Sean-fhocla
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sean-fhocla.



IV.



Pós ar an chárn-aoiligh ach díol do
bhó bhfad ó'n bhaile.



II.



Chá raibh san Máirnéalach ach leas-
ainm ar Thadhg Mac Paidín de bhrigh go
raibh sé ar bhórd luinge seal i n-aimsir
a óige. Bhí sé na fheirmeóir bheag ó
shoin. Bhí sé 'na bhaintreabhach agus
chá raibh aige de chloinn ach Sighle, a
inghean. Bhí an bheirt aca rud beag
crosta, agus char mhaith liom go
bpósfadh Pádraig an cailín ach bhí
fhios agam dá ndéanamaois cleamhnas
féin go mb'fhuras a bhriseadh ach
clampar éighinteach do thógbháil fá
dtaoibh de spré nó fá dtaoibh de rud
éighinteach eile. Níorbh dheacair
bruighean do thógbháil le Tadhg nó le
Sighle.



“Labhair mé le Pádraig.”



“Goidé'n aois atá uirthi,” arsa
séisean go hamhrusach.



“A dó dhéag is fiche.”



“Bhfuil sí buidhe?”



“Chan fhuil.”



“Bhfuil féasóg uirthi?”



“Chan fhuil.”



Ní raibh mé cinnte an raibh sé ag
magadh nó ar íribh, ach chá raibh rún
agam barraidheach eolais do thabhairt
dó ar eagla go locfadh sé.



“Seo linn i n-ainm Dé,” ar sé.



Char dhubhairt mé Amen leis seo,
óir dar liom nárbh É an Fear shuas a
bhí gar stiúradh fá láthair ach chá raibh
morán aimsire caithte nó móran
cainnte ach oiread go rabhamar ag
toigh an Mháirnealaigh. Bhí sé ag éirigh
mall san oidhche ach bhí solus breagh ó'n
fhuinneóig agus rinneamar díreach ar
an doras. Chá dearnamar stop nó
truisle fá'n doras ach tharraing an
sreang agus shiúbhail isteach. Chá raibh
aon duine ins an chistineach ach an
Máirnéalach fein: b'éidir go raibh
Sighle i na leabaidh. Bhí an Máir-
néalach i na shuidhe ar stól cois an
teallaigh, a spéaclairí ar an shróin,
péire sean-bhrístí ar a ghlúin agus
snáthadh in a láimh dheis, agus é go
dímheirceach ag cur paiste ar na
brístí. Léim se 'n-a sheasamh nuair
chur mise mo cheann isteach. Bhí cuma
fiadhain air agus bhain sé preab asam
féin, agus shleamhnuigh mé ar gcúl
beagan go raibh mé i gcúl an dorais.
Chár stad Pádraig go raibh sé i lár an
urláir agus chá dtug sé fá deara mhise
ag sleamhnú ar gcúl.



“Cé tú féin?” arsa an Máirnéalach,
go fíochmhar, “nó goide thag annseo
thú?” Ní thug Pádraig freagair air:
is dóigh liom go raibh sé barraidheacht
fríd a chéile le n-thuigbheáil go
maith.



Chá dearn an Máirnéalach ach
cromadh ar an stól ar a raibh sé n-a
shuidhe sul ar éirigh sé, rug sé ar an
stól, chas thar a cheann é agus thug
palltóg do Phádraig i mullach a chinn.
Thuitfeadh sé ar an úrlár ach gur rug
mé air. Bhí an stól ins an aer arís
ach bhris mé an buille le mo láimh. Bhí
caragal againn, an triúr againn, i
gcúl an dorais ach 'sa' deireadh
fuaramar gabhail amach ar an doras
agus as go bráthach linn síos an ród
ar ar sean-ruith.



“Goidé'n diabhal do bhí ar an fhear
sin?” arsa Pádraig, “nó an dtug tú
mé chuig fear mire le n-a inghin
d'iarraidh?”



