Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Túirne Olna

Title
An Túirne Olna
Author(s)
An Múirneach Buadhach,
Pen Name
An Múirneach Buadhach
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Túirne Olna



AISDE I nGAEDHILG AR
“Olann-thiusgal na hÉireann, & an chuma is fearr chum a churtha
chum cinn.”



Is iongantach iad míorbhúilidhe & oibreacha an
Chruthuigheóra dá ndéanfadh duine machtnamh sa cheart
ortha. Féach ar gach ainmhídhe do chum Sé & do chuir Sé ar
an saoghal so; chídhfir go bhfuil buadh faoi leith ag gach
ceann aca, i gcómhair tairbhe & compórd an duine.
Sin é an t-aon do chruthaigh Sé gan sgáth ná clúdach ó'n
spéir. Mar sin féin ní raibh Dia chomh cruaidh sin air,
do thug sé meabhair & tuigsint & intleacht do; is thug
sé cumhacht do ar aimhmighthibh an domhain. Atá aon
ainimhidhe amháin neamh-dhíoghbhálach do réidhtigh ceasnaidhe
an duine, 'sas sí sin an chaora. Badh cheart dhúinn mór-
bhuidheachas & moladh do thabhairt do Dhia do bhronn a
leithéid de shúbhailce orainn. Ar an dtaobh eile is
ionghantach é intleacht & tuigsint an duine, de bhrígh
gur chum sé & do cheartaigh sé olann na caorach i
bhfoirm éadaigh do féin ó radharc na spéireach.



Ní indiu ná indé do ceapadh i nÉirinn é, atá an
ceárd sain ar siubhal ann le aimsir imchian, acht is soth
liom a rádh go bhfuil an cheárd sain ag dul chum deiridh
go mór nuair badh cheart di bheith ag dul ar aghaidh. Sé
an fáth é is dócha go gceapann muinntir na hÉireann
gur comhartha ísleachta & táire dhóibh bheith ag caitheamh
a ndéantús féin. Ba uabhairíghe go mór ár sinnsear
ná sinne, is ní raibh aon cheann faoi ná náire ortha a
lámh-dhéantús féin do chaitheamh. Ba chalma cródha
na fir do bhíodh gléasda i mbréidín cluthar “do dheineadh
na mná so tsliabh,” & i dtaobh na ngúnaidhe taimín ní
raibh aon teóra leó. [Sam]{San} am sain ní raibh tiúsgal na
hÉireann ar gcúl. Do bhí saothar dá dhéanamh leis
an gcárda, an sgáinne, & an túrann. Bhí compórd &
suaimhneas aigne aca, nídh nách iongnadh, nuair a bhí a
gcuid tiúsgail fútha féin. Badh bhreágh an rud bheith
ag éisteacht le fuaim an túrainn & díosgán na gcárdaí
& bean-an-tighe 'sa clann ag obair leo go saothrach, is
san am céadna iad ag canadh abhrán dóibh féin, mar
atá, “Dómhnaill na Gréine,” “Páidín Ua Raithbhearta,”
“Nóra Críonna” no saghas éigin don tsamhail sin. Ní
mar sin dóibh anois idir óg & aosda, is amhlaidh a bhíd
ná dríodar litridheacht Sasanna aca dá léigheadh, i
n-ionad bheith ag sníomh 'sa córda dhóibh féin.



Is fíor-bheag anois an obair láimh-dhéantús atá dá
dhéanamh i nÉirinn, san áit go raibh b'fhéidir fiche fíghead-
óir roimhe seo, ní geobhtha oiread & ceann aca ann
anois. Siad na muillte do dhísgidh iad gan amhras,
acht ní ar aghaidh do chuaidh olann-thiúsgal na hÉireann.
Ní féidir a rádh ná go ndeineann muillte na hÉireann
toghadh éadaigh do chumadh, acht cad é an mhaith é, an uair
ná cuireann na hÉireannaigh féin aon tsuim ann. Is
mó go mór an beann atá aca air mhuileann-dhéantús
Shasanna, pé rud a chuirfidh Seaghán anall go hÉire
gheóbhaidh sé ceannach air. Go deimhin is náire thar
meadhon do Éireannacha bheith ag díol éadach Gallda
mar dheadh, & dá bhualadh sias ar dhaoinibh, i bhfoirm & i
gcruth Gaedhealach.



