Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chéad La Iasgaigh ag Garsún

Title
An Chéad La Iasgaigh ag Garsún
Author(s)
Common Noun,
Pen Name
Common Noun
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Chéad La Iasgaigh ag Garsún.



(Gaedhilg Dhún Chuinn.)



Tá paróiste Dhún Chuinn i n-aice na fairrge
agus tá a bhfuil de dhaoine ann cliste ar gach aon
ní a bhaineann leis an bhfairrge agus le hiasgaire-
eacht. Bíonn garsúin bheaga an pharóiste
bán geal as a meabhair chun dul amach ar an
bhfairrge i mbáid i n-aonfheacht le n-a muinntir.
Bíonn Árd-leisge ar chuid aca aon gharsún a
leigeant isteach insa bhád, mar ní bhíonn aon
chiall aca agus ní thugann siad aon aire dhóibh
féin, agus b'fhéidir gur minic a thuitfeadh duine
aca amach insa pholl as an mbád agus go
mbádhfaí é. Ach ligeann a thuille aca i n-aon-
fheacht leó na garsúin go mbíonn aon bhreis
chaidhnlígheachta ionnta, mar tugann siad san
aire dhóibh féin agus ní bhíonn leath-imshnímh ar
lucht an bháid n-a dtaobh. Bíonn formad dóighte
aige sna garsúin bheaga ná leigtear insa báid,
leis na garsúin mhóra, nuair a chíonn siad ag
fagháil cead ó n-a muinntir iad chun dul ar
an bhfairrge.



Nuair a bhíos fein im'gharsúirín bheag bhíos
sgubhtha chun dul lá éigin i mbád ar an bhfairrge,
mar b'ana-mhaith liom go bhfeicfinn cionnus a
deintí an t-iasg a mharbhú. Níor mhair m'athair
- beannacht Dé le n-a anam — an uair sin, agus
cad a dheineas lá 'ná dul i bhfolach fé sheol i
dtosach an bháid sar ar chuaidh an criú chun caladh
na mbád. Níor tháinig giocs ná miocs asam
nuair a bhraitheas an chriú ag teacht chun an bháid.
Ní fheacaidh aoinne beó aca mé, agus láithreach
baill bhí an bád sáidhte síos aca agus í curtha
ar snámh. Nuair a bhraitheas an bád ar snámh
ar an linn, dubhart liom féin, ó bhí an chriú
dlú-mhuinnteara dhom ná caithfidís amach sa
pholl i n-aon chor mé nuair a bhraithfidís mé
bheith sa bhád. Do chuala an captaen 'á fhiafruighe
dhe'n gcriú ar fhágadar aon ní ar bóiliagar n-a
ndiaidh ar an gcladach. Dubhradar leis nár
fhágadar agus annsan dubhairt sé leó go raibh
an ghaoth n-a chóir ghlan aca agus an seol do chur
i n-áirde.



D'iompuigh an bheirt a bhí n-a suidhe ar an
dtochta tosaigh társa amach agus do rug duine
aca ar an seol agus cad a chífeadh sé istigh fé
'ná mé féin!



“Nár i gcomhnuidhe a mhairfhir, a Sheáinín, má's
tusa atá annsan,” ar seisean.



“Cad é sin agat 'á rádh?” arsan Captaen
go ciotarúnta. Do hinnseodh do gach aon ní agus
dubhairt sé mara mbeadh gur dhíleachtaidhe mé, go
gcaithfeadh sé amach sa pholl mé, ach dubhairt
an fear a bhí le m'ais ar an dtochta tosaigh ná
buailfadh sé barra méire orm ar mhaithe leis
féin. Dubhradar liom go gcaithfinn fanacht
mar a raibh agam go dtí an oidhche agus ná
gheobhainn blaise mo phuis d'aon ghreim aráin
uatha féin le n-ithe go dtí go dtiocfaidís abhaile
um thráthnóna. B'é toil Dé gur chuimhnigheas ar
stráice breágh de chíste steaimpí a chur im' phóca
nuair a bhíos ag fágaint an tighe ar maidin,
mar do thuigeas go maith, dá bhféadfainn dul
amach sa bhád i gan fhios de'n gcriú, go mbeinn
gan aon ghreim bídh go dtí am mí-mhairbh na
hoidhche, mar b'shiné an t-am gur gnáthach leó
teact abhaile ó'n iasgach. Níorbh fhada dhom
gur thug an fhairrge goile muice dom agus
thairrigígheas chugam píosa dom' chuid steaimpí
agus bhíos 'á dh'ithe liom go tur ar mo chuailín
teamhrach gan blogam dighe chun é leigeant
siar.



I gceann tamaill mhaith bhaineadar amach bannc
an iasgaigh agus do leagadar an seol. Tharraig-
eadar chúcha annsan a ndairighthe agus a gcuid
baoite agus do chromadar ar a bheith ag iasgach
deargán. Bhíos ag tabhairt gach aon chor
agus iompódh a bhí ar siubhal aca fé ndeara,
baoiteáil na ndubhán; ag aidhnliú an bháid;
ag caitheamh na ndairighthe amach; ag tarrac na
ndeargán isteach nuair a bheiridís ar na baoití.
Ní fheaca aon radharc riamh roimis sin ba dheise
liom 'ná nuair a chínn na deargáin ag preabar-
naigh istigh sa bhád agus iad n-a steille-bheathaidh;
gléas n-a nguiní ó sholus na gréine agus na
sgeólbhacha ar dearg-leathadh aca nuair a bhídís
'á thachtadh istigh sa bhád.



