Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalta Thairis - An Cheard

Title
Sgéalta Thairis - An Cheard
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéalta Thairis



AN CHEARD



Déantar fáinní óir i nÉirinn ó am go ham, & is
iomdha cuma a bhíos orra. Tá cineál ann a mbíonn
dealbh dhá láimh air, & croidhe eatorra. Bhí Gearmánach
ag féachaint ar cheann aca so an lá cheana, & níor
thaithnigh leis chomh maith & bhí méaracha na lámh déanta.
Dubhairt sé nach raibh na hingne ná na stríocanna
beaga atá trasna ar dhruim na méar, ar an dealbh
i n-éan chor, & nach mbéadh meas ar bith ina thír féin ar
obair nach mbéadh deilbhthe níos fearr ná sin. B'fhéidir
go bhfuil ann-san na méaracha, & na hingne a dhéanamh
go ceart. Níl amhras nach maith na fir iad na Gear-
mánaigh le obair mar sin a dhéanamh, acht más maith ní
gan adhbhar é — fuaradar teasgasg chuige. Ní hé sin
d'fhearaibh oibre na hÉireann, ní bhfuaradar-san
teagasg ná oideachas chuige, & tá a shliocht orra, níl
siad chomh cliste ina lán neithe leis an eachtrannach.



COMHAIRLE



Is maith atá fhios ag na heasbuig an díoghbháil a
ghníthear do'n tír na daoine imtheacht aisti. Bhí
cruinninghadh ag Comhairle Seasta na nEasbog le
goirid, & chuireadar i n-iúl go raibh ceathramhadh mil-
liún duine imthighthe as an tír le deich mbliadhna.
Dubhairt siad go raibh sé riachtanach orra moladh do
na daoinibh gan a bheith ag imtheacht as a dtír féin
inar chuir Dia iad, & inar chuir Sé a ndóthain le n-a
gcothughadh, dá luighidís le n-a shaothrughadh. Fá láthair
is mó atá thar lear ná fhéadas obair fhagháil ann, &
níl teóra le dailleacht na bhfear & na mban a
imthigheas anonn go 'Meiriocá, & a chaitheas iad féin
ar seachrán imeasg na mbailte móra annsin.



Deir na hEasbuig gur mór an sásadh leo an iarracht
atá Bórd na gCeanntar a dhéanamh an talamh cimin a
bhriseadh suas, & talamh cuir a dhéanamh dhe, i gcruth is
go mbéidh na feirmeóirí beaga i n-ann fairsneacht
bheag a bheith aca, & slighe bheathadh bheith aca níos fearr
ná mar bhí roimhe sin.



Badh mhaith leo fósda go gcuirfidhe tighthe ar bun ina
ndéanfaidhe éadach & earraidh na hÉireann. Badh
mhór an chabhair a leithéid sin le daoine a shuaimhniughadh,
& misneach a thabhairt dóibh.



BIORÁIN AGUS AIRGEAD



Bhí fear i Meiriocá cúig nó sé bhliadhnta ó shoin, &
dubhairt sé leis féin dá mb'fhéidir dhó oibriughadh i
n-aisge go ceann bliadhna lena ghnó, go mb'fhéidir
leis a shaidhbhreas a dhéanamh ina dhiaidh sin leis an
ngnó céadna. Mhínigh sé an cás leis féin mar so:
“Tá mise ag díol & ag déanamh bioráin anois le
fada, & taréis mo shaoghail nach beag dhá bhárr atá
agam? Bhínn ag baint sulamar éigin as nuair nach
raibh an oiread daoine ag pléidh leis an ngnó & tá
anois. Caithfidh mé iad do chur as an mbealach arís, &
béidh an trácht ar fad orm féin as sin amach.”



D'imthigh leis go dtí beirt eile bhí sa ngnó céadna
'na raibh sé féin. Dubhairt sé leis an gcéad fhear:



“Tá sgéal nuaidh agam dhuit. Tar, thú féin &
Siúnach Phreabach, isteach i gcuideachta liom 'sa ngnó,
& bánoghmuid a bhfuil sa mbaile ag déanamh bioráin.”



D'fhéach an fear eile suas insan éadan air go
hiongantach.



“Agus bainfidh sinn féin saidhbhreas as,” adeir sé.



“Abair leat,” arsan fear eile.



“Déanfamaoid na bioráin & díolfamaoid iad níos
saoire 'ná an mhuinntir eile. Caithfear airgead a
chailleadh leis, acht ní dhíolfaidh éinne sa mbaile
biorán chomh fada is tá bioráin le fagháil uainne i
n-aisge is beag nach.”



“Tuigim thú,” adeir mac Labhrais Fheicín. Sgram-
aire mór fir a bhí ann, & é chomh láidir le tarbh.



“Tuigim thú,” adeir sé, “& 'sé mo mheas go
mbéidh mé leat, má thigeann Siúnach linn.”



Bá hé an cás é, chuaidh an triúr aca i gcuideachta a
chéile, bhí milliún go leith punnta aca i n-éinfheacht, &
chaitheadar dhá chuid de, nó gur bhriseadar na cean-
naidhthe biorán eile i n-imtheacht trí ráithe, iad-san ag
díol na mbioráin i n-ionnann is i n-aisge, & gan na
ceannuidhthe bochta eile ag sgaradh le ceann dá raibh
aca féin.



Nuair bhí an trácht & an glaodhach go léir tar-
rainghthe orra féin ag an triúr i gcruth is nach raibh
éinneach acht iad féin leis an ngnó, thosnuigheadar ag
árdughadh luach na mbiorán nó go rabhadar fá dheireadh
níos daoire fá dhó 'ná bhíodar riamh roimhe.



Fá cheann sé bliadhna 'na dhiaidh sin ní raibh cuimse
ar bith lena raibh d'airgead déanta aca. Sgar a
gcuid oibre go fíor leathan, & bhí a gcáil ar fhuaid
an domhain.



“MUIRGHÉIS”



Is fada féadhm le cheol úr Ghaedhealach againn, &
is fada sinne ag agairt ar an lucht-siansa gan ár
gcosg air níos fuide, acht, Éire bheith orainn! nuair
tháinig sé i ndeireadh na dálach, cad é an sgéal chluin-
imid acht nach bhfuil an uain cheart againn go fóill.
Bíodh sin mar atá sé, acht gabhadh giotaí tóghtha as


L. 145


“Muirghéis” os comhair an tsluagh i mBaile Átha
Cliath tá corraidh & seachtmhain ó shoin ann. Ní'l fhios
againn cad é ba bhun leis, acht is beag an chomplacht
do bhí láithreach. Cibé an sgéal, ní suarach mar bhí ag
an Bhuitléarach, an fear do cheap an ceol, le haghaidh
an deasgáin daoine do bhí ann, & dar ndóigh gur
breágh an éisteacht fuair sé. Bhí cuid de gan mórán
súghtán, cionn gan stuaim an Bhuitléaraigh do bheith
ann, acht an chuid is mó de, bhí a shleacht féin air, & bhí
“Ceol Sidhe,” “Ceol an Phosaidh”, & “Leanbh mo
Chroidhe,” go h-éag leis an áille. Tá cromtha ar an
obair fa dheireadh & fa dheóigh, &, cibé olc maith an
tosughadh, tuilleann sé a éisdeacht & a cheart a
fhaghbháil. Tá súil againn go gcuirfear an gnó ar
fad os ár gcomhair sula dtí go mbéidh an samhradh
thart.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services