Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Aisling Thnúthghaile

Teideal
Aisling Thnúthghaile
Údar
Tórna,
Ainm Cleite
Tórna
Dáta cumtha
1907
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Aisling Thnúthghaile.



Do cuireadh i gcló an lá fé dheir-
eadh i bPáiris leabhar gur mhaith liom
go mbuailfeadh a lán cóipeanna dhe i
dtreo na hÉireann, agus go scaip-
fidhe é thall 's i bhfus i leabharlannaibh,
idir “phuiblidhe” is eile. “La Vision
de Tondale” an ainm atá air, agus
“Aisling Thundail nó Thnúthghaile” sa
Ghaedhilg.



Sean-rud ó Éirinn is eadh an
Aisling seo gan amhras. I mbliadhain
1147-8 d'fhág manach bocht dar bh'ainm
(i Laidin) Marcus ceanntar Chaisil i
nÉirinn agus d'imthigh ar cuaird san
Roinn Eorpa. Do chuir faoi i Ratis-
bon i ndeisceart na hAlmáinne.
Annsoin, ar fhuláireamh bhan-aba an
chlochair, do scríbh Marcus i Laidin an
Aisling seo Thnúthghaile ag cur síos
ar il-phiantaibh Ifrinn, ar Phurgadóir,
is ar sólásaibh neimhe. Sin bun agus
príomh-ughdar an scéil.



Ba ghearr go raibh árd-chlú ar an
scéal so Mharcuis bhoicht ó Éirinn.
D'aistrigheadh é is do scríobhadh i ngach
teangain, geall leis, dá raibh ar fuid
na Roinne Eorpa le linn “Ré an
Ainbhfeasa”. San leabhar so amháin tá
dhá innsint ar an scéal i Sean-
Fhraincis, agus innsint eile i bhfilidh-
eacht Anglo-Normainis. 'N-a theann-
ta-san tá dhá innsint air i nGaedhilge,
ceann aca i nGaedhilg “Mheadhonaigh”
agus ceann eile sa Nua-Ghaedhilg, i
slighe go bhféadfadh éinne a thuigeann
an Ghaedhilg é léigheamh go hadhráideach.



Do bh'é an Dochtúir Cúnó Meidhear
a chuir i n-eagar Gaedhilg an leabhair
seo, agus ní miste a rádh ná gur dhein
a chion féin go slachtmhar is go léigh-
eanta. Tá gluais i bhfuirm foclóra
ó n-a láimh ag gabháil leis an sean-
innsint sa Ghaedhilg, agus gheobhthar
ann míniughadh so-thuigseanna ar na
foclaibh is seannda. Is iomdha
comaoin atá curtha ag an nDochtúir
ar mhuinntir na Gaedhilge, is tá súil
agam go mbeidh ceannach ar an
iarracht so uaidh. Ní iarrfadh sé a
mhalairt de dhíol ann, acht go gcrom-
faimís-ne ar stuidéar a dhéanamh ar
ár seann-dálaibh féin.



Tá aiste fhóghanta i mbrollach an
leabhair ó láimh an Eagarthóra, V. H.
Friedel. Cuireann sé síos ar chúrsaíbh
na hAislinge ó'n uair do chéad-
ceapadh í go dtí go raibh i mbéalaibh
cháich ó cheann ceann na hEorpa. Tug-
thar dúinn cunntas beacht ar Éirinn
an tráth d'fhág Marcus í, agus ar an
gcoimhcheangal muinnteardhais a bhí
idir Árd Macha is Clairvaux is
Ratisbon an tráth céadna. Go
deimhin, tá deifrigheacht ana-mhór idir
an chuma i n-a labhrann an Franncach
so ar Éirinn is an bhrille-bhreaille do-
gheibhmíd ó n-a lán eile cois baile.
Tá brígh agus féith i gcainnt an
Fhranncaigh. Tá eolas le fágháil ó'n
gcainnt sin. Tugthar géilleadh
d'Annalaibh na hÉireann.



Is fada nár léigheas aon leabhar is
mó do thaitn liom is do chur tógaint
cinn orm 'ná an leabhar so. Féibh
mar adubhart cheana, tá súil agam
go mbeidh ceannach air annso i
nÉirinn i measc lucht léighinn is
leabhar. Is féidir é fhágháil tré lucht
leabhar a dhíol, agus seacht bhfrannca
go leith a fhiacha.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services