Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe

Title
Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe
Original Title
Manual of Religious Instruction
Author(s)
Paor, Pádraig, An tAthair,
Translator
Ó Cúrnáin, Tadhg, An tAthair
Composition Date
1923
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teóranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1MION-MHÍNIÚ AR AN
2dTEAGASG CRÍOSTAIDHE
3


L. ii


4

MION-MHÍNIÚ AR AN
5dTEAGASG CRÍOSTAIDHE
6


L. 3


7

RÉAMH-FHOCAL


8
9

Ní gadh éinídh a rádh mar gheall ar Manual an
10Athar Pádraig Paor. Tá an leabhar san i lámhaibh
11formhór mhúinteóirí an Teagaisg Críostaidhe ar
12fuaid na hÉireann, agus teist agus moladh air,
13ó easbogaibh, ó shagartaibh, agus ó mhúinteóiríbh.


14
15

Níl aon leabhar fós de'n tsórt san i nGaedhilg,
16cé go bhfuil gádh géar le n-a leithéid. Mar
17iarracht ar an sgéal san do leigheas 'seadh deineadh
18an t-aistriú so go Gaedhilg. I gcúpla áit tá
19deifir bheag idir an Béarla agus an Ghaedhilg, ach
20ní mór atá.


21
22

Na h-alta ná fuil aon chómhartha rómpa níor
23mhiste ar t-éolas atá le fághail ionnta do mhúineadh
24da sna páistíbh a bhíonn á n-ullmhú i gcómhair a
25gCéad Chomaoine. Ná h-alta go bhfuil aon
26réiltín amháin (*) mar chómhartha rómpa níor mhór
27do pháistíbh a bheadh ag dul Fé Láimh Easbuig an
28t-eolas atá ionnta do bheith aca. Na h-alta go
29bhfuil dhá réiltín (**) mar chómhartha rómpa táid
30oireamhnach do pháistíbh na ngrád is uachtaraighe in
31sna sgoileanaibh íochtaracha.
32


L. 5


33

MION-MHÍNIÚ AR AN
34DTEAGASG CRÍOSTAIDHE


35
36

CEACHT A hAON


37
38

*Is é Dia CRUTHUIGHTHEÓIR an domhain agus
39an uile nídh. Nuair adeirimíd gur CHRUTHAIGH
40Dia iad cuirimíd i gcéill gur dhein Sé iad as
41neamhnídh — gan bun-adhbhar a ndéanta do bheith
42ann roimh-ré. 'Sé Dia amháin fhéadann rud do
43chruthú. Tugtar CRÉATÚIR mar ainm ar gach
44nídh d'ár cruthaigheadh, bíodh an rud san 'n-a
45bheathaidh nú ná bíodh. Deir an Sgríbhinn Naomhtha
46gur cruthaigheadh an domhan agus an uile nídh fé
47cheann sé lá, ach b'fhéidir gur tréimhse fada gach
48lá aca san i n-ionad iad a bheith cheithre h-uaire
49fichead ar faid.


50
51

**Seo riarú oibre na sé lá:- I dtosach do
52cruthaigheadh Neamh agus Talamh.


53
54

AN CHÉAD LÁ dubhairt Dia "Bíodh solus ann"
55agus do bhí solus ann.


56
57

AN DARA LÁ do dhein Dia an fiormaiment
58nú an spéir.


59
60

AN TRÍOMHADH LÁ do dheighil Sé an Talamh
61Tirm agus an t-uisge ó n-a chéile agus do chuir
62Sé an uile shaghas plannda ag fás ar an dtalamh.


63
64

AN CEATHRAMHADH LÁ do chruthaigh Sé an
65ghrian agus an ghealach agus na réilteanna chun


L. 6


66

an lá agus an oidhche do riaghalú agus chun tráthana
67nú saesúir na bliadhna do riar.


68
69

AN CÚIGEADH LÁ do cruthaigheadh na h-éin
70agus na h-éisg.


71
72

AN SÉAMHADH LÁ do cruthaigheadh ainmhidhthe
73na talmhan idir bheag agus mór agus 'n-a ndiaidh
74go léir do cruthaigheadh An Duine.


75
76

*AN SEACHTMHADH LÁ do stad Dia ó obair.
77Ní le tuirse do stad Sé, mar nách féidir tuirse
78do theacht ar chómhacht gan teóra, ní lugha gur b'é
79brigh na bhfocal gur stad Dia ar fad d'aon obair
80a dhéanamh mar bíonn Dia i gcómhnuidhe gan stad
81gan staonadh ag cabhrú agus ag neartú le gach
82nídh d'ár chruthaigh Sé. Cialluigheann na focail
83nár chruthaigh Sé aon tsaghas nú cineál nua de
84chréatúiribh 'n-a dhiaidh san.


85
86

Níl ann ach aon Dia amháin "a thabharfaidh an
87Bheatha Shíoruidhe do sna deagh-dhaoinibh agus
88pianta síoruidhe Ifrinn do sna droch-dhaoinibh."
89'Siad na deagh-dhaoine na daoine fhaghann bás i
90ngrástaibh Dé — gan peaca marbhthach a bheith ar a
91n-anam, agus 'siad na droch-dhaoine na daoine
92faghann bás i bpeaca marbhthach.


93
94

Bíodh go bhfuil Dia ins gach uile áit — i n-aice
95linn, mór-dtimcheall orainn, agus ionainn istigh —
96ní féidir dúinn É fheicsint mar gur SPIORAID
97É. Spioraid a thugaimíd ar neach neamh-chorpartha
98go bhfuil CIALL AGUS TUIGSINT aige. Nuair
99a bhíonn rud NEAMH-CHORPARTHA bhíonn sé gan
100cholan, gan bhall beatha, agus ní féidir coda a
101dhéanamh de. Bíonn TUIGSINT ag an té fhéadan
102smaoineamh nú machtnamh a dhéanamh. Ní bhíonn
103lámha, ná cosa, ná ceann ar spioraid.


104
105

Is FÍOR-SPIORAID an spioraid ná fuil


L. 7


106

cóimhcheangailte le colainn agus nách dual do
107cóimhcheangal le colainn. Is fíor-spioraid Dia,
108is fíor-spioraid aingeal nú diabhal. Ní fíor-
109spioraid anam an duine mar gur dual dó corp.


110
111

Chíonn Dia an uile nídh — is cuma i bhfolach nú
112i bhfollus do'n tsaoghal é. Chíonn Sé na smaointe
113'bhíonn i bhfolach istigh i gcroidhe an duine chómh
114maith leis na gníomharthaibh a deintear ós cómhair
115an tsaoghail. Tá eólas Aige ar gach aon rud
116atá ag tuitim amach anois, gach ar thuit amach
117riamh, nú a thuitfidh amach go deó. Go deimhin
118i bhfiadhnuise Dé níl éinnídh imthighthe ná éinnídh le
119teacht; tá an uile nídh os A chómhair i n-aon
120neómat amháin síor-láithreach síoruidhe. Ní raibh
121aon tosnú ag Dia, agus ní bhéidh aon deire leis.
122Tugaimíd neach SÍORUIDHE ar an té atá gan
123túis, gan deire. Is léir gurab é Dia an t-éinne
124amháin atá síoruidhe, mar, bíodh ná béidh aon deire
125le h-anam an duine, ná leis na h-aingealaibh, bhí
126tosnú aca.


127
128

Ní h-amháin go bhfuil Dia síoruidhe, tá sé uile-
129chómhachtach leis. — Is féidir Leis an uile nídh do
130dhéanamh ach amháin nídh peacamhail. Dá mb'fhéidir
131le Dia aon droch-nídh, nú nídh mí-cheart, a dhéanamh
132ba chómhartha é go raibh locht éigin nú neamh-iom-
133láine éigin Ann, ach níl aon locht ná aon neamh-
134iomláine i nDia.


135
136

Tá dhá shaghas glóire ag dul do Dhia — GLÓIRE
137INMHEÁDHONACH agus GLÓIRE FHOIRIMEALLACH.
138Glóire inmheádhonach fhaghann Sé ó n-A iomláine
139dhiadha féin. Níor tháinig méadú ná atharú ar an
140nglóire sin nuair a chruthaigh Sé an domhan. 'Sí
141an ghlóire fhoirimeallach an ghlóire thugann créa-
142túirí do Dhia.
143


L. 8


144

CEACHT A DÓ


145
146

Is an é an duine an ceann is uaisle agus is
147iongantaighe d'á bhfuil de chréatúiríbh ar an dtalamh.
148Tá dhá chuid, nú dhá phríomh-adhbhar, sa duine — an
149t-anam agus an corp. Is é an corp an chuid
150de'n duine go bhfuil tiúghdas ann agus atá
151so-fheicsiona. Is é an t-anam an chuid spiora-
152dálta do-fheicsiona. Do dhein Dia an corp de
153chré na talmhan ach do dhein Sé an t-anam as
154neamh-nídh. Nuair a dhein Dia an duine do chuir
155Sé air, A dheilbh agus A chosmhalacht féin. Ní i
156gcorp an duine atá an cosmhalacht so le Dia,
157mar ná fuil aon chorp ag Dia. Connus tá an
158t-anam cosmhail le Dia? Tá i dhá shlighe: (1) Is
159spioraid an t-anam agus (2) tá sé do-mharbhtha.
160Do chonncamair cheana cad é an nídh spioraid.
161An rud atá do-mharbhtha ní féidir dó bás d'fhághail.
162Ní bhfaighidh Dia bás mar nách féidir Dó bás
163d'fhághail agus sa tslighe chéadna ní thiocfaidh an
164bás ar anam an duine go deó. Mairfidh ár
165n-anamacha i gcaitheamh na síoruidheachta — i n-aoibh-
166neas nách féidir a innsint nú i gcruadhtan nách
167féidir a áireamh.


168
169

Is chun na críche is áilne agus is aoibhne do
170chur orainn do chruthaigh Dia sinn. Do chuir Sé
171ar an saoghal sinn chun glóire 'thabhairt Dó agus
172chun Ríoghacht na bhFlaitheas do shealbhú mar luach
173ár saothair. Gheóbhaimíd seilbh sa ríoghacht naomhtha
174san ach an rud iarrann Dia orainn do dhéanamh
175agus grádh 'thabhairt Dó, agus na tabhairtaisí a


L. 9


176

bhronn Sé orainn ar an saoghal so a chur chun A
177sheirbhíse. Chun Dia a ghrádhú, agus A sheirbhís a
178dhéanamh, ní fuláir dúinn aithne a chur Air agus
179na fírinní a mhúin Sé dhúinn d'fhoghluim. Gheóbh-
180aimíd an t-eólas so ar Dhia, agus ar na fírinníbh
181a mhúin Sé dhúinn, go spesialta i gCré na nAsbol.
182


L. 10


183

CEACHT A TRÍ


184
185

*Tugtar CRÉ mar ainm ar chur-le-chéile
186aithgheárr de phríomh-airtiogalaíbh ár gCreidimh.
187Ainmnightear Cré na nAsbol ó sna hAsbolaibh,
188mar go bhfuil sí ag Críostaidhthibh gan puinn atharú
189ó aimsir na nAsbol anuas.


190
191

**I dteannta Chré na nAsbol deineann an
192Eaglais úsáid de thrí phríomh-chréibh eile — Cré
193Nicéá, Cré Shan Atanásius, agus Cré an Cheathr-
194mhadh Pius, Pápa. Do cuireadh Cré Nicéá le
195chéile sa bhliadhain 325 nuair a bhí Cómhairle
196Coitcheann ar siúbhal i gCathair Nicéá. Is uaidh
197sin a tugtar an t-ainm uirthe. Deirtear an Chré
198seo san Aifrionn, i ndiaidh an tSoisgéil, gach aon
199Domhnach sa mbliadhain agus laetheanta féile
200áirithe. Ba chun bréagnú a dhéanamh ar theagasg
201an eiricigh Árius do cuireadh an chré seo le chéile.


202
203

Dubhairt Árius nár Dhia i n-aon chor Íosa
204Críost, agus dá bhrigh sin deineann an Chré seo
205deimhniú dhúinn gur Dia É go fírinneach agus go
206bhfuil an tAthair agus an Mac comhshubstainteach.


207
208

**Tá cúpla focal i gCré Chonstantinóple ná
209fuil i gCré Nicéá. Sin a bhfuil de dheifirídheacht
210eatortha.


211
212

**Is sia CRÉ SHAN ATANÁSIUS ná Cré na
213nAsbol agus ná Cré Nicéá. Tugadh an t-ainm
214sin uirthe mar go ndeirtí gur b'é Naomh Atanásius
215do chuir le n-a chéile í, an ceathrmhadh céad tar
216éis ár dTighearna. 'Sa chré seo tugtar go cruinn
217agus go soiléir dhúinn teagasg na hEaglaise ar


L. 11


218

an dTríonóid Naomhtha agus ar Ioncholnú ár
219dTighearna. Léigheann na sagairt an chré seo
220uaireanta sa Phortús.


221
222

**Do cuireadh le chéile CRÉ AN CHEATHRMHADH
223PIUS, PÁPA, tar éis Chómhairle Choitcheann na
224Treidhnte sa bhliadhain 1563. Ní fuláir do gach
225éinne iompuigheann ó eiriceacht an chré seo d'aithiris
226sar a nglacfar leis san Eaglais Chaitilicidhe. Tá
227gach aon airtiogal d'á n-ainmnightear i gCré
228Nicéá innte, agus mar aon leó tá airtiogail
229áirithe a mínigheadh i gCómhairle na Treidhnte. Sa
230bhliadhain 1870 tar éis Chómhairle Choitcheann an
231Bhatican, do cuireadh cúpla airtiogal eile leis
232an gcré seo — airtiogail a bhaineann le príomhdhacht
233an Phápa agus le do-earráideacht nú do-mheall-
234tacht an Phápa. Sa bhliadhain 1910 do chuir an
235deicheamhadh Pius airtiogail áirithe eile léi
236ag bréagnú chuid de theagasg na h-aimsire
237seo.


238
239

*Tá dhá airtiogal déag i gCré na nAsbol
240mar atá:-


241
242

1. Creidim i nDia, an tAthair Uile-chómhachtach,
243Cruthuightheóir Neimhe agus Talmhan.


244
245

2. Agus i nÍosa Críost A Aon-Mhac san, ár
246dTighearna;


247
248

3. Do gabhadh ó'n Spioraid Naomh, do rugadh ó
249Mhuire óigh.


250
251

4. D'fhulaing páis fé Phointius Píoláit, do
252céasadh ar an gCrois; do fuair bás,
253agus do h-adhlacadh.


254
255

5. Do chuaidh síos go hIfrionn; d'eiseirigh an
256treas lá ó mharbhaíbh.
257


L. 12


258

6. Do chuaidh suas ar Neamh; atá 'n-a shuidhe
259ar dheas-láimh Dé, an tAthair Uile-
260chómhachtach.


261
262

7. As san tiocfaidh chun breitheamhantais do
263thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaíbh.


264
265

8. Creidim sa Spioraid Naomh;


266
267

9. Sa Naomh Eaglais Chaitilicidhe; i gComaoine
268na Naomh;


269
270

10. I maitheamhnachas na bpeacaí;


271
272

11. I nEiseirighe na colna;


273
274

12. Agus sa Bheatha Shíoruidhe.


275
276

Tá chúig fírinní sa Chré ar a dtugtar
277CINN-RÚINDIAMHARA AN CHREIDIMH. Tugtar
278CINN-rúindiamhara ortha mar (1) go bhfuil dlúth-
279bhaint ag fírinníbh uile an Chreidimh leó, agus
280(2) nách fuláir do gach éinne a thagann chun
281bliadhanta na tuigsiona fios a gcéille a bheith
282aige, agus iad a chreideamhaint. (Cialluigheann
283rúindiamhar rún doimhin do-thuigse.) Tugtar
284rúindiamhara ar na fírinníbh seo, mar nách féidir
285le íntleacht an duine iad a thuigsint. Cuireann
286Dia 'fhiachaibh orainn na rúindiamhara so do
287chreideamhaint, bíodh nách féidir linn iad do
288thuigsint, ionnus go dtaisbeánfaimís umhlacht nú
289fomós ár meabhrach agus ár réasúin Dó. (Tugtar
290fomós nú umhlacht ar an onóir agus an uraim a
291tugtar do Dhia nú ar an onóir a thugann duine
292do'n té bhíonn mar uachtarán air.) Tugaimíd
293onóir do Dhia le n-ár meabhair agus ár réasún
294nuair a chreidimíd an rud a innseann Sé dúinn
295agus ná tuigimíd; sa tslighe chéadna tugaimíd
296onóir le n-ár dtoil Dó nuair a dheinimíd an


L. 13


297

rud órduigheann Sé dhúinn nuair ab' fheárr linn
298go mór gan é 'dhéanamh.


299
300

Ach connus is féidir do dhuine an rud ná
301tuigeann sé a chreideamhaint? Is féidir dó é
302sin a dhéanamh má bhíonn ionntaoibh aige as an té
303fhoillsigheann do é. Is é Dia féin d'fhoillsigh
304na chúig rúindiamhara so. Ní beag dúinn sin.
305Creidimíd A fhocal ró-fhírinneach bíodh nách féidir
306linn an fhírinne fhoillsigheann Sé dhúinn a thuigsint.
307Tá fhios againn nách féidir Leis bheith meallta É
308féin ná éinne do mhealladh.


309
310

'Sé AONDACHT DÉ an chéad cheann de sna
311cinn-rúindiamharaibh. Cialluigheann sé ná fuil ach
312aon Dia amháin ann, agus nách féidir níos mó do
313bheith. Dá mbéadh dhá Dhia ann nú níos mó ná
314dhá Dhia bhéadh an chómhacht chéadna aca, nú bhéadh
315ceann aca níos cómhachtaighe ná an chuid eile. Dá
316mbeidís cómh-chómhachtach, ní bhéadh ceannus ná
317uachtaránacht ag ceachtar aca agus níor Dhia
318éinne aca Dá mbéadh ceann aca níos cómhacht-
319aighe ná an chuid eile: an té ba lugha cómhacht ná
320é, níor bh'fhéidir é bheith Uile-chómhachtach — níor
321bh'fhéidir dó bheith 'n-a Dhia.


322
323

**Dar leis na págánaigh, bhí mórán déithe
324ann, agus do chuireadar i leith na ndéithe seo
325ainmhianta go léir an chine daonna Do dheinidís
326aithris ar na déithibh seo dar leó, ag sásamh na
327n-ainmhian ba mheasa agus ba ghráineamhla bhí 'n-a
328gcroidhe féin. Sa tslighe sin d'imthigh an saoghal
329go léir nách mór, ar aimhleas.
330


L. 14


331

CEACHT A CEATHAIR


332
333

Bíodh ná fuil i nDia ach aon nádúr amháin agus
334aon tsubstaint diadha amháin, tá trí pearsana fé
335leith ann; agus ní sine, agus ní eaganaidhe,
336agus ní cómhachtaighe, pearsa aca ná a chéile.
337Táid cóimhionann ins gach uile nídh. Is trí
338pearsana fé leith nú eidir-dhealuighthe iad. — Ní hé
339an Mac an tAthair agus ní hé an Mac ná an
340tAthair an Spioraid Naomh. Ní féidir linn a
341thuigsint connus tá trí pearsana fé leith i n-aon
342Dia amháin.


343
344

Tamall tar éis iompáil ar a leas do Naomh
345Auguistín do dhein sé iarracht ar cheist na
346Tríonóide do réidhteach, ach dá mhéid é a shaothar,
347ba bheag é a thairbhe. Lá d'á raibh sé ag siubhal
348cois na fairrge agus é ag sgrúdú na rúin-
349diamhaire seo go géar, chonnaic sé páiste beag
350ag déanamh puill i ngainimh na trágha. D'fhiafruigh
351an naomh de'n pháiste chad chuige dhó bheith ag
352déanamh an phuill. Dubhairt an páiste 'ghá
353fhreagaradh go raibh sé chun na fairrge a thaosgadh
354isteach sa pholl san. "Ní féidir é sin a
355dhéanamh," arsa Auguistín. "Ó," arsa an
356páiste, "béidh sé déanta agam nuair a bhéidh
357ceist rúindiamhaire na Tríonóide réidhtighthe
358agatsa." Do thuig Auguistín ó fhocal an leinbh
359gur b'amhlaidh a bhí mileán ag Dia air agus níor
360dhein sé aon iarracht 'n-a dhiaidh san ar an
361rúindiamhair do thuigsint.


362
363

**Tugtar SÁR-THRÉITHE DÉ nú SÁR-


L. 15


364

BHRÍOGHA DÉ ar A eagna, A chómhacht, A mhór-
365mhaitheas, agus rl. Tá na sár-thréithe seo i ngach
366Pearsain fé leith de sna trí Pearsanaibh agus
367táid gan teóra i ngach Pearsain. 'Sa Sgríbhinn
368Naomhtha is minic a labhartar ar oibreacha áirithe
369Dé amhail is dá mbéadh A obair féin fé leith ag
370gach pearsain de'n Tríonóid Naomhtha. Deirtear
371gur b'é an tAthair Cruthuightheóir an domhain,
372gur fé naomh-análú an Spioraid Naoimh do
373sgríobhadh an Sgriptiúir. Níl annso ach nós
374cainnte. — Gníomhartha Dé go léir, deineann na
375Trí Pearsana i n-aonfheacht iad.


376
377

Cialluigheann an focal IONCHOLNÚ, colan a
378ghlacadh. Tuigimíd le rúindiamhair AN ION-
379CHOLNUIGHTHE gur ghlac an Dara Pearsa de'n
380Tríonóid Naomhtha colan daonna, 'sé sin, corp
381agus anam mar atá againne.


382
383

**Do gheall Dia féin d'ár gcéad athair agus
384d'ár gcéad mháthair, níos mó ná cheithre míle
385bliadhain roimh-ré, go bhfuasglófaí an chine daonna.
386B'é sin an chéad thairgreacht ar Ioncholnú Mic Dé.
387Diaidh ar ndiaidh do dhein Dia an gheallamhaint sin
388d'aithnuadhchaint, mar bhí truagh Aige do'n chine
389daonna agus b'é A thoil ghlórmhar misneach, a chur
390ortha. Tugadh an gheallamhaint d'Ábraham, d'Ísaac,
391do Iácob agus do Dháibhidh. Do chuir Dia ar an
392saoghal fáidhe (Dáibhidh, Ieremias, Ísaias, agus
393Daniel, agus rl.) chun go gcuirfidís an gheallamhaint
394ar gcuimhne do sna daoinibh agus chun go dtabhar-
395faidís eólas dóibh ar an gcuma 'n-a gcóimhlíonfaí
396é. Do thairgir an fáidh Daniel an t-am a thiocfadh
397an Slánuightheóir ar an saoghal.


