Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aistear Lae

Title
Aistear Lae
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aistear Lae



“Tá sé chomh maith dham dul go dtí an Mhainistir
indiu,” arsa mise liom féin, maidin bhreagh ghréine
tá tamall ó shoin ann. “B'éidir go bhfeicfinn
Pádraig Mac Suibhne, agus níor bh'fhearr liom mar
chaithfinn an lá 'ná 'n-a theannta siúd.”



'Seadh, do ghléasas an rothar agus thiomáineas liom.
Ní raibh an brothal ró-dhian ar fad, & bhí an ghaoth anoir
im' choinnibh. Ag dul síos Áth na Brice dham, do
shleamhnuigh an slabhradh de'n roithín tosaigh & siúd an
rothar i n-ainm Chruim Dhuibh le fánaidh. Ní raibh éin-
ghléas choiscthe agam, agus scaoileas an rothar chum
siubhail. Do rugas greim daingean ar na cluasaibh
air, &, ós capall í nár theip orm riamh i n-am ghábha,
do thángamar slán, moladh le Dia. Acht ar éan-chuma
bhí triúir nó ceathrar fear, saoir chloiche is eile, ag
deisiughadh an droichidín thíos ag bun an chnuic. D'aith-
nigheas duine aca.



“Dia dhuit, a Sheagháin,” arsa mise.



“A bhligeárd na croiche —”



Níor airigheas a thuilleadh, mar bhí ag imtheacht ró-
mhear. Is dócha gur bhaineas geit asta go léir. Bhí
an cnoc romham 'n-a dhiaidh sin, &, chomh luath & stad an
rothar, do thúirliceas & shiubhluigheas chugham é, agus
dhineas é dheisiughadh chomh maith & do b'éidir liom.



An Cnoc Buidhe is ainm do'n áit seo, & is ann do
bhíodh Mícheál Óg Ó Longáin, file & scríbhneóir, 'n-a
chomhnuidhe. Ní'l éin-phioc dá thigh ann anois, acht tá a
fhios againn go maith cá raibh sé. Tá lúb ins an
mbóthar mar a raibh an tigh, & crainn ar leath-taoibh
dhe. Ní ró-fhada ó shoin ó leagadh an sean-bhothán a bhí
ann. Foríor! an té gur leis an áit, níor shíl sé go
mbéadh éinne choidhche ag teacht ag féachaint i ndiaidh
an tighe nó ag fiafruighe cá raibh sé. Is iomdha lá &
oidhche do chaith Mícheál Óg ag scríobhadh istigh 'san
mbothán ceann-tuighe do bhí 'n-a sheasamh imeasc na
gcrann 'san gcúinne chlúthmhair seo ar chliathán an
Chnuic Bhuidhe. Do bhuaileas isteach chum an áit d'fheic-
sint. Tá claidhe nuadh tógtha ag na Bhandalaigh ar
thaobh an bhóthair. Ní shásoghadh leagadh an tighe iad gan
an claidhe nuadh so thógaint agus ithir do dhéanamh de
mhacha agus d'iothlainn Mhichíl Óg. Nach gann do bhí an
talamh aca! Nach mór d'oir dóibh an cúinne seo do
dheisiughadh, mar dh' eadh! Is deacair do dhuine foidhne
bheith aige le n-a leithéidibh seo. Ní héan-chabhair
dúinn bheith ag gearán anois, ámh.



Tháinig amach ar an mbóthar arís, mo cheann lán de
smaointibh bróin; ualach éigint anuas ar mo chroidhe;
do chuadhas i n-áirde, & thiomáineas liom síos go dtí
Tobairín Maighir. Tá crosaire annso agus ceárdcha.
Bhí garsún 'n-a sheasamh ar thaobh an bhóthair le hais na
ceardchan.



“Dia is Muire dhuit,” arsa mise.



“Any chance o' yer washin'?” ar seisean go
luaith-bhéalach.



Sin sompla dhíbh, a mhuinntir na Gaedhilge — sompla
oireamhnach de gharsúin na haimsire seo. Sin é an
sórt do-ghéibhmíd as ár scolaibh náisiúnta agus as ár
dtaithighe ar theangaidh iasachta. Tá a leithéid an-choit-
cheannta i n-ár measc — i bhfad níosa choitcheannta 'ná
mar is dóigh linn, b'éidir. Do réir mar bhéidh sé ag
dul i n-aois, beidh breis Bhéarla ghalánta (?), & breis
luaith-bhéalachta, & breis eas-onóra do stróinséiribh ag
teacht chuige. Ní dhéanfadh sé siúd rud ar a athair ná
ar a mháthair. I gcionn beagán bliadhan eile nuair
bheidh sé éirighthe suas, baileoghaidh sé leis thar sáile;
annsoin an dóigh le héinne gurab é a leas do dhéan-
faidh? Go bhfóiridh Dia orainn! Go saoraidh Dia
aos óg na hÉireann ar an scoluidheacht agus ar an
tabhairt suas do-gheibhid fé láthair.



'Seadh soir liom go dtí an Céim. Tá atharrughadh
mór tagtha ar an gCéim agus ar an gceanntar 'n-a
thimcheall. Ceanntar áluinn is eadh é, gan amhras;
cnocán is gleannta ann; an Bhrighid ag teacht tríd
go glórach leathan; coillte ar gach taobh dhí; muil-
eannn chum páipéir do dhéanamh ar leath-taoibh de'n
abhainn; agus foithin ó'n ngaoith ann ó'n Nodlaig go
chéile. Mar sin do bhíodh an áit tamall ó shoin; acht
anois creamery is eadh an muileann, agus táid na
coillte dá leagadh. Do bhrisfeadh sé do chroidhe bheith
ag féachaint ar na crannaibh breaghtha díreacha caithte
ar thaobh an bhóthair ag fuireach leis na cartaibh chum
iad do thabhairt go Corcaigh. Ba chuma leat dá mbeadh
coill dá cur aca 'n-a n-ionad, acht an t-áitreabh go
léir dá lomadh & dá ghlanadh aca. Ní'l an iomarca
coillte againn cheana féin, & a rádh go leigfidhe do
sna bioránaigh iasachta so — Sasannaigh is eadh iad
cloisim — áit bhreagh ghleóidhte do loit mar sin.



Tháinig seirbhthin orm féin, pé scéal é; do bhuaileas
an bhóthar go mear & níor stadas go dtí gur shroiseas
an Mhainistir.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services