Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Críochnughadh an Turais - Sgéál Chaiphtín Uí Bhuighill

Title
Críochnughadh an Turais - Sgéál Chaiphtín Uí Bhuighill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Críochnughadh an Turais



Sgéal Chaiphtín Uí Bhuighill.



“Ní ró-chrábhach an fear mé,” arsa Caiphtín Ua
Buighill, “acht téidhim do'n uile thuras is
féidir liom tugaid na sagairt riaghalta uatha. An
sonas & an sólás is mó fuair mé in mo shaoghal fuaras
é mar gheall ar turas a bhí i mBaile na hAitinne i
n-iarthar Éireann.”



“Goidé mar thárla sé?” arsa mise, mar mheas mé
ó chuma an chaiphtín go raibh sgéal aige le hinnsint
dúinn.



Shocruigh sé é féin 'san chathaoir, dhing sé an tobac
síos i n-a phíopa, tharraing a dhó nó a thrí gaile go
bhfuair sé an tobac ar dhearg-losgadh, agus d'innis an
sgéal so thíos dúinn: —



Tá aithne agaibh ar mo mhnaoi Meadhbha. Támaoid
pósta le deich mbliadhna, agus tá ceathrar cloinne
againn. B'fhéidir nach gcuirfeadh sibh-se mórán suime
i gcruth nó i gcum nó i ndathamhlacht nó i ndoigheamh-
lacht Mheadhbha i ndiu; acht, dá bhfeicfidhe í sul ar
pósadh í, le n-a haghaidh geal spiriodálta, & fuinneamh
a súile agus éadtroime a cosa, ní'l amhras orm nach
dtiubhradh sibh barr & craobh dí ar cháilíní na Conntae
go léir. Is cinnte sin go dtug mise barr dí, & go
dtug mé searc & grádh dhí tar chailínibh na háite & tar
chailínibh Éireann, Albain, agus Sasana, an méid aca
chonnaic mé le mo linn. Tógadh í 'san áit chéadna ar
tógadh mise & bhíomar ar sgoil le chéile, & bhíomar an-
charthanach le chéile an uair sin féin. Tógadh ó'n sgoil


L. 642


í 'n-a dhiaidh sin, & cuireadh go Baile Átha Cliath í & go
mór-thír na hEorpa 'n-a dhiaidh, ar sgoil ag na mnáibh
riaghalta. Bíodh a fhios agaibh go raibh athair galánta
ag Meadhbha, 'sé sin Seaghán Mór Ó Domhnaill, do bhí
'n-a chomhnaidhe an uair sin i mBaile an Bhéarlachais.
Bhí siopa mór ag Seaghán, & bhí sé 'n-a Sheóinín & i n-a
stríocadóir go barr a mhéara. Bhí sé 'n-a Iúistis 'sa'
Péas, & b'uathbhásach an bhróid & an gus a bhí air fá sin,
agus ba mhór an buidheachas ar fad do bhí aige do'n
Riaghaltas & do'n Tighearna Abercorn do bhronn an
onóir mhór sin air. Bhíodh an sagart paráisde 'n-a thigh
go minic, rud nach raibh i mórán tighthibh 'sa' pharáisde,
& an t-easpog féin — nuair tháinig sé timchioll gach re
trí bliadhna ag cur na bpáisdí “faoi láimh easpoig” —
ghoir sé isteach chuig Seaghán Mór Ó Domhnaill. Na
daoine uaisle, fosda, .i. na tighearnaí talmhan, na
cuairteóirí ó Shasanaibh, an dochtúir ghallda, agus
taoiseach na bpíléirí, sé sin, mór-uaisle na tíre, bhí
fáilte & fiche rómpa i dtigh Sheagháin; acht ná lámhfadh
bacach ar bith ní ba lugha 'ná sin i n-órd na n-uaisle
buaidhreadh ar bith do chur air.



