Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Spidéal Thiar (ar leanamhaint)

Title
An Spidéal Thiar (ar leanamhaint)
Author(s)
Nic Ghabhann, Cáitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sa Spidéal Thiar
(ar leanamhaint)



Chuadhamar chun cainnte le cuide dhe na daoinibh
a chomhnuigheas lámh leis an gColáisde. Is
fada leo uatha an t-am a mbéidh "na Gaedhil-
geoirí" chuca. "Gaedhilgeoirí" a bheireas
muinntir an Spidéil ar na daoinibh a thagas ar
lorg Gaedhilge, agus ní ortha fhéin. Nach raibh
siad-san ann i gcomhnuidhe agus gan ainm ar
bith fá leith ortha? Is beag má bhí, nó má tá,
aca acht Gaedhilge, agus cad chuige a ndéanfaidhe
iongantas de? Acht daoine a tóigeadh gan
Gaedhilg agus a tháinig ghá piocadh suas,
caithfidhe ainm faoi leith a thabhairt ortha.



Nár'bh' é. "Seá" a dubhairt i mBéarla nach
gcuireann muinntir aon tíre ruim ar bith sa
náisiúntacht go mbíonn sí caillte aca, nó
geall leis. Minic a cuimhnighim ar an gcainnt
sin nuair léighim tracht ar "an neamh-shuim" atá
ag muinntir na Gaedhealtachta sa gCúis".
Ní neamh-shuimeamhail atáid. Ní thuigid an Chúis.
Sin an chaoi a bhfuil an sgéal. Níor mhothuigheadar
easbhaidh Ghaedhilge ariamh. Ní thuigeann siad
cé mhéad is fiú an teanga. Ní thuigid sgéal
na Galldachta. Agus ní cheapaid go bhfuil aon
baoghal báis ar an teangaidh. "Ara, nach bhfuil
díol Éireann de Ghaedhilg againn annseo?"
adubhairt sean-bhean liom an lá fá dheireadh.



Acht tá cuid de muinntir an Spidéil a
thuigeas sgéal na Gaedhilge go maith agus táid-
sean ag dul i méid - bíodh a chreideamhaint sin ag
an gColáisde. Taisbéanann sin, ar chaoi, cé'n mhaith
a ghníos Coláisde san nGaedhealtacht. B'fhéidir,
mar dubhradh, go ndéanfadh sé beagán dochair
Béarlóirí - bíodh is go bhfuilid ar lorg Gaedhilge
féin - do thabhairt isteach san nGaedhealtacht. Acht
ar ndóigh caithfidh siad dhul ann. Cé'n chaoi eile
a dtig leo eolas ceart fhágháil ar an nGaedhilg?
Acht is beag le rádh an dochar sin i gcomórtas leis
an tsuim a chuireas na daoine sa nGluaiseacht
nuair a chídhid gur fiú leis an oiread sin daoine
trioblóid agus costas a chur ortha féin ag
iarraidh Gaedhilg d'fhoghuim. Feicid daoine
árd-nósacha, dar leo, agus gan de chúram ortha
acht iad féin a Ghaedhealughadh. Cloisid muinntir an
Choláisde ag déanamh grinn agus ag déanamh
graithe tríd an nGaedhilg. Cloisid cainnt fá'n
nGluaiseacht ag féiseannaibh agus ag aeridh-
eachtannaibh agus sna tighthibh. Cuirtear i
dtuigsint dóbhtha, de réir a chéile an chaoi a
bhfuil an sgéal sa ngalldacht. Cuirtear ag
cainnt agus ag machtnamh ar an sgéal iad go
gcuiridh rómpa gan a ngreim féin a sgaoileadh
de'n Ghaedhilg.



I n-áiteachaibh eile a bhfuil eolas agam ortha -
áiteacha a mbítear ag teagasg thríd an Ghaedhilg
chomh maith leis an mBéarla sna sgoileannaibh,
bíonn cuid de na haithreachaibh agus na máith-
reachaibh ag casaoid agus ag fágháil locht ar an
oideachas sin. "Ara nach bhfuil a sáith Ghaedhilge
ag na páisdibh bochta?" adeirid. "Béarla atá
uatha".



Ní mar sin do mhuinntir an Spidéil, bail ó
Dhia ortha! Tá siad-san bródamhail as an
oideachas Gaedhilge atá d'á fhágháil ag a gclainn.



Thugamar cuairt ar theacht Choisdealbha agus ar
theach Fhlannchadha agus ar go leor eile. Cuireadh
na múrtha fáilte romhainn i ngach áit. Bhí an-
tseanchus amach a's amach againn fá na daoinibh
a pósadh, nó a cailleadh, nó a chuaidh go Meiriocá
- mó bhrón! - ó bhíomar annseo anuraidh. Chuir-
eadar ceisd i ndiaidh ceisde orainn. An fíor
go bhfuil an tAthair Tomás ag tigheacht a baile
chugainn? An fíor go bhfuair an tAthair Brian
gradam ó'n Easbog? Gur pósadh Caitlín gheal-
ghaireach Ní Chasarlaigh? Go bhfuil Maighréad
Ní Mhonacháin le pósadh? Agus mar sin de.



Chualamar sgéal an fhir phinsin. "Ceolán
a bhí ann. Cneamhaire!" Agus gan focal
Gaedhilge i n-a phluic. Dheamhan é, muis' - acht
é ag magadh fúinne nuair nach raibh Béarla
againn. Bhí an-bród ar chách nuair cuireadh ar
ais go Sasanaibh é. An Gaedhilgeoir atá againn
anois? Mh'anam nach eadh. Sasanach eile atá
ann. Acht tá sé seo lághach go leor leis na
daoinibh. Agus deirtear go mbadh mhaith leis
Gaedhilg bheith aige." Gáire an tSasanaigh
is docha. B'fhearr do'n Ghaedhilg an fear eile
bheith ann. Acht idir fir pheinsin agus mná
cócaireachta nó beanachais tighe agus dochtúirí
agus eile gan Gaedhilge tá an sgéal dona
go leor - tá sin. Acht tá na daoine féin ag
éirghe tuirseach díobhtha, agus is mór an gar é sin.



Sul ar thugamar an bóthar a bhaile orainn féin
Dia Máirt shocruigheamar chuile shórt fá'n
dreas camóguidheachta atá le bheith againn ag an
gColáisde. Tá cumann maith Camóguidheachta
ar bun i mbaile mór na Gaillimhe, agus
tá cailíní an Chunainn sin le dhul ag féachaint
cailíní an Choláisde ar pháirc an bhuailte an
dara Domhnach nó an treas Domhnach de'n
Lughnas. Bíonn ádhbhar fuirne maithe i gcómh-
naidhe ag na cailínibh a thagas chuig an gColáisde
agus tá súil agam go gcuirfidh siad iad féin
fá réir i gcomhair oibre an Domhnaigh úd. Tá
na buachaillí ag cainnt ar dhreas peile a imirt
an lá céadna agus is cosamhail go mbéidh an-lá
againn. Acht níl ann acht ceann amháin de na
laethibh móra bheás againn ag an Spidéal, le
congnamh Dé.



Caitlín Nic Ghabhann

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services