Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuaidheachtóireacht ar Muir

Title
Nuaidheachtóireacht ar Muir
Author(s)
Ó Conncheanann, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Nuaidheachtóireacht ar Muir.



Seal bliadhanta ó shoin nuair a bhíodh duine
caidhte spíonta do bharr oibre, budh gnáthach
leis an dochtúr comhairliughadh do'n duine
breóidhte dul ar aistir fhada fairrge chun a
sgith a leigean. Ar feadh na haistire ar an
bhfairrge bhí sé saor glan ó imnidhe agus ó
chantal gnótha, acht san am atá i láthair ní'l
saorsacht ar bith mar sin indán do'n cheannuidhe.
Ní'l aon mhaidin ar feadh na haistire nach mbíonn
leagtha ar an mbórd os comhair a dhá shúil amach
páipéar nuaidheacht a clóbhuaileadh agus a
cuireadh in eagair ar bórd nuair a bhí se in a
chodladh go sámh ar feadh na hoidhche. Tá an
nuaidheacht is deireannaighe le léigheamh san
bpáipéar seo. Cé go m'bféidir gur chuir an
ceannuidhe é féin faoi gheasa dearmad a dhéanamh
ar gach rud a d'fhág sé in a dhiaidh san mbaile,
ní maith gur féidir leis, ná, go deimhin, ní maith
go bhfuil sé i nádúr an duine gan aon pháipéar
a láimhseáil, agus annsain ní fada go mbeidh
sé go cíocharach ag léigheamh céard a thárla indé,
nó goidé an luach atá ar a léithide seo agus
ar a léithide siúd ar Mhargadh an Stoic
agus Mhargadh an Airgid. Ní leithsgéal dó a
rádh nach bhfuil aon mhion airgead na pingineacha
ruadh aige, agus dá bhrígh sin, nach dtig leis
é cheannach, mar ní'l cíanóg le n-íoc ar an
bpáipéar. Tugtar cóip de do gach paisinéara ar
bórd na loinge in aisge, agus ní hé sin amháin
acht leagtar ar a chathaoir é ag an mbórd gach
uile mhaidin, i riocht is nach bhfuil aon dul ó'n a
léigheamh.



Ní'l pioc difiridheacht ins na hurnaisí chun
an pháipéir seo a chur i gcló i gceart — lár na
haigéine móire agus na hurnaisí a chlódhas
na páipéir móra ins gach cathair san domhan,
acht amháin nach bhfuil na huraisí ar boird
loinge chomh mór ná chomh cúmhachtach leis na
hurnaisí eile. Acht tá go leór leór dealbhúghadh
eidir an chaoi in a dtugtar an nuaidheacht
chuig eagarthóirí na bpáipéar ins na cathaireacha
ar fuid an domhain agus an chaoi in a dtugtar
an nuaidheach chuig eagarthóir ar bord loinge
i lár na haigéine móire. Fághann an “tAtlantic
Daily News” an nuaidheacht ó'n Associated
Press. Tá nuaidheachtóirí aca-san ins gach
cathair agus sráid-bhaile ar fuid an domhain,
agus ní'l aen nuaidheacht ar bhfiú é áireamh nach
gcurtar ar an téadagán go dtí an Árd
Oifig in Eabhrach Nuadh gach uile lá san mbliadhain.
Cáitear agus sgoitear an nuaidheacht san oifig
seo agus ní curtar chuig an bpáipéir ar bóird
loinge acht an chéad sgoth de'n nuaidheacht. Ó
oifig an Associated Press in Eabhrac Nuadh
seóltar an nuaidheacht ar théadagán go dtí
Stad Gansrang Mearcóní i Wellfleet, baile
beag ar imioll na mara in aice lé Boston.
Déantar é seo ag 8.30 gach tráthnóna san
mbliadhain. Cuirtear as an oifig seo, le
gansrang, nuaidheacht an tsaoghail chuig na
loigis mhóra atá na céadta mílte ó láthair
amuigh san teisginne mhóir. Tá Gléas Gansrang
anois, beag nach, ar bórd gach uile long. Bíonn
an Gléas Gansrang crochta ó bharr na gcrann
agus beireann na sranga ar an oiread sin de'n
íotar chreatha a curtar amach ó'n Stad i Ros
na Cadóige is oibrigheas an t-inneall glacach
mothálach atá ar bórd. Sgríobhann an Gans-
rangóir síos an sgéala agus ar maidin in am
bricfeasta bíonn leagtha os comhair an taisdeal-
aidhe an nuaidheacht a tháinig chomh fado ó láthair
as gach ceárd de'n chruinne agus a clóbhualadh
ar bórd nuair a bhí sé srannadh codlata.



