Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceapadh Focal

Title
Ceapadh Focal
Author(s)
Ó Cléirigh, Seosamh,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ceapadh Focal



Ó'n gcéad lá ar thosuigh mé ar
Ghaedhilg a léigheamh níor thaithnigh alt
ar bith liom chomh mór leis an alt
beag úd Chonaill Chearnaigh i dtaoibh
na fola. Tá áthas orm daoine eile a
bheith ar aon intinn liom fá dtaoibh
de. Ní aontuighim, ámhthach, le gach a
bhfuil ráidhte ag Seaghán Ó Maoláin.
Is fíor dó gur fearr gníomh 'ná
cainnt. Acht nach minic a dhéanas
duine droch-ghníomh agus é buailte isteach
i n-a aigne go bhfuil deagh-ghníomh dá
dhéanamh aige? Buachaill do cuireadh
lá le fiadhaile a bhaint i ngarrdha,
d'oibrigh sé leis go dúthrachtach dí-
cheallach go ceann trí uair an chluig
mar ba buachaill maith a bhí ann. Bhain
sé gach uile léas fiadhaile dá bhfaca
sé; acht, má bhain, bhain sé na meac-
áin óga agus na cóilise óga a bhí díreach
tar éis a theacht os cionn talaimh chomh
maith céadna. Rinne an donas ar
an ngarrdha an bhliadhain sin. Ní ar
an mbuachaill a bhí an locht soin, acht
ar an duine a d'fhág gan stiúradh é.
Is é is ceart do'n Chonnradh coiste
ceapadóireachta a chur ar bun láith-
reach le na ceapadóirí a cheapadh nó
ceapfaidh siad múineadh na n-eal-
adhan as Gaedhilg go ceann i bhfad.
Is soiléir ó'n dá alt atá againn go
dtí seo go bhfuil gábhadh mór le
coiste dá leithéid siúd. Féach ar an
bhfocal a sgríobhas Seaghán ar hydro-
gen .i. “uisgein.” Ní féidir le duine
ar bith focal níos fearr 'ná “uisgéin”
a cheapadh ar hydrogen dar liom-sa.
Cad chuige nach gcuireann sé oxygen
ar chomhthromas leis? Cuireann sé
“beo-aer” ar oxygen. Ní ceart é
sin ar fad. Ní “beo-aer” oxygen
do na luibheannaibh acht “bás-aer.”
Cuireann Conall Ceárnach “géar-
ádhbhar” ar an rud céadna. Tá
“cead mo chos” nó cead mo phinn
agam-sa. Cuirim-se “géargein”
air. Triúr againn ar aon intinn agus
focal fá leith ceaptha ag gach aon-
duine againn ar an rud ceannan
céadna! Ní fhuil aon rath acht mar a
bhfuil an smacht! “Ciandracán”
focal eile atá ceaptha aige. Tá sé
gach uile pioc chomh maith le “huis-
gein.” Ní fheadar an bhfaca Seaghán
“fiodán súile” ar field glass?
Gaedhilgeoir is mór le rádh i measg
Chonnradhthóirí do cheap.



Taithnigheann “fromh-shruth,” “sruth-
nocht,” agus “sruth-smacht” go mór liom.
Cheapas féin cuid mhaith focal ag
baint le healadhain na haibhleoige
fad ó. Fromh-bhosca, test box; toib-
reacha líne, line batteries; agus toib-
reacha áiteamhla, local batteries. Tá
an méid eile dearmadta againn, agus
b'fhéidir nach aon dochar é. Seo beag-
án focal ag baint le healadhain eile
do cheapas le deireannaighe. Ní
abraim go bhfuil aon mhaith ionnta:—



Craigeolas, geology.



Craigeolaidhe, geologist.



Cairrge crotail, sedimentary rocks.
(Crotal, the sediment at the
bottom of a liquid. — Dineen.)



Cairrge cnámharlaigh, organic rocks.
(Cnámharlach seems to mean both
animal and vegetable remains.)


L. 04


Cairrge fuar-bhruithte, igneous rocks.
(Bruithim, I cook, I liquefy. Rocks
that have been liquefied and
grown cold.)



Cloch chumaisgthe, conglomerate or
pudding stone.



Lábhloch, mud stone.



Leachloch, (leac-chloch), shale.



Sruthchloch, lava.



Brúchloch (brucht-chloch), volcanic tuff,
Cp. brucht-chur, discharge of
froth or foam. — Dineen.



Tóchnámh (tóch-chnámh), a fossil, (cp.
cur-fhásach, a poor crop of corn
not worth cutting and left on
the field. — Dineen).



Tóchámhach, fossilised.



Tollacáin, foraminifera
Caisreacáin, spirifera
cp. féascán (féasógan),
a mussel; ruacán (ruadhógan), a
cockle, etc.



Cloch-lil, stone lily or encrinite.



Cairrge criostail, crystalline rocks.



Cairrge blódhtracha, fragmental rocks.



Driothlainn mica (Is féidir go bhfuil
ainm dúthchasach ar mica. Níor
chualas é, má tá.)



Tá a lán focal i n-úsáid i measg
na ndaoine ar bh'fhéidir le duine a
chuirfeadh roimhe léacht nó léighinn ar
chraigeolas a thabhairt uaidh, toradh a
bhaint asta. Is dócha gur mar sin do
gach uile ealadhain eile. Badh cheart
iad a chuartughadh agus a chur le chéile,
mar ní féidir cuid aca a shárughadh.



Tá níos mó ráidhte agam 'ná shíl-
eas a rádh, a cháirde. Gabhaidh mo
leithsgéal. Leanfaidh mé de'n cheap-
adóireacht, agus go gcuirtear an coiste
úd ar bun le na ceapadóirí a cheap-
adh, ceapfaidh mé mo shuaimhneas.



Seosamh Ó Cléirigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services