398
399

Tá sgéal Theacht an tSlánuightheóra le fághail


L. 16


400

go cruinn agus go h-iomlán sa tSaoisgéal de
401réir N. Lúcás. Nuair a bhí an t-am taguighthe do
402chuir Dia an tÁrdaingeal Gábríél ó sna Flaithis
403le teachtaireacht chun Muire, maighdean a bhí
404luaidhte le fear d'ár bh'ainm Ióseph. Tháinig an
405t-aingeal ag trial uirthe agus dubhairt sé léi go
406raibh sí "beannuighthe idir mhnáibh" agus gurb' í
407bhéadh 'n-a máthair ag Mac Dé i gcolan daonna.
408Do thárla fé mar adúbhairt an t-aingeal. Do
409ghlac Mac Dé colan daonna i mbruinn na
410Maighdine Muire an cúigeadh lá fichead de Mhárta,
411do rugadh Lá Nodlag É, agus tugadh Íosa Críost
412mar ainm Air. Cialluigheann an focal Críost
413ungtha nú oluighthe. I n-aimsir an tSean-Reachta
414do cuirtí ola ar righthibh, ar shagartaibh agus ar
415fháidhíbh. Is righ agus is sagart agus is fáidh ár
416dTighearna agus d'á bhrigh sin tugtar Críost
417(.i. oluighthe) air. Ní raibh ach AON NÁDÚR
418AMHÁIN i n-ár dTighearna sar ar ghlac Sé colan
419daonna, ach ó ghlac Sé colan daonna tá DHÁ
420nádúr ann — nádúr diadha agus nádúr daonna.
421Níl ach aon phearsa amháin i n-Íosa Críost —
422pearsa diadha .i. an Dara Pearsa de'n Tríonóid
423Naomhtha.
424


L. 17


425

CEACHT A CÚIG


426
427

Do b'iad Ádam agus Éabha an chéad fhear agus
428an chéad bhean. Tar éis iad do cruthú do Dhia
429do chuir Sé chun cómhnuighthe iad i ngáirdín aoibhinn
430d'árb' ainm Éden. Gach nídh a chuirfeadh sonas
431agus aoibhneas ortha, bhí sé le fághail sa gháirdín
432sin. Bhí sásamh a mian de bhiadh agus de dhigh
433ann, agus gach nídh d'á áilneacht 'n-a dtímcheall
434chun aiteas a chur ar a gcroidhe agus ar a n-aigne.
435Ní thiocfadh an bás ná easbaidh sláinte go deó
436ortha, ní lugha ná thiocfadh buaireamh ná brón ortha.
437Tar éis tamaill a thabhairt ar an saoghal so dóibh,
438bhéarfaí suas ar Neamh iad gan 'fhiachaibh a bheith
439ortha bás d'fhulang. Ní raibh aon cheangal ar
440Dhia na tabhartaisí seo a thabhairt dóibh; bhéadh gach
441nídh atá ríachtanach do'n nádúr daonna aca 'n-a
442n-éaghmuis. Dá bhrigh sin, dá mbaineadh Sé gach
443tabharthas aca so dhíobh gan chúis, ná trúig, ní
444dhéanfaí aon éagcóir ortha mar ní bhainfaí aon
445nídh dhíobh go raibh aon cheart aca chuige. Do thug
446Dia an sonas go léir i n-aisge dhóibh.


447
448

Ní raibh ach aon choingheal amháin ortha. Ní raibh
449cead aca toradh crainn áirithe do bhlas — toradh
450"chrainn feasa an mhaitheasa agus an uilc," nú
451toradh chrainn na h-aithne. Thiocfadh an bás ortha
452dá mblaisfidís toradh an chrainn sin. Ach tháinig
453an t-ainspioraid, fé chló athar-nimhe, agus chrom
454sé ar shéideadh fé'n mnaoi. Dubhairt sé léi
455toradh an chrainn d'itheadh agus i n-ionad an bás
456a theacht uirthe gur b'amhlaidh a bhéadh fios an


L. 18


457

mhaitheasa agus an uilc aici, fé mar bhí ag Dia
458féin. Do bhain Éabha an toradh agus d'ith agus
459thug sí d'Ádam é agus d'ith seisean é mar an
460gcéadna. Ba thapaidh a tháinig an díoghaltas ortha
461agus ba throm. Do ruaig Dia amach as Éden
462iad agus do chuir Sé aingeal rómpa ar an ndoras
463agus claidheamh ar tarrac aige chun ná féadfaidís
464filleadh go deó. B'éigean dóibh a mbeatha do
465thuilleamh feasta le n-a n-obair agus a saothar
466féin. Thuit mallacht ar an dtalamh, mar gheall
467ar an nduine. Thuit mallacht ar an bhfear, mar
468bhí 'fhiachaibh air a bheatha do thuilleamh ag obair go
469dian. Thuit mallacht ar an mnaoi, mar b'éigean
470di bheith umhal d'á fear, agus doilgheas agus
471tinneas d'fhulang i mbreith a cuid cloinne.
472Thuit mallacht ar an athair-nimhe, mar do gheall
473Dia go dtiocfadh Slánuightheóir a bhrúghfadh a
474cheann. Daoradh chun bháis ár gcéad athair agus
475ár gcéad mháthair, bíodh ná fuaireadar bás
476láithreach; agus gach pianós d'ár cuireadh ortha
477do lean sé a sliocht mar dhroch-iarsma ó shin
478aleith.


479
480

**Tugann diadhairí "staid na prímh-fhíréan-
481tachta" ar an staid 'n-a raibh ár gcéad athair
482agus ár gcéad mháthair sar ar dheineadar an
483peaca, agus "staid pheaca an tsinnsir" ar an
484staid 'n-a rabhdar tar éis an pheaca 'dhéanamh.


485
486

*Seo aithghiorra ar na droich-iarsmaí d'fhág
487peaca ár gcéad athar agus ár gcéad mháthair
488orainn:- (a) Easbaidh na prímh-fhíréantachta, nú
489easbaidh grásta naomhuighthe. (b) Doircheacht ár
490dtuigsiona agus laige ár dtoile, agus ár
491gclaontacht agus éasgaidheacht chun uilc. (c) Bás
492agus brón agus gach uile shaghas anróigh agus


L. 19


493

aindeise bheith i ndán dúinn. Ní raibh éinnídh
494dhein an oiread díoghbhála do'n chine daonna agus
495dhein easnamh ghrásta naomhuighthe Dé, ach d'fhuasganl
496ár dTighearna sinn ó'n ndochar san le mór-luach
497A bháis, agus tugtar grásta naomhuighthe dhúinn
498nuair a baistighthear sinn. Níor leigheasadh na
499dochair eile; leanann na droch-iarsmaí sin dínn
500chun a chur ar gcuimhne dhúinn gur thuit an chine
501daonna ó phrímh-fhíréantacht, agus chun caoi a
502thabhairt dúinn ar ár luach-saothair ins na flaithis
503a mhéadú — dá mhéid é ár gcruadhtan is eadh is
504mó bhéidh ár luach-saothair. Níor cuireadh, d'á
505bhrigh sin, an bhail chéadna ar an gcine daonna,
506nuair a fuasgaladh iad ó pheaca an tsinnsir, agus
507bhí ar ár gcéad athair agus ar ár gcéad mháthair,
508agus iad i staid na prímh-fhíréantachta; ach is
509féidir do dhaoinibh an bheatha shíoruidhe a thuilleamh,
510agus ba chuige sin do cuireadh gach éinne ar an
511saoghal.


512
513

Fíor-spioraidí lán d'eólus, d'áilneacht, de lúth,
514agus de chómhacht, is eadh na h-aingil. Is ionann
515an focal aingeal agus TEACHTAIRE. Is minic
516a chuir Dia na h-aingil le teachtaireacht chun
517daoine agus is mar gheall ar sin a tugadh an
518t-ainm sin ortha. Cuireadh aingil ag trial ar
519Ábraham, agus ar Lot, agus ar an Maighdin
520Muire, agus ar Naomh Ióseph. Tugaid adhradh
521agus mór-mholadh do Dhia ar Neamh, agus n-a
522theannta san táid ceapaithe chun bheith ag coimh-
523deacht ár n-anamacha-na. Le linn gach anam a
524chruthú ceaptar AINGEAL COIMHDEACHTA dhó,
525chun é a chosaint agus a threórú i gcaitheamh a
526shaoghail, agus gan é thréigean chun go mbéidh an
527t-anam i láthair Dé i gcomhair a bhreitheamhnais.


L. 20


528

Ní chuireann an t-aingeal coimhdeachta 'fhiachaibh ar
529éinne rud a dhéanamh maran toil leis an duine
530féin é. Ní chuireann siad isteach ar shaor-thoil
531an duine.


532
533

**Tá trí hÚIRD d'aingealaibh ann agus trí
534chóir nú ranga ins gach órd díobh. 'Sa chéad órd
535tá Seraphím, Cerubínigh, agus Árd-chathaoireacha.
536'Sa dara h-órd tá Tighearnais, Uachtaránacha,
537agus Fearta. 'Sa tríomhadh h-órd tá Súbháilcí,
538Árd-aingil, agus Aingil.


539
540

Bhí na h-aingil ar dtúis, tar éis a gcruthaighthe,
541i staid na fíréantachta, agus ba mhór é a gcuid
542sonais; ach, ar nós an duine bhí 'n-a gcumas
543peaca a dhéanamh. Do thárla gur dhein mórán
544aca peaca, mar do chabhruigheadar le Lúcifer (a
545bhí ar na h-aingealaibh do b'áilne agus ba
546chómhachtaighe ar Neamh) nuair a dhein sé méir-
547leachas i n-aghaidh Dé. Mar gheall ar an uabhar do
548thairing chun méirleachais iad, do díbreadh as
549Flaitheas Dé iad agus do dhein deamhain ur-
550ghránna díobh agus do chruthaigh Dia ifrionn chun
551iad a chéasadh. Ó shin anuas tá Aingil an Uabhair
552i nIfrionn d'á gcéasadh agus d'á gcrádh i ndólás
553agus i ndubrón. Má thugann Dia cead dóibh,
554uaireanta, bheith san aer 'n-ár dtímcheall ní
555sgarann a bpianta leó — tugann siad a n-ifrionn
556féin leó pé áit dá ngabhann siad. Mar sin a
557bhéidh siad go deó gan súil le fuasgailt ná
558faoiseamh. Tá gráin chómh mór san aca ar Dhia
559gur b'é an t-aon chúram amháin atá ortha bheith a
560d'iarraidh rún Dé a thabhairt chun neamh-nídh. Tá
561fhios aca go bhfuil grádh ag Dia do'n chine daonna
562agus gráin Aige ar an bpeaca, agus dá bhrigh
563sin ní thagann stad ortha ach ag cur catha ar


L. 21


564

dhaoinibh a d'iarraidh iad a mhealladh chun peacadh
565a dhéanamh. Pé cómhacht a bhaineann le nádúr
566na n-aingeal tá sé ag na diabhail. Creidean an
567Eaglais agus do chreid riamh go leigeann Dia,
568uaireanta, do sna diabhail a gcómhacht uathbhásach
569d'oibriú ar chréatúiribh. Is mar gheall ar sin
570gur fhág ár Slánuightheóir cómhacht ag an Eaglais
571chun deamhain a chaitheamh amach agus go mbaineann
572an Eaglais feidhm as dheasgnáthaibh ar a dtugtar
573"deamhan-dhíbirt" (chun deamhain a chaitheamh amach
574as daoinibh nú as chréatúiríbh eile). 'N-a theannta
575san tá úrnaighthe spesialta againn i n-aghaidh an
576diabhail agus beannachtaí áirithe chun gach nídh atá
577i seilbh an duine do choimeád saor ó mhaluightheacht
578na n-ainspioraidí.


579
580

NEAMH, nú FLAITHEAS DÉ, nú NA FLAITHIS,
581a tugtar mar ainm ar an áit 'n-a dtaisbeánann
582Dia É féin i n-A mhór-ghlóire, d'á naomhaibh agus
583d'á aingealaibh — áit i n-a bhfuil aoibhneas nách
584féidir a innsint ná a áireamh. 'Sé aoibhneas na
585bhFlaitheas radharc 'fhághail ar Ghnúis ghlórmhar Dé.
586Ní bhéidh deire leis an aoibhneas san go deó. Ar
587an dream beanuighthe ní thiocfaidh choidhche tart ná
588ocras, tuirse ná pian ná brón. Tá Íosa Críost,
589'sa mhéid gur duine É, ar Neamh 'n-A SHUIDHE
590AR DHEAS-LÁIMH DÉ. Ó 'nuair gur fíor-
591spioraid Dia, ná tuigtear ó sna focalaibh seo
592gur b'amhlaidh atá cosa ná lámha Aige. 'Sé an
593bhrigh atá leó, go bhfaigheann ár dTighearna, SA
594MHÉID GUR DUINE É, an onóir is giorra do'n
595onóir a tugtar do Dhia. Nuair a thugann duine
596cuireadh uaidh chun fleidhe nú féasta cuireann sé
597'n-a shuidhe ar a láimh dheis an té d'ár mian leis
598an onóir is mó a thaisbeáint.
599


L. 22


600

'Siad na h-aingil agus na naoimh a chomhnuigheann
601i bhfochair Dé ar Neamh. 'Siad na naoimh na
602daoine bhí ar staid na ngrást le linn a mbás
603agus atá anois i n-aoibhneas agus i nglóire na
604bhFlaitheas.


605
606

**Tá sé ceangailte ar gach aon Chaitilicidhe
607an dá nídh seo a chreideamhaint i dtaobh Ifrinn —
608(1) go bhfuil ifrionn ann, agus (2) ná faighidh an
609dream damanta atá ann fuasgailt choidhche. Is
610é chreideann Caitilicidhthe go coitchianta gur le
611teine a céastar an dream damanta so, bíodh
612nár MHÍNIGH an Eaglais fós dúinn cad leis go
613gcéastar iad.


614
615

*Tugtar an dream damanta ar an muinntir
616a daortar chun ifrinn .i. gach éinne fhaghann bás
617i bpeaca marbhthach. Tá dhá shaghas péine á fhulang
618aca — pian an mhothuighthe agus pian an uireasbaidh.
619'Sé PIAN AN UIREASBAIDH, ná fuil radharc
620le fághail choidhche aca ar Ghnúis ghlórmhar Dé
621("Imthighidh uaim, a dhream mhaluighthe, isteach i
622dteine SHÍORUIDH"), agus ná fuil súil aca le
623fuasgailt ná le dul go Flaitheas Dé go deó.
624Fulaingid PIAN AN MHOTHUIGHTHE ó losgadh agus
625ó chéasadh i dteine na bpian. Ní féidir linn a
626thuigsint connus is féidir d'éinnídh corportha rud
627spioradálta a chéasadh, ach tá fhios againn gur
628féidir do Dhia a leithéid sin de chómhacht a thabhairt
629do rud chorportha. Ní sa tslighe chéadna atá
630ifrionn síoruidhe agus tá Dia síoruidhe. Ní raibh
631aon tosnú ag Dia agus ní bhéidh deire leis. Bhí
632tosnú ag ifrionn ach ní bhéidh deire leis choidhche.
633Ó 'nuair go bhfuil maluightheacht gan teóra ar
634shlighe áirithe sa pheaca tá déine gan teóra dá
635réir sin sa díoghaltas a baintear amach mar


L. 23


636

gheall ar an bpeaca. Tá dhá dhream damanta
637ann — (1) na diabhail a díbreadh ó Neamh agus
638(2) na daoine fhaghann bás i bpeaca marbhthach.
639Níor tháinig aon neach riamh amach as phríosún
640ifrinn agus ní thiocfaidh go deó.
641


L. 24


642

CEACHT A SÉ


643
644

De réir Naomh Augustín 'sé an Rud peaca
645"Smaoineamh nú briathar nú gníomh i n-aghaidh
646dlighe Dé." Tá dhá shaghas peaca ann .i. peaca
647an tsinnsir agus peaca an ghnímh. 'Sé PEACA
648AN tSINNSIR an peaca dhein ár gcéad athair
649agus ár gcéad mháthair i nGáirdín Éden agus a
650leanann sinn go léir mar dhroich-oighreacht.
651Tugtar PEACA AN GHNÍMH ar gach aon pheaca a
652dheinimíd féin. An peaca a thagann orainn-ne
653mar pheaca an tsinnsir, peaca an ghnímh ab eadh é
654d'ár gcéad athair agus d'ár gcéad mháthair.
655Bíodh nár dheineamair-na féin an peaca san
656baineadh dínn, mar gheall air, gach teideal a bhí
657againn chun Flaithis Dé agus a lán tabhartaisí
658eile do bronnadh ar ár gcéad athair agus ar
659ár gcéad mháthair sar ar dheineadar an peaca.
660Mara mbéadh gur pheacuigh Ádam agus Éabha
661bronnfaí na tabhartaisí sin go léir orainn-ne.
662Ní tugtar teideal chun Flaithis Dé dhúinn chun go
663maithtear peaca an tsinnsir dúinn i sácraimínt
664an Bhaiste.


665
666

**Tar éis ár mBaiste fanann IARSMAÍ
667áirithe 'pheaca an tsinnsir orainn a dheineann
668mórán dochair d'ár n-anam. 'Sé an chéad dhroich-
669iarsma DOIRCHEACHT NA TUIGSIONA .i. gan
670eólus ceart a bheith againn i dtaobh ár staid féin
671agus gan tuigsint cheart a bheith againn ins na
672neithibh a théidheann chun sochair ár n-anama —
673eólus a bhí go cruinn agus go h-iomlán ag ár
674gcéad athair agus ag ár gcéad mháthair. An


L. 25


675

dara droich-iarsma, LAIGE NA TOILE .i. a
676dheacaracht agus tá sé dhúinn sinn féin a
677spriucadh chun an rud atá ceart a dhéanamh nuair
678a bhíonn fhios againn gur ceart dúinn é 'dhéanamh.
679An tríomhadh droich-iarsma, CLAONTACHT AGUS
680ÉASGAIDHEACHT CHUN UILC .i. chomh tugtha agus
681táimíd chun peaca nú an droich-nídh a dhéanamh
682seachas an rud fóghanta. Níl éinne againn ná
683caitheann cur i n-aghaidh na claontachta san.
684Bíodh gur mór an dochar dúinn na trí droich-
685iarsmaí sin is féidir linn iad go léir a chur
686chun maitheasa agus leasa ár n-anama, mar dá
687dheacaracht a bhíonn an cath mar gheall ortha 'seadh
688is mó a méadófar an luach-saothair.


689
690

**Tugtar GEINEAMHAINT GAN SMÁL na
691Maighdine Muire ar an mbuadh fé leith a thug
692Dia do'n Mhaighdin Bheannuighthe nuair a choimeád
693Sé saor í ó pheaca an tsinnsir. Bhí sí saor leis
694ó pheaca an ghnímh. Do mhair sí i gcaitheamh a
695saoghail gan smál dá shuaraighe de pheaca. B'é
696toil Dé go mbéadh an té ó n-a dtógfadh A Aon
697Mhac colan daonna fíor-ghlan gan smál gan
698truailiú. Do chreid Caitilicidhthe riamh gur
699geineadh an Mhaighdean Muire gan pheaca an
700tsinnsir. Is airtiogal d'ár gcreideamh anois an
701fhírinne sin agus an té 'dhiultóchadh do'n fhírinne
702sin a chreideamhaint bhéadh sé 'n-a eiriceach.
703Deineadh airtiogal de'n Chreideamh Chaitilicidhe de
704an t-ochtmhadh lá de Mhí na Nodlag, 1854. Do
705mhínigh an Naomhadh Pápa Píus é go solamhanta
706an lá san i láthair dhá chéad easbog ó gach áird
707de'n domhan. Deintear Féile Geineamhaint na
708Maighdine Muire a chómhmóradh gach bliadhain an
709t-ochtmhadh lá de Mhí na Nodlag mar dhil-chuimhniú
710ar mhíniú an airtiogail.
711


L. 26


712

CEACHT A SEACHT


713
714

**Deirtear gur TIMCHEALL LE CHEITHRE.
715MÍLE bliadhan a bhí ann ó aimsir pheaca Ádam
716go Teacht ár dTighearna ar an saoghal; ach ó
717'nuair ná faighmíd eólus cruinn mar gheall air
718sa Sgriptiúir Naomhtha, b'fhéidir go raibh níos mó
719aimsire ann abhfad ná san. D'fhág Dia an chine
720daonna chómh fada san ag feitheamh leis an
721bhFuasgailt a bhí geallta Aige dhóibh i dtreó is
722go mbéadh fhios aca ó mhéid a n-olcais agus a
723n-aindeise féin a chlaontacht is tá nádúr truai-
724lighthe an duine agus an gádh géar atá le
725Slánuightheóir. I gcaitheamh na h-aimsire, bíodh go
726raibh na Sácraimintí agus a lán de'n chabhair a
727thugann Dia do Chríostaidhthibh i n-easnamh ar an
728gcine daonna, bhí sé i gcumas na ndaoine a
729n-anam a shaoradh (agus do dhein mórán aca a
730n-anam a shaoradh) ach creideamh a bheith aca sa
731tSlánuightheóir a bhí le teacht, mar sa tslighe sin
732bhíodar rann-pháirteach roimh ré i mór-luach Pháise
733agus Báis Chríost.


734
735

Do ghlac ár dTighearna colan daonna Lá Féile
736Muire (an cúigeadh lá ficheadh de Mhárta). An
737lá san tháinig aingeal ó Neamh chun a chur i n-iúil
738do'n Mhaighdin Muire gur b'í bhéadh n-a máthair
739ag Mac Dé. Tugtar Lá Nodlag ar an lá rugadh
740ár dTighearna.


741
742

**Tá cead ag gach sagart trí hAifrinn a
743rádh Lá Nodlag. Tugtar an cead san dóibh
744i n-onóir trí beirthe ár dTighearna mar atá:-
745


L. 27


746

A bhreith shíoruidhe ó'n Athair, A bhreith shaoghalta
747ó'n Maighdin Muire, agus A bhreith rúindiamhrach
748le creideamh i gcroidhthibh na bhfíréan. Níl cead
749ag sagart trí hAifrinn a rádh aon lá eile sa
750bhliadhain ach Lá Féile Anam na Marbh (an dara
751lá de Mhí Shamhna). Do rugadh ár dTighearna i
752stábla chun a chur i n-iúil dúinn nách ceart dúinn
753dúil a bheith againn i saidhbhreas an tsaoghail seo
754— gur b'amhlaidh ba cheart dúinn grádh a bheith
755againn de dhealbhas. I gcaitheamh na dtrí mbliadhna
756déag ar fhichid a mhair Sé do thaisbeáin Sé dhúinn
757connus is ceart dúinn ár saoghal a chaitheamh — gur
758ceart dúinn bheith go carthanach, go h-uiríseal, agus
759an díomhaointeas a sheachaint. Cé gur bh'é Dia é bhí
760Sé umhal do Mhuire agus do Naomh Ióseph chun
761go bhfoghlumóchadh an aos óg a ríactanaighe atá sé
762go mbéadh clann umhal d'á n-athair agus d'á
763máthair. Tugtar PÁIS Chríost ar an ngéar-chrádh
764agus peannaid d'fhulaing ár dTighearna le linn
765A bháis. Seo cuid des na piantaibh d'fhulaing
766Sé: A anfaithe agus A allus fola i nGáirdín
767na nOla-chrann, A sgiúirseáil agus É ceangailte
768de'n Phiolóir, an choróin spíne 'á chur ar A cheann,
769Iompar na Croise, agus A Chéasadh.


