Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Archivium Hibernicum

Teideal
Archivium Hibernicum
Údar
Torna,
Ainm Cleite
Torna
Dáta cumtha
1913
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Archivium Hibernicum.



An tír ná tugtar aire dá stair innti, mura
bhfuil sé i n-umar na himiléise, ní miste a
rádh nach fada uaithi tuitim ann. Is tre eolus
a chur ar sheanchus ar dtíre a mhúscailtear
ionnainn an grádh soin nach fuláir ar stiúradh
i gcúrsaíbh an lae indiu, idir pholaitidheacht is
tráchtáil is gach nídh eile bhaineann linn. Leath-
smuigh den teangain dúthchais ní fheicimse
gur féidir a áireamh ceangal is tábhachtaighe
idir mhuinntir éintíre 'ná an ceangal soin
an tseanchais. Acht chun feidhm cheart a bhaint
as an gceangal ní fuláir eólus a chur ar an
seanchus. Cadé an mhaitheas adhbhar an tseanchuis
a bheith ann mura sgrúduighthear é? Na
cineadhacha atá a bhfad chun tosaigh san tsaoghal
fé láthair isiad is mó chuireann spéis ina seann-
dálaibh. Tá cuid aca go deimhin, ar nós
Shasana Nua, agus ní fada siar a théidheann
na seanndála aca. Acht tar a éis sin is uile
féach an cúram a dheinid den ádhbhar seanchais
atá aca do leathadh is do mhúineadh coitcheanta
don aos óg. I dtíorthaibh na hEórpa fein, is
amhlaidh a bhíd ag formad le chéile féachaint ciaca
is mó mhúinfidh a stair féin dá gcineadh féin.
Agus i Sasan leis ní ceaduighthear gan stair
na tíre a mhúineadh insana scoileannaibh. Tuigid
siadsan go léir a usáidhighe do mhuinntir tíre
ar bith atá eólus a chur ar mhórghníomharthaibh a
sean is a sinsear, agus tuigid leis a fheabhas
a théadheann an t-eólus soin chun daoine do
stiúrfadh i gceart i gcúrsaibh an stáit is i
gcúrsaibh ghnótha.



Ag smaoineamh mar sin dúinn, féachaimís
timcheall orainn féin i nÉirinn, agus fiaf-
raighmís dínn féin an bhfuil seanchus ar dtíre
san treó inar cheart dó bheith. An bhfuil eólus
ag muinntir na hÉireann ar stair a dtíre
féin? An bhfuil an stair sin dá foghluim ag
leanbhaiíbh sgoile na tíre? Ní healadha dhamh
freagra a thabhairt ar na ceisteannaibh sin.
Tá's ag an saoghal gur beag de stair na
hÉireann a múintear i sgoileannaibh na
hÉireann, agus gur lugha go mór 'ná soin an
tsuim a cuirtar innti. Mara ndéinimíd
seift éigin chun an sgéil sin do leigheas beidh
a rian ar an dtír, agus ní móide go n-eireóghaidh
le riaghaltas dúthchais sinn a chur ar ar mbonnaibh
ina éagmuis.



Ní dócha go bhfuil an sgéal imthighthe thar fóir,
amhthach. Tá beagbhuidhean de lucht na dílseacht
ag obair chun snadhmanna ar seanchuis a sgaoileadh
agus chun eólus a thabhairt dúinn ar neithibh a
bhí d'uireasbhaidh orainn go dtí so. I measc
na buidhne sin atá muinntir an Record Society
i gColláisde Pádraig i Muigh Nuadhad. Chuir-
eadarsan amach an chéad leabhar dá gcuid
soláthair an lá fé dheireadh, agus ní baoghal
ná go mbeidh fáilte roimhe ag gach éinne a
chuireann suim i seanchas na hÉireann. Isé
rud atá ann ná cnuasach de sheanrudaíbh agus
a n-urmhór ag baint le stair na hEaglaise i
nÉirinn. Agus ar shon go n-abraim gur le
stair na hEaglaise is mó bhainid siad, ní
fhágann soin ná go bhféadfaidhe feidhm a bhaint
asta i leith stair choitcheanta na hÉireann.
Ní'l aon nídh ann, agus is fada ó bhaile do chnuas-
uigheadh cuid aca, ná fuigheadh an té a loirgeann
eólus ar Éirinn an oiread agus badh mhaith
leis de. Éinne bhíonn ag déanamh mionscrúdú
ar chuid airithe den tseanchas nó ag obair
ar bheathaidh dhuine éigin go bhfuil trácht air san
tseanchus, níor mhiste dhó an leabhar so do chuar-
dach. Ca bhfios ná go bhfuigheadh sé ann an
t-eólus a theip air a fhagháil i n-aon áit eile.



Tá trí cinn de áistíbh Gaedhilge ann, agus
bfhéidir gur ionntasan is mó a chuirfidh muinntir
na Gaedhilge suim. “A Fragment used by
Keating,” sin é an ainm atá ar cheann aca.
An tAthair Pól Breatnach do sholáthruigh é.
Giota beag is eadh é ina bhfuil cur síos ar
theórannaibh na Midhe. Tá aistriú len ais
agus tagra anúsáideach ar na hainmneacha áite
ann. Ní fuláir gan a dhearmhad gur ughdar
le tuiscint é an tAthair Pól i neithibh bhaineas
leis an Mhidhe.



