Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Ar Thráigh Bhinn Éadair

Title
Guth na mBárd - Ar Thráigh Bhinn Éadair
Author(s)
Cuimín Ó Cualáin,
Pen Name
Cuimín Ó Cualáin
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Ar Thráigh Bhinn Éadair.



(Cara leis an bhfile d'imthigh do'n
bhFrainnc. Iarrann an file air
cuimhniughadh anois is arís ar na
háiteachaibh do thaithighidís i bhfochair a
chéile).



1.
Ar thráigh Bhinn Éadair
Briseann tonn le fuaim;
Sgreadann faoileán aonrach
Os cionn an chuain.



2.
Ó lár an léana
Le hais Glas Naoidhean
Labhrann an traona
Ar feadh na hoidhch'.



3.
Tá ceileabhar éanlaithe
I nGleann na Smól,
An lon 's an chéirseach
Ag cantain ceoil.



4.
Tá soillse gréine
Ar thaoibh Sléibh' Rua,
'S an ghaoth ag séideadh
Ó n-a bhárr anuas.



5.
Ar chuan Dún Laoghaire
Tá bád is long
Fá sheoltaibh gléasta
Ag treabhadh na dtonn.



6.
Annso i nÉirinn
Dom féin, a bhrá'ir,
Is tusa i gcéin uaim
I bPáras áigh, —



7.
Mise ag féachaint
Ar chnoc is cuan
Ar thráigh Bhinn Éadair,
'S ar thaoibh Sléibh' Rua.



8.
'S tusa go réimeach
I bPáras mór
Na ríogh-bhrugh n-aolda
Is na dtreathan-slógh, —



9.
Sér'd táim a éileamh
Ort féin, a ghrádh,
I bhfad i gcéin duit
Go smaoinir tráth.



10.
Ar phort an traona
Le hais Glas Naoidhean,
Ó lár an léana
Ag labhairt san oidhch';



11.
Ar ghlór na héanlaithe
I nGleann na Smól,
Go sásta séiseach
Ag cantain ceoil;


L. 6


12.
Ar thráigh Bhinn Éadair
Mar a mbriseann tonn,
'S ar chuan Dún Laoghaire
Mar a luasgann long;



13.
Ar an ngréin ag sgéitheadh
Ar thaoibh Sléibh' Rua,
'S ar an ngaoith a shéideas
Ó n-a bhárr anuas!



Cuimín Ó Cualáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services