770
771

**Tá Cóimhcheangal Pearsanta idir an nádúr
772Diadha agus an nádúr Daonna sa Dara Pearsain
773de'n Tríonóid Naomhtha ó aimsir A Ioncholnuighthe
774anuas. Tré bhrigh an Chóimhcheangail sin níor sgar
775A Dhiadhacht riamh ó shin le n-A Anam ná le n-A
776Chorp. Fiú amháin nuair a bhí ár dTighearna
777marbh, agus A Anam agus A Chorp sgartha ó
778n-a chéile d'fhan A Dhiadhacht i bhfochair A Anma
779agus i bhfochair A Chuirp.
780


L. 28


781

CEACHT A hOCHT


782
783

*Tar éis Bháis ár dTighearna do cuireadh A
784Chorp san uaigh agus chuaidh A Anam síos go
785Limbó.. B'shin é an áit 'n-a raibh anamacha na
786bhfíréan a fuair bás roimh Bás Chríost 'n-a
787gcómhnuidhe agus chuaidh ár dTighearna ar chuaird
788chúcha chun sóláis a thabhairt dóibh agus chun a
789innsint dóibh go raibh fuasgailt ó n-a bpríosún
790agus glóire na bhFlaitheas buailte leó. I gCré
791na nAsbol tugtar "Ifrionn" ar Limbó agus sa
792Bhíobla Naomhtha tugtar "Ucht Abrahaim" air.


793
794

**Is 'mó brigh atá leis an bhfocal "ifrionn"
795sa Sgriptiúir Naomhtha, ach ní tugtar mar ainm
796é ar aon áit ach áit nú inead cómhnuighthe 'n-a
797mbíonn buaireamh nú easnamh mór éigin.


798
799

*Tugtar Limbó mar an gcéadna ar an áit
800'n-a gcomhnuigheann na leanbhaí fhaghann bás gan
801baiste. Ní féidir do sna leanbhaíbh sin dul go
802Flaitheas Dé toisg iad a bheith i bpeaca an
803tsinnsir — níor aithgheineadh iad ó uisge agus ó'n
804Spioraid Naomh; ach ó 'nuair nár dheineadar aon
805pheaca iad féin, ní chuirfeadh Dia an Chirt gan
806teóra go Purgadóireacht ná go hIfrionn iad.
807Is cosmhail dá bhrigh sin ná fuil aon phian dh'á
808fhulang aca.


809
810

**Nuair Eiseirigh ár dTighearna ó mharbhaíbh
811thug Sé deimhne nách féidir a bhréagnú gur bh'é
812Dia É agus gur ó Dhia tháinig an Eaglais a chuir
813Sé ar bun. A leithéid sin de mhíorbhúilt níor
814airigh éinne ó thosach an domhain. Chun a chur i


L. 29


815

n-iúil gur bh'é Dia É dubhairt Sé sar ar cuireadh
816chun báis É, agus níor bh'aon uair amháin adubhairt
817Sé é, go n-eireóchadh Sé ó mharbhaíbh. "Leagaidh
818ar lár an teampall so," adubhairt Sé, ag tagairt
819d'Á Chorp féin (mar thugadh na Iúdaigh teampall
820ar an gcorp), "agus cuirfead suas é i n-aon
821trí lá amháin." Do thuig na hAsboil ná raibh
822éinnídh eile ab' fheárr a thaisbeánfadh fírinne ár
823gCreidimh ná Eiseirighe Chríost. "Marar eirigh
824Críost ó mharbhaíbh," arsa Naomh Pól, "is dío-
825mhaoin é ár dteagasg-na." — (I. Cor., xv. 14.)
826Do bhí Corp ár dTighearna marbh ar an gcrois.
827Caithfidh gach éinne an méid sin d'admháil.
828Cuireadh sleagh tré n-A chroidhe. Dhein na
829saighdiúirí é sin nuair a thángadar tar éis cosa
830na mbeitheamhnach a bhriseadh agus nuair a
831fuaireadar Críost marbh rómpa. B'iad na
832saighdiúirí céadna bhí 'n-a bhfínidhthe 'n-a n-ain-
833deóin i n-A Eiseirighe. Cuireadh Corp ár
834dTighearna san uaigh tráthnóna Dia hAoine agus
835d'fhan sé ann an Satharn ar fad agus cuid de'n
836Domhnach. Do chuir Ióseph ó Arimetéa cloch mhór
837suas le béal na h-uagha, agus cuireadh saighdiúirí
838ag faire na h-uagha, chun ná guidfí an Corp. Go
839moch ar maidin Dia Domhnaigh tháinig luasgadh
840mór talmhan. Tháinig aingeal Dé anuas agus
841d'iompuigh siar an chloch mhór ó bhéal na h-uagha.
842Tháinig sgannra ar na saighdiúiríbh agus ba chuma
843iad nú daoine bhéadh marbh, agus chómh luath agus
844bhí ionnta é dhéanamh, theicheadar chun na catharach
845agus d'innseadar an sgéal. B'éigean do sna
846h-árdshagartaibh iad a bhreabadh Chun a chur 'fhiachaibh
847ortha éisteacht. Tar éis A Eiseirighe do thaisbeáin
848ár dTighearna É féin go minic d'á dheisgiobalaibh.


L. 30


849

Do thaisbeáin Sé É féin aon uair amháin do bhreis
850agus chúig chéad aca i n-aonfheacht. An lá
851d'eiseirigh Sé do thaisbeáin Sé É féin chúig
852n-uaire fé leith. Do labhair Sé lens an t-aon
853Asbol déag, do chaith Sé biadh 'n-a dteannta,
854do chonnacadar É, do chualadar ag cainnt É,
855do chuireadar a lámha Air. Agus d'fhuiling na
856h-asboil sin an bás níos túisge ná shéanfaidís
857A Eiseirighe.


858
859

*Níor chuaidh ár dTighearna suas ar Neamh
860láithreach tar chis A Eiseirighe. D'fhan Sé dachad
861lá ar an dtalamh agus do thaisbeáin Sé É féin
862go minic d'á asbolaibh chun a chur i n-iúil go
863soiléir gur eiseirigh Sé. 'N-a theannta san, níor
864bh'fuláir Dó iad a theagasg go h-iomlán sa
865Chreideamh, agus órdú a thabhairt dóibh connus an
866Eaglais a riaghalú. Nuair a bhí dachad lá caithte
867thóg Sé leis na h-asboil go bárr Chnoic na
868n-Ola-Chrann atá i n-aice le Ierusalem. Do
869gheall Sé dhóibh go gcuirfeadh Sé chuca an Spioraid
870Naomh agus go bhfanfadh Seisean i bhfochair na
871hEaglaise go deire an tsaoghail chun í 'choimeád
872gan tuitim i n-earráid. Annsan chuaidh Sé, le
873n-A chómhacht féin, suas ar Neamh — d'árduigh Sé
874É féin suas in san aer ós a gcómhair amach, agus
875do chlúdaigh sgamal É ó n-a radharc. Mar sin
876chuaidh Sé suas ar Neamh go caithréimeach agus na
877naoimh a bhí i Limbó agus na h-aingil i n-aonfheacht
878Leis.


879
880

*B'iad na hASBOIL an dáréag do thoigh ár
881dTighearna chun bheith i n-aonfheacht Leis i gcaitheamh
882A shaoghail phuiblidhe, agus chun bheith 'n-a bhfídhnídh-
883thibh ar A mhíorbhúiltíbh ar shlighe go ndéanfaidís
884an Soisgéal a chraobhsgaoileadh agus A obair


L. 31


885

naomhtha a chur chun cinn 'n-A dhiaidh. Cialluigheann
886a focal "asbol" duine a cuirtear amach chun
887obair áirithe a dhéanamh. Tugadh an t-ainm sin
888ar na hAsbolaibh mar gur chuir ár dTighearna
889uaidh iad chun an tSoisgéil a chraobhsgaoileadh.
890Cialluigheann an focal "soisgéal" sgéal
891fóghanta. Tugtar deisgiobail ar na daoinibh a
892bhíodh go gnáthach i bhfochair ár dTighearna pe'aca
893Asboil iad nú nár bh'eadh.
894


L. 32


895

CEACHT A NAOI


896
897

**Tar éis Deasgbhála ár dTighearna tháinig
898na deisgiobail agus an Mhaighdean Muire thar
899n-ais go cathair Ierusalem. D'fhanadar i seómra
900uachtarach sa chathair sin ar feadh deich lá ag
901déanamh úrnaighthe agus cómhrádh naomhtha, agus
902iad ag feitheamh le teacht an Spioraid Naoimh
903ag trial ortha, fé mar a gheall Críost dóibh
904Maidean Domhnaigh Cíngcíse, agus iad ag déanamh
905úrnaighthe, chualadar mar a bhéadh glór gaoithe
906móire. Annsan tugadh cómhartha dhóibh a thaisbeáin
907níos soiléire tíodhlaicí an Spioraid Naoimh. —
908Tháinig teangacha deighilte teine anuas ar gach
909nduine de sna hAsbolaibh. Le n-a linn sin
910tháinig atharú iongantach ortha. Go dtí so bhíodar
911eaglach mí-mhisneamhail neamh-sheasamhach; as sin
912amach níor fhan sgáth ná eagla ortha — ní raibh uatha
913ach an Creideamh a chraobhsgaoileadh pé nídh a bhéadh
914ortha féin d'fhulang leis. Go dtí so ní raibh
915eólas aca ach ar aon teangain amháin, agus ní
916ró-chruinn a bhí sí sin féin aca; anois bhíodar
917ábalta ar teagasg a thabhairt uatha i mórán de
918theangachaibh an domhain. Chuadar amach i sráid-
919eannaibh Ierusalem agus chromadar ar na daoine
920do theagasg. Bhí i nIerusalem an lá san daoine
921ó gach áird de'n domhan — Égiptigh, Rómhánaigh,
922Médigh, Persigh, agus Gréigigh, daoine ó Mheso-
923potámia, agus ó Chilicia, agus ó'n Arábia — agus
924do thuigeadar so go léir a dteanga féin 'á
925labhairt ag na hAsbolaibh. Tar éis Teacht an


L. 33


926

Spioraid Naoimh ar na h-asbolaibh tháinig dhá
927shaghas atharuighthe ortha. Sa chéad áit do sgaip
928an doircheacht a bhí 'n-a dtuigsint, tháinig neart
929'n-a gcreideamh, agus do líon a gcroidhe le
930misneach agus le díograis chun an Chreidimh a
931chraobhsgaoileadh. Sa dara h-áit tugadh dóibh
932eólas ar theangachaibh agus neart ar tharn-
933gaireacht a dhéanamh. GLUAISEANN an Spioraid
934Naomh ó'n Athair agus ó'n Mac, agus is é an Mac
935Aon-ghein an Athar. Glaoidhtear an SÓLÁSUIDHE
936ar an Spioraid Naomh. Uaireanta glaoidh-
937tear "an Colum" Air, toisg gur thúirling Sé
938ar Chríost le linn A Bhaiste i gcló coluim nú
939colúir. Thúirling an Spioraid Naomh i nGNÉ
940TEANGACHA ar na h-asbolaibh mar chómhartha ar
941an gcómhacht a bhí Aige 'á thabhairt dóibh, chun
942daoine 'theagasg, agus an Creideamh a chraobh-
943sgaoileadh. Tháinig Sé i nGNÉ TEINE chun a
944thaisbeáint go mbéadh a gcroidhe ar lasadh le
945grádh do Dhia. Cialluigheann an focal "Cíngcís"
946an caogadmhadh nú an deicheamhadh agus dachad;
947B'é an deicheamhadh lá agus dachad tar éis na
948Cásga do thúirling an Spioraid Naomh.


949
950

**Nuair a fuair ár dTighearna bás bhí deire
951leis an Sean-Reacht nú leis an Seana-Dhlighe.
952Do chuir Dia an Seana-Dhlighe ar bun mar oll-
953mhúchán i gcómhair an DLIGHE NUAIDH nú Dlighe
954na Críostaidheachta. Ní raibh i n-íodhbartaíbh ná
955i ndeasghnáthaibh an tSeana-Dhlighe ach cómharthaí
956nú samhaltaisí. Bhí samhlú aca le h-íodhbairt
957agus le sácraimíntíbh an Dlighe Nuaidh. B'iad
958na Iúdaigh a lean réir an tSeana-Dhlighe. Is
959Críostaidhthe nú lucht leanmhana Chríost sinn-ne a
960leanann réir an Dlighe Nuaidh. B'iad deisgiobail


L. 34


961

Naoimh Pheadar i gcathair Antioc gur tugadh
962Críostaidhthe ortha ar dtúis timcheall na bliadna
963a 43. Is 'mó brigh a baintear as an bhfocal
964"Críostaidhe" anois. Tugtar go minic é ar
965éinne atá baistighthe; is minic eile gur Caitili-
966cidhthe amháin a bhíonn i gceist ag daoinibh nuair a
967labhrann siad thar Chríostaidhthibh. Anois agus arís
968cialluigheann an focal "Críostaidhe" duine a
969dheineann aithris n-a bheatha féin ar bheatha Chríost.
970Ceann de sna cómharthaíbh a chuireann i n-iúil gur
971Críostaidhthe sinn Fíoghar na Croise nú Cómhartha
972na Croise.


973
974

**Ba ghnáthach le Críostaidhthibh Fíoghar na
975Croise a dhéanamh ortha féin ó aimsir Chríost
976anuas. Seo mar a sgríobh Tertulianus, sgríobh-
977nóir a mhair sa dara chéad tar éis ár dTighearna.
978"Pe'ca ar suaimhneas nú ar siubhal dúinn, ag
979teacht isteach nú ag dul amach dúinn, ag cur ár
980gcuid éadaigh orainn nú ag caitheamh bídh, pe'ca
981lá nú oidhche é, deinimíd Fíoghar na Croise ar
982ár n-éadan."


983
984

*Cuireann Fíoghar na Croise ar gcuimhne
985dhúinn cinn-rúindiamhara ár gCreidimh. Cuireann
986sé ar gcuimhne dhúinn an Tríonóid Naomhtha, mar
987nuair a dheinimíd é ainmnighmíd na Trí Pearsana
988atá sa Tríonóid Naomhtha. Cuireann sé ar
989gcuimhne dhúinn an Bás a fuair ár dTighearna ar
990an gCrois — ní fhéadfaimís gan cuimhneamh air sin
991nuair a dheinimíd cros orainn féin. Cuireann sé
992A Ioncholna agus A Eiseirighe ar gcuimhne dhúinn
993mar ná féadfadh Sé bás d'fhághail mara mbéadh
994gur ghlac Sé colan daonna, agus is deacair
995ciumhneamh ar A Bás gan cuimhneamh ar A Eis-
996eirighe. Le Fíoghar na Croise díbirimíd an


L. 35


997

diabhal, tré Fíoghar na Croise tugann Dia neart
998agus cabhair dúinn. Is ceart dúinn d'á bhrigh
999sin Fíoghar na Croise a dhéanamh orainn féin,
1000nuair a bhímíd i n-aon chontabhairt anma nú cuirp,
1001sar a gcaithimíd biadh agus tar éis a chaithte
1002dhúinn, agus ag tosnú agus ag críochnú gach oibre
1003d'á ndeinimíd. Tá logha leath-chéad lá le fághail
1004againn gach aon uair a dheinimíd Fíoghar na Croise;
1005agus logha céad lá gach aon uair a dheinimíd é
1006le linn uisge coisreacan a thógaint.


1007
1008

*Ba cheart Fíoghar na Croise a dhéanamh go
1009h-aireach agus go diadha. Seo mar is ceart é
1010dhéanamh: bas na láimhe clé a leigint ar íochtar
1011an uchta, annsan bárra méireanna na láimhe
1012deise a chur ar an éadan agus "I nAinm an
1013Athar" a rádh, annsan ar an ucht agus "Agus
1014an Mhic" a rádh, annsan ar an ngualain gclé
1015agus "Agus an Spioraid" a rádh, agus annsan
1016ar an ngualain ndeis agus "Naoimh" a rádh.
1017Ba cheart na méireanna bheith dírighthe amach agus
1018dlúth le n-a chéile 'n fhaid a bhíonn duine ag
1019déanamh Fíoghar na Croise. Tá dhá shlighe eile
1020chun Fíoghar na Croise a dhéanamh:- (1) Nuair a
1021thosnuigheann an sagart ar an Soisgéal a léigheadh
1022san Aifrionn deinimíd cros bheag le h-órdóig
1023na láimhe deise ar ár n-éadan agus ar ár mbéal
1024agus ar ár n-ucht. Sa tslighe sin taisbeánaimíd
1025gur mian linn ár gciall agus ár gcainnt agus
1026ár gcroidhe a thabhairt suas feasta do Dhia.
1027(2) Nuair a bheannuigheann an sagart aon nídh
1028gearrann sé cros in san aer le n-a láimh dheis
1029ós cionn an ruda a bhíonn le beannú nú le
1030coisreacan aige.
1031


L. 36


1032

CEACHT A DEICH


1033
1034

**Do chuir ár dTighearna an Eaglais ar bun
1035chun A obair naomhtha a chur chun cinn agus a
1036choimeád ar siúbhal agus chun gur b'í amháin a
1037bhéadh 'n-a hAirc Slánuighthe ag an uile dhuine.
1038Ciallaimíd leis AN EAGLAIS lucht an fhír-
1039chreidimh ar fuaid an domhain pé cine gur díobh
1040iad nú pé tír gur b'as iad; agus an cóimhcheangal
1041so eatortha go léir, go bhfuil an t-aon-chreideamh
1042amháin aca, go bhfuil siad rann-pháirteach san
1043Íodhbairt bheannuighthe chéadna agus in sna
1044Sácraimíntíbh céadna, agus go bhfuil siad umal —
1045d'aon cheann amháin — an Pápa. Baintear trí
1046chiall eile as an bhfocal "eaglais": (1) an
1047teampall i n-a mbailigheann na daoine chun
1048adhradh agus moladh a thabhairt do Dhia agus a
1049n-úrnaighthe a chur suas Chuige; (2) na Caitilicidhthe
1050a chómhnuigheann i dtír nú i ndúthaigh áirithe, cuir
1051i gcás, nuair deirimíd Eaglais na Frainnce is
1052iad Caitilicidhthe na Frainnce a bhíonn i gceist
1053againn; (3) na daoine fíréanta, marbh agus beó
1054— ar Neamh, i bPurgadóireacht, agus ar talamh.
1055Tugtar AN EAGLAIS SA CHATH ar na daoinibh
1056fíréanta atá ar an saoghal so, AN EAGLAIS
1057I bPÉIN ar na h-anmnachaibh i bPurgadóireacht,
1058agus an EAGLAIS CHAITHRÉIMEACH ar na
1059h-anmnachaibh atá i bhFlaitheas Dé.


1060
1061

**Is mian le Críost go mbéadh an uile dhuine
1062san Eaglais a chuir Sé ar bun — ní féidir d'éinne
1063lasmuigh de'n Eaglais a anam a shaoradh. Ciall-


L. 37


1064

uigheann na focail "éinne lasmuigh de'n eaglais"
1065éinne 'fhanann lasmuigh de'n Eaglais tré n-a
1066fhailighe chionntach féin. Ó 'nuair gur cheangail
1067Dia ar gach éinne bheith san Eaglais is léir gur
1068dhein Sé SO-FHEICSIONA í — gur chuir Sé cómharthaí
1069uirthe le n-a bhféadfadh gach éinne a fheicsint gur
1070ó Dhia a tháinig sí agus gur b'í Eaglais Chríost í.
1071Nuair adeirimíd go bhfuil an Eaglais so-fheicsiona
1072cialluighmíd leis na focalaibh sin gur féidir leis
1073gach éinne an Eaglais fhírinneach a dhéanamh amach
1074má loirgeann sé go dúthrachtach í.


1075
1076

**Ní dhéanfaidh creideamh sinn a shaoradh
1077mara ndeinimíd deagh-oibreacha ní lugha ná mar
1078a dhéanfaidh deagh-oibreacha sinn a shaoradh gan
1079creideamh a bheith againn. Má dubhairt an
1080Spioraid Naomh gur "marbh é creideamh gan
1081deagh-oibreacha" (Séamus, ii. 26), dubhairt Sé
1082mar an gcéadna "Gan creideamh ní féidir Dia
1083a shásamh" (Eabh., xi. 6). Tá dhá shaghas deagh-
1084oibreacha ann — deagh-oibreacha nádúrtha agus
1085deagh-oibreacha ós cionn nádúra. Má thagann
1086truagh agam do dhuine agus mar gheall ar an
1087truagh san amháin go dtugaim déirc dó, is
1088deagh-obair an gníomh a dheinim, ach is deagh-obair
1089nádúrtha é agus níl luach-saothair sa tsaoghal
1090atá le teacht tuíllte agam mar gheall air; níl
1091ach luach-saothair saoghalta ag dul dom. Ach i
1092dteannta an truagh a bheith agam do'n duine má
1093dheinim an déirc ar son Dé nú ar mhaithe le
1094m'anam is gníomh ós cionn nádúra é agus tá
1095luach-saothair ar an saoghal eile tuíllte agam.


1096
1097

**Ó 'nuair gur chuir Dia Eaglais ar bun
1098i gcómhair an uile dhuine níor bh'fhéidir Dó gan
1099cómharthaí a chur ar an Eaglais sin chun go


L. 38


1100

bhféadfadh an uile dhuine í d'aithint. Mara
1101mbéadh na cómharthaí sin uirthe ní bhéadh sí so-fheicse
1102— níor bh'fhéidir í d'aithint ó eaglais bhréige. Is
1103feárr a thuigfimíd an sgéal so Chómharthaí na
1104hEaglaise má chuirimíd i gcompráid é le sgéal
1105an mháirnéalaigh a thagann go tír ná h-aithnigheann
1106sé. Tugann an máirnéalach tuairim fé'n áit
1107n-ar cheart dó bheith, féachann sé ar léir-sgáil
1108na h-áite sin, agus chíonn sé cómharthaí áirithe
1109curtha síos ann — caisleán annso, cuir i gcás,
1110tigh-soluis annsúd, cnoc tamall isteach ó'n
1111bhfairrge agus baile fé n-a bhun. Féachann sé
1112anois ar an dtalamh atá ós a chómhair amach agus
1113má chíonn sé ann an caisleán, an tigh-soluis,
1114an cnoc agus an baile fé n-a bhun, agus pé rud
1115eile atá curtha síos sa léir-sgáil béidh fhios aige
1116go cruinn cad é an áit é agus féadfaidh sé a
1117long a stiúrú de réir an eólais sin. Tá
1118cómharthaí na hEaglaise cosmhail leis na cómhar-
1119thaíbh atá curtha síos i léir-sgáil an mháirnéalaigh.
1120An eaglais go bhfuil na cómharthaí sin uirthe, sin
1121í an eaglais cheart — an eaglais fhírinneach; aon
1122eaglais ná fuil na cómharthaí sin le fághail uirthe
1123níl innti acht eaglais bhréige. Cuireann ár
1124réasún féin i n-iúil dúinn nách féidir do'n
1125Eaglais fhírinneach gan na cheithre cómharthaí seo a
1126bheith uirthe:- Aondacht, Naomhthacht, Caitiliceacht,
1127agus Asboltacht. Tá na cheithre cómharthaí seo
1128ainmnighthe mar an gcéadna i gCré Nicéá.