An dara aiste Gaedhilge ann, .i. “Eóin Ó
Cuileannáin, Easpog Ráth Bhoth,” do b'é an
tAthair Eóin Mac Giolla Eáin do sholáthruigh é.
Seacht gcinn de dhántaibh deibhidhe atá ann. Do
Sgríobhadh iad i dtómus an easbuig oirdheirc úd,
ar ócáid éigin. Deallruigheann sé gur ar
fleidh a bhí na filidhe ag an easbog, agus gur
ar an adhbharsan a sgríobhadar na danta a
thugann an tAthair Eóin dúinn sa leabhar.
Isé sin an aiste is mó i nar chuireas féin suim.
Tá aistriú deanta ag an Athair Eóin ar na
dántaibh go léir, agus gearrchunntas aige ar
an Easbog is ar an mhuinntir.



An tríomhadh aiste sa Ghaedhilg “Comainm-
nighud Noem Hérand” atá mar ainm air, agus
Donnchadh Ó Brosnacháin do sholáthruigh é as
an Leabhar Laighneach. Isé rud atá ann ná
liosta, do réir aibghitreach, ar chuid de naomhaibh
agus de bhannaomhaibh na hÉireann, i ngach
chás gur thárla níos mó ná duine amháin aca
agus an ainm chéadna air. Tá easnamh amháin
ar aonchuma agus fóghnfaidh an liosta soin
chun é leigheas. Isé easnamh é ná ainmneacha
baistidhe le tabhairt ar bhanleaíbh. Agus, an
dagha, badh mhithid dúinn tosnú ar ainmneacha
Gaedhealacha a thabhairt ar ar n-aos óg.



Tá rud eile 'sa leabhar agus cuirfid Gaedhil-
geóirí, nó cuid aca go háirithe, spéis nach beag
ann. Isé rud é sin ná “The Irish Seminary
at Toulouse.” San áit sin do hoirdneadh a
lán sagart ó Chúige Mumhan i n-aimsir na
géirleanamhna ar Chaitlicíbh na hÉireann.
I measg na n-ainmneacha atá luaidhte ann
tugaim fe ndeara “Simon Quinn, Diocesis
Cloynensis” agus Cornelius Ó Bryen fils
legitime de Jean Ó Brien et d'Elizabeth
Barry du diocése de Clauen(Cluain) en
Irlande, a été recú cejourd'hui 3 Decembre
1684.“ Bhí an Conchubhar céadna n-a shagart
ann i mbliadhain a 1689. Sin giota de bheatha
an Athar Conchubhar Ó Briain ó bhruach na Brighde,
a bhí n-a fhile mhaith Gaedhilge. Táimíd buidheach
dhen Athair Pádraig Ó Baoighill do sholáthruigh
cunntaisí an cholláiste sin dúinn.



Badh mhaith liom cur síos ar a lán eile dena
neithibh taitneamhacha atá sa leabhar úd, mar
atá “Report on the State of Popery in
Ireland in 1731(Ulster)” do sholáthruigh an
Fear Eagir, “Catholic Episcopal Wills
(1683)” do sholáthruigh an Canónach Ó
Carragáin, agus “Regestum Monasterii
Fratrum Praedicatorum de Athenry” do
sholáthruigh an tAth. Ambrós Ó Colmáin d'Órd
San Doiminic. Acht tá oiread ráidhte agam
agus a chuirfidh i n-umhail do dhuine cadé an
mianach atá sa leabhar, agus oiread agus a
chuirfidh fonn air(mar is chuige sin atáim) chun
an leabhar do cheannach. Is i leabhraibh den
tsord so a gheóbhmíd ar ball fios cruinn chun
seanchus fírinneach na hÉireann do sgríobhadh.
Ar an adhbharsan is dóigh liom go bhfuil orainn
go léir mar dhualgus cuidiú de réir ar ngustail
leis an obair fhóghanta atá dá dhéanamh ag
an Record Society i Muigh Nuadhad. Tuillid
siad é mar tá obair mhaith “náisiúnta” dá
dhéanamh aca, obair a sholáthróidh clú an léighinn
dóibh féin is dá dtír dhúthchais, agus obair go
mairfidh a tairbhe an fhaid a mhairfid na cnuic.



Isiad Muinntir an Ghoill i mBaile Átha
Cliath atá ag cur an leabhair amach. Cúig
scillinge déag a fhiacha, acht éinne atá ina
dhalta den Chumann gheóbha sé an leabhar ar
leathshabharn. Gheóbhtar gach eólus ina thaobhsan
acht sgríobhadh ag triall ar an Rúnuidhe is an
Fear Eagair, .i. An tAth. Séamus Mac
Gathfraidh, Dochtúir sa bhfeallsamhnacht,
Colláiste Pádraig, i Muigh Nuadhad, agus tá
súil agam go ndéanfar amhlaidh go tiugh.



Torna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services