Bhí sean-aithne agam-sa ar Sheaghán Mhór, Seóinín, &
dar a leoga chá chuirfinn aon chorroghadh air acht go
raibh Meadhbha aige mar inghin. Bhí inghean eile aige,
acht ní fiú bior bioráin sin acht mur b'é go raibh
Meadhbh aige. Ba glórmhar an spéir-bhean í nuair
tháinig sí ar ais ó'n bhFrainc, & a ceann i n-áirde & í
gléasta go péacach. Bhíos féin im' mhairnéalach an
uair sin. Bhí cion agam i gcomhnuidhe do'n tsáile, &
bhí mé ar siubhal i dtíorthaibh coigcríocha go minic sul
ar shroich mé aon mhacdacht. D'fhoghluim mé céard
na long leis, & bhí mé i n-inibh long do stiúradh chomh
stuama le mairnéalach ar aois an dó is fiche. B'é
fá'n am sin tugadh báirc dam fá mo stiúr féin ó
dhaoinibh i Libhearpholl, & bháist na daoine caiphtín orm
mar gheall ar an mbáirc sin, siúd is nach raibh mórán
toirte innti. Bhí an obair do bhéinn i n-a chionn ag
iomchur lasda éagsamhla ó iarthar Éireann go Libhear-
poll, agus neidhthe de dhéantúsaibh Sasana do thabhairt
ar ais go dtí na portaibh 'san iarthar. Cor uair
bhéadh lasd préataí liom agus cor uair lasd éisg,
agus cor uair lasd cealpa nó rud ar bith theasd-
óchadh ó cheannuidhthibh i Libhearpoll ó iarthar Éireann,
agus bhéinn 'sa' bhaile go minic chomh fad is bhéadh
ualach an bháid dá bhailiughadh. Casadh Meadhbha Ní
Dhomhnaill orm go minic, go háirithe ag an Aifrionn
Dia Domhnaigh. Chuir mé spraic uirri anois & arís, &
d'fhreagair sí mé go múinte i gcomhnuidhe. Bhí daoine
a raidht go raibh mé féin in mo bhuachaill chumasach an
uair sin, & chonnacas damh ná chuir Meadhbha neamh-
shuim ionnam. Fuair mé faill labhairt léithe lá amháin
i n-a siopa féin. Bhí Seaghán Mór ar siubhal ar aonach
an lá sin, & chuir mé i n-iúl dí an cion a bhí agam dí &,
go mbadh ríogh-mhaith liom í pósadh, dá mbéadh sise
sásta. Chár chuir sí im' aghaidh, & bhí sí geanamhail go
leór damh; acht dubhairt sí nach bpósfadh sí go bráthach
i n-aimhdheóin a hathar, &, dar léithe, nach réidhteóchadh a
hathair liom. Bhí an bharramhail chéadna agam-sa, mar
bhí a fhios agam go maith nach raibh báidh ar bith ag
Seaghán Mór dam. Chá raibh mé creideamhnach go léor,
dar leis, do réir dúthchasa; & bhí an ghairm amuich orm
go raibh mé 'mo “Fheinian,” & ní lugha le Seaghán sioc
Samhraidh 'ná méirleach de'n chreideamh sin. Dio-
maoidhte de sin, ní raibh me ró-chiallmhar dólamh, agus
d'ólas bolgam anois & arís. Fuair na piléirí greim
orm feacht nó dó, &, siúd a's nach raibh mé acht ar bhog-
mheisge, chuir siad i ngeibhionn mé, & mhionnuigh go raibh
mé ar na stealltrachaibh ar meisge. Bhí droch-rún ag
na piléirí damh, mar bhí fhios aca nach raibh agam acht
táir & tarcuisne orra-san agus ar a maighistribh chomh
maith leó féin.



Ar a shon seo & uilig, chuaidh mé isteach go dána go
dtí Seaghán Mór i n-a thigh féin ar an óirthear i n-a
dhiaidh sin, agus d'iarr mé a inghean air mar mhnaoi.
D'éirigh sé ar na daoraibh ar buile liom.



“Orra, go bhfóiridh Dia orainn!” ar seisean. “An
tusa atá ag cur tú féin i gcoimh-mheas lem' inghin? Is
suarach liom ciaróga ag bruimniughadh,” ar sé (cha
raibh barraidheacht múinte ar Sheaghán — bhí sé garbh);
“an fear de phór Fheidhlimidh na Súl Dearg atá ag
iarraidh cleamhnas orm-sa! Tóg ort, agus stiúr do
thubán báid go gnóthóchaidh tú oiread is chuirfeas
culaith úr ort, & ná buaidhir mise ná m'inghean níos
mó.”



Anois b'é an rud badh cheart damh-sa a dhéanamh an
uair sin éisteacht a thabhairt do'n tsean-duine go
socróchadh sé arís, agus mo chúis a mhíniughadh do ní
b'fhearr; acht bhris m'fhoighid orm ar fad, & steall mé
na heasgaine air, agus thrácht mé ar Aindreas na
mBratóg, gearr-shinser do bhí aige féin, nach raibh
ró-chreideamhnach i n-a lá-san. Leig Seaghán beic as,
agus thóg sé cathaoir ós a chionn le mo bhualadh léithe;
&, ar eagla go ndéanfainn féin dochar eighinteach dó,
d'fhág mé an teach & mé ar buile.