1129
1130

**Ní fuláir do'n Eaglais bheith aonda (a) I
1131gCREIDEAMH, (b) I nADHRADH, agus (c) I
1132RIAGHAIL.


1133
1134

(a) I gCREIDEAMH. Caithfid Clann na hEag-
1135laise an t-aon-chreideamh amháin a bheith aca go


L. 39


1136

léir. Dá gcreidfeadh duine rud a bhréagnóchadh
1137an rud a chreidfeadh duine eile ní fhéadfaidís
1138araon an fhírinne a bheith aca. Bhéadh creideamh
1139bréige ag duine éigin aca agus ní fhéadfadh
1140creideamh bréige teacht ó Chríost.


1141
1142

(b) I nADHRADH. Tá ceart ag Clann na
1143hEaglaise bheith rann-pháirteach in sna tabharthaisibh
1144agus in sna tíodhlacaibh beannuighthe céadna — in
1145sna sácraimíntíbh céadna agus sa nÍodhbairt
1146céadna.


1147
1148

(c) I RIAGHAIL. Ní fuláir do'n Eaglais go
1149léir bheith umhal d'aon cheann amháin agus d'á
1150dhlighthibh, mar de réir Chríost féin aon tréad
1151amháin is eadh an eaglais fé stiúrú aon aodhaire
1152amháin. (Eoin, x. 16).


1153
1154

**An dara cómhartha atá ar an Eaglais a
1155NAOMHTHACHT. (a) Caithfidh a TEAGASG bheith
1156naomhtha mar gur ó Dhia a tháinig an teagasg san.
1157(b) Caithfidh sí CABHAIR a thabhairt d'á cloinn
1158chun beatha naomhtha a chaitheamh, mar is chun daoine
1159a dhéanamh naomhtha chuir Críost ar bun í. (c)
1160Caithfidh sí A NAOMHTHACHT A THAISBEÁINT i
1161mbeatha a cloinne — .i. mór-chuid d'á cloinn i
1162ngach aois agus i ngach áit sa domhan a bheith
1163naomhtha i slighe iongantach. Ní féidir a cheapadh
1164go gcuirfeadh Dia eaglais ar bun chun daoine a
1165dhéanamh naomhtha agus ná béadh mórán de sna
1166daoinibh sár-naomhtha.


1167
1168

**An tríomhadh cómhartha tá ar an Eaglais,
1169a CAITILICEACHT .i. í bheith ins gach uile ÁIT
1170agus ins gach uile AM. (a) Caithfidh Eaglais
1171Chríost bheith leathta ar fuaid an domhain. Mara
1172mbéadh sí ins gach aon áit ní bhéadh sí so-fheicsiona
1173do chách. (b) Tá sí 'n-a seasamh gan claochlódh


L. 40


1174

an uile lá ó aimsir Chríost go dtí an lá indiu
1175agus béidh go bráth. Do gheall án dTighearna
1176ná buadhfadh geataí ifrinn uirthe (Mait., xxviii. 20).
1177Ní fuláir do'n Eaglais an teagasg céadna a
1178thabhairt uaithe ins gach uile áit agus a riaghail
1179céadna agus an adhradh céadna a bheith aici ins
1180gach uile áit. Gan san níor bh'í an eaglais
1181chéadna í ins gach uile áit.


1182
1183

**An ceathramhadh cómhartha atá ar an Eaglais
1184a hASBOLTACHT .i. gur b'í an eaglais chéadna í
1185a chraobhsgaoil na h-asboil, agus gur b'é an
1186riaghail céadna, an teagasg céadna, na h-úird
1187chéadna, agus an t-úghdarthás diadha céadna atá
1188san Eaglais indiu agus bhí i n-aimsir na n-asbol.


1189
1190

**Anois dála an mháirnéalaigh sgrúduighimís
1191gach eaglais adeir gur b'í féin Eaglais Chríost.
1192Aon eaglais go bhfuil na cheithre cómharthaí uirthe
1193sin í an eaglais fhírinneach agus is í amháin an
1194eaglais fhírinneach. Ag féachaint isteach ionnta
1195go léir — Protostúnaigh, Metodísigh, Eaglais na
1196nGréigeach, agus rl. — chímíd go bhfuil, b'fhéidir, aon
1197chómhartha amháin ar chuid aca agus b'fhéidir dhá
1198chómhartha ar a thuile aca agus cuid eile aca gan
1199oiread agus aon chómhartha amháin de sna cheithre
1200cómharthaíbh ortha. Níl ach aon eaglais amháin .i.
1201an Eaglais Chaitilicidhe go bhfuil na cheithre
1202cómharthaí uirthe. (1) Tá AONDACHT san Eaglais
1203Chaitilicidhe. Tá an creideamh céadna ag Caitili-
1204cidhthibh ar fuaid an domhain. Tá na Seacht
1205Sácraimíntí aca pé áit 'n-a bhfuil siad agus
1206táid go léir umhal d'aon cheann amháin — do
1207Phápa na Rómha. (2) Tá an Eaglais Chaitilicidhe
1208NAOMHTHA. Is naomhtha é a teagasg; an té a
1209leanann réir an teagaisg sin mar is cóir caithfidh


L. 41


1210

sé beatha Críostamhail naomhtha — béidh sé umhal
1211carthanach deagh-iomchair. Is naomhtha iad a
1212Sácraimíntí agus Íodhbairt an Aifrinn agus
1213tairingid grásta Dé go líonmhar ar a cloinn go
1214léir. Tá toradh na naomhthachta san le feicsint
1215go soiléir, mar ó cuireadh an eaglais ar bun
1216tá daoine sár-naomhtha, nách féidir a gcómhaireamh,
1217le fághail innte — fir agus mná, óg agus aosta,
1218ó gach tír sa domhan. (3) Tá cómhartha na CAITI-
1219LICEACHTA ar an Eaglais Chaitilicidhe mar tá sí
1220leathta ar fuaid an domhain, agus ní raibh aon lá
1221ó chuir Críost ar bun í go dtí an lá indiu ná go
1222raibh sí ann. (4) Tá an Eaglais Chaitilicidhe
1223ASBOLTA mar go dtáinig a teagasg, a riaghail,
1224a h-úird, agus a h-úghdarthás diadha gan chlaochlódh
1225anuas chughainn ó aimsir na n-asbol, ó ghlúin go
1226glúin.
1227


L. 42


1228

CEACHT A hAON DÉAG


1229
1230

**Is é Íosa Críost féin CEANN DO-FHEICSE
1231na hEaglaise agus is é an Pápa, Fear-ionaid
1232nú Bhiocaire Chríost, CEANN SO-FHEICSE na
1233hEaglaise. Cialluigheann an focal "pápa"
1234athair, agus tugtar an t-ainm sin air mar gur
1235b'é athair spioradálta na gCríostaidhthe uile é.
1236Glaoidhtear an EAGLAIS RÓMHÁNACH uaireanta
1237ar an Eaglais mar gur b'é Easbog na Rómha
1238ceann so-fheicse na hEaglaise agus gur sa Róimh
1239a chómhnuigheann sé. B'é Naomh Peadar an chéad
1240Phápa; do thoigh ár dTighearna féin é; agus b'é
1241Easbog na Rómha é mar an gcéadna. D'á bhrigh
1242sin is é an Pápa Easbog na Rómha agus Cómharba
1243Naoimh Peadar pé áit 'n-a gcómhnuigheann sé.
1244Do thárla go raibh cuid de sna Pápaíbh nár
1245chómhnuigh sa Róimh i n-aon chor, ach do ghlaoidh gach
1246éinne aca "Easbog na Rómha" air féin, mar ba
1247cheart dó. Do chuir ár dTighearna féin Naomh
1248Peadar mar cheann ar an Eaglais agus ar na
1249hAsbolaibh eile nuair adubhairt Sé leis: "Is
1250Peadar (carraig) thú agus ar an gcarraig seo
1251cuirfead suas m'eaglais agus tabharfad duit
1252eochracha Ríoghachta na bhFlaitheas" (Mait., xvi).
1253Cialluigheann an focal "Peadar" carraig. Ó
1254'nuair gur b'é Fear-ionaid Chríost an Pápa tá
1255dualgas orainn onóir agus urraim a thabhairt dó
1256agus bheith umhal dó. Ó Naomh Peadar anuas tá
1257trí chéad pápa agus trí fichid tagaighthe i ndiaidh
1258a chéile i líne gan briseadh. 'Siad na h-easbuig


L. 43


1259

cómharbaí an éinne déag asbol eile. Tugtar
1260FHAIRCHE nú DIÓISEAS ar an ndúthaigh atá fé
1261riaghail easbuig agus is gnáthach ainm phríomh-
1262chatharach na dúthaighe sin a thabhairt mar ainm ar
1263an bhfairche.


1264
1265

**Tugaid na CÁIRDIONAIL congnamh do'n
1266Phápa i riaghalú na hEaglaise. Tugtar "An
1267Choláiste Naomhtha" uaireanta ortha. Ní bhíonn
1268riamh níos mó ná deich gCairdionail agus trí fichid
1269san Eaglais. Tá trí gráda de Cháirdionalaibh
1270ann:- Cáirdionail-Easbuig, Cáirdionail-Shagairt,
1271agus Cáirdionail-Dheócáin. Tá fairchí áirithe ann
1272agus tugtar Árd-easbuig ar na h-easbogaibh a
1273riaghaluigheann iad, agus tá deich bhfairchí ársa
1274ann agus tugtar ÁRD-ATHARACHA ar na h-árd-
1275easbogaibh a riaghaluigheann iad. Bíonn úghdarthás
1276áirithe ag Árd-easbog in sna fairchibh a bhíonn
1277'n-a chómharsanacht. Tugtar CÚIGE an Árd-
1278easbuig ar an ndúthaigh sin go léir a bhíonn fé
1279ughdarthás an Árd-easbuig. Tugtar ÁRD-
1280FHAIRCHE ar a fhairche féin agus FO-FHAIRCHE ar
1281gach fairche eile sa "chúige." Tá dhá chómhartha le
1282n-a n-aithnightear Árd-easbog seachas easbog eile
1283(1) an chros dúbalta a chaitheann sé agus a beir-
1284tear roimis amach agus (2) an paillium — ruainne
1285beag caol d'éadach bhán déanta d'olann uan
1286agus cheithre chros chorcara órnáidthe air. Tagann
1287sé tar dhá ghualainn an Árd-easbuig. Is fé'n
1288Easbog atá riaghalú fairche. Is aige atá cómhacht
1289chun daoine a chur "Fé Láimh Easbuig" agus
1290Órd Beannuighthe a bhronnadh.


1291
1292

**Ní féidir do'n Eaglais tuitim i n-earráid
1293ná bheith meallta i n-a creideamh, ná i gcraobh-
1294sgaoileadh an Chreidimh sin. Buadh spesialta é


L. 44


1295

sin a thagann chúiche ó'n Spioraid Naomh atá i
1296gcómhnuidhe 'n-a fochair 'á stiúrú. Tugtar DO-
1297MHEALLTACHT na hEaglaise nú DO-EARRÁID-
1298EACHT na hEaglaise ar an mbuadh san.


1299
1300

**Tá eólas iomlán ar an gCreideamh le
1301fághail i bhfocalaibh Dé de réir mar mhínigheann
1302an Eaglais iad fé stiúrú an Spioraid Naoimh.
1303Is é seo Riaghail Chreidimh na gCaitilicidhthe. Tá
1304focail sgríobhtha Dé ann agus focal Dé ná fuil
1305sgríobhtha. 'Sé an SGRIPTIÚIR NAOMHTHA nú
1306an BÍOBLA focail sgríobhtha Dé agus tá focail
1307Dé ná fuil sgríobhtha le fághail sa BHÉAL-OIDEAS
1308a tháinig chughainn anuas ó aimsir na nAsbol ó
1309ghlúin go glúin. Deir na Protostúnaigh gur
1310b'as an mBíobla amháin atá eólas ar an
1311gCreideamh le fághail, ach ní féidir an ceart a
1312bheith aca mar: (1) Dá mba sa Bhíobla amháin ba
1313mhian le n-ár dTighearna go bhfaghadh Críostaidhthe
1314eólas ar a gCreideamh níor mhór an Bíobla a
1315bheith ann i n-iomlán ó'n gcéad lá chuir Sé an
1316Creideamh ar bun. Ní mar sin a bhí an sgéal;
1317níor sgríobhadh an Tiomna Nua go dtí suas le
1318trí fichid bliadhan tar éis ár dTighearna 'fhághail
1319bháis. (2) Ní dubhairt ár dTighearna le n-a
1320mhuinntir go bhfaighdís eólas a gcreidimh sa
1321Bhíobla. Is amhlaidh adubhairt Sé leó é 'fhoghluim
1322ó sna hAsbolaibh — ní i n-aon leabhar a gheóbhaidís
1323é ach ó bhéal-oideas. "An té éisteann libh-se,"
1324ar Seisean leis na hAsbolaibh, "éisteann sé
1325liomsa." (Lúcás. x, 16.) Le béal-oideas a
1326theagaisg Sé féin na daoine, níor sgríobh Sé aon
1327leabhar. (3) Go dtí timcheall le míle agus cheithre
1328chéad bliadhan tar éis ár dTighearna a theacht ar an
1329saoghal níor cló-bhuaileadh aon leabhar — ní raibh le


L. 45


1330

fághail ach láimh-sgríbhne, agus d'á bhrigh sin bhí
1331leabhair an-dhaor, an-ghann. Dá mbéadh daoine
1332ag brath ar leabhraibh an uair sin chun a gcreidimh
1333d'fhoghluim ní bhéadh an creideamh ach ag fíor-
1334bheagán daoine. Ach ní gádh dhúinn dul thar an
1335lá indiu; má's as an mBíobla amháin atá eólas
1336ar an gCreideamh le fághail cad mar gheall ar na
1337daoinibh ná féadann leabhar a léigheadh? Cá
1338bhfuil eólas a gCreidimh le fághail aca? (4) 'N-a
1339theannta san leabhar an-dheacair le tuigsint is
1340eadh an Bíobla, agus as an méid daoine a
1341léigheann é níl ach beagán 'fhéadann é sgrúdú ná
1342é thuigsint gan congnamh. Tá a rian san ar na
1343daoinibh a bhíonn ag brath ar an mBíobla amháin,
1344tá na céadta creideamh aca agus iad bun ós
1345cionn le n-a chéile, agus lucht leanmhana gach cinn
1346aca ag bréagnú a chéile, agus iad go léir 'á rádh
1347gur b'as an mBíobla gheibheann siad a gcreideamh.


1348
1349

**Tugtar FOCAL DÉ ar an mBíobla mar
1350gur sgríobhadh é fé Dhia-análú an Spioraid Naoimh.
1351Tugtar DIA-ANÁLÚ ar an gcómhacht spioradálta
1352d'oibrigh Dia ar fhearaibh áirithe, le n-ar shoillsigh
1353Sé a dtuigsint agus le n-ar chorruigh Sé chun
1354sgríobhtha iad agus le n-ar stiúraigh Sé iad agus
1355iad ag sgríobhadh, i dtreó gur sgríobhadar an
1356rud ba mhian le Dia go sgríobhfaidís. Ciall-
1357uigheann an focal "Bíobla" leabhar, agus
1358cialluigheann an focal "Sgriptiúir" rud atá
1359sgríobhtha. Is é an Bíobla an leabhar thar
1360leabharaibh agus an sgríobhnóireacht thar a bhfuil
1361sgríobhtha. Tá dhá chuid nú dhá rann sa Bhíobla -
1362An Tiomna Nua agus an Sean Thiomna. Tugtar
1363dúinn sa tSean Thiomna tuairisg ar chruthú an
1364domhain ar sgéal na nÁrd-athar agus ar sgéal


L. 46


1365

Chlann Ísrael — na daoine thoigh Dia Chuige féin.
1366Tá trí saghas leabhar sa tSean Thiomna: leabhair
1367staireamhla, leabhair morála nú leabhair teagaisg,
1368agus leabhair tarngaireachta. Ar na leabhraibh
1369staireamhla tá an Pentateúc nú na chúig leabhair
1370a sgríobh Maoise: Genesis, Ecsodus, Lebhiticus,
1371Uimhreacha, agus Deúteronomí. Cuid de sna
1372leabhraibh staireamhla leis is eadh Leabhair na
1373Ríogh agus Leabhar na mBreitheamhan. Is é
1374Leabhar na Salm an leabhar is mó tábhacht de sna
1375leabhraibh morála. B'é Dáibhidh Rí do sgríobh
1376furmhór na Salm. De leabhraibh na tarngaireachta
1377is eadh Leabhar Ísaias agus Leabhar Ieremias agus
1378Leabhar Dhaniél. In sna leabhraibh seo tá tarn-
1379gaireacht ar theacht an tSlánuightheóra, ar A
1380bheatha, agus A mhór-fhulang. 'Sa Tiomna Nua
1381tá tuairisg ar bheatha ár dTighearna agus ar
1382shaothar na nAsbol. 'Siad so na leabhair atá
1383sa Tiomna Nua: Na Cheithre Soisgéal (Beatha ár
1384dTighearna mar a sgríobh Naomh Maitiú agus
1385Naomh Marcus agus Naomh Lúcás agus Naomh
1386Eóin é); "Gníomhartha na nAsbol," na hEpistilí
1387nú na leitreacha do sgríobh Naomh Peadar agus
1388Naomh Pól agus Naomh Eóin agus Naomh Séamus
1389agus Naomh Iúdas; agus Leabhar an Taisbeántais
1390nú an "Apocalipsis" do sgríobh Naomh Eóin.


1391
1392

**Tugtar an CHANÓIN ar liosta nú clár go
1393dtugann an Eaglais deimhne dhúinn ar iad a bheith
1394sgríobhtha fé Dhia-análú an Spioraid Naoimh.
1395Tugtar LEABHAR CANÓNDA ar gach leabhar aca
1396san. 'Sa tSean Thiomna tá sé leabhair agus
1397dachad atá canónda agus sa Tiomna Nua na
1398Cheithre Soisgéal, Gníomhartha na nAsbol, Epistil
1399agus fiche, agus an Apocalipsis. Tugtar


L. 47


1400

leabhair PRÍOMH-CHANÓNDA ar na leabhraibh a
1401ghlac an Eaglais chúiche ó thosach mar fhíor-
1402sgriptiúir sgríobhtha fé análú an Spioraid Naoimh,
1403agus leabhair IAR-CHANÓNDA ar na leabhraibh
1404nár ghlac an Eaglais go léir mar fhíor-sgriptiúir
1405ar feadh tamaill. De sna leabhraibh iar-chanónda
1406sa tSean Thiomna 'seadh Leabhar Tóbiais, Leabhar
1407Iúdit, agus Leabhar na Macaibíteach. Sa Tiomna
1408Nua is leabhair iar-chanónda Epistil Naoimh Pól
1409chun na nEabhrach, agus Epistil Naoimh Séamus.
1410Is cuma príomh-chanónda nú iar-chanónda aon
1411leabhar sa Bhíobla, fíor-sgriptiúir is eadh iad go
1412léir. Do léirigh an Eaglais dúinn cad iad na
1413leabhair atá sa Chanóin in sna Cómhairlíbh Coit-
1414cheanna a bhí i bhFlorentia agus i dTreidhnt.


1415
1416

**Tá an Eaglais Chaitilicidhe do-mheallta
1417.i. ní féidir di tuitim i n-earráid i n-a creideamh
1418ná 'n-a teagasg. (1) nuair a labharann sí i
1419gCómhairle Choitcheann, (2) nuair a labharann an
1420Pápa ex cathedra, (3) nuair a bhíonn easbuig an
1421domhain ar aon-fhocal agus iad ag teagasg an
1422phobuil Chaitilicidhe. Tugtar CÓMHAIRLE COIT-
1423CHEANN ar chómhchruinniú dhlisteanach de easbogaibh
1424uile na hEaglaise agus an Pápa, nú leagáid
1425uaidh, mar cheann cómhairle ortha. An Chómhairle
1426Choitcheann is déanaighe a tháinig le chéile b'é an
1427Naomhadh Pápa Píus do chómh-chruinnigh í sa
1428Bhatichan sa bhliadhain 1869. Tar éis bheith i ndáil
1429ar feadh geall le bliadhain do cuireadh an
1430Chómhairle ar ath-lá agus níor cómh-chruinnigheadh í
1431riamh ó shin cé nár cuireadh deire léi fós. I
1432Nicéá do cómh-chruinnigheadh an Chéad Chómhairle
1433Choitcheann sa bhliadhain 325. Ó sin anuas níor
1434cómh-chruinnigheadh ach Cómhairle Choitcheann agus


L. 48


1435

fiche. Do léirigheadh go solamhanta i gCómhairle
1436an Bhatican sa bhliadhain 1870 go bhfuil an Pápa
1437do-mheallta nú do-earráideach.


1438
1439

**Is ceann d'airtiogalaibh ár gcreidimh go
1440bhfuil an Pápa do-mheallta. Tá an buadh san
1441aige nuair a labharann sé ex cathedra .i. nuair
1442labharann le cómhacht Chinn na hEaglaise agus é
1443ag tabhairt bhreith ar cheisteanaibh creidimh nú a
1444cheisteanaibh morála i gcómhair na hEaglaise go
1445léir. Cialluigheann na focail "ex cathedra"
1446ó'n gcathaoir .i. ó chathaoir Pheadair Naomhtha — le
1447h-úghdarthás Naoimh Peadar nú mar CHÓMHARBA
1448Naoimh Peadar. Nuair adeirimíd go bhfuil an
1449Pápa do-mheallta ní mheasaimíd a rádh nách
1450féidir dó peaca a dhéanamh ná nách féidir dó
1451dearmhad a dhéanamh i gceisteanaibh shaoghalta.
1452Fiú amháin d'fhéadfadh an Pápa dearmhad a
1453dhéanamh i gceisteanaibh a bhaineann leis an
1454gCreideamh dá mba breith dhuine léigheanta a
1455thabharfadh sé agus gan labhairt mar Phápa.


