Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuallacht Lúthchleas na mBan, an Chamóg

Title
Cuallacht Lúthchleas na mBan, an Chamóg
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuallacht Lúthchleas na mBan, an
Chamóg.



Do bhí ana-thabhairt amach ag lucht camóige
Dia Domhnaigh, an 24adh lá de Lughnasa. Fé
sgáth Scoil Éanna i Ráth Fhearnáin do bhí an
taisbeánadh comóige úd. Ní beag iongnadh an
scannradh a fuair lucht leanmhna ar lúth chleasa
nuair do chonnacadar a dheise is a aiclidhe do
dhein na cailíní láimhseáil ar an gcamóig. Ní
mó ná an iongnadh ortha é na scuainí líommhaire
do thug aghaidh ar an mbáire agus do réir dheall-
raimh bhíodar go léir lán tsásta le n-a bhfeacadar.
Do bhí beirt leangairí im theanntas-sa agus
bhíodar ag gáire a n-anma amach le neart grinn
is suilt!



Is beag is eol do'n phobal an duadh a ghabhann
leis an bhfritheálamh camóige úd ná an méid
grithealán atá dá leanamhaint, acht bhíodar chomh
séimh deisbhéalach soin gur beag ná gur ró-annamh
le cuid aca í fheicsint. Dá mbeadh cluas le
héisteacht ar dhuine ní chlisfeadh sé focal mí-
thaitneamhach fan na haimsire.



Ná beireadh éinne léi gur b'í an chamóg
iomláine ár gcúram. Ní ceart dúinn a bheith
ag síor-chadaráil uirthi; ní mó gur cóir dúinn
gan acht trách uirthi mar adhbhar súgraidh. Tá
lúthchleas eile ar gor againn agus nuair a
gheobhfar an chaoi chuige, déanfar na riaghlacha
d'fhoillsiughadh i nGaedhilg. Do réir mar atá
an chamóg ag dul i gcomhacht ní mór di lúthchleas
eile do sholáthar mar thaca léi.



Is é mo thuairim féin ná raibh na cailíní
ciotach ná maol ar an gcamóig Dia Domhnaigh.
Táid ag dul na taithithe i n-aghaidh an lae. Tráth
dá rabhadar agus do chífeá gasra aca ag rútáil
fén liathróid. Tá deire leis an útamálacht soin.
An túisce a thiocfaidh an aiclidheacht ba cheart
chuca chun í chasadh le stuaim beidh meas agus
urraim dá leanamhaint dá réir. Mar dheimhin
ar a ghreim ortha cheana féin ní beag a luadh
go bhfuil cuid aca ag gabháilt di ó laethibh a
leanbuidheachta anuas. Ní beag nó suarach
a dhéanfadh an aicme soin d'fhonn súgradh
Gaedhealach do sholáthar dóibh féin is dá gcomh-
shiúracha. Dhá bhliadhain ó shoin ba bheag le rádh
a raibh n-a cúram. Ba náir le cuid dar mban-
tracht trácht uirthi mar adhbhar súgraidh, agus
mheasadar gur gnó ar bheagán tairbhthe dúinne
a bheith a d'iarraidh a chur na luighe ar an saoghal
go bhéadfaimís craobhsgaoileadh a dhéanamh uirthi.
Tá sé amuigh ar phobal na tíre seo go bhfuilid
ar an ndream is canncaraidhe ins na trí
righeachta. Ní chreidfinn focal di. Tugaim fé
ndeara gur mór aca an súgradh Gaedhealach so
bheith ag dul i gcomhacht. Tá daoine ag dul
na cúram anois ná rug draoidheacht an dúthchais
greim riamh ortha. Tá fuinneamh agus beodhacht
agus neart a sínsear dá mbreith agus dá lugha
fotharaga a dhéanfar uirthi anois agus í i
mbealach a bhuanuighthe 'seadh is mó a raghaidh
dá leas. Maran féidir an cuallacht lúthchleas
so na mban d'iompar le stuaim agus le céill
agus le huaisleacht raghaidh sé i ndríodar orainn.
B'fhéidir ná beadh gach éinne ar aon fhocal liom
sa méid sin; acht, ar ndóigh, is greannmhar an
lonán cinn a chuireann Dia — céad moladh go deo
leis - ar chuid des na daoinibh sa tsaoghal atá
anois ann, maran measa an máinléid atá ar
súgradh iasachta i bhfuirim rinne atá dá
thaithighe na haimsire seo, ní ghabhann rath ná
bail leis. Ní'l an chamóg galánta a dóthain le
cuid den iasacht soin. Mo lom!



Acht seo mé ag cur díom is gan gaoth amháin
dá thabhairt uaim fós ar an ngníomh laochais
do dhein na cailíní Dia Domhnaigh. Deirtear
nach é an dáthamhlacht a chuireann an corcán ar
fiuchadh. Tá breall ar an sean-fhocal do'n chor
so. Bhí ainnirí mhaiseacha ar fóirne an Domhnaigh
do bhainfeadh an chraobh ó Éimhir féin agus
bruinneala dá comh-aimsire tráth dá rabhadar —
agus ní'l aon dheimhniughadh againn go rabhadar
rud ollamh chun fóirthin do lúthchleasa a ndúthchais.
Bhí an báire chun tosnuighthe ar a chúig. Leath-uair
n-a dhiaidh soin bhí an dá fhuirin ar an bhfaithche
innealta gléasta chun gleo. Bhí an reachtaire
ar an bhfód agus 'sé a dhein a ghnó go haoibhinn.
B'iad na Rócaigh an fhuireann do b'fhearr d'n
iarracht so. Bhí Inghean Nic Ghill go cliste ar an
gcamóig cé gur le fíor-dhéadhnaighe do ghaibh
sí páirt léi. Do bhí triúr nó ceathrar eile ortha
go maith leis. Ionganadh liom nár dhein na
Caoimhnigh ní b'fhearr ná mar dheineadar agus
ceannus Bhaile Átha Cliath aca ar an gcamóig.
Mar chailín atá chomh hóg le Inghean Uí Raghallaigh
is iongantach an fuinneamh a ghabhann le n-a
himirt, agus do b'fhearr ná soin í dá mbeadh
an comar ceart dá chleachtadh eatortha. Bhí soin
i n-easnamh ortha Dia Domhnaigh agus dá dheascaibh
soin do buadhadh go bog ortha. Ós ag tagairt
don chomhar damh ní raibh na Crócaigh gan locht.
Mar sin féin do thuilleadar an lá do dhul leo.
Puinte sa mbreis do bhí aca.



Cait Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services