Ní'l aimhreas ná'r mhaith lé Gaedhilgeóirí
tráchtas fhághail ar an Stad Gansrang ag
Ros Cadóige, in aice Bhoston, ar an gcaoi
ag curtar an nuaidheacht chun bealaigh, agus ar
an mítheal beag fear a oibrigheas an gansrang.
Tá an Stad Gansrang tuairm is dhá mhíle amach
ó stad an bhóthair iarainn as Wellfleet, agus
tá sé suidhte ar ghuaire mór árd gainimh ag
dearcadh amach go míchéadtach ar an Aigéin
Atlantic. Is beag eile atá san áit seo acht
gainimh, agus sé an cineál sin gainimh é a fhanann
seasta ar feadh tamaill agus imthigheas leis
arís ar a shiubhal ionnsuidhe. Gainimh séidte is
dóigh liom, an t-ainm ceart lé tabhairt ar an
gcineál sin gainimh, agus gan bhréig gan
áibhéil ní leas-ainm é. Is minic a bhíos na
tighthe plúchta múchta taréis gála móire agus
stoirme. Sé an t-aon rud a shúghas substaint
ná súghachas ar bith aníos as an ngainimh seo ná
féar-guaireach, cinéal féir, garbh, láidir. Agus
marach an féar-guaireach ní dóighide go mbeadh
Ros na Cadóige ann chor ar bith, mar gan é
shéidfidhe an Ros chun bealaigh fadó an lá.



Tá ceithre túir mhóra, árda íarainn déanta
i bhfuirm ceanóige agus iad dhá chéad agus chúig
troigh déag (215) ar áirde. Is asta seo atá
na sranga copair fighte a bhfuirm eangach crochta.
Teidheann an chuid íochtarach de na sranga isteach
san seómra cuirtreasnach. Nuair a líontar
na sranga lé aibhleach creathann siad an t-íotar
ar feadh chúig chéad déag míle mhór-thimcheall.
Faoi scáile na dtúr mór seo tá na tighthe
a bhaineas leis an áitiughadh — ceithre cinn aca.
San teach íseal cearnógach, bríceach, tá na
sgrungaí réideach agus an fuinneach cróná-
nach a thugas an chumhacht atá ríachtanach leis
an teachtaireacht a chur a bhfad as láthair. Faoi
fraochaí an tighe céadna tá suidhte an tais-
cineall agus an cheárdcha. In aice an tighe
seo - ní'l eatorra acht pórsa mór fada — tá an
seómra cuirtreasnach. Tugtar mar ainm ar
seo Muileann Tóirneach Mhearcóní de bhrígh
gur ionnta a déantar an lasrach aibhleach.



Ní leas-ainm Muileann Tóirneach a thabhairt
ar mar is an-chosamhail lé torann tóirneach an
torann a déantar ann.



Tuairim lé trí chéad go leith slat (350) ó'n
áit tá an bungaló beag a thugas dídean agus
fosgadh do na fir ag obair ins an Stad. Tá
casán déanta do chláracha tiugh adhmáid ó'n
áitiúghadh go dtí an bungaló, agus is iomdha sin
sgéal a neóstar ar an íaracht a déantar ar an
gcasán a choinneál gach oidhche stoirmeach nuair
a bhíos an talamh clúdaighthe lé sneacht séidte
agus an t-aer tiugh lé calógaí; agus freisin
nuair a bhíonn siad ag féachaint leis an mbungaló
a bhaint amach oidhche anfádhach nuair atá an
gainimh séidte dá shéideadh chomh cruaidh agus
chomh géar sin go ngearrann sé leicne na bhfear
agus tagann an fhuil dhearg amach in a braonacha
móra. Seal bliadhanta ó shoin cuireadh
mearbhall chomh mór sin ar an stiúrthóir ar a dhul
dó 'ó'n mbungaló go dtí an áitiúghadh nár fhéad
sé an casán a dhéanamh amach agus b'éigin
dó an fálsrang a leanamhaint ó na thosach
go dtí na dheireadh. Tá an bungaló chomh teith
agus chomh teolaidhe agus chomh seascarach as is
féidir lé teach ar bith a bheith. Tá seómra maith
mór i lár an tighe(seómra comhnuidhe creidim is
fearr dúinn a thabhairt ar); tá cathaoireacha agus
suighistiní sócamhala ann, agus tá
crochta ar na ballaí peictiúirí maithe slachtmhara,
agus maidir lé leabhra agus irisleabhra tá siad
ann ar gach ceist agus ar gach ealadhain.