Chá deachaidh mé ar ais, agu chár labhair mé le Meadhbha
acht a hoiread, mar bhí tuairim agam nár thaithn an
méid adubhairt mé le n-a hathair léithe. Bhí mé ar
siubhal ar an bhfairrge go cionn bliadhna, agus chualas
iomrádh anois a's arís go raibh bodach gráisiúra ó'n
taoibh badh dheas de'n chonntae ag brath ar Mheadhbha
Ní Dhomhnaill. Domhnall Ua Gallchobhair b'ainm dó, &
bhí sé 'n-a Iúistís 'sa' Péas & i n-a bhodach an-shaidhbhir,
mar bhí an-chuid thalaimh & eallaigh aige. Bodach ain-
eólach ainbhfiosach do bhí ann, gur dheacair dó a ainm
féin do chur le páipéar i gceart, & bhí sé 'n-a sheóinín
ní ba mheasa 'ná Seaghán Mór Ó Domhnaill féin. Bhíodh
sé ar cuairt i dtigh Sheagháin go minic, & bhí an-urraim
ag Seaghán roimhe; acht bhí an t-iomrádh amuich nár
thaithn sé acht go measardha le Meadhbha. Ghríosuigh
mo cháirde féin mé dul ar ais, & labhairt le Meadhbha;
acht bhí an bhróid agus an mórchúis ag buaint liom go
mairim, & níor mhaith liom umhlughadh do Sheaghán Mhór.



Is um an am sin bhí turas ar cois i mBaile na
hAitinne. Bhí mo bháirc-se istigh i bPort Uí Ghuidhir, &
bhí mé ar tír. Bhí mórthaí an tsaoghail ag triall go
dtí an turas; agus, mar nach raibh mo chogubhas ro-
shocraighthe agam féin (bhí sé seal fada ó bhí mé ag an
tsagart), chinn mé ar chomhairle liom féin dul go dtí an


L. 643


turas & glanadh amach a dhéanamh. Casadh orm beirt
nó triúr de bhuachaillí an bhaile. D'fhostuigh mé carr
seólta, & thiomáineamar linn go dtí Baile na hAitinne.



B'í sin an Aoine, & d'fhanamar ag an turas go dtí
an Domhnach. Chuadhamar ar aghaidh go dtí sagart,
rinneamar ár bhfaoisdin, fuair absolóid, & gabhamar
Comaoin ag Aifrionn an Domhnaigh. Bí críochnughadh
an turais le bheith ann an tráthnóna sin, & d'fhuruigh
sinn le bheith i láthair ag an gcríochnughadh. Bhí Seaghán
Mór Ó Domhnaill & a bheirt ingeana ag an turas ar
feadh na seachtmhaine, &, fairíor! bhí an Gráisiúr Mór i
éinfheacht leó, 'n-a chomhnuidhe 'san tigh ósda céadna, &
amach is isteach le Seaghán. Bhí na cailíní le n-a gcois
i gcomhnuidhe, acht amháin nuair a chuaidh siad ag déan-
amh crábhaidh 'san Eaglais. Ní mór an áit suiridhe í ar
sgor ar bith, & chár chuir mise forrán ar cheachtar aca.



Amuich ar thaoibh chnoic ar críochnuigheadh an turas.
Tráthnóna breagh Samhraidh do bhí ann, gan smid
gaoithe le na coinnle do mhúchadh, agus ba ghlórach an
radharc é, dar liom-sa, nuair bhí na mílte coinnle ar
lasadh 'san eadar-sholas, & na daoine ar a nglúnaibh,
ag tabhairt móide uatha i n-aghaidh peacaighthe an ath-
uair, & an sagart onórach ag guidhe ar a son. 'Sé an
rud a tháinig im m'aigne féin na haimsearaibh leath-
tromacha úd, nuair b'éigin d'ár sinnsearaibh bheith
amuich ar mhaolán sléibhe ag adhrughadh ins na Laethibh
Pianamhlacha; &, dar liom, gur bh'iad sin féin na laethe
in a raibh an creideamh go teann i nÉirinn, nuair a bhí
na daoine go léir — idir cléirchibh & tuathaibh — ar íribh i
n-a gcuid crábhaidh, & gan cuir-i-gcéill nó mórchúis nó
seóiníneacht ag buaint leó.