1456
1457

**B'é Naomh Pádraig d'iompuigh muinntir
1458na hÉireann ó phágántacht, breis agus cheithre
1459chéad bliadhain tar éis teacht ár dTighearna.
1460Fuair sé úghdarthás ó Naomh Celestín, an Pápa,
1461chun teacht go hÉirinn agus an Creideamh a chraobh-
1462sgaoileadh. Tar éis an Chreidimh a ghlacadh do
1463mhuinntir na hÉireann chuaidh cáil chómh mór san
1464amach ortha i dtaobh a léighin agus a ndeigh-
1465thréithe gur glaoidheadh "Oileán na Naomh agus
1466na n-Ollamh" ar an dtír.


1467
1468

*Is 'mó buadh atá ag Caitilicidhthibh seachas lucht
1469leanmhana aon chreidimh eile. Tá na Sácraimíntí
1470aca agus Íodhbairt an Aifrinn. Níl na daoine
1471atá lasmuigh de'n Eaglais páirteach in sna


L. 49


1472

tíodhlacaibh sin. I Sácraimínt na hAithrighe
1473tugtar maitheamhnas a pheacaí do'n Chaitilicidhe.
1474Nuair ná fuil an tSácraimínt sin ag an
1475muinntir atá lasmuigh de'n Eaglais níl maith-
1476eamhnas le fághail aca ach tré ghníomh Chroidhe-bhrú
1477iomlán. Ach ó 'nuair gur minic ná múintear
1478dóibh a ríachtanaighe agus tá croidhe-bhrú iomlán
1479ná connus gníomh chroidhe-bhrú iomlán a dhéanamh,
1480'sé an rud is dóichighe, ná bacfaidh siad leis i
1481n-aon chor agus go mbéidh a bpeacaí gan
1482maitheamh.


1483
1484

*Buadh eile do Chaitilicidhthibh is eadh iad a
1485bheith rann-pháirteach i gComaoine na Naomh.
1486Cialluighmíd le Comaoine na Naomh, an ceangal
1487rúindiamhara, spioradálta, atá idir an mhuinntir
1488a bhaineann leis an Eaglais ar thalamh agus na
1489naoimh ar Neamh agus na h-anamacha i bPurga-
1490dóireacht. Tré bhrigh an chóimhcheangail sin táid
1491go léir páirteach i n-úrnaighthibh a chéile. Cuirimíd-
1492na ár n-impighe chun na naomh ar Neamh ag iarraidh
1493a gcabhartha agus iarraimíd ar Dhia fuasgailt ag
1494saor-bhraighdeanas do sna h-anamachaibh i bPur-
1495gadóireacht. Guidhmíd mar an gcéadna ar son
1496ár gcómharsan ar an saoghal so. Deinid na
1497naoimh ar Neamh agus na h-anamacha i bPurga-
1498dóireacht guidhe ar ár son-na. 'N-a theannta
1499san táimíd go léir páirteach i n-úrnaighthibh na
1500hEaglaise d'á cloinn go léir agus páirteach in
1501sna h-úrnaighthibh adeireann ár gcómharsain ar ár
1502son.


1503
1504

*Ach dá mhéid é an buadh atá ag an gCaitilicidhe
1505ó bheith sa bhfíor-eaglais ní leór dó gur Caitilicidhe
1506é — ní shaorfaidh an méid sin amháin é. Is amhlaidh
1507a tabharfar breith níos géire agus níos déine air


L. 50


1508

de réir mar a méaduightear na grásta dhó agus
1509go dtugann sé failighe ionnta.


1510
1511

**Is 'mó tairbhe anma a thagann chun an
1512Chaitilicidhe ó chuallachtaibh agus ó chumanaibh
1513diadha. Tugtar cuallacht nú cuman diadha ar
1514dream daoine a chuireann iad féin fé riaghlachaibh
1515so-chóimhlíonta, mar mhaithe le n-a n-anam féin nú
1516chun gníomhartha carthanachta a chur chun cinn. Seo
1517cuid de sna cuallachtaibh diadha is mó go bhfuil
1518aithne ortha: Cuallacht an Teaghlaigh Naomhtha,
1519Cuallacht Chroidhe Íosa, Cuallacht na Croise i
1520n-aghaidh an Ólacháin, Cuman an Phaidirín Pháirtigh,
1521agus Cuallacht Naomh Bhincint de Pól.
1522


L. 51


1523

CEACHT A DÓ DHÉAG


1524
1525

*Tugaimíd peaca AN GHNÍMH ar aon pheaca a
1526dheinimíd féin. Tá dhá shórt peaca ghnímh ann:
1527peaca marbhthach agus peaca so-loghthach. Ní bhéidh
1528duine cionntach i bpeaca marbhthach (1) maran
1529droich-nídh mór ann féin an smaoineamh a bhíonn
1530i n-a aigne nú an briathar a labharann sé nú
1531an gníomh nú an fhailighe dheineann sé; agus
1532(2) mara mbéidh fhios go cruinn aige i n-a aigne
1533a olcas is tá sé; agus (3) mara dtugaidh sé a
1534thoil go h-iomlán leis. Mara gcóimhlíontar na
1535trí coinghealacha so níl sa pheaca ach peaca so-
1536loghthach. Cuir i gcás go bhfuil adhbhar an pheaca
1537(an smaoineamh nú an briathar nú an gníomh nú
1538an fhailighe) go h-an-olc agus go bhfuil fhios ag
1539an nduine go dian-mhaith a olcas is tá sé, mara
1540dtuga sé toil go h-iomlán leis níl ach peaca
1541so-loghthach ann. Nú cuir i gcás go dtugann
1542duine a thoil go h-iomlán le droich-nídh ach ná
1543fuil fhios go cruinn aige gur peaca marbhthach an
1544rud san a dhéanamh, ní bhéidh ach peaca so-loghthach
1545ann.


1546
1547

**Tugtar peaca marbhthach ar an bpeaca san
1548mar go gcuireann sé deire le beatha spioradálta
1549an anma .i. marbhuigheann sé grásta Dé ann.
1550Nuair a bhíonn an corp marbh ní féidir dó na
1551gníomhartha úd a dhéanamh do dheineadh sé nuair a
1552bhí sé 'n-a bheathaidh. Nuair a bhíonn an t-anam
1553marbh go spioradálta ní fhéadann sé aon ghníomh
1554spioradálta a dhéanamh — aon ghníomh a thuillfeadh


L. 52


1555

luach-saothair dó i láthair Dé. Nuair a bhíonn an
1556t-anam 'n-a bheathaidh go spioradálta — nuair a
1557bhíonn sé ar staid na ngrást — tuilleann sé
1558méadú ar a ghlóire i bhFlaitheas Dé le gach deagh-
1559ghníomh d'á ndeineann sé. Ní mar sin do'n anam
1560a bhíonn marbh go spioradálta. I n-ionad luach-
1561saothair a thuilleamh le deagh-ghníomharthaibh is
1562amhlaidh a chailleann sé pé luach-saothair a bhí
1563tuillte cheana aige. Ach bíodh ná tuilleann na
1564deagh-ghníomhartha a deintear i staid pheaca mharbh-
1565thaigh aon luach-saothair spioradálta ní h-ionann é
1566sin agus a rádh go bhfuil siad gan tairbhe. Is
1567deagh-ghníomhartha iad pé uair a deintear iad
1568agus bíodh ná fuil aon mhéadú glóire le fághail
1569d'á mbárr i bhFlaitheas Dé b'fhéidir mar gheall
1570ortha gur bh'é toil Dé tré n-A mhór-thrócaire
1571grásta a bhronnadh ar an bpeacach a thabharfadh é
1572arís go staid na ngrást. Nuair a dheineann
1573duine aithrighe gheóbhaidh sé thar n-ais an luach-
1574saothair a chaill sé mar gheall ar an bpeaca
1575marbhthach.


1576
1577

Má bhíonn sé de mhí-ádh ar dhuine é a thuitim
1578i bpeaca marbhthach ba cheart dó dul chun Faoistine
1579gan mhoill agus maitheamhnas d'fhághail. Maran
1580féidir leis dul chun Faoistine ba cheart dó é
1581féin a spriuchadh chun gníomh croidhe-bhrú iomlán
1582a dhéanamh. Cialluigheann an focal "so-loghthach"
1583so-mhaithte, agus tugtar an t-ainm sin air mar
1584gur furaiste é a mhaitheamh seachas an peaca
1585marbhthach. Ní ghearrann an peaca so-loghthach sinn
1586amach ó Flaitheas Dé fé mar dheineann an peaca
1587marbhthach, ach i n-a aindeóin sin is uile is coir
1588chómh mór san peaca so-loghthach, ná béadh sé
1589dleaghthach againn é dhéanamh chun an domhain go
1590léir a shaoradh ó dhíthiú.
1591


L. 53


1592

Tá dhá shaghas ócáid nú cionnfáth peaca ann -
1593(1) DLÚTH-ócáid nú DLÚTH-chionnfáth, agus (2)
1594CIAN-ócáid nú CIAN-chionnfáth. Bíonn sé 'n-a
1595dhlúth-ócáid nú 'n-a dhlúth-chionnfáth do dhuine
1596nuair a bhíonn contabhairt mhór go dtairingeóchaidh
1597sé an duine sin chun peaca. Bíonn sé 'n-a
1598chian-ócáid nuair a bhíonn contabhairt go dtairin-
1599geóchaidh sé an duine chun peaca ach gur suarach
1600an chontabhairt í. Is dlúth-ócáid peaca do dhuine
1601dul isteach i dtigh óil má's gnáthach leis dul ar
1602meisge ann; ach an té ná béadh aon dúil san ól
1603aige dá raghadh sé isteach sa tigh óil chéadna ní
1604bhéadh ach cian-ócáid dó ann, nú b'fhéidir ná béadh
1605aon ócáid pheaca dó i n-aon chor ann. Tá an
1606oiread de ócáidíbh peaca ann agus tá de
1607dhaoiníbh ar an saoghal. Is minic gur ÁIT éigin
1608áirithe a thairgeann daoine chun peaca, cuir i
1609gcás tigh óil nú áit 'n-a mbíonn droch-chainnt ar
1610siúbhal. Uaireanta is DUINE éigin an ócáid
1611pheaca, cuir i gcás duine a chleachtann cainnt
1612mí-bhanamhail nú cainnt neamh-charthanach. Uair-
1613eanta is RUD éigin a thairgeann duine chun
1614peaca — airgead nú éadach aoibhinn, agus rl. An rud
1615a bhéidh 'n-a ócáid pheaca do dhuine b'fhéidir nár
1616bh'aon ócáid pheaca do dhuine eile é, agus an rud
1617á bhéadh 'n-a dhlúth-ócáid do dhuine b'fhéidir ná
1618béadh do dhuine eile ann ach cian-ócáid. Aith-
1619neóchaidh duine go minic ó n-a bheatha féin cia'ca
1620saghas ócáide dó féin a bhíonn ann. Tá rudaí
1621áirithe, ámhthach, atá 'n-a n-ócáidíbh peaca do gach
1622éinne beagnach, mar atá droch-chuideachta, droich-
1623leabhair, siúbhal-oidhche, ólachán, agus léir-dhío-
1624mhaointeas. Is peaca do dhuine é féin a chur
1625gan ríachtanas i ndlúth-ócáid an pheaca. Is


L. 54


1626

peaca marbhthach dó é féin a chur i ndlúth-ócáid
1627pheaca marbhthaigh agus peaca so-loghthach dó é féin
1628a chur i ndlúth-ócáid pheaca so-loghthaigh.


1629
1630

**Tugaimíd GRÁSTA ar gach aon chabhair a
1631thugann Dia dhúinn chun sinn a chur ar leas ár
1632n-anma. Is grásta ó Dhia dhúinn seanmóin
1633éisteacht nú caoi 'fhághail ar na Sácraimíntí a
1634ghlacadh. Is grásta do dhuine sompla deagh-
1635athar agus deagh-mháthar. Is grásta do dhuine
1636má thagann glaodhach nú gairm ó Dhia chuige 'á
1637spriocadh chun a shaoghal a chaitheamh fé riaghail
1638choisricthe nú i nÓrd Bheannuighthe. Cialluigheann
1639an focal "grásta" tabhartas nú rud a tugtar
1640i n-aisge do dhuine. Tugtar GRÁSTA NA NAOMH-
1641UIGHTHE nú GRÁSTA CÓMHNUIGHTHE ar an
1642ngrásta a tugtar dúinn nuair a maithtear peaca
1643an tsinnsir nú peaca marbhthach dúinn. Is
1644grásta naomhuighthe a bhíonn i gceist againn de
1645ghnáth nuair a labhraimíd ar "staid na ngrást"
1646nú ar grásta Dé a chailleamhaint. Tugtar
1647GRÁSTA GNÍOMHACH ar gach cabhair spioradálta
1648a thugann Dia dhúinn de réir mar a bhíonn gádh
1649againn leis, chun olc a sheachaint nú chun maith a
1650dhéanamh. Is é nádúr an ghrásta naomhuighthe nú
1651an ghrásta chómhnuighthe go bhfanann sé i n-ár
1652n-anam nó go ruagtar é le peaca marbhthach.
1653Ní mar sin do'n ghrásta ghníomhach, ní tugtar
1654dúinn é ach de réir mar a bhíonn gádh leis.
1655Tugtar grásta gníomhach do'n anam a bhíonn i
1656bpeaca marbhthach chómh maith agus tugtar é do'n
1657anam gan pheaca, ach ní féidir grásta naomhuighthe
1658agus peaca marbhthach a bheith i n-anam duine i
1659dteannta a chéile.


1660
1661

**Gach aon nídh a dheinimíd agus a théidheann


L. 55


1662

chun sochair anma dhúinn — pe'ca smaoineamh nú
1663briathar nú gníomh é — ní féidir dúinn é thosnú
1664ná leanmhaint air gan grásta ó Dhia. Sin é an
1665bhrigh atá le foclaibh ár dTighearna: "Gan mise
1666ní féidir daoibh aon nídh a dhéanamh." Tugann
1667Dia dos gach éinne grásta a dhóthain chun a anam
1668a shaoradh agus an té chómh-obruigheann leis na
1669grástaibh sin tugtar líonmhaireacht grásta dhó-
1670breis agus a dhóthain grásta. Is contabharthach
1671an rud cur suas do ghrástaibh Dé. Chímíd ó'n
1672léirsgrios a deineadh ar Ierusalem agus ó'n
1673ndroich-chrích a bhí ar Iúdás connus a bhaineann
1674Dia díoghaltas as an dream a thugann failighe
1675'n-A ghrástaibh.


1676
1677

**Is féidir labhairt ar dá shórt grásta
1678naomhuighthe — an chéad ghrásta agus an dara
1679grásta. 'Sé an CHÉAD GHRÁSTA an grásta
1680naomhuighthe gheibheann duine nuair a glantar a
1681anam ó pheaca an tsinnsir nú ó pheaca marbhthach.
1682Aon mhéadú a thagann ar an ngrásta san, nuair
1683a dheineann an duine deagh-ghníomh tugtar an
1684DARA GRÁSTA air. Cuir i gcás go bhfuil
1685duine i bpeaca marbhthach. Má théidheann sé chun
1686Faoistine maithtear an peaca san dó agus
1687tugtar grásta naomhuighthe dhó. Sin é an chéad
1688ghrásta. Má ghlacann sé Comaoine Naomhtha
1689méaduightear an grásta naomhuighthe atá 'n-a
1690anam. Tugtar an DARA GRÁSTA ar an
1691méadú grásta san.


1692
1693

*Is contabharthach an rud d'éinne fanmhaint i
1694staid peaca marbhthaigh agus níl aon leath-sgéal
1695ag an té a dheineann é. Dá mbéadh dhá anam
1696againn b'fhéidir go mbéadh leath-sgéal éigin
1697againn dá gcuirimís ceann aca i gcontabhairt,


L. 56


1698

nú dá dtiocfadh an bás dá uair orainn bhéadh
1699leath-sgéal againn dá dtugaimís failighe ann an
1700chéad uair. Ach ó 'nuair ná fuil ach aon anam
1701amháin againn agus ná tiocfaidh an bás ach aon
1702uair amháin orainn níl éinne ach duine buile a
1703raghadh i gcontabhairt báis 'fhághail agus peaca
1704marbhthach ar a anam. D'á bhrigh sin má bhíonn sé
1705de mhí-ádh orainn peaca marbhthach a dhéanamh ba
1706cheart dúinn dul chun Faoistine nú gníomh chroidhe-
1707bhrú iomlán a dhéanamh chómh luath agus is féidir
1708linn é. (Féach Ceacht a 28.)


1709
1710

*Tugtar cinn-pheacaí marbhthacha ar na seacht
1711bprímh-pheacaí marbhthacha mar gur gaol agus cine
1712do cheann éigin aca gach aon pheaca d'á ndeintear.
1713Cuir i gcás, is gaol do'n Uabhar mór-chúis, árd-
1714mhiangus, mustar, maoidheamh asainn féin, andóchas
1715agus easumhlacht, agus rl.
1716


L. 57


1717

CEACHT A TRÍ DÉAG


1718
1719

*Cialluigheann an focal "purgadóireacht"
1720GLANADH agus tugtar Purgadóireacht ar an
1721bpianós fhuilingeann anamacha áirithe ar an
1722saoghal eile, mar go nglantar iad tré bhrigh an
1723phianóis sin ó gach smál peaca. Is é an Creideamh
1724Caitilicidhe i dtaobh na Purgadóireachta, de réir
1725teagasg na n-athar i gCómhairle na Treidhnte
1726(1) go bhfanann go minic pianós aimsire le
1727cúiteamh i ndiaidh an pheaca tar éis maitheamhnas
1728d'fhághail i gcoir an pheaca; (2) mara ndeintear
1729leór-ghníomh ar an saoghal so le gníomharthaibh
1730aithrighe ar son gach aon fhuigheal peaca go gcaith-
1731fear é 'chúiteamh ar an saoghal eile i bPurga-
1732dóireacht; (3) go dtéidheann úrnaighthe agus
1733deagh-oibreacha na ndaoine atá ar an saoghal so,
1734agus go mórmhór an tAifrionn, chun sochair na
1735n-anam atá i bPurgadóireacht.


1736
1737

**Is mó téacs sa Bhíobla a thaisbeánann
1738dúinn go bhfuil Purgadóireacht ann, ach ní dócha
1739go bhfuil aon chuid de'n Bhíobla 'n-ar cruinne
1740gheibhmíd an teagasg san ná sa dara leabhar de
1741Leabhraibh na Macaibíteach (xii. 46). Tá sgríobhtha
1742ann san gur chuir Iúdás Macabéus 12,000
1743drachma airgid go Ierusalem chun go gcuirfí
1744íodhbairtí le h-anamachaibh na ndaoine a marbh-
1745uigheadh sa chogadh. Seo mar a labharann an
1746Bíobla i dtaobh an deagh-ghnímh sin: "Is naomhtha
1747agus is tairbheach an smaoineamh guidhe ar son
1748na marbh ionnus go bhfuasglófaí iad ó n-a


L. 58


1749

bpeacaíbh." Cuireann na focail seo i n-iúil
1750dúinn go bhfuil Purgadóireacht ann agus go
1751dtugann ár n-úrnaighthe-na fuasgailt ar na
1752h-anamachaibh a bhíonn ann.


1753
1754

*Níor léirigh an Eaglais dúinn cá bhfuil an
1755áit 'n-a bhfuilingeann na h-anamacha, ná cad é
1756an saghas pianóis 'fhuilingeann siad, ach is é
1757tuairim coitcheann na bhfíréan gur le teine
1758céastar iad agus gur cosmhail an teine sin le
1759teine ifrinn. Is mór an sólás dúinn a fhios a
1760bheith againn gur féidir linn fuasgailt a thabhairt
1761ar na h-anamachaibh sin le n-ár n-úrnaighthíbh. Is
1762dúthrachtaighe a bheimíd chun cabhrach a thabhairt do
1763sna h-anamachaibh i bPurgadóireacht má chuimh-
1764níghimíd (1) gur mór an glóire a thugaimíd do Dhia
1765nuair a chuirimíd anamacha 'Á adhradh in sna
1766Flaithis; (2) gur féidir linn giorrú agus bogadh
1767thabhairt ar phiantaibh na n-anam san; (3) go
1768mb'fhéidir gur mar gheall orainn-ne atá mórán
1769aca ag fulang; agus (4) ná fuil aon bhaoghal
1770ná go gcúiteóchaidh siad-san linn-ne ár ndaonacht,
1771agus go mórmhór nuair a thiocfaidh an t-am
1772nuair a chaithfimíd féin pianta Phurgadóireachta
1773d'fhulang.


1774
1775

*Téidheann dá shaghas daoine go Purgadóir-
1776eacht: (1) an mhuinntir fhaghann bás agus peaca
1777so-loghthach ar a n-anam, agus (2) an mhuinntir
1778gur maitheadh a bpeacaí marbhthacha dhóibh ar an
1779saoghal so agus nár chúitigh go h-iomlán an
1780pianós aimsire a bhí ortha mar gheall ar a bpeacaíbh.
1781(1) Téidheann an mhuinntir 'fhaghann bás i bpeaca
1782so-loghthachaí ei P sadóireacht mar (a) go dtruail-
1783gheann annpiné gouo-loghthach an t-anam agus nách
1784féidir d'acrgdh truailighthe dul go Flaitheas Dé,


L. 59


1785

agus (b) ná fuil sé de réir trócaire agus mór-
1786mhaitheas Dé aon anam a chur go h-ifrionn i
1787gcaitheamh na síoruidheachta marar chaill an t-anam
1788san cáirdeas Dé tré pheaca marbhthach. (2)
1789Téidheann an mhuinntir nár chúitigh go h-iomlán
1790a bpianós aimsire go Purgadóireacht mar, ar a
1791shon gur mhaith Dia coir an pheaca mharbhthaigh dóibh
1792agus an pianós síoruidhe a leanann é ní fuláir
1793leór-ghníomh a dhéanamh le Dia as an easumhlacht
1794a tugadh Dó nuair a deineadh an peaca marbhthach.
1795Is féidir an leór-ghníomh san a dhéanamh ar an
1796saoghal so má dheinimíd oibreacha aithrighe (trosgadh
1797nú déirc, agus rl.), nú má ghlacaimíd logha.