Déanann gach duine de'n mhuirighin iarracht
ar ghléas ceóil éigin a imirt, acht bíodh an
íarracht go maith nó go dona ní'l aon cómharsa
béal-dorais lé íad a mholadh ná lé íad a cháineadh.
Tá fónagraif maith aca agus go leór buandáin.
Bhí ríaghal aca tamall ó shoin duine ar bith
a dhéanfadh easgainí ná mionaí móra go mbeadh
ar an oiread seo cánach íoc gach am dá ndéanadh
sé an choir agus cuirtí an t-airgead cánach i
dtaisge chun buandáin a cheannach; nó dá
leigfidhe aon nduine aca go Boston ar saoire
lae nó leath-lae chuirtí faoi gheasa é leath-
doiséine buandáin a thabhairt ar ais leis mar
gheall ar an phríbhléid sin a thabhairt dó.



Tá dhá sheómra i gcóir strainséaraí, seomra
deas bídh agus seomra maith mór eile agus
oifig an stiúrthóra. Ochtmhar atá san mhuirghin,
mar atá an stiúrthóir, beirt théadagóirí, beirt
gcrungadóirí, beirt shean mháirnéalaigh lé
dul suas ins na crainn, nó túir, chun na sranga
a choinneál mar is ceart, an cócaire agus an
freastalaidhe. Maille leó seo tá dhá choileán
coin. Sé an stiúrthóir an fear ceárdamhail


L. 05


agus an sgrungadóír gansrang, maille
leis seo tá sé in a cheann-tighe.



Déanamh an dá théadagóir an obair lé
sealaidheacht , seal leis an ngansrang agus seal
leis an téadagán talmhan, mar déantar úsáid
de'n Stad chun nuaidheacht ceannaidheachta nó
tráchtala a chur anonn agus anall ó Bhoston.
Gach dara oidhche is eadh théidheas na sgrunga-
dóirí ar faire, chun na sgrungaí a chasadh agus
chun iad a choinneál ag imtheacht go mín réidh.
Tá a lán rudaí eile aca lé déanamh ar feadh an
lae:- ag deasúghadh na n-ineall, a snadhamughadh
na sranga má bhíonn síad briste ná lag in aon
áit, agus ag déanamh fiosdhearbhughadh do'n
phríomh sgrungadóir san Árd Óifig in Eabhrach
Nuadh. Coinnigheann na seanmháirnéalaigh
na túir agus na tacaí, nó teanntacháin, in
ordughadh. Is beag lá nach bhfuil síad lé
feiceál shuas in áirde na gcrann ag leagann
téad annso, ag cur isteach srang-mhogaill
annsúd thall, nó ag bainnt srang fhabhtach
as an tacadán a gcúinne éigin eile, agus
ag cur ceann eile in a háit. Is minic a bhíos
síad sé seachtmhainí i mbéal a chéile ag dathúchán
na gcrann. Sé an cócaire an taon duine in
a bhfuil sé ar a chumas an mhuirighin a dhéanamh
sásta nó mí-shásta, agus is fada amach ó'n
áit a coinnightear an t-ocras. Ní mór do'n
chócaire a bheith fad-bhreathnuigheach agus a bheith
in a ríaruidhe mhaith oilte má's leis an lóncha
a choinneál líonta ins an áit íargúlta seo,
mar tagann an chuid is mó de'n bheatha cuca
ó Bhoston; acht lé cuidiúghadh siopa an bhaile,
íasg na n-íasgairí áiteamhla agus cor bhéilidh
leathógaí agus plásanna a mharbhuigheas na fir
lé cleith-fhada ó'n gcarraig, nuair nach mbíonn
tada eile ar a n-aire, ní minic a bhíos an lóncha
gan a bheith loma lán.



(Ní Críoc)



Tomás Ó Conncheanann.



Gluaisín
1. Nuaidheacht ar Muir, Journalism on the Sea;
2. téadagán, Telegraph;
3. íotar chreatha, Ether vibrations;
4. inneall glacach mothálach, sensitive receiving apparatus;
5. Gansrangóir, wireless operator;
6. Stad Gansrang, Wireless station;
7. guaire, Sand hill;
8. gainimh séidte, drift sand;
9. Ros na Cadóige, Cape COd;
10. seomra cuirtreasnach, transmitting room;
11. íotar, ether;
12. sgrungaí séideach, puffing engines;
13. fuinneach crónánach, humming dynamo;
14. taiscineall, storage battery
15. fálsrang, wire fence
16. suighistíní, couches;
17. buandáin, musical records;
18. téadagóirí, telegraph operators;
19. sgrungadóirí, engineers;
20. fear ceárdamhail, technical man;
21. sgrungadóirí gansrang, wireless engineer;
22. téadagan talmhan, land wire;
23. fiosdhearbhúghadh, experimenting;
24. tacadán, antennae;
25. lóncha, larder.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services