“Ní thug: chan fhuil mire ar bith ag
baint leis ach bhí se ar buile leat
teacht isteach air agus é ag fuagháil a
bhríste. Creidim go raibh Sighle i n-a
leabaidh: is iongantach liom nárbh ise
do bhí ag fuagháil.”



Char labhair Pádraig arís agus
shiúbhlamar linn giota maith. Bhí se mall
san oidhche anois agus an chuid is mó
de na daoinibh, bhí siad a luighe. Ach
thug mé fá deara go raibh solus breagh
i dtoigh Bhriain Néill. Bhí cailín breagh
aige sin. Gormfhlaith Bhriain agus
labhair mé le Pádraig i na taoibh.”



“Áit ar bith is mian leat,” ar
séisean: “is cuma liom cé gheobhas mé
anois ach gan dul ar ais folamh thar éis
na hoidhche seo.”



Siúd ar aghaidh linn go toigh
Bhriain.



“Nuair a chuadhamar isteach bhí an
teaghlach uilig ag suidhe thart, teine
bhreagh ar an teallach, lampa ar lasadh
ar an chlár, agus buidéal uisge beatha
agus dornán gloine in aice leis. Bhí
beirt diúlach ó'n chomharsanacht n-a
suidhe cois na teineadh. Bhí Gormfhlaith
'n-a suidhe i n-aice duine aca agus í
cóiriste go measardha maith agus ní
fhaca mé cuma níos fearr uirthi le
fada: go dearbhtha ba chailín dóigheamh-
ail í ar sgór ar bith.



“Bhí aoibh bhreagh ar Bhrian agus budh
dhóígh leat air fur bhlas se braon de'n
bhuidéal.”



“Sé bhur mbeatha, a fheara,” ar
séisean. “Cé seo tá leat, a
Mhichil?”



“Duine muinteardha damh, as a
leithéid seo d'áit. Pádraig Mac
Fhionnlaoich, a ainm agus a shloinne.”



“Sé bheatha, agus is maith liom go
dtáinig sibh isteach. Támaoid ag
déanamh cleamhnais annseo, nó tá sé
déanta is ceart damh a rádh, eadar
Diarmaid Mac Crosáin agus m'in-
ghean-sa agus ó thárla sibh ann tá
fáilte romhaibh, agus ólfaidh sibh sláinte
na beirte.”



“D'ólamar agus chár dhubhairt a
dhath ach chá raibh Pádraig ar a
shuaimhneas gur fhág muid an teach
arís.”



“Chan fhuil bean i ndán damh anocht,
a Mhichil, agus is fearr damh fill-
eadh.”



“Tá seans amháin eile againn,”
arsa mise.



“Cé'n seans é sin,” ar séisean.



“Tá aithne agat ar Éadhmonn
Ó Griana,” arsa mise.



“Tá,” ar séisean. “Tchím go
minic é ar na haontaighibh. Tá áit
bhreagh aige, cluinim. Ach is dóigh liom
go mbeadh sé ag iarraidh áit mhaith dá
inghin fosda. Chá mheud inghean
aige?”



“Tá beirt; acht tá ceann aca ró-óg
duit agus mar gheal ar an Righ agus
leig déithe-se an iarraidh seo.”



“Goidé an aois atá ar an cheann
eile?”



“Tá sí deich mbiadhna agus corrú
níos óige na tú féin agus nach leor sin
duit?”



“Is leor, creidim,” arsa Pádraig
go hamhrasach.



Shiubhalamar linn go toigh Éamoinn.
Bhí áit bhreagh ag Éamonn agus bhíodh sé
ag ceannach 's ag díol éallaigh go
minic ar na haontaighibh mar dubhradh.
Má 'seadh féin bhí sé lom go leor ar
an tsaoghal; bhí fhios agam fein go raibh
fiacha troma air, ná ní thiubhradh sé
aire dá ghnoithe ach ar shiúbhal as baile
achan lá i n-áit éighinteach. Bhíodh
gunna aige agus sgat madadh eadar
conaibh agus gadhraibh agus madaibh
lathaighe, an rud is míofhortúnaighe bhí
ag aon duine riamh agus chaitheadh sé
lá foghmhair ag fiadhach girrfhiadh nó ag
lámhach cearc-fhraoich. Bhí sé mórtusach
go leor, má tá mar is minic luigheann
an bród agus an bochtanas i n-aon
leabaidh. Bhí mé ag déanamh nach
dtiubhradh sé a inghean do Phádraig
agus sin go díreach an fáth ar mhol mé
do Phádraig seuchail do chur air, nó
níor bha dhóigh liom go bhfóirfeadh
inghean Éamoinn dó; chaithfeadh sí a
fheirm taoibh istigh do chúig bliadhna.