1798
1799

**Innstear dúinn sa Sgriptiúir Naomhtha gur
1800éilimh Dia, agus ní aon uair amháin é, pianós
1801aimsire mar leór-ghníomh i bpeacaíbh tar éis na
1802bpeacaí a mhaitheamh. Do pheacuigh Dáibhidh, ach
1803tar éis aithrighe a dhéanamh agus nuair a bhí an
1804peaca maithte dhó d'éilimh Dia pianós aimsire air
1805mar leór-ghníomh — d'éilimh sé bás a mhic air. —
1806(II. Ríogh., xii.) Do chuir Clann Israel fearg
1807ar Dhia le n-a gcuid gearáin sa bhfásach. Do
1808dheineadar aithrighe agus do mhaith Dia dhóibh é, ach
1809do chuir Sé pianós aimsire ortha — níor leigeadh
1810dóibh cosa chur ar an dTír Tarngaire.
1811


L. 60


1812

CEACHT A CEATHAR DÉAG


1813
1814

Do thug Dia na deich n-aitheanta do Mhaoise
1815an chéad uair agus iad sgríobhtha ar dhá chlár
1816cloiche. Ar an gcéad chlár bhí an chéad tri aithne
1817— na h-aitheanta a chuireann i n-iúil do dhaoinibh
1818a ndualgas do Dhia. Bhí na seacht n-aitheanta
1819eile — na h-aitheanta a chuireann i n-iúil do
1820dhaoinibh a ndualgas d'á gcómharsain — sgríobhtha
1821ar an dara clár cloiche. Léirigheann an chéad
1822aithne dhúinn an dualgas atá orainn Dia d'adhradh
1823agus tiormasgann sí orainn éinnídh a dhéanamh a
1824bhéadh i n-aghaidh an chreidimh is cóir dhúinn a bheith
1825i nDia againn, ná i n-aghaidh an dóchais is ceart
1826dúinn a bheith againn Ann, ná i n-aghaidh an ghrádha
1827is ceart dúinn a thabhairt Dó. Is ionann grádh
1828agus carthanacht.


1829
1830

*Tugtar na trí súbháilcí DIADHA ar Chreideamh,
1831Dóchas, agus Carthanacht, mar go mbaineann bun-
1832adhbhar na súbháilcí seo le Dia féin. 'Sé seo an
1833chéad aithne i n-iomlán: "IS Mise an Tighearna
1834Dia, do thug amach tú as talamh na hÉigipte agus
1835as tigh na daoirse, ná bíodh déithe coigcríche agat
1836im' láthair. Ná déin duit féin aon nídh dealbh-
1837uighthe, ná cosmhalacht roda ar bith d'á bhfuil ar
1838Neamh thuas ná ar talamh thíos ná d'á bhfuil in sna
1839h-uisgíbh atá fé'n dtalamh. Ná déin iad d'adhradh,
1840ná umhlú dhóibh." Tugaimíd SUBHÁILCE ar chumas
1841nú éasgaidheacht anama chun maitheas a dhéanamh
1842nú chun uilc a sheachaint, agus DUBHÁILCE ar
1843éasgaidheacht anma chun uilc a dhéanamh.
1844


L. 61


1845

**Is é bun-adhbhar na subháilcí MORÁLA,
1846duine a stiúrú chun an roda a dhéanamh atá ceart
1847do réir réasúin deagh-riaghalta. Tá cheithre subh-
1848áilcí morála ann ar a dtugtar na subháilcí
1849bunúdhsacha: CRÍONNACHT (nú GLIOCAS),
1850CEART, NEART, agus MEASARACHT. Tugtar
1851subháilcí bunúdhsacha ortha mar gur b'iad bun nú
1852préamh na subháilcí uile iad. Cuid de sna subháilcí
1853morála is eadh na subháilcí atá i n-aghaidh na
1854seacht gcinn-pheacaí marbhthacha mar atá: umhlacht,
1855féile, geanmnuidheacht, ceannsacht, measaracht,
1856carthanacht, agus caoin-dúthracht.


1857
1858

**Ní fuláir ár gCreideamh a bheith DAINGEAN
1859agus IOMLÁN. É bheith daingean: gach nídh
1860'fhoillsigheann Dia dhúinn a chreideamhaint gan aon
1861dabht a chur ann ná aon locht d'fhághail air, de
1862bhrigh gur b'é Dia d'foillsigh é. É bheith iomlán:
1863gach nídh d'ár fhoillsigh Dia dhúinn agus a mhúin-
1864eann an Eaglais (pe'ca rud beag nú rud mór é)
1865a chreideamhaint. Ní gádh dhúinn eólas CRUINN
1866a bheith againn ar gach nídh a bhaineann leis na
1867fírinníbh seo. Ní beag dúinn gach nídh a mhúineann
1868an Eaglais dúinn a chreideamhaint go DOILÉIR
1869agus cuid de sna prímh-fhírinníbh a chreideamhaint
1870go SOILÉIR. Creidimíd go SOILÉIR nuair a
1871bhíonn eólas cruinn againn ar an bhfírinne a
1872chreidimíd; creidimíd rud go DOILÉIR nuair
1873nách í an fhírinne sin fé leith a chreidimíd, ach
1874fírinne éigin eile 'n-a bhfuil sí le fághail. Cuir
1875i gcás má chreidimíd na fírinní a mhúineann an
1876Eaglais bíonn creideamh doiléir againn i ngach
1877fírinne aca san ná bíonn eólas againn air. Ní
1878fuláir ár nDóchas a bheith (1) láidir, agus (2)
1879iomlán. (1) Ní fuláir é 'bheith LÁIDIR mar gur


L. 62


1880

b'iad geallamhna Dé agus A Mhór-mhaitheas agus
1881A Chómhacht fáth ár nDóchais, (2) Ní fuláir ár
1882nDóchas a bheith IOMLÁN .i. dóchas a bheith againn
1883go bhfaighmíd gach aon nídh a gheall Dia dhúinn.
1884Ní fuláir ár gCarthanacht a bheith (1) ós cionn
1885gach uile nídh, agus (2) éifeachtach nú torthamhail,
1886(1) É 'bheith ÓS CIONN GACH UILE NÍDH: go
1887bhfuil 'fhiachaibh orainn gan leigint d'éinnídh teacht
1888idir sinn agus ár ngrádh do Dhia. (2) É 'bheith
1889ÉIFEACHTACH nú TORAMHAIL: nách fuláir dúinn
1890ár ngrádh do Dhia a thaisbeáint leis an slighe
1891órduighmíd ár mbeatha agus ár ngníomhartha.
1892Tar éis grádh a thabhairt do Dhia ba cheart dúinn
1893grádh a thabhairt d'ár n-anam féin, 'n-a dhiaidh sin
1894féachaint chun anma ár gcómharsan, agus 'n-a
1895dhiaidh sin féachaint chun ár maoin shaoghalta féin
1896agus chun maoine ár gcómharsan.


1897
1898

**Caithfidh ár gCreideamh agus ár nDóchas
1899agus ár gCarthanacht bheith ÓS-CIONN-NÁDÚRA.
1900Cialluigheann sé sin go bhfuil 'fhiachaibh orainn
1901creideamhaint mar gur b'é Dia d'fhoillsigh fírinní
1902ár gCreidimh dúinn; Dóchas a bheith againn mar
1903gur ar Dhia atá ár seasamh; agus Grádh a
1904thabhairt do Dhia ar A shon féin. Tá ceangailte
1905ar gach éinne gníomhartha Creidimh agus Dóchais
1906agus Grádha nú Carthanachta a dhéanamh, ach má
1907dheinimíd aon úrnaighthe 'n-a bhfuil na subháilcí sin
1908le fághail cóimhlíonfaimíd an dualgas san.
1909


L. 63


1910

CEACHT A CÚIG DÉAG


1911
1912

*Tá trí dhreamh daoine ann a pheacuigheann i
1913n-aghaidh subháilce an Chreidimh. (1) An mhuinntir
1914ná deineann iarracht ar eólas d'fhághail ar na
1915fírinníbh a mhúin Dia dhúinn; (2) an mhuinntir ná
1916creideann na fírinní a mhúin Dia dhúinn; agus
1917(3) an mhuinntir ná h-admhuigheann go gcreideann
1918siad na fírinní mhúin Dia dhúinn. (1) 'Siad an
1919mhuinntir ná deineann iarracht ar eólas d'fhághail
1920ar na fírinníbh a mhúin Dia dhúinn: an mhuinntir
1921a thuigeann go maith go bhfuil siad gan eólas ar
1922fhírinníbh atá ríachtanach chun ár slánuighthe, nú ar
1923dhualgaisíbh a bhaineann le n-a slighe bheatha, agus
1924ná deineann iarracht ar an eólas sin d'fhághail -
1925rud a fhéadfaidís a dhéanamh ach an Teagasg
1926Críostaidhe d'fhoghluim, nú iarraidh ar dhuine
1927éigin iad a theagasg. (2) 'Siad na h-eiricigh
1928agus na díth-chreideamhaigh a shéanann na fírinní a
1929mhúin Dia dhúinn. EIRICEACH is eadh éinne a
1930shéanann aon airtiogal de'n Chreideamh atá léir
1931ighthe ag an Eaglais: cuir i gcás, go bhfuil Íosa
1932Críost sa Naomh-Shácraimínt nú go bhfuil ifrionn
1933síoruidhe. SIOSMAIRE is eadh duine ná
1934séanann aon airtiogal de'n Chreideamh, ach ná
1935h-admhuigheann gur b'é an Pápa Ceann so-fheicse
1936na hEaglaise. DÍTH-CHREIDEAMHACH is eadh
1937éinne a shéanann go bhfuil Dia ann nú gur
1938fhoillsigh Sé fírinní an Chreidimh. PÁGANACH is
1939eadh duine a thugann adhradh do dhéithibh bréige.
1940(3) An mhuinntir ná h-admhuigheann go gcreideann


L. 64


1941

siad fírinní an Chreidimh, sin iad an mhuinntir go
1942bhfuil an Creideamh fírinneach aca ach a shéanann
1943é. Deineann cuid aca é tré eagla (cuir i gcás,
1944nuair a bhíonn Caitilicidhthe 'á gcur chun báis).
1945Deineann a thuile aca tré náire é, a thuile aca
1946chun feabhas a chur ar a slighe bheatha ar an saoghal
1947so, agus mar sin dóibh. Ní bhíonn coir chómh
1948trom ar chuid aca agus a bhíonn ar chuid eile aca.
1949Is measa go mór an CÚIL-SHLEAMHNUIDHE a
1950thugann suas a Chreideamh ar fad ná an té ná
1951deineann Fíoghar na Croise air féin tré náire.


1952
1953

*Éadóchas agus andóchas an dá pheaca i
1954n-aghaidh shubháilce an Dóchais. Tugtar ÉADÓCHAS
1955ar pheaca an té ná bíonn muinghin as Dia
1956aige agus a cheapann nách féidir dó an Bheatha
1957Shíoruidhe d'fhághail agus d'á bhrigh sin go bhfuil sé
1958díomhaoin aige aithrighe a dhéanamh. Is mór an
1959peaca é an t-éadóchas mar taisbeánann an té
1960bhíonn cionntach ann go gcreideann sé ná cóimh-
1961líonfaidh Dia A gheallamhna. B'é sin peaca Cháin
1962agus peaca Iúdáis. Tugtar ANDÓCHAS ar
1963pheaca an té a cheapann go dtabharfaidh Dia an
1964Bheatha Shíoruidhe dó, ach ná deineann aon iarracht
1965ar dhlighe Dé a choimeád ná ar aithrighe a dhéanamh
1966i n-a pheacaíbh. An té bhíonn cionntach sa pheaca
1967san taisbeánann sé ná fuil aon bheann aige ar
1968Dhia agus ná cuireann sé aon spéis 'n-A fhocal
1969ná 'n-A bhagairt. D'á bhrigh sin is peaca an-mhór
1970go léir é.


1971
1972

**Baineann subháilce na Carthanachta le Dia
1973agus leis an gcómharsain. 'Sé Grádh na Cómharsan
1974an rud is giorra do Ghrádh Dé, agus is é cómhartha
1975an Chríostaidhe fhóghanta é thar éinnídh eile.


1976
1977

**Cuireann Grádh na Cómharsan de dhualgas


L. 65


1978

orainn fóirithint ar ár gcómharsain nuair a bhíonn
1979sé i gcruadhtan. B'fhéidir gur cruadhtan ANMA
1980a bhéadh air nú cruadhtan CUIRP; agus b'fhéidir
1981gur gnáth-chruadhtan, nú mór-chruadhtan, nú fíor-
1982ghéar-chruadhtan a béadh air. Ma's i nGNÁTH-
1983CHRUADHTAN a bhíonn sé — pe'ca cruadhtan anma
1984nú cuirp é — níl de dhualgas de ghnáth orainn ach
1985guidhe ar a shon. Nuair a bhíonn ár gcómharsa
1986i MÓR-CHRUADHTAN anma nú cuirp — gan baoghal
1987RÓ-MHÓR a bheith air bás d'fhághail, ná 'bheith
1988damanta — tá dualgas orainn teacht chun fóirithint
1989air, ach níl 'fhiachaibh orainn sinn féin a chur i n-aon
1990chonntabhairt mhór. Má bhíonn sé i bhFÍOR-GHÉAR-
1991CHRUADHTAN ANMA — má bhíonn sé i mbaoghal
1992damanta — tá 'fhiachaibh orainn dul i gconntabhairt
1993an bháis má's éigean dúinn é chun fóirithint air-
1994cuir i gcás, chun sagart a thabhairt chuige chun
1995asbolóid a thabhairt dó nú chun an Ola Dhéannach
1996a chur air. Má's FÍOR-GHÉAR-CHRUADHTAN
1997CUIRP a bhíonn air — má bhíonn baoghal báis air
1998— tá 'fhiachaibh orainn an méid sin d'ár gcuid
1999agus tá ríachtanach a riar leis nú aon chabhair
2000eile a thabhairt dó ná cuirfidh sinn féin i mbaoghal
2001báis. Níl 'fhiachaibh orainn na neithe tá ríachtanach
2002chun sinn féin a choimeád i n-ár mbeathaidh a
2003thabhairt dó. Nuair a bhíonn duine i mbaoghal
2004báis de'n ghorta ní peaca dhó an oiread san de
2005chuid a chómharsan agus shaorfaidh ó'n mbás é a
2006thógaint.


2007
2008

Ó 'nuair go bhfuil dualgas orainn Creideamh a
2009bheith againn i nDia agus Dóchas a bheith againn
2010Ann agus Grádh a thabhairt Dó, tá sé de réir
2011réasúin go bhfuil dualgas orainn guidhe Chuige,
2012mar gan guidhe chun Dé ní féidir dúinn ár


L. 66


2013

gCreideamh ná ár nDóchas ná ár nGrádh a
2014thaisbeáint. Is peaca i 'i-aghaidh an chéad aithne,
2015d'á bhrigh sin, failighe a thabhairt i n-ár n-úrnaighthibh.
2016Ba cheart dúinn úrnaighthe a chur suas chun Dé
2017gach maidean agus tráthnóna an chuid is lugha dhe.
2018


L. 67


2019

CEACHT A SÉ DÉAG


2020
2021

*Seo aithghiorra ar theagasg na hEaglaise i
2022dtaobh na naomh: (1) Go ndeineann na naoimh
2023guidhe chun Dé ar ár son-na, (2) go bhfuil 'fhiachaibh
2024orainn-ne onóir a thabhairt dóibh, agus (3) gur
2025tairbheach an rud dúinn-ne iarraidh ortha guidhe ar
2026ár son. Nuair a ghuidhmíd chun na naomh ní mar
2027a chéile an ghuidhe sin agus an ghuidhe a chuirimíd
2028chun Dé. Nuair a ghuidhmíd chun Dé, grásta agus
2029trócaire is mó iarraimíd Air, ach nuair a ghuidh-
2030míd chun na naomh is amhlaidh iarraimíd ortha
2031impidhe a chur chun Dé ar ár son. Sa tslighe
2032chéadna ní mar a chéile an onóir a thugaimíd do
2033Dhia agus an onóir a thugaimíd do sna naomhaibh.
2034Tugaimíd adhradh agus árd-mholadh do Dhia mar
2035gur b'é Cruthaightheóir agus Árd-Thighearna an
2036uile nídh é, ach tugaimíd onóir do sna naomhaibh
2037mar gur b'iad cáirde Dé iad. An saghas céadna
2038onóra thugaimíd do'n Mhaighdin Muire agus
2039thugaimíd do sna naoimhibh eile, ach gur mó de'n
2040onóir sin a thugaimíd di.


2041
2042

**Tugtar LATRÍA (.i. adhradh, an onóir is
2043aoirde agus is uaisle) ar an onóir a thugaimíd
2044do Dhia. Tugtar DÚLÍA (onóir níos lugha ná
2045Latría) ar an onóir a tugtar do sna naomhaibh,
2046agus Huperdúlía (an onóir is mó is féidir a
2047thabhairt do chréatúir) ar an onóir a tugtar do'n
2048Mhaighdin Muire.


2049
2050

*Chun onóir a thabhairt do sna naomhaibh agus
2051chun a ndeagh-ghníomhartha a chur ar gcuimhne dhúinn


L. 68


2052

do chuir an Eaglais ar bun LAETHANTA FÉILE.
2053Níl aon lá sa mbliadhain ná go ndeintear cómh-
2054móradh nú díl-chuimhneamh ar naomh éigin nú
2055b'fhéidir ar mórán naomh a fuair bás an lá san
2056de'n bhliadhain. Cuirimíd beatha agus gníomhartha
2057na naomh ar gcuimhne dhúinn féin mar an gcéadna
2058nuair a bhíonn a n-íomháigí nú a bpictiúirí fé
2059onóir agus fé mheas againn i n-ár dtighthibh.


2060
2061

**Bhí eiricigh áirithe ann san ochtmhadh céad
2062tar éis Chríost, agus íconoclaistigh nú lucht briste
2063na n-íomháigh a tugtaí ortha, mar dubhradar ná
2064raibh sé dleaghthach ag éinne íomháigh a dhéanamh ná
2065a bheith aige, agus pé áit go bhfaighdís íomháigh do
2066bhrisidís í.


2067
2068

*Tugtar an CHROS nú CROS AN CHÉASTA
2069ar dheilbh nú íomháigh ár dTighearna agus É
2070táirngeálta ar an gcrois. Tugtar TAISE ar
2071aon chuid de chorp naoimh, nú d'á chuid éadaigh,
2072nú d'éinnídh go raibh dlúth-bhaint ag an naomh
2073leis. Nuair a taisbeántar taisí na naomh do'n
2074phobal chun onóra phuiblidhe a thabhairt dóibh cuir-
2075tear ar an altóir iad i n-a gcúmhdaighibh agus
2076Coinnle ar lasadh 'n-a dtímcheall. Chun go
2077mbéadh sé dleaghthach taisí a chur fé onóir an
2078phobail ní fuláir do'n Easbog baránta a thabhairt
2079gur b'iad na taisí fírinneacha iad.


2080
2081

**Nuair a tugtar onóir do dhealbhaíbh na
2082naomh nú d'á dtaisíbh, agus rl., is léir nách mar gheall
2083ortha féin a tugtar dóibh é, ach mar gheall ar an
2084naomh go bhfuil baint aca leis. Nuair a phógann
2085daoine taisí nú íomháigí na naomh, nú nuair a
2086shléachtann siad rómpa, ní do'n íomháigh ná do'n
2087taise a tugtar an onóir ach do'n naomh féin tré
2088n-a íomháigh.
2089


L. 69


2090

*I measg Chríostaidhthe is beag an baoghal atá
2091ann go ndéanfar ÍODHAL-ADHRADH, 'sé sin déithe
2092bréige a chur suas chun a n-adhartha, ach anois
2093agus airís bíonn Críostaidhthe cionntach i bpeaca
2094atá cómhangarach i ngaol leis an bpeaca san.
2095Peacaí de'n tsórt san a dheineann: (1) an
2096mhuinntir a iarrann cabhair ar an ndiabhal nú a
2097dheineann margadh leis, (2) lucht piseóg, (3) an
2098mhuinntir a bhíonn cionntach i naomh-thruailiú nú i
2099síomanacht. (1) Ní gádh éinnídh a rádh i dtaobh
2100na ndaoine a iarrann cabhair ar an ndiabhal.
2101(2) Tugtar piseógacht ar bheith ag éileamh ar aon
2102rud nú ar aon fhoclaibh brigh ná buadh ná cabhair
2103nách dual dóibh ó n-a nádúr féin agus nár thug
2104Dia ná an Eaglais dóibh. Is 'mó saghas piseóg
2105ann agus iad go léir peacamhail.


2106
2107

**Is piseógacht géilleadh a thabhairt do
2108thaidhbhreidhthibh, nú do lucht feasa nú draoidheachta,
2109nú spéis a chur i n-arthaibh nú i gcómharthaibh baotha.
2110Tugtar DRAOIDHEACHT ar an gcómhacht mí-
2111nádúrtha gheibhtear ó'n ndiabhal le n-a ndeintear
2112neithe nách féidir do dhuine a dhéanamh le n-a
2113chómhacht nádúrtha féin. Le draoidheacht is eadh
2114dhein lucht piseóg Pharaóth gníomhartha iongantacha
2115mar aithris ar na míorbhúiltíbh a dhein Maoise.
2116Le draoidheacht is eadh gheibhtear fios le cómhacht
2117an diabhail ar neithibh a bhíonn foluighthe ó radharc
2118daoine nú ar neithibh a bhíonn le tuitim amach i
2119gceann tamaill. Is minic gur le cómhacht ó'n
2120ndiabhal gheibheann "lucht feasa," lucht "caithte
2121sgalaí," lucht cártaí a léigheadh, agus deárnadóirí
2122an t-eólus a thugann siad uatha — uaireanta i
2123gan-fhios dóibh féin. Is minic, ámhthach, gur claidhrí
2124na daoine sin, a leigeann ortha go bhfuil cómhacht


L. 70


2125

thar nádúr aca mar go bhfuil siad géar-chúiseach
2126agus go maith chun buile-fé-thuairim a thabhairt.
2127Má's claidhrí iad is amadán éinne a raghadh ag
2128lorg feasa ortha; agus marab' eadh, is ó'n ndiabhal
2129a bhíonn an fios aca agus ba chóir d'éinne
2130sgannradh a bheith air dul ag lorg eólais ortha.
2131Piseógacht is eadh "arthaí" a chur. Tugtar arthaí
2132ar oibreacha a deintear nú ar fhoclachaibh a
2133labhartar i slighe áirithe nú ar uair áirithe le
2134ionchas go dtiocfadh asta sláinte nú leigheas ar
2135dhuine nú ar bheithidheach. Is minic a thiocfadh an
2136leigheas gan na h-arthaí a bhac. Go deimhin is
2137minic a bhíonn buidheachas nú milleán ar phiseógaibh
2138nuair a thuiteann an rud amach de réir nádúra.
2139Saghas piseóg is eadh géilleadh do chómharthaíbh
2140baotha — cuir i gcás, laetheanta crosta, dortadh
2141salainn le linn bídh a chaitheamh, agus rudaí dith-
2142céille de'n tsórt san.


2143
2144

*(3) Tugtar NAOMH-THRUAILIÚ nú naomh-
2145aithis ar dhroich-íde a thabhairt ar dhuine, nú ar
2146áit, nú ar rud ar bith, a bhíonn coisricthe i gcómhair
2147Dé. D'á bhrigh sin, is féidir an naomh-thruailiú
2148a bheith PEARSANTA, nú ÁITEAMHAIL, nú
2149NEITHEAMHAIL. SÍOMANACHT is eadh aon rud
2150naomhtha a dhíol nú a cheannach ar airgead.
2151Tugtar an t-ainm sin air i ndiaidh Síoman an
2152Draoi, fear a thairing airgead do Sna hAsbolaibh
2153ar a gcómhacht naomhtha (Gníomh., viii.).
2154


L. 71


2155

CEACHT A SEACHT DÉAG


2156
2157

Toirmeasgann an Dara hAithne easonóir a
2158thabhairt d'Ainm Naomhtha Dé. Ceanglann an
2159aithne seo orainn: (1) labhairt le h-onóir agus
2160le h-umhlacht ar Ainm Dé, ar A naomhaibh, agus
2161ar gach nídh a bhaineann le seirbhís Dé; agus
2162(2) ár móide agus ár ngeallmhana dlisteanacha a
2163thugaimíd fé cheangal leabhair, a chóimhlíonadh.
2164(1) Taisbeánann ár gciall féin dúinn gur cóir
2165dúinn onóir a thabhairt do'n mhuinntir go dtug-
2166aimíd grádh dhóibh, agus urraim agus meas a bheith
2167againn ar a n-ainmeacha mar an gcéadna. Bhí
2168an oiread san de mheas agus d'urraim ag na
2169Giúdachaibh d'Ainm Dé ná leigfeadh eagla dhóibh
2170an tAinm Naomhtha san a labhairt i n-aon chor.
2171Deir an Spioraid Naoimh linn go gclaonfaidh
2172d'ainm Íosa "glúin gach n-aon d'á bhfuil ar
2173Neamh agus ar talamh agus i n-ifrionn" (Philip,
2174ii. 10). Aon uair a chloisimíd an tAinm Sár-
2175naomhtha san 'á labhairt ba cheart dúinn ár hata
2176d'árdú nú ár gceann d'umhlú.


2177
2178

**(2) Ceanglann an Dara hAithne orainn ár
2179móide agus na geallmhanacha dlisteanacha a
2180thugaimíd fé cheangal leabhair a chóimhlíonadh. Is
2181'mó uair gur gádh do dhuine an urradhas is feárr
2182agus is treise a bheith aige gur b'í an fhírinne
2183bhíonn aige 'á labhairt nú go gcóimhlíonfaidh sé a
2184gheallmhanacha. Ó 'nuair gur b'é Dia an fhírinne
2185gan teóra, do thuig daoine riamh ná raibh aon
2186tslighe ab fheárr chun 'fhiachaibh a chur ar fhídhnéidh


L. 72


2187

an fhírinne d'innsint ná le fhiachaibh a chur air, Dia,
2188moladh go deó Leis, a bheith mar urradh aige. Is
2189"leabhar" glaodhach ar Dhia mar fhídhnéidh sa
2190tslighe sin. Tugtar an t-ainm sin air mar go
2191ndearbhuigheann an duine de ghnáth dar fírinne an
2192Bhíobla — fírinne Focail Dé — go bhfuil an fhírinne
2193'á innsint aige. Tógann sé an Bíobla 'n-a láimh
2194nú pógann sé é, agus rl., de réir nós na tíre.


2195
2196

*Ní peaca leabhar a thabhairt má's gádh é chun
2197maitheasa a dhéanamh do'n choitchiantacht nú do
2198dhuine féin nú d'á chómharsain, ach ní fuláir an
2199leabhar a thabhairt le rud a bhíonn fírinneach, agus
2200gan éagcóir a dhéanamh leis. 'Siad so na
2201coinghealacha a bhaineann le leabhar dleaghthach: é
2202a thabhairt (1) le fírinne, (2) le ceart, agus (3)
2203le breitheamhnas. (1) Le FÍRINNE: gan dearbhú
2204le h-éinnídh ach leis an rud atá fíor, nú leis an
2205rud is dóigh linn a bheith fíor. (2) Le CEART,
2206gan éagcóir a dhéanamh ar an gcómharsain leis
2207an rud a dhearbhuighmíd. (3) Le BREITHEAMHNAS,
2208gan leabhar a thabhairt gan ríachtanas ná gan
2209machtnamh air. Tugaimíd LEABHAR ÉITHIGH ar
2210dhearbhú a deintear le rud ná bíonn fíor,
2211LEABHAR ÉAGCÓRACH ar an leabhar a dheineann
2212éagcóir ar an gcómharsain, agus LEABHAR OBAN
2213ar an leabhar a tugtar gan ríachtanas nú gan
2214machtnamh a dhéanamh air. Má thugaimíd geall-
2215mhaint fé cheangal leabhair is peaca marbhthach gan
2216an gheallmhaint sin a chóimhlíonadh. Aon uair nách
2217féidir an gheallmhaint a chóimhlíonadh imthigheann an
2218ceangal a chuir an duine air féin le n-a leabhar.
2219Uaireanta nuair a bhíonn an rud a gealltar fé
2220cheangal leabhair ró-dheacair le déanamh, tugann
2221an Eaglais FAOISIÚ do'n té thug an leabhar -


L. 73


2222

fuasglann sí ó n-a dhualgas é. Dá dtugadh
2223duine leabhar go ndéanfadh sé rud éigin
2224peacamhail, cuir i gcás, éagcóir a dhéanamh ar a
2225chómharsain, ní chuirfeadh an leabhar san aon
2226dualgas air an rud peacamhail sin a dhéanamh.
2227Ba pheaca a leithéid sin de leabhar a thabhairt,
2228agus ba pheaca eile dó é a chóimhlíonadh.


2229
2230

**Tugtar MÓID ar gheallmhaint dá ríribh a
2231tugtar do Dhia maitheas éigin spioradálta a
2232dhéanamh. Tá dhá shaghas móide ann — móid SHOL-
2233AMHANTA agus móid shímplidhe. Tugtar móid
2234sholamhanta ar mhóid a ghlacann an Eaglais 'n-a
2235mhóid sholamhanta. Aon mhóid eile níl innte ach
2236móid neamh-sholamhanta nú móid shímplidhe. Ní
2237thugann éinne móid sholamhanta ach cuid de sna
2238mnáibh riaghalta agus cuid de sna fearaibh
2239riaghalta. Chun go mbéadh an mhóid buan-
2240tseasamhach ní fuláir: (1) an gheallmhaint a
2241thabhairt do Dhia, (2) a chiall a bheith i gceart ag
2242an thé thugann an gheallmhaint sin, (3) go mbéadh
2243fhios ag an té mhóidigheann cad é an rud atá 'á
2244dhéanamh aige agus go dtabharfadh sé an mhóid le
2245n-a thoil féin, (4) agus ná cuirfeadh an rud a
2246móidighthear cosg le h-aon rud is uaisle ná é
2247féin. Nuair a deintear deagh-obair fé cheangal
2248móide is luachmhaire i láthair Dé é ná dá ndéantaí
2249an obair chéadna i n-éaghmuis na móide, mar de
2250bhrigh na móide deineann duine íodhbairt d'á thoil
2251féin chun Dé agus bíonn luach na h-íodhbarta san
2252aige i dteannta luach an deagh-ghnímh. Ní mar a
2253chéile ceangal móide agus ceangal deagh-rúin.
2254Ní peaca deagh-rún a bhriseadh, ach ní féidir móid
2255a bhriseadh gan pheaca. Is peaca marbhthach nú
2256peaca so-loghthach é de réir an ceangail a chuir-


L. 74


2257

eann an móididhe air féin nuair a thugann sé an
2258mhóid. Is díthcéille an rud do dhuine móid a
2259thabhairt gan chómhairle a ghlacadh roimh-ré. Go
2260deimhin, níor cheart do dhuine móid a thabhairt i
2261n-aon chor gan cead ó n-a oide-faoistine.


2262
2263

Coisgeann an Dara hAithne easgainí, mionnaí-
2264móra, leabhair-éithigh, agus dia-aithis nú dia-
2265mhasladh. Tugtar EASGAINE nú MALLACHT ar
2266aon droch-ghuidhe a thugann duine dó féin nú
2267d'éinne eile. Is é nádúr na h-easgaine gur
2268peaca marbhthach í, ach is minic ná bíonn innte ach
2269peaca so-loghthach mar ná deintear machtnamh ar
2270an olc a bhíonn san easgaine nú nách ó'n gcroidhe
2271deintear an droch-ghuidhe. Is minic, leis, go
2272mbíonn an t-olc a guidhtear ró-shuarach do pheaca
2273marbhthach. MIONN-MÓR is eadh glaodhach ar
2274Dhia gan ríachtanas gan onóir d'Á Ainm mar
2275fiadhnaise go bhfuil an fhírinne 'á innsint againn.
2276Is mionnaí móra mór-chuid de sna focalaibh gan
2277adhbhar a thugann daoine mar dheimhniú ar a gcuid
2278cainnte, mar atá: "Nár fheicead-sa Dia," agus rl.
2279Má bhíonn baint ag an mionn le Dia féin nú le
2280Flaitheas Dé nú le Crois Chríost (cuir i gcás,
2281"Dar an Pháis,") is dearbhú nú leabhar dá ríribh
2282é. Is peaca ró-sgannramhail go léir LEABHAR
2283ÉITHIGH mar go ndeineann an té thugann é Dia
2284féin cionntach i mbréig an oiread agus is féidir
2285leis. DIA-MHASLADH nú dia-aithis is eadh aon
2286fhocal a thugann easonóir do Dhia — ba dhia-mhasladh
2287a rádh ná fuil Dia cóir ná ceart. Is peaca
2288marbhthach I gCÓMHNUIDHE dia-mhasladh má thuigeann
2289an té bhíonn cionntach ann, i gceart, an rud
2290adeir sé agus má thugann sé a thoil leis. Mar
2291chúiteamh le Dia san easonóir a tugtar Dó le


L. 75


2292

h-easgainíbh, le mionnaíbh móra, le leabhraibh
2293éithigh, agus le dia-mhasladh cómhairlighthear dúinn
2294"Na Molta Diadha" (Moladh le Dia, Moladh le
2295n-A Ainm Naomhtha, agus rl.) a rádh. Tá logha
2296bliadhna le fághail gach uair adeirtear "Na
2297Molta Diadha."


2298
2299

Ceanglann an Tríomhadh hAithne orainn (1) an
2300tsaoire nú an tSabóid a choimeád go naomhtha,
2301agus (2) gan oibreacha saotharacha a dhéanamh gan
2302ríachtanas. Deir an Eaglais linn gur b'é an
2303Domhnach an tSabóid, agus go bhfuil 'fhiachaibh
2304orainn Aifrionn d'éisteacht chun an lá san a
2305naomhú. Chun an dualgais sin a chóimhlíonadh tá
2306ceangailte orainn bheith láithreach an fhaid a bhíonn
2307aon Aifrionn amháin 'á rádh.


2308
2309

*Deineann duine "Aifrionn d'éisteacht"
2310nuair a bhíonn sé láithreach agus an tAifrionn 'á
2311léigheadh (1) le h-intinn an Aifrinn d'éisteacht,
2312agus (2) nuair is féidir leis fhios a bheith aige
2313cad tá ar siubhal ar an altóir. Dá ráineóchadh
2314ná béadh radharc ag duine ar an altóir (dá
2315mbéadh sé i n-eaglais mhór agus go mbéadh
2316piollóir idir é agus an sagart nú dá mbéadh
2317sé i n-eaglais a bhéadh ró-bheag do'n phobal agus
2318go gcaithfeadh sé fanmhaint lasmuigh de'n doras)
2319ní chuirfeadh san gan an tAifrionn é dá
2320bhféadfadh sé gach cuid de'n Aifrionn a dhéanamh
2321amach — rud nách deacair a dhéanamh ach éisteacht
2322le cloigín na h-altóra nú na daoine 'fhaire
2323nuair a théidheann siad ar a nglúinibh nú nuair
2324éirigheann siad. Tá 'fhiachaibh orainn Aifrionn -
2325iomlán d'éisteacht. Is peaca aon chuid de'n
2326Aifrionn a chailleamhaint go toilteanach. Is
2327peaca marbhthach do dhuine gan teacht chun an


L. 76


2328

Aifrinn go dtí tar éis an Offertórium nú an
2329Ofráil — má's le n-a thoil féin a bhíonn sé déannach.
2330Tosnuigheann an Ofráil láithreach tar éis an
2331tSoisgéil agus an Chré a rádh. Níor pheaca do
2332dhuine an tAifrionn a chailleamhaint tré ríachtanas
2333— cuir i gcás dá mbéadh breóidhteacht air, nú
2334dá mbéadh sé ag tabhairt aire do dhuine bhreóidhte,
2335nú dá mbéadh aistear ró-fhada air ag dul go
2336dtí an tAifrionn, nú dá mbéadh an aimsir
2337ró-olc. Nuair a chailleann duine an tAifrionn
2338agus ná bíonn leigheas aige air ní peaca dhó i
2339n-aon chor é agus ní gádh dhó é 'ínnsint i
2340bhFaoistin. I dteannta an dualgais atá orainn
2341Aifrionn d'éisteacht CÓMHAIRLIGHEANN an
2342Eaglais dúinn cuid de'n Domhnach a chaitheamh ag
2343déanamh úrnaighthe agus oibreacha diadha, cuir i
2344gcás oibreacha na trócaire (corpordha agus
2345spioradálta).


2346
2347

**'Siad so Seacht n-oibreacha SPIORADÁLTA
2348na Trócaire:-


2349
2350

1. Deagh-chómhairle a thabhairt do'n té atá 'n-a
2351easnamh.


2352
2353

2. Eólas a thabhairt do'n ainbhfhiosach.


2354
2355

3. Teagasg a leasa a thabhairt do'n pheacach.


2356
2357

4. Sólás a thabhairt do dhaoinibh dubrónacha.


2358
2359

5. Olc a mhaitheamh.


2360
2361

6. Éagcóir d'fhulang go foidhneach.


2362
2363

7. Guidhe ar bheóibh agus ar mharbhaíbh.


2364
2365

**'Siad so Seacht n-oibreacha CHORPORDHA
2366na Trócaire:-


2367
2368

1. Biadh a thabhairt do'n ocrach.


2369
2370

2. Deoch a thabhairt do'n tartmhar.
2371


L. 77


2372

3. Éadach a thabhairt do'n nocht.


2373
2374

4. Óstaidheacht a thabhairt do'n deóraidhe.


2375
2376

5. Dul ag fiosrú na n-easlán.


2377
2378

6. Dul ag fiosrú na ndaoine atá i mbraigh-
2379deanas.


2380
2381

7. Adhlacadh na marbh.


2382
2383

**Tugtar EASBAIRT ar an tráth san de'n
2384Oifig Naomhtha nú de'n Phortús a léightear nú a
2385cantar um thráthnóna. I n-eaglaisíbh áirithe
2386léightear an easbairt ós cómhair an phobail, agus
2387is tairbheach an rud bheith láithreach le linn na
2388h-easbairte a léigheadh nú a chanadh tráthnóna
2389Dia Dómhnaigh. I n-a lán des na h-eaglaisibh,
2390i n-ionad na h-easbairte deirtear an Choróin
2391Mhuire agus tugtar Beannachadh na Sácraimínte
2392Naomhtha


2393
2394

**I dteannta a bheith ceangailte orainn an
2395tAifrionn d'éisteacht gach Domhnach, tá coisgighthe
2396orainn oibreacha saotharacha a dhéanamh gan
2397ríachtanas. Ní coisgightear aon obair orainn
2398Dia Domhnaigh ach obair a bhíonn SAOTHARACH
2399agus GAN RÍACHTANAS i dteannta a chéile.
2400Bíonn obair "saotharach" nuair nách féidir é
2401dhéanamh gan a lán duaidh agus saothair cuirp
2402agus gur le neart an chuirp agus nách le meabhair
2403chínn is mó a deintear é. Bíonn obair "gan
2404ríachtanas" nuair ná bíonn gádh leis.


2405
2406

Seo cuid des na h-oibreachaibh is féidir a
2407dhéanamh Dia Domhnaigh gan pheaca: (a) Aon obair
2408GO mBÉADH GÁDH CRUAIDH LEIS, cuir i gcás
2409aon obair a dhéanfadh duine chun a chuid a shaoradh
2410ó lot nú ó chailleamhaint. (b) Aon obair a
2411déanfaí tré CHARTHANACHT — congnamh a thabhairt


L. 78


2412

do dhuine bhocht chun a thorthaí a shábháil nú chun a
2413thigh a cheartú dhó. (c) Aon obair a déanfaí le
2414CRÁBHTHACHT nú le DIADHACHT — slacht nú maise
2415do chur ar altóiríbh na h-eaglaise, agus rl. (d) Gnáth-
2416oibreacha an tighe. (e) Oibreacha NEAMH-SHAO-
2417THARACHA — oibreacha iarrann meabhair cínn níos
2418mó ná neart an chuirp chun a ndéanta, mar atá,
2419ceól a chleachtadh, nú sgríobhnóireacht a dhéanamh,
2420iasgaireacht, bádóireacht, agus rl. Nuair a deintear
2421aon obair shaotharach tré ríachtanas níor chóir a
2422dhéanamh de ach an oiread agus bhéadh ríachtanach.


2423
2424

*Tá ceangal ó'n gceathramha h-aithne ar
2425athrachaibh agus ar mháithreachaibh i dtaobh a gcuid
2426cloinne chómh maith agus tá ar an gcloinn i dtaobh
2427a n-athar agus a máthar. (1) 'Sé DUALGAS
2428NA dTÚISMIGHTHEÓIRÍ (a) a gclann do theagasg,
2429(b) oileamhaint a thabhairt dóibh agus iad a chur
2430chun cinn. (a) Cialluigheann an focal TEAGASG
2431oideachas do thabhairt dóibh de réir a gcumais
2432agus a slighe-bheatha. Tugtar oideachas ar an
2433tabhairt suas agus foghluim a théidheann chun
2434sochair anma agus cuirp dóibh. Is peaca marbh-
2435thach d'athair nú do mháthair failighe a thabhairt i
2436n-oideachas spioradálta a gcuid cloinne nú
2437droch-shampla a thabhairt dóibh. (b) Tugtar
2438OILEAMHAINT do'n chloinn nuair a tugtar
2439dóibh biadh agus deoch agus éadach agus gach
2440éinnídh éile atá ríachtanach dóibh de réir maoine
2441agus slighe-bheatha na dtúismightheóirí.


2442
2443

**Seo mar a labharann Naomh Pól i dtaobh
2444na n-atharacha agus na máithreacha a thugann
2445failighe i n-a gcloinn: "Éinne ná fuil suím aige
2446'n-a chuid féin agus go mor-mhór i lucht a theagh-
2447laigh féin is duine é atá tar éis an Chreidimh


L. 79


2448

a shéanadh agus is measa é ná díthchreideamhach."
2449(1. Timot., v. 8.)


2450
2451

(2) Tá 'fhiachaibh ar an gcloinn grádh, onóir,
2452agus umhlaigheacht a thabhairt d'á n-athair agus
2453d'á máthair, mar (a) gur b'é Dia chuir ós a
2454Gcionn iad, agus (b) gur chóir dóibh bheith buidheach
2455díobh i dtaobh a bhfuil déanta aca ar a son.


2456
2457

*Chun umhlaigheacht cheart a thabhairt d'á n-athair
2458agus d'á máthair, ní mór do'n chloinn rud a dhéanamh
2459ortha go toilteannach, go h-imnídheach, agus go
2460cruinn. Ní'l 'fhiachaibh ortha, ámhthach, rud a dhéanamh
2461ortha má's rud peacamhail iarrtar ortha a dhéanamh.
2462An leanbh go n-iarrfaí air rud de'n tsaghas san
2463a dhéanamh, ba cheart dó a thaisbeáint d'á athair
2464nú d'á mháthair gur pheaca dhó é dhéanamh agus go
2465mbéadh 'fhiachaibh air rud a dhéanamh ar Dhia níos
2466túisge ná mar a dhéanfadh sé ar dhuine é. Ach
2467ba cheart é sin a dhéanamh go cneasta. Is
2468cosmhail le dualgas na dtúismightheóirí, an
2469dualgas atá ar mháighistiríbh agus ar uachtaránaibh
2470i dtaobh na muinntire atá fé n-a smacht nú fé
2471n-a stiúrú; agus ar an gcuma gcéadna is
2472cosmhail an dualgas atá ar an muinntir atá fé
2473uachtarán leis an dualgas atá ar chloinn i dtaobh
2474a n-athar agus a máthar.


2475
2476

**Is iongantach an rud é nár gheall Dia
2477luach-saothair ar an saoghal so de bhárr aon
2478tsubháilce eile ach de bhárr an onóra agus an
2479umhlaigheachta a tugtar do'n athair agus do'n
2480mháthair. "Tabhair onóir dot' athair agus dod'
2481mháthair ionnus go bhfaighidh tú saoghal fada ar an
2482dtalamh." — (Ecsod., xx. 12.)
2483


L. 80


2484

CEACHT A hOCHT DÉAG


2485
2486

Toirmisgeann an cúigeadh h-aithne orainn (1)
2487dúnmharbhú toileamhail, 'sé sin, ár n-anam féin
2488nú anam ár gcómharsan do thógaint go h-éag-
2489córach, (2) troid agus imreas, (3) meisge,
2490(4) fuath, (5) fearg, (6) anchainnt tharcuisneach,
2491agus (7) sgannal.


2492
2493

**Níl ach trí h-ócáidí 'n-a bhfuil cead ag
2494éinne anam duine do thógaint. Tá cead aige é
2495dhéanamh (1) i gcogadh cheart dhleaghthach, (2) nuair
2496a daortar duine chun báis go ceart agus go
2497dleaghthach i dtaobh coir mór a dhéanamh, agus
2498(3) nuair ná bíonn aon tslighe eile ag duine chun
2499a anam féin nú anam a chomharsan a chosaint.
2500Ceann des na peacaí éigheann ar Dhia ag iarraidh
2501díoghaltais is eadh dúnmharbhú. Ní hé amháin an
2502té a mharbhuigheann an duine a bhíonn cionntach i
2503ndúnmharbhú; bíonn an mhuinntir a thugann órdú,
2504cómhairle, nú congnamh dó cionntach sa pheaca
2505mar an gcéad a. Bíonn dúine cionntach i
2506ndúnmharbhú má thógann sé a anam féin, agus is
2507peaca ró-sgannramhail é sin, mar ní linn féin
2508ár n-anam ach le Dia. Thug Sé ár n-anam dúinn
2509ar feadh tamaill — tamall chun sinn a thriail -
2510agus is mór an choir d'éinne an aimsir sin a
2511ghiorrú gan úghdarthás ó Dhia. Tá gráin chómh mór
2512san ag an Eaglais ar an bpeaca san ná tugann
2513sí cead a adhlactha i dtalamh choisricthe d'éinne a
2514mharbhuigheann é féin. Ní h-aon pheaca do dhuine
2515dúil a bheith aige i mbás d'fhághail d'fhonn is go


L. 81


2516

mbéadh sé i bhfochair Dé nú ar eagla go
2517ndéanfadh sé peaca, ach is peaca do dhuine dúil
2518a chur i mbás d'fhághail tré mhí-fhoidhne nú tré
2519éadóchas.


2520
2521

Peaca eile i n-aghaidh na h-aithne seo is eadh
2522cómhrac aonair a throid, nú a iarraidh, nú a ghlacadh.
2523Tugtar CÉIDIL nú CÓMHRAC AONAIR ar
2524chómhrac a deintear le h-airm fola, ar uair agus
2525i n-áit socruighthe roimh-ré, agus gan ag cómhrac
2526ar gach taobh ach éinne amháin. Cuireann an
2527Eaglais fé choineall-bháthadh an bheirt a dheineann
2528an cómhrac, an mhuinntir a thugann cómhairle nú
2529congnamh dóibh, agus gach éinne a thagann chun an
2530chómhraic d'fheicsint. Ceanglann an cúigeadh
2531h-aithne orainn gan aon díoghbháil a dhéanamh d'ár
2532gcómharsain i n-a bhallaibh beatha, agus gan fuath
2533ná fearg a bheith againn chuige, mar is tré fhuath
2534agus tré fheirg is gnáthach díoghbháil na cómharsan
2535a dhéanamh.


2536
2537

**(3) Tugtar MEISGE ar ólachán le n-a gcail-
2538leann duine a chiall nú a chéadfadh. Is peaca
2539marbhthach do dhuine bheith ar meisge le n-a thoil
2540féin. An té go mbíonn fhios aige ná stadfaidh
2541sé nó go mbéidh sé ar meisge má thosnuigheann
2542sé ar an ól, bíonn sé sin cionntach i bpeaca
2543marbhthach chómh luath agus a THOSNUIGHEANN sé.
2544Bíonn lucht díolta an óil cionntach i bpeaca
2545marbhthach má leanann siad ar an ól a thabhairt
2546go toilteannach do dhuine nó go mbíonn sé ar
2547meisge.


2548
2549

**Ní amháin gur peaca meisge: is minic gur
2550ócáid, nú cionnfáth, peacaí eile é. Is 'mó
2551duine a thugann taithighe ar ólachán dó féin, 'á
2552cheapadh, go díthcéillidhe, gur congnamh é chun obair


L. 82


2553

throm a dhéanamh, nú gur leigheas é ar ghalaraibh
2554áirithe, nú go ndeineann sé maitheas do'n
2555tsláinte, nú go gcosnuigheann sé duine ó fhuacht.
2556Ach i n-ionad an mhaitheasa san go léir a dhéanamh
2557is amhlaidh a dheineann an t-ól díoghbháil mhór do
2558dhuine de réir na ndaoine is feárr a chuir eólas
2559ar an gceist seo. Luigheaduigheann sé an neart
2560i n-ionad é mhéadú, tairgeann sé galar ar an
2561nduine i n-ionad é leigheas, loiteann sé an goile
2562agus sgaipeann sé teas an chuirp.


2563
2564

**(4) Tugtar FUATH ar olc láidir buan-
2565tseasamhach do'n chómharsain. Peaca an-mhíchríos-
2566tamhail is eadh fuath — peaca atá bun-ós-cionn ar
2567fad le teagasg Chríost. (5) Tugtar FEARG
2568ar chorruighe lasánta díombuan a thagann
2569i n-ár gcroidhe i n-aghaidh éinnídh ná taithneann
2570linn. Nuair a bhíonn an fhearg an-dhian is minic
2571gur peaca marbhthach é. Acht má thagann fearg
2572ar dhuine i dtaobh maitheas a bheith 'á chosg, nú
2573i dtaobh olc a bheith 'á dhéanamh, agus gan an
2574fhearg a bheith ró-dhian, ní peaca i n-aon chor é.
2575(6) Tugtar ANCHAINNT-THARCUISNEACH ar aon
2576mhíochlú nú masladh a tugtar do dhuine, cuir
2577i gcás aghaidh-bhéil aithiseach, baisteachán, agus rl.
2578(7) Tugtar SGANNAL nú droch-shampla ar aon
2579fhocal mí-cheart nú aon ghníomh mí-cheart is cúis
2580peaca do dhuine eile.


2581
2582

**Is 'mó saghas sgannail atá ann. Tá
2583(1) an ghnáth-sgannal, (2) sgannal na bhfann,
2584(3) sgannal na bhFairisíneach. (1) Tá dhá shaghas
2585GNÁTH-sgannaile ann, sgannal dhíreach nú sgannal
2586mhailíseach, agus sgannal mhí-dhíreach. Bíonn sí
2587DÍREACH nú mailíseach nuair a deirtear nú a
2588deintear aon rud d'aon-ghnó chun duine eile do


L. 83


2589

tharrac chun peaca. Bíonn an sgannal MÍ-
2590DHÍREACH nuair a dheineann duine rud éigin agus
2591a fhios aige go dtabharfaidh a ghníomh duine éigin
2592eile chun peaca, ach nách chuige sin i n-aon chor a
2593dheineann sé é. (2) Bíonn sgannal NA bhFANN
2594ann nuair a deintear rud éigin a rádh nú a
2595dhéanamh ná fuil go h-olc ann féin ach go
2596mb'fhéidir go dtabharfadh sé chun peaca daoine
2597ná tuigeann an sgéal nú daoine tugtha do
2598pheaca. (3) Tugtar sgannal NA bhFAIRISÍNEACH
2599ar an mbrigh olc a baintear as deagh-ghníomh, fé mar
2600a dhein na Fairisínigh le míorbhúiltíbh ár dTighearna.
2601Is é droch-aigne an duine a ghlacann an sgannal
2602fé ndeara an sgannal san. Is peaca ró-uathmhar
2603go léir sgannal a thabhairt do'n óige. Deir ár
2604dTighearna go mb'fhearra do'n té thugann sgannal
2605do dhuine gan pheaca go gcrochfaí bró mhuilinn
2606le n-a mhuineál agus é chaitheamh isteach sa
2607bhfairrge. — (Mait., xviii. 6.) Níl aon tsaghas
2608peaca a deintear go puiblidhe nách féidir sgannal
2609a thabhairt leis.


2610
2611

Coisgeann an séimheadh h-aithne orainn gach aon
2612tsaghas peaca mígheanamnaidhe ach amháin smaointe
2613mígheanamnaidhe. 'Sí an naomhadh h-aithne a
2614choisgeann iad san orainn.


2615
2616

*Is gráineamhail go léir iad na peacaí neamh-
2617ghlana i bhfiadhnaise Dé. Is uraiste é sin aithint
2618ó'n léir-sgrios a dhein Dia ar lucht na drúise ar
2619an saoghal so. 'N-a theannta san deir sgríobh-
2620nóirí diadha linn gur mar gheall ar pheacaíbh dhe'n
2621tsórt san a deineadh formhór na ndaoine atá
2622i nIfrionn a dhamaint. Mar gheall ar pheacaíbh
2623neamh-ghlana 'seadh bháthaidh Dia sa Dílinn an chine
2624daonna go léir, ach amháin Nóá agus a líon-tighe;


L. 84


2625

mar gheall ar na peacaíbh sin do loisg Dia
2626Sodom agus Gómorrath agus na daoine bhí
2627ionnta; agus mar gheall ar na peacaíbh sin
2628d'órduigh Sé 24,000 de Chlann Israel a chur chun
2629báis. Coisgeann an séimheadh h-aithne orainn
2630amharca agus focail mígheanamnaidhe agus gach
2631aon ócáid nú cionnfáth peaca mígheanamnaidhe chómh
2632maith agus choisgeann sí gníomhartha drúiseamhla.
2633Is AMHARC mígheanamnaidhe gach aon fhéachaint
2634mhíonáireach mhíobhanamhail a tugtar le taithneamh
2635ar rud nách cóir a fheicsint. Dá bhfeiceadh duine
2636rud de'n tsaghas san gan coinne leis ba cheart
2637dó a shúile a tógaint uaidh láithreach. Tugtar
2638FOCAIL mígheanamnaidhe ar chómhrádh neamh-ghlan,
2639míobhanamhail; focail shalacha, cainnt dúbalta,
2640sgéalta agus focail grinn, agus amhráin, a bhíonn
2641míobhanamhail barbra. Is feárr a dheineann fear
2642an droch-chómhráidh obair an diabhail ná mar
2643fhéadfadh an diabhal féin é dhéanamh, b'fhéidir. Ní
2644féidir a áireamh cad é an méid daoine chuirfeadh
2645a leithéid sin de dhuine ar aimhleas. Ní gádh a
2646rádh go mbíonn fear na cainnte mígheanamnaidhe
2647cionntach i bpeaca marbhthach. Ach ní hé sin amháin
2648a bhíonn cionntach. Éinne éisteann leis, nú ná
2649cuireann cosg leis má's féidir é, nú maran
2650féidir, ná fágann a chuideachta, bíonn sé cionntach
2651i bpeaca marbhthach leis. Tugtar ÓCÁID nú
2652CIONN-FÁTH peaca mígheanamnaidhe ar aon nídh
2653lasmuigh dhínn féin a thairgeann sinn chun peaca
2654neamh-ghlan a dhéanamh, mar atá droch-chuideachta,
2655droich-leabhair, agus rl. Is peaca marbhthach do dhuine
2656dul gan chúis san áit gur gnáth leis tuitim i
2657bpeaca neamh-ghlan. Is annamh a deintear peaca
2658mígheanamnaidhe nách peaca marbhthach é. Tá sé


L. 85


2659

cosmhail le peaca an dia-mhasladh sa tslighe sin.
2660Má deintear go toilteannach é agus le lán-fhios
2661is peaca marbhthach i gcómhnuidhe é.


2662
2663

Bristear an seachtmhadh h-aithne nuair a tógtar
2664nú nuair a coimeádtar rud ar bith de chuid na
2665cómharsan go h-éagcórach, 'sé sin, gan chead ó'n
2666gcómharsain. Coisgeann an aithne seo orainn
2667(a) foghail agus guid, (b) calaois, (c) díoghbháil
2668mailíseach do chuid na cómharsan agus (d) usúireacht
2669nú airleacadh.


2670
2671

(a) Is FOGHAIL nú fuadach cuid na cómharsan
2672do thógaint uaidh 'n-a aindeóin, le lámh-láidir.
2673Is GUID nú gaduidheacht cuid na cómharsan do
2674thógaint gan chead uaidh, i gan-fhios dó. (b) Is
2675calaois cuid na cómharsan do thógaint uaidh le
2676ceilg. An ceannuidhe ná tugann an tómhas
2677ceart uaidh, an té a dhiúltuigheann a fhiacha do
2678dhíol, an té a mheallann airgead nú earraí ó
2679dhuine le h-éitheach, an fear tuarastail a chaitheann
2680a aimsir go díomhaoin, bíd go léir cionntach i
2681gcalaois, agus d'á bhrigh sin brisid an Seachtmhadh
2682hAithne. (d) Is úsúireacht nú airleacadh fághaltas
2683éagcorach d'éileamh ar airgead a tugtar ar
2684iasacht.


2685
2686

An té fhaghann rud amúgha tá 'fhiachaibh air é
2687thabhairt do'n té gur leis é. Mara bhfuil fhios
2688aige cé'r leis é, tá 'fhiachaibh air é lorg go
2689macánta. Annsan mara n-eirigheann leis é
2690aimsiú is féidir leis a rogha rud a dhéanamh leis
2691an rud a fuair sé amúgha. Éinnídh de chuid na
2692cómharsan a bhíonn go h-aindleaghthach nú go
2693h-éagcórach ag duine caithfear é thabhairt do'n
2694ta gur leis é, agus aon díoghbháil a deintear go


L. 86


2695

toilteannach do'n chómharsain 'n-a chuid, caithfear
2696an díoghbháil a leigheas. Is air sin a tugtar
2697AISIOG coda na cómharsan. Gan aisiog a
2698dhéanamh, nú go h-áirithe gan rún daingean é
2699dhéanamh, ní bhfaighfear maitheamhnachas. Ní cóimh-
2700líonadh ar an ndualgas san luach na h-earradh
2701nú luach na díoghbhála a thabhairt i ndéirc nú é
2702thabhairt do'n tsagart chun Aifrinn a rádh ar son
2703an duine gur deineadh a dhíoghbháil. Caithfear an
2704t-aisiog nú an díoluidheacht a dhéanamh leis an
2705duine gur deineadh a dhíoghbháil nú leis an
2706mhuinntir atá i n-a oighreacht, agus Caithfear an
2707oiread san a thabhairt i n-aisiog dó agus ná béidh
2708sé éinnídh chun deiridh i dtaobh bheith i n-easbaidh
2709a choda 'n fhaid a coimeádadh uaidh é. Maran
2710féidir do'n té dhein an díoghbháil aisiog a dhéanamh
2711LOM-LÁITHREACH, caithfidh sé rún daingean a
2712bheith aige é dhéanamh chómh luath agus is féidir é;
2713agus maran féidir dó an t-aisiog a dhéanamh
2714i n-iomlán tá 'fhiachaibh air an oiread agus is
2715féidir dó a thabhairt uaidh. Ba pheaca eile dhó
2716an t-aisiog a chur ar gcúl nú a mhoilliú.


2717
2718

**Nuair a dheineann dream daoine réidhteach
2719le n-a chéile chun díoghbháil a dhéanamh do chuid a
2720gcómharsan, tá ceangal ortha GO LÉIR díoluidh-
2721eacht a thabhairt eatorra sa díoghbháil. Má
2722dhiúltuigheann éinne aca do'n díoluidheacht a
2723dhéanamh tá 'fhiachaibh ar an gcuid eile féachaint
2724chuige ná béidh an duine gur deineadh a dhíoghbháil
2725éinnídh chun deiridh leis. Is peaca marbhthach guid
2726a dhéanamh nú díoghbháil a dhéanamh do chuid na
2727cómharsan má deintear MÓRÁN díoghbhála dhó.
2728Dá nguideadh duine sgilling ó dhuine bhocht badh
2729mhinic gur pheaca marbhthach é. B'uraiste do


L. 87


2730

dhuine peaca marbhthach a dhéanamh, leis, dá leanadh
2731sé ar mhion-rudaí a ghuid ó am go h-am nó go
2732mbéadh an t-iomlán mór go maith.


2733
2734

Fé mar a choisgeann an seachtmhadh h-aithne
2735orainn aon díoghbháil a dhéanamh do chuid ár
2736gcómharsan, agus fé mar choisgeann an cúigeadh
2737h-aithne orainn díoghbháil a dhéanamh dó in a
2738phearsain, coisgeann an t-ochtmhadh h-aithne
2739orainn aon díoghbháil a dhéanamh d'ár gcómharsain
2740'n-a chlú ná 'n-a cháil.


2741
2742

Coisgeann an t-ochtmhadh h-aithne orainn na
2743peacaí seo go léir: (a) bréaga nú éitheach,
2744(b) breitheamhnas anoban, (c) gach aon tsaghas
2745cúl-chainnte agus tromuidheachta, agus (d) sgéi-
2746theadh rún. (a) Is BRÉAG nú éitheach éinnídh
2747bun-ós-cionn leis an rud a bhíonn san aigne do
2748rádh nú do chur i n-iúil d'fhonn duine éigin eile
2749a mhealladh nú a chur amúgha. Ní bréag i n-aon
2750chor é mara mbíonn fonn ar an té innseann é
2751duine eile a mhealladh. (b) Is BREITHEAMHNAS
2752ANOBAN duine do dhaoradh i n-ár n-aigne i
2753n-aon droich-nídh gan chúis. Dá bhfeiceadh duine
2754fear ag dul isteach i dtigh tábhairne agus go
2755gcreidfeadh sé ó'n méid sin gur meisgeóir é
2756bhéadh sé cionntach i mbreitheamhnas anoban, mar
2757ná béadh cúis a dhóthain aige chun na breithe sin
2758a thabhairt air. (c) Coisgeann an t-ochtmhadh
2759h-aithne orainn aon díoghbháil a dhéanamh do chlú
2760ár gcómharsan le h-aon tsaghas CÚL-CHAINNTE
2761nú TROMUIDHEACHTA — éitheach a chur air nú a
2762dhroich-bhearta fholluighthe do nochtadh gan chúis.
2763Tá daoine ann agus is dóigh leó nách aon díogh-
2764bháil rud a rádh i gcoinnibh a gcómharsan má
2765bhíonn an fhírinne aca chuige! Ní h-amhlaidh atá


L. 88


2766

ámhthach. Dá chionntaighe an chómharsa níl cead
2767againne a chlú ná a cháil a mhilleadh gan chúis
2768an-mhór. Níor bh'aon pheaca droich-bhearta na
2769cómharsan a chur i n-iúil d'á uachtarán dá gceap-
2770faimís go gcuirfeadh an t-uachtarán ar a leas é;
2771agus níor bh'aon pheaca labhairt i dtaobh droich-
2772ghníomhartha ár gcómharsan dá mbéadh fhios ag an
2773gcoitchiantacht cheana ortha agus ná déanfaimís
2774aon díoghbháil dó. Ó 'nuair go ndeineann an
2775chúl-chainnt díoghbháil do chlú na cómharsan fé
2776mar a dheineann guid díoghbháil d'á mhaoin, tá
2777'fhiachaibh ar an té a mhilleann a chlú aisiog a
2778dhéanamh ann mar an gcéadna. Ní leór dó dul
2779chun faoistine agus croidhe-bhrú agus cathú a bheith
2780air — tá 'fhiachaibh air 'n-a theannta san clú agus
2781cáil a chómharsan a leigheas chómh maith agus is
2782féidir é. Má chuir sé éitheach air caithfidh sé an
2783fhírinne a chur i n-ionad an éithigh, agus má's leis
2784an fhírinne do mhill sé a chlú caithfidh sé rud
2785éigin fóghanta a rádh i n-a thaobh mar leigheas ar
2786an ndíoghbháil. Ní h-iad lucht na tromuidheachta
2787amháin a bhíonn cionntach. Bíonn an mhuinntir
2788éisteann leó nú a shéideann fútha cionntach chómh
2789maith leó. Uime sin deir Naomh Bearnárd gur
2790cosmhail teanga an chúl-chainnteóra le claidheamh
2791na dtrí bhfaobhar, mar gearrann sé an t-anam
2792sa duine a labharann, sa duine bhíonn ag éisteacht,
2793agus sa chómharsain ná bíonn láithreach. (d) Peaca
2794eile i n-aghaidh na h-aithne seo is eadh RÚN DO
2795SGÉITHEADH. Is minic fhaghann dochtúirí, fir
2796dlighe, agus a leithéidí fios rúin ó'n muinntir a
2797thagann ag lorg eólais ortha. Ba mhór an peaca
2798dhóibh aon rún de'n tsórt san a fhoillsiú. Agus
2799dá ráineóchadh go gcloisfeadh duine éinnídh bhíonn


L. 89


2800

'á innsint i bhfaoistin ag duine eile, ba mhór go
2801léir an peaca dhó tagairt d'éinnídh a chloisfeadh sé.


2802
2803

Tá trí shaghas bréige nú éithigh ann: bréag
2804shultmhar, bréag chabharthach nú bréag mhaitheasach,
2805agus bréag dhíoghbhálach. Tugtar BRÉAG SHULT-
2806MHAR ar an mbréig innstear mar chaitheamh-
2807aimsire. Is í an BHRÉAG CHABHARTHACH an bhréag
2808innstear chun maitheas a dhéanamh do dhuine féin
2809nú do dhuine eile. Is í an bhréag dhíoghbhálach an
2810bhréag innstear chun díoghbhála a dhéanamh do
2811dhuine eile. Is peaca aon tsórt bréige innsint,
2812ach is í an bhréag dhíoghbhálach an bhréag is measa.
2813Is peaca marbhthach bréag innsint a dheineann
2814díoghbháil mhór do dhuine 'n-a chlú nú 'n-a chuid.
2815


L. 90


2816

CEACHT A NAOI DÉAG


2817
2818

Coisgeann an naomhadh agus an deichmhadh h-aithne
2819orainn smaoineamh go toilteanach le dúil nú le
2820taithneamh ar na neithibh atá coisgighthe ag an
2821sémhadh agus ag an seachtmhadh h-aithne. Coisgtear
2822smaointe agus mianta peacamhla orainn chómh
2823maith agus a coisgtear an droich-ghníomh, mar
2824chíonn Dia an droch-aigne chómh maith agus chíonn
2825Sé an droich-ghníomh, agus 'n-a theannta san dá
2826mbéadh cead ag daoinibh bheith ag smaoineamh ar
2827dhroich-ghníomh agus taithneamh a thógaint ann ba
2828ghairid go mbrostóchadh na smaointe sin iad chun
2829droich-ghníomh a dhéanamh. Coisgeann an naomhadh
2830h-aithne (1) smaointe mígheanamnaidhe, agus (2)
2831ócáidí fogais nú dlúth-ócáidí chun smaointe
2832mí-gheanamnaidhe.


2833
2834

**(1) Is féidir an naomhadh h-aithne a bhriseadh
2835le smaoineamh gan aon dúil ná mian, chómh maith
2836agus bristear í le smaoineamh agus le mian i
2837n-aonfheacht, ach is é an smaoineamh go mbíonn
2838an mhian leis, an smaoineamh is measa. Ní miste
2839dhúinn na céimeana, le n-a dtagann duine chun
2840peaca a dhéanamh le droch-smaoineamh, a sgrúdú
2841go géar. Ar dtúis tagann samhail an droich-
2842nídh ós cómhair na h-aigne. Ní bhíonn leigheas
2843air sin agus ní h-aon pheaca é. 'N-a dhiaidh sin
2844brathann an duine taithneamh ag teacht aige sa
2845droich-nídh. Mara gcuirtear chun siúbhail an
2846taithneamh san láithreach chómh luath agus braithtear
2847é is peaca so-loghthach é. Ach i n-ionad an ruaig


L. 91


2848

a chur ar an droich-nídh, má thugann an duine a
2849thoil leis — má ghlacann sé taithneamh go toilteanach
2850ann, is peaca marbhthach é. Nuair a pheacuigheann
2851duine le smaoineamh gan mian tugann sé a thoil
2852leis an dtaithneamh 'fhaghann sé sa droch-shamhail
2853a bhíonn ós cómhair a aigne, ach má's le droich-
2854mhian a pheacuigheann sé i dteannta an droch-
2855smaoinimh, cuireann sé dúil sa droich-nídh féin
2856agus sanntuigheann sé é bheith aige. Deineann
2857duine an saghas céadna peaca le droich-mhian
2858agus dá ndeineadh sé an droich-ghníomh féin. Ní
2859h-aon díoghbháil do dhuine droch-smaointe a theacht
2860'n-a aigne, dá fháid a bheidís ann, nú dá ghéire a
2861chuirfidís air, nú dá ghráineamhla iad, an fhaid
2862agus ná tabharfadh sé a thoil leó. (2) Coisgeann
2863an naomhadh h-aithne orainn ÓCÁIDÍ chun DROCH-
2864SMAOINTE mar an gcéadna. 'Siad na h-ócáidí
2865is gnáthaighe a thairgeann daoine chun droch-