Bhí an oidhche ann nuair a bhí an turas críochnuighthe, &
ghleásamar orainn le dul a bhaile. Bhí ceithre carra
le dul go baile s'againne, & d'imthigheamar i n-éin-
fheacht. Bhí an oidhche an-dhorcha, siúd is go raibh an
aimsir chomh breagh sin; agus bhí ocht míle slighe againn
le siubhal ar bhealach an-chontabharthach. Mar sin féin,
níor buaineadh bac nó tuisle asainn go ndeachamar
leath an bhealaigh. Bhíomar ag imtheacht le fánaidh an
chnuic an uair sin. Bhí na capaill ar sodar, acht ní
raibh siad ag imtheacht go ró-ghasda, mar bhí fhios ag na
tiomáinidhthibh go raibh an bealach cumhang contráilte &
gan claidhe ar éan-taoibh dé ar fiú biorán iad. Bhí
carr Sheagháin Mhóir ar an dara carr díobh, & capall
breagh gasta gorm faoi. Bhí tiomáinidhe leó, agus bhí
Seaghán & an Gráisiúr Mór ar leath-taoibh de'n charr &
an beirt chailín ar an taoibh eile. Bhí carr s'againne
ar deireadh, mar ba dhual do charr fostuighthe imeasg
na mbodach.



Sin réim ár n-imtheachta nuair stad an capall
tosaigh go hobann. Ní'l fhios agam an amhlaidh do
sgéin sé le rud éigin d'fheicsin dó, nó an rud éigin
chuaidh ar cearr le n-a chuid ughama; acht, cibé ar bith
mar bhí an sgéal, stad sé.



Chosg sin capall Sheaghain Mhóir, &, mar bá chapall
breagh spuncach é, níor thaithn sin leis. Thoisigh sé ag
priomsáil ar an bhóthar & thug iarraidhe le tiontughadh
ar ais. Acht bhí an bealach ró-chumhang, agus chuaidh a
chosa tosaigh amach ar chiumhais ar bhóthair a bhí bog, &
chuaidh a chosa síos beagán 'san mhóin. Ghabh sgannradh
é, d'éirigh sé i n-áirde, &, le haon bhaothléim, ghlan sé
an chlaidhe & an charr & na daoine do bhí air leis. Badh
chóir damh a rádh annso nach bhfaca duine ar bith an rud
a bhí ag dul ar aghaidh, acht gur chualamar an bhreilsge
& na mná 'a sgreadadh, & b'é an darna rud ar chuala-
mar pléasg mór taobh thíos dínn ins a' dorchadas, mar
thug an capall fogha isteach i bpoll uisge nó i lochán
do bhí ann.



Bhíomar chomh sgannraighthe sin le hobanntacht agus
uathbhás na tubaiste úd nár labhair aon duine & nár
bhog aon duine ar feadh tamaill. Sílim gur mise
is luaithe fuair mo chiall ar ais. Tháinig buille meamh-
rach in m'aigne nár b'fhéidir dadaidh do-ghéanamh 'san
dorchadas, & 'san boimite céadna cuimhnigh mé ar an
choinneal coisreachta do bhí in mo phóca liom. Thar-
raing mé amach í, bhuail mé lasóg, & las mé an choin-
neal. Ar bhfeicsin sin dóibh, tharraing na buachaillí
eile amach a gcuid coinneal & lasadh go léir iad, & ba
bhreagh an solus do rinne siad.