Níorbh fhada dhom go bhfeaca rud gránna éigin
ag snámh i mbarra an uisge i n-aice an bháid agus
chuir sé scannradh thar barr orm; ach níor fhan
aon eagla orm roimis nuair na feaca gur chuir
criú an bháid aon nath ann “T'anam 'on
diabhal,” arsa fear an tochta seoil, “féach mar
a bhfuil liop-a-do-leap!” Do bhuail sé Liop
bocht le bas an mhaide rámha agus do shúncáil
sé de gheit síos go tóin puill.



D'fhanadar ag marbhú na ndeargán go dtí
buidhiú gréine tráthnóna deireannach. Bhí sé n-a
bharra taoide an uair sin agus bhí an bád lán
suas go dtí sna tochtaí de dheargáin aca.
D'órduigh an captaen dóibh annsan a ndorighthe
do ghlinneáil suas agus a bheith ag cur díobh abhaile
i n-ainm Dé. Ní raibh an ghaoth n-a cóir i n-aon
chor aca mar bhí sí ana-docht, agus b'éigin dóibh
é rámháidheacht abhaile go dtí an gcaladh. Bhí
aon fhear seóigh amháin sa bhád agus chuir sé
iachall orm fein, dá luighead mé, dul mar
osgalán chuige d'fhonn seóigh do bheith aige orm.
Nuair a chuireas ar an maide rámha, do sháthamair
amach sa bhfairrge é, agus le linn é tharrac as
an uisge, do bhuail sé suas fé'n smeigín me
agus tógadh liom agus bualeadh síos ar
fhleasg mo dhroma mé idir dhá thochta. Tháinig
oiread son réiltíní ar mo shúilibh, ba dhóigh liom,
a's ná raibh aon oidhche spéir-ghealaighe riamh
sa spéir!



Thánag chugham féin airís sar fada agus shuidheas
amuigh i gcipín an bhaid mar a rabhas cheana.
Bhí m'aghaidh amach ar na faillteachaibh agam agus
mé ag cuimhneamh gach aon nóimint ar chathain a
bhéinn aige baile. Chuireadh sé greann ar mo
chroidhe nuair a chínn na bosóga fairgge ag síor-
bhualadh i gcoinnibh thosach an bháid agus gan
oiread a's aon streall amháin sáile ag teacht
innti isteach. Nuair a bhí an bád leath-shlighe
chun an chalaidh chuaidh sí isteach sa bhfairrge
ramhar agus chaith an captaen aire na fola
thabhairt di 'á stiúrú tríd an dtaoide, mar bhí
an taoide ana-chas agus bhí feirside taoide
ag teacht trasna air go minic, agus mara
stiúruigheadh sé an bád i gceart tríotha, bheadh sé
féin agus an chriú i mbaoghal a mbáidhte. Ach
dá fheabhas a stiúraigh sé an bád, do ghaibh aon
fhearsad amháin taoide treasna air, agus níor
fhéad sé é féin a chosaint i gceart uirthi, agus
do tháinig cuid di isteach sa bhád. Do fliuchadh
na fir go léir agus do fuaireas féin leis mo
cheart de'n sáile chómh maith le cách; ach níorbh
fhada dhúinn go rabhamar amuigh as an bhfairrge
chas, agus láithreach baill do bhaineamair an fhaill
amach.



Nuair a tháinig an bád go dtí imeall an
uisge do caitheadh amach aistí na maidí rámha,
na dairighthe, agus na deargáin, agus do shádhadar
suas annsan í le cabhair a chéile go barra
taoide. Chuir cuid aca annsan na maidí rámha
go bun an phuirt ó'n dtaoide, agus do roinneadar
an t-iasg agus chuireadar crainn air. Do chuir
an fear seóigh dosaon de sna deargáin ba lugha
bhí sa bhád, ar chóirdín dom féin, agus dubhairt
sé liom iad san a thabhairt liom agus bheith 'á
n-ithe go dtí go n-íosfainn an ceann deireannach
aca. Ba mhustarach an garsún mé an oidhche
sin ag teacht abhaile ó bheith ag iasgach agus lán
mo dhroma de bheart éisg agam. Bhíos chomh
tóirtéiseach 's bhí aon gharsún riamh nuair a
leagas mo bheart éisg dem' dhrom ar bholg an
urláir os cómhair mhuinntire an tighe go léir.
Ní cás dom á rádh 'ná gur chodlaigheas chómh
sámh le muic an oidhche sin; agus is mó oidhche
ó shoin a thaidhbhrightear dom mar gheall ar an
gcéad lá chuadhas ag iasgach.



Common Noun.



Nótaí
Caidhnlígheacht: éifeacht, meabhair, acfuinn, toirt, tathac.
Bóiliagar; ag dul amú; nú fágaithe n-a ndiaidh.
Ciotrarúnta; go tuaisceartach, go neamh-fhuiliceach.
císte steaimpí, císte aráin a deintear de phrátaí.
cuailín Teamhrach; ar a shástacht.
liop-a-leap; siné an t-iasg go dtugann na
béarlóírí “Sunfish” air “Sáimhín” ainm eile air.
Osgalán; bíonn beirt fhear ag rámháidheacht ar thochta
an bháid .i.l fear ceann an mhaide agus an t-osgalán.
boróga; cnapáin bheaga fhairrge.
Fearsad taoide; fairrge chas a bhíonn ag briseadh
agus ag casasdh ag imtheacht tríd an dtaoide.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services