B'éigin dúinn Éamonn do chur as
a leabaidh agus hóbair go mbeadhmais
ithte ag na madaidhibh sul a tháinig sé
go dtí an doras. Leig sé isteach
sinn, ní gan doicheall, mheas mé, ach
nuair tharraing Pádraig amach buidéal
chárta tháinig aoibh ní b'fhearr air.
D'ólamar bolgam maith ar dtús sul
ar nochtuigheamar ar ngnoithe dó.
Chár chuir an t-eolas aon fhearg air.
Chuir sé an inghean na suidhe agus a
bhean agus chuadhmar i mbun an
chleamhnais.



Ar ball beag fuair Pádraig faill
ar chogar do thabhairt damhsa.



“Chá phósfainnse í sin ar a bhfaca
mé riamh,” ar séisean.



“Goidé an breall atá agat
uirthi?” arsa mise.



“Tá a srón ró-fhada agus a pusa
ró-thanaidhe. Bheadh sí go síor ag
cabaracht agus chá bheadh lá suaimhnis
agam léithe.”



“Tá an donas ort!’ arsa mise.
“ach ar d'anam na leig ort. Má
gheibh Éamonn amach go bhfuil tú ag
<L05>
lochtú a hinghne sgaoilfeadh sé an gunna
leat comh héasgaidh is smuaineacadh sé
air. Fág fúmsa é agus deanfaidh mé
an cleamhnas do mhilleadh fá'n spré.”



“Beidhmid ag dúil le ceirtlín
maith airgid uait, a Éamoinn,” arsa
mis go dána.



“Nach leor daoibh m'inghean
fhághail?” ar séisean go doicheallach.



“Ní leor,” arsa mise.



“Cá mhéad bheadh sibh a d'iarraidh?”
ar séisean.



“Céad go leith,” arsa mise.



“An bhfuil tú as do chéill?”



“Chan fhuil,” arsa mise. “Budh
cheart go mbeadh grabhar maith airgid
agat-sa abois. Tá feirm mhaith ag mo
charaid ach ta triúr dearbhráthair aige
agus caithfidh siad a gcuid féin
dh'fhághail.”



“An fiú mórán an fheirm?” arsa
Éamonn.



“Cúig chéad púnta,” arsa mise.



“Ní fiú cúig chéad púnta a bhfuil
de thalamh ar an taoibh thall de chnoc
Mhín an Fhir Ruaidh,” ar séisean go dí-
múinte.



“Maiseadh is iongantach go gcuir-
feá thusa d'inghean ann mar sin,” arsa
Pádraig agus gus air.



“Chár chuir go fóill,” arsa Éamonn,
“agus ní'l mé cinnte go gcuirfidh.”



“Déan do rogha rud,” arsa
Pádraig. “Chan fhuil mise i-na
muinighin.”



“Más mar sin atá tóg ort ar mo
thoigh-se agus ná feicim arís tú,”



“Bíodh geall nach bhfeicfidh go
bráthach,” arsa Pádraig.



Bhíomar i n-ar seasamh cheana féin
agus ag tarraingt ar an doras.



“Slán leat,” arsa mise le
hÉamonn agus an doras eadrainn.



“Imtheacht gan philleadh daoibh, a
bhacaigh!” arsa séisean.



Bhí na madaidh ag drantán ar an
tsráid ar ghabháil amach dúinn.



