Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eoghainín na nÉan

Title
Eoghainín na nÉan
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eoghainín na nÉan.



I.



“Teanna uait isteach, a pheata. Tá
sé in' am codlata.”



“Ní fhéadaim corruighe go fóill
beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht
leis na fáinleogaibh.”



“Cé leo a mhaicín?” ars' an
mháthair agus iongnadh uirthi.



“Leis na fáinleogaibh. Tá mé
'ceapadh go mbéidh siad annso anocht.”



Bhí Eoghainín i n-áirde ar an gcarr-
aig mhóir do bhí láimh le binn an tighe,
é socruighthe go deas ar a mullach
caonaigh agus cúl bán a chinn le bun na
fuinnseoige. Bhí a cheann crochta aige,
é ag breathnughadh uaidh ó dheas, agus
taithneamh na gréine go soillseach ar
a ghruaig. D'fhéach a mháthair suas air.



“Agus cé as a bhfuil siad ag
teacht, a leanbbh?”



“Ó'n Domhan Theas — ó'n áit i n-a
mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe.
Tá mé ag fanacht leo le seachtmhain.”



“Acht cá bhfios duit gur anocht
thiocfas siad?”



“Níl a fhios agam acht mé 'ghá cheapadh.
Badh mhithid dóibh bheith annso aon lá
feasta. Is cuimhneach liom gur comh-
throm an lae indiu go díreach aníos
ó'n tobar nuair chuala mé a gceil-
eabhar binn meidhreach mar bheidís ag
rádh: ‘Támuid chugat arís, a Eoghainín!
Sgéala chugat ó'n Domhan Theas!’
Annsin d'eiteall ceann aca tharm —
chuimil a sgiathán dom' leacain.”



Ní gábhadh a rádh gur chuir an chainnt
seo an-iongnadh ar Nóra. Níor labh-
air Eoghainín mar sin léi riamh roimhe.
B'fheasach di gur chuir sé an-shuim ins
an éanlaith agus gur iomdha uair chaitheadh
sé ins an gcoill nó cois trágha “ag
cainnt leo” mar deireadh sé. Acht
níor thuig sí cé an fáth a mbeadh fonn
chomh mór sin air na fáinleoga fheic-
eál chuige arís: agus bhí rud éigin neamh-
ghnáthach ins an méid adubhairt sé, agus
go deimhin i n-a fhéachaint agus i n-a ghlór
chomh maith, do chuir mí-shuaimhneas
uirthi. “Dár ndóigh, is aisteach an
chainnt ó pháiste í,” ar sise i n-a hin-
tinn féin. Níor labhair sí faic ós árd
acht í ag éisteacht le gach focal dá
dtáinig amach as a bhéal.



“Tá mé an-uaigneach ó d'fhág siad
mé san bhfóghmhar,” ars' an gasúr
beag arís, mar badh leis féin bheadh sé
ag labhairt. “Bíonn an oiread sin aca
le rádh liom. Ní hionann iad agus an
chéirseach nó an bhuidheog* a chaitheann
bunáite a saoghail cois an chlaidhe san
ngarrdha. Bíonn sgéalta iongantacha
le n-aithris aca i dtaoibh na gcríoch n-im-
chian san Domhan Theas i n-a mbíonn
sé i n-a shamhradh, i gcomhnaidhe, agus i
dtaoibh na bhfairrgí bhfiadháin i n-a
mbáithtear na luingis, agus i dtaoibh na
gcathrach n-aol-gheal i n-a gcomhnuigh-
eann na ríghthe. Is fada fada an
bealach é ó'n Domhan Theas go dtí an
tír seo: feiceann siad gach aon rud
ar an aistear dhóibh agus ní dhéanann siad
dearmad ar thada. Is fada liom
uaim iad.”



*Gealbhan buidhe, yellow hammer.


L. 05


“Tar isteach, a ghrádh ghil, agus téidh a
chodladh. Is baoghalach go bhfuaróchaidh
tú.”



“Gabhfaidh mé isteach ar ball beag,
a mháithrín. Níor mhaith liom iad a
theacht agus gan mé annso le fáilte a
chur rómpa. Bheadh iongnadh ortha.”



Chonnaic an mháthair nach raibh aon
mhaith a bheith leis. Chuaidh sí isteach go
buaidheartha. Ghlan sí an bord agus na
cathaoireacha. Nígh sí na sgálaí agus na
miasa. Rug sí ar an sguaibh agus sguab
sí an t-urlár. Sgól sí an tulán agus na
corcáin. Dheasuigh sí an lampa agus chroch
ar an mballa é. Chuir sí tuilleadh móna
ar an teinidh. Rinne sí céad rud eile
nár ghábhadh dhi. Annsin shuidh sí os
comhair na teineadh ag smaoineadh di
féin.



Tháinig píobaire na gríosaighe amach
agus bhuail suas a phort croidheamhail.
D'fhan an mháthair cois teallaigh ag
smaoineadh. D'fhan an gasúr beag
ar a shuideachán aerach ag faire.
Tháinig na ba a bhaile ó'n mbuaile.
Ghlaoidh an chearc chuici ar a héiníníbh.
Chuaidh an smólach agus an dreoilín agus
mion-daoine eile na coille do chod-
ladh. Coisgeadh de dhordán na gcuil-
eog agus de mheidhligh na n-uan. D'ísligh
an ghrian go mall go raibh sí i n-aice
le bun na spéire, go raibh sí go
díreach ar bun na spéire, go raibh sí
fá bhun na spéire. Shéid gála fuar
anoir. Leath dorchadas ar an talamh.
Fá dheireadh tháinig Eoghainín isteach.



“Is baoghalach nach dtiocfaidh siad
anocht,” ar seisean. “B'fhéidir le Dia
go dtiocfaidís i mbárach.”



Tháinig an mhaidin lá ar n-a bhárach.
Bhí Eoghainín i n-a shuidhe go moch, agus é
ag faire amach ó mhullach na carraige.
Tháinig an meadhon lae. Tháinig an
deireadh lae. Tháinig an oidhche. Acht
ní tháinig na fáinleoga.



“B'fhéidir go mbeidís chugainn i
mbárach.” arsa Eoghainín agus é ag teacht
isteach go brónach an oidhche sin.



Acht ní tháinig. Ná ní tháinig siad
an lá i n-a dhiaidh sin ná an lá i n-a
dhiaidh sin arís. Agus sér'd deireadh
Eoghainín gach oidhche ag teacht isteach
dhó:



“B'fhéidir go mbeadh siad annso i
mbárach.”



(Tuilleadh)



Colm Ó Conaire

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services