Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tÁrd-Léigheann

Title
An tÁrd-Léigheann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis.



May 22, 1909.



An tÁrd-Léigheann



Má's fíor a ráidhte béil, is iongantach an
fonn atá ar dhream áirithe an t-árd-léigheann
do chur ar aghaidh san Iolsgoil nuaidh. Tús
an árd-léighinn, dar leo so, an Laidin agus
an Ghréigis. Tugann Gaedhil a n-ómós féin
do na sean-teangthachaibh oirdhearca sin, acht ní
admhuigheann siad gurab iad tús agus deireadh
agus bun agus bárr an léighinn iad. Is iomdha
duine sár-léigheannta do bhí ar bheagán Laidne
agus ar fhíor-bheagán Gréigise. Goidé an
saghas léighinn is dual do'n Ghaedheal? Tá,
léigheann Gaedhealacha. Tús an léighinn Ghaedh-
ealaigh an Ghaedhilg. Ní féidir léigheann
Gaedhealacha a bheith ann i n-a héaghmuis siúd. Ní
féidir, dá réir seo, gradam fír léighinn do
thabhairt, ó cheart, d'aon Ghaedheal nach bhfuil
an Ghaedhilg aige.



Acht ná tuigtear uainn gurab í an Ghaedhilg
bun agus bárr an léighinn. Badh dheacair do
dhuine bheith i n-a fhear fhíor-léigheannta, an
t-am atá i láthair, agus gan aige acht Gaedhilg.
Ní hionann an saoghal so agus saoghal ár
sinnsear. Teastuigheann níos mó eolais anois
'ná mar theastuigh fad ó, má's mian le duine
cáil fir léighinn do thuilleamh. Acht, dar ndóigh,
d'admhuigh ar sinnsir féin “nach léighinn go
Laidin.” Ní féidir an sean-fhocal do shárughadh.



Tuigtear, mar sin, nach bhfuil ó Ghaedhealaibh
an Laidin ná an Ghréigis do dhíbirt as Iolsgoil
na hÉireann. Tugtar a cheart féin do ghach
dán agus ealadhain, acht ná tugtar d'aon dán
ná d'aon-ealadhain an onóir is dual do'n
Ghaedhilg amháin. An rígh-ionad do'n rígh, agus
a ionad féin do gach flaith agus fó-fhlaith de
réir a uaisleachta.



Ní “obscurantists” ná “provincialists” ná
“mediaevalists” Gaedhil. Níl aon léigheann dá
áirde, níl aon smaointe dá dhoimhne, níl aon eolas
dá dhiamhaire, nár mhian linn, dá sgrúdughadh
agus dá míniughadh san Iolsgoil nuaidh. Agus
ó's dual sinnsear dúinn bheith ceanamhail ar
an Laidin agus ar an nGréigis b'olc an mhaise
dhúinn gan áit oireamhnach do thabhairt do na
sár-theangthachaibh sin ar réim léighinn na
hIolsgoile. Ná ceapadh éinne go gcuirfeadh
an Ghaedhilg isteach ortha. Is amhlaidh, de réir
mar adubhairt Seosamh Ó Dóláin an oidhche cheana,
ag labhairt i gColáiste na hIolsgoile dhó, is
amhlaidh do chuideochadh an Ghaedhilg leis an
Laidin agus leis an Ghréigis do chur ar aghaidh;
agus ar an láimh eile do chuideochadh an Láidin
agus an Ghréigis leis an nGaedhilg. Is iomdha
cruadh cheist i ngráiméar, i litridheacht, agus
i stair na Laidne agus na Gréigise nach féidir
a fhuasgailt i n-éagmhuis na Gaedhilge; agus
is deacair graiméar na Gaedhilge do thuigsint
i gceart an té nach bhfuil eolas éigin aige ar an
Laidin. Cuid d'obair Iolsgoile 'seadh il-chraobha
an eolais do sgrúdughadh taobh le taoibh, m.s. an
teanga so do chur i gcomórtas leis an teanga
sin, an litridheacht so do mhíniughadh tré chabhair
na litridheachta úd; óir níl aon teanga ná
litridheacht nach léirigheann agus nach bhfoill-
sigheann teangthacha agus litridheachta eile. Foill-
sigheann gach ealadha ealadha eile, mar bhaineann
na healadhna ar fad le n-a chéile ó nach bhfuil
ionnta go léir acht ranna d'aon mór-ealadhain
amháin.



Ba thráthamhail do labhair Seosamh Ó Dóláin i
gColáiste na hIolsgoile, agus badh cheart dúinn
bheith buidheach de.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services