B'é seo na néithe do chonncamar tráth bhí an solus
againn. Bhí Seaghán Mór & an Ghráisiúr i n-a luighe ar
mhullach a chéile 'sa díog, óir teilgeadh iad ó'n gcarr
nuair sgein an beitheadhach tar an chlaidhe. Giota maith
taobh thíos dínn bhí an capall & an carr & an dá chailín
'sa' pholl. Níor leagadh an carr & níor teilgeadh na
cailíní, acht b'é thárla gur rith an capall le fánaidh an
chnuic go ndeachaidh isteach i sgraith lingthe ar chiumhais
an locháin. Chuaidh a cheithre chosa síos thríd an sgraith,
& fáisgeadh annsin é i riocht nár bh'fhéidir dó bogadh;
& bhí sé 'n-a luighe ann sin go socar suaimhneach gan
speach as. Is dóighthe go dtáinig mearbhall ar na
cailínibh leis an sgannradh agus an sgeóin, agus
bhíodar i n-a suidhe ar an gcarr go socar suaimhneach
fosda. Anois bhéadh an sgéal maith go léor, acht go
raibh an sgraith lingthe ag ísliughadh le troimeas an
ualaigh, bhí uirrí, agus bhí uisge an locháin ag teacht
isteach timcheall an charra agus ag bagairt an beith-
eadhach agus na cailíní do bháthadh. Nuair chonnaic
mise an chontabhairt in a rabhadar, geallaim daoibh
nár bh'fhada nó salach damh go raibh mé ag an gcarr,
gur rug mé ar Mheadhbha, & gur árduigh mé liom í go
dtí an talamh daingean. Thug mé iarraidhe eile go
dtí an carr, & bhí Máire, an cailín do b'óige, liom an
uair sin ar mo mhuin gur fhág mé i n-aice Mheadhbha í.
Bhí na buachaillí fá dtaoibh díom anois, & ghearramar
an ugham agus rug an carr linn as an pholl. Chá raibh
dadaigh istigh anois acht an capall, & bhí sé fá uisge
acht amháin a cheann, & an t-uisge ag druidim isteach
timchioll air i gcomhnuidhe. Bhí Seaghán Mór i n-ár
measg anois, & d'iarr sé orainn gan buaint leis an
gcapall, acht a fhagbháil annsin, óir gur fearr capall
a chailleadh dá bhreagha é 'ná sinne do bháthadh. Ba
thruagh liomsa an chapall breagh sin d'fhagbháil 'sa' pholl
& sgairt mé ar aghaidh ar Eoghan Ua Searcaidhe gur
sheasaimh duine againn ar thaoibh fá leith do'n bheith-
eadhach, agus ghearr mise an tsrian dé. D'innis mé
d'Eoghan an rud a bhí do dhíth ar a dhéanamh. Thum mé
mo cheann faoi'n uisge, agus dhing mé bun an sriana


L. 644


isteach faoi ucht an chapaill. Thum Eoghan a cheann
faoi'n uisge ar an dtaobh eile, gur tharraing an
tsrian amach ar an dtaoibh sin. Fuaramar na srianta
eile, cheangail sinn na srianta le chéile, & i gcionn
cúig boimite bhí an capall i ndul daingean againn.
Chuaidh na buachaillí go léir i gcionn na srian. Ba
bhuachaillí leice láidre iad, & roimh i bhfad bhí an capall
amuich ar an léana againn, & gan a ghach ar cearr leis
acht go raibh dath dubh air i n-ionad gorm. Bhí áthas an
tsaoghail ar Sheaghán, acht chá raibh sé sásta leis an
nGráisiúr. Nuair tháinig an Gráisiúr amach as an
díog i n-éanfheacht le Seaghán, bhí sé chomh sgannraighthe
sin, siúd is nac raibh sé gortuighthe ar chor ar bith, acht
amháin go raibh sé fliuch salach, gur shuidh sé síos ar an
gclaidhe, agus chár bhog as sin acht a hoiread le stoc
giúmhaise go raibh an breilsge thart. Nuair chonnaic
Seaghán an chontabhairt in a raibh na cailíní sgairt sé
ar Dhomhnall, acht chár leig Domhnall air gur chuala sé
é, & is dóigh nár chuala. Níor bhog sé & níor thóg cos
go dtáinig muid ar ais chuige & an uile rud socruighthe
againn. Cheangail sinn na capalla ins na carraibh
arís, agus bhog linn go tigh Ghráinne Mhóir .i. teach
tabhairne a bhí romhainn. Chuadhamar isteach ann sin. Bhí
Domhnall ag teacht chuige féin aris, &, mar bhí a' mí-ádh
air, thoisigh sé ag déanamh luathastair & giodal le
Seaghán.



“Nach ádhmháil,” ar seisean “gur shábháil muid iad
uilig, an capall chomh maith le na cailínibh.”



Bhris an fhoighid ar Sheaghán.



“A chladhaire,” ar sé, “chár shábháil tusa mórán aca.
Nuair a bhí mo ingheana bochta i gcontabhairt bátha, chá
ndearn tú acht suidhe ar do thóin & stuaic ort amhail
sean-chailleach. Bog leat as m'amharc, & ná feicim
choidhche arís thú, nó bheirim mionna an leabhair má
fheicim go gcuirfidh mé piléir thríd do chorp
ghranda.”



D'éirigh na cnapa ar an nGráisiúr. Bhuain sé an
dorus amach, & chán fhacamar ní ba mhó é.