Ag binn an toigh bhí beart uirleisí
na seasamh ann. Rug mé greim ar
phíce agus thug mé sean-spád do
Phádraig. Dar liom go dteastóichadh
siad uainn agus theastuigh. Dhreasuigh
Éamann na dadaidh ionnainn agus
chár mhór an dreasú theastuigh uatha.
Bhí siad timchioll orainn agus gach aon
guldar asta mheasfá go mbeadhmaois
slugtha aca ar an phointe. Fuair
aimear ar cheann aca agus sháith
mé píce ann agus bhuail Pádraig
ceann eile aca leis an spád. Theich
siad agus na míle murdar asta.



“Ruith anois an méid atá in do
chorp,” arsa mise, “nó sgaoilfidh sé
an gunna linn.” As go bráthach linn.
Go díreach ar rochtain an bhealigh mhóir
dúinn sgaoileadh dhá urchar linn.
Bhíomar ró-fhada ar shiubhal le dochar
ar bith do dhéanamh dúinn ach thar
na bhárach fuaramar gránacha luaidhe i
n-ar gcuid éadaigh.



“Hobair dúinn an iarraidh sin,”
arsa Pádraig nuair bhíomar leath-mhíle
ó'n teach. “Ní rachaidh mé i n-áit ar
bith eile leat anocht.”



“Is mithid stad,” arsa mise, “tá
an mhaidin ann. Ach, cogar, a
Phádraig,” arsa mise leis ar ball,
“nach bhfuil inghean ag Thoirdhealbhach Ó
Fearadhaigh béal dorais agat féin.”



“Tá,” arsa Pádraig.



“Nach bhfóirfeadh sí sin dhuit agus
nach mbpósfadh sí thú?”



“Is dóigh liom go bhfóirfeadh; ní'l
fhios agam an bpósfadh sí mé; chár chuir
mé an cheist urithi riamh.”



“Maiseadh is mithid duit an cheist
do chur uirthi agus ar an hathair.
Rachaidh mise leat anocht agus iarr-
famaoid a inghean ar Thoirdhealbhach.
Cá hainm sin atá uirthi?”



“Nellí,” arsa Pádraig go fait-
cheach.



Déanfaidh mé sgéal goirid dé
anois. Fuaramar Nellí agus pósadh
iad roimh an Charghaos. Tá mé cinnte
dearbhtha gurbh í an bhean amháin de'n
tseachtar a d'fhóir do Phádraig. Thuig
sí é agus thuig séisean ise. Bhí aithne
aicí ar an áit agus ar an teaghlach
agus chá raibh sí ag dúil go mbeadh an
saoghal i n-aisge aici, rud nach raibh.
Chá dtug Toirdhealbhach deithe mar spré
ach colpach dhá bhliadhain: an duine bocht
ba bheag an saidhbhreas do bhí aige féin
ach bhí beirt dearbhráthar óg ag Nellí
agus chuidigh siad go mór leobhtha ag
saothrughadh na feirme nuair d'éirigh
dearbhráithreacha Phádraig féin ró-
shean nó ró-fhalsa le hobair do
dhéanamh. Is maith an chomhairle é,
‘pós ar an charn aoiligh’ sé sin pós
cailín a bhfuil sean-aithne agat uirthi.



“Ach an chuid eile de'n chomhairle,”
arsa mise. “Díol do bhó abhfad as
baile, goidé is ciall dí?”



“Ní'l sé chomh bríoghmhar leis an
chéad chuid, mar ní ionnann bó agus
bean agus ní ionnann margadh eile
agus margadh an phósda, ach is í an
chiall atá leis sin gur fearr an bhó
do dhíol le strainséir ná le comhursain.
Má bhíonn locht ar an bhoin nó má
théid rud ar bith amugha léithe is furas
socrú dhéanamh le strainséir, ach má
thuiteann tú amach le comhursain, agus
is fusa tuitim amach ná tuitim isteach
arís, rachaidh an pléidhe níos fuide.
Chá bheadh fhios agat a choidhche an méid
díoghbhála thigeadh as ins an deireadh.”



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services