An mbéidh aon mheas go deo ag muinntir na hÉireann
ortha féin, is fíor go bhfuil siad ag dul i ndonacht gach lá.
Más mian leó bheith na nÉirinneachaibh fíor-Ghaedhealach,
is leór dóibh meas & urraim a bheith aca ar a dtiúsgallaibh
féin ag baile. Sí an olann-thiúsgal an ceann is
furusda chur ar aghaidh i nÉirinn. Is earradh éadach
ná seasuigheann só-fhada, & uime sin ní mór a bheith dá
dhéanamh síorruidhe. Má thugamaoid aire cheart don
cheárd sain, béimíd san am chéadna ag déanamh sochar
dár dtír. Ní hiongnadh go bhfuil na mílte do mhuinntir
na hÉireann ag fágaint a cuanta gach bliadhain. Atá
sé riachtanach dóibh imtheacht nuair atá uireasbhaidh oibre
ortha ag baile. Acht dá gcuirfidhe tiúsgail ar bun
dob 'fhéidir obair do thabhairt do na deóraighthibh seo, &
do neartóchfaidhe Éire arís i ndaoinibh & i maoin, is do
bhéadh sí 'na Náisiún neamhspleadhach uair eile.



Más mian linn an olann-thiúsgal do chur ar aghaidh,
caithfimíd 'san chéad iarracht cinéal maith caorach do
choiméad, an chuid seo go háirithe do thugann an
olann fhóghanta uatha. Atá talamh na hÉireann
oireamhnach go leór ar chaoire do bheathughadh, acht
gan amhras ní réidhteochaidh droch-thalamh le caoire
foluigheachta. Is furusda an galar sain do leigheas,
óir atá caoire le fagháil atá oireamhnach do gach
talamh. Ní rud ró-ghlic ná ciallmhar daoine bheith ag
coiméad caorach go mbíonn siad ró-aosda. Is beag
an tairbhe caora ó aosuigheann sí cúig nó sé de
bhliadhnaibh, béidh sí ag meathlughadh as sain amach. Ní
bhíonn an bhírgh ná an tairbhe san fheóil mar badh cheart
di bheith, & níl aon amhras ná go mbíonn an olann ag
tréigeann leis. Sin dá shlíghe go gcailleann an
feirmeóir é, bíonn sé chum deiridh 'san bhfeóil & san
olann. Ní thugann muinntir na hÉireann leath a
ndóthain aire do'n chaora, níor mhór dóibh iad do
atharrughadh go mion & minic, mar nuair théidheann
siad san aois tagann meathlughad ortha. Atá an
chaora chomh tairbheach don nduine & atá an bó, mar a
mbéadh ní bhéadh faic aige le cur ar a dhrom. [Da]{Dá}
mbéadh sé na héaghmais bhí sé riachtanach air seithe
na bó do chaitheamh mar éadach, & annsain ní misde
“Seaghán an bhríste leathair” do ghlaodhach air dá
ríribh!



Atá aon rud amháin speisialta le déanamh ag
muinntir na hÉireann i dtaobh na holna, & atá sé
síos annso go soilléir. Nuair a bhíonn sí oireamhnach
ar a díol atá sé ceart aca féachaint amach go cruinn
& dul go dtí an siopa go bhfaghaidh siad déantús
Éireannach uirthe 'na hionad. Is gnáthach leo anois
an olann do mhalartughadh ar éadach, mar ó imthigh


L. 43


na sean-mhná atá an túrann ar an gcúllochta ag
dreóghadh dho féin leis na míola-críonna. Is sgan-
naileach an obair do Éireannachaibh bheith ag cabhrughadh
lé muileann-dhéantús Sheagháin Bhuidhe, & a fhios aca
go dian-mhaith go bhfuil siad san am chéadna ag
déanamh dochar & díoghbháil dá dtír & dá muinntir i
n-éinfheacht. 'Sé mar atá an sgéal feasda ag an
Sasannach & an Éireannach, 'ga bhfuil an Gaedheal
galldha san Gall Gaedhealach. Acht b'fhéidir go bhfuil
laethibh níos gile & níos séanmhaire i ndán do Éire fós,
níl an spioraid ná na tír-ghrádh múchta na muinntir
fós. Níl uatha acht iad do spreagadh suas aon uair
amháin eile. Is cóir a leithsgéal do ghabháil óir
ní raibh ionnta acht giollaidhe gan treóir. Ná cuiridís
suim feasda i ngnóthaibh an fhir thall, acht tugaidís
aire dá dtiúsgail féin ag baile, sas ro-ghairid gur
féidir leo a gcuid tiúsgail féin do leathnughadh ar
fuaid na tíre. Béidh obair go leor le déanamh
annsain cois baile, is ná gádh do Éireannaigh formad
a bheith aca le haon dream eile, & dá bhrígh sin eirgheó-
chaidh sliocht Éibhir arís i réim mar bhíodar insna
haimsearaibh sona chuaidh tharainn.



(Críoch)



“An Múirneach Buadhach”



(Ag seo thuas aisde do fuair an chéad duais ag Feis Chorcaigh
athrughadh anuraidh. Bhí an túirne isteach leis an aisde.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services