D'ólamar gloine i dtigh Ghráinne. Ní olc an tár-
tháil dúinn é, óir bhíomar fliuch salach, & ghluaiseamar
linn 'na bhaile. Chuadhamar féin & na buachaillí a bhí in
éanfheacht liom go bfacamar Seaghán Mór agus a
ingheana 'sa bhaile. Bhíomar ar tí ceileabhra leo, nuair
rug Seaghán greim brollaigh orm féin.



“Chán fhuigfidh tú an tsráid seo anocht,” ar
seisean, “go mbéidh focal cainte agam-sa leat,” &
streachaill sé isteach 'un tighe mé.



Nuair bhíomar linn féin, sgaoil sé díom.



“A Chonchobhair Uí Bhuighill,” ar sé, “tá géar-
chuimhne agam-sa, agus is dóigh liom go bhfuil agat-sa,
fosda, ar an uair dheirionnach do bhí tú 'san tigh seo.
Tá cuimhne agam ar an droich-íde thug mé dhuit, & gur
dhíbir mé as an tigh thú. Tá an-bhrón agus dearg-náire
orm um an nídh sin anois & bhí go minic ó shoin. Iar-
raim maitheamhnas ort ó mo chroidhe amach. Is tusa
d'fhuasgáil m'ingheana anocht ó chontabhairt bháis —”



“Ná habhair sin, a dhuine. Bhí na buachaillí uilig
ann —”



“Deirim leat gur tusa amháin d'fhuasgail m'in-
gheana, & is tusa thug stiúradh agus uchtach do na
buachaillibh eile — agus ní'l mé dá lochtadh iad-san : is
breagh fearamhail na buachaillí iad — leis an gcapall
féin d'fhuasgailt. Chán i n-aisge d'fhoghluim tú céard
na luinge. Ta an chlisteacht leat. Tá cuimhne agam,
mur bhfuil agat-sa, ar an ghnó a bhí agat liom an
oidhche úd anuraidh. B'fhéidir gur athruigh d'aigne ar
an gceist ó shoin. Má d'athruigh, ná bíodh focal eile
fá dtaoibh dé, acht tabhair maitheamhnas damh ar an
droch-úsáid thug mé dhuit, & béimíd i n-ár gcáirdibh
araon. Acht má's rud é go bhfuil fonn ort fós mo
inghean-sa a phósadh, ní chuirfidh mise bac nó barradh,
staon nó stad ort, & bhéaraidh mé mo bheannacht daoibh
araoin — 'sé sin, má tá Meadhbha bhocht toileamhail.”



Bhí Seaghán Mór corraighthe go mór, & thuit na deora
go fras anuas leis. Rug mé greim láimhe air, & thug
mé míle buidheachas dó. Chár imthigh mé ó'n tigh an
oidhche sin. Chuaidh mé in mo luinge tamall, acht chár
chodluigh mé néal agus bhí mé ar mo chois go luath ar
maidin. Mhothuigh mé Mheadhbha 'sa' gharrdha léithe féin,
agus chuaidh mé i n-a haircis. Ní'l mé ar tí innsint
daoibh goidé dubhairt mé léithe nó goidé dubhairt sise
liom; acht snaidhmeadh an cleamhnas an lá sin, agus
pósadh sinn i gcionn coichthighise i n-a dhiaidh. Rinne
Seaghán Mór a dhíthcheall orm an fhairrge a thabhairt
suas & fuireacht leisean & a dhul i bhfeidhil an tsiopa;
acht bhí sean-dáimh agam do'n uisge & táim ag stiúradh
mo bháirc go fóill. D'fhan Meadhbha le n-a hathair, acht
amháin cor-uair tugann sí cúrsa liom-sa. Caithim-se
gearr-chuid dem' shaoghal i dtigh m'athar-chéile, & tá
fáilte & fiche romhaim dólamh.



Thug Seaghán suas a sheóiníneacht go mór. Sgar na
daoine uaisle — 'sé sin, na seóiníní — uaidh ó rug mise
fúm ann, agus cuireann sé teas in mo chroidhe nuair
a bhíom i n-a bhfochair & é i n-a shuidhe cois na teineadh ag
spreagadh na Gaedhilge liom, & an dream óg thart
thimchioll orainn & cluasa chomh fada le hasal orra ag
éisteacht linn. Ní baoghal ná go mbéidh spiorad na
nGaedheal ionnta, agus go ngabhfaidh siad a bpáirt i
n-obair ar bith a bhéas rompa ar son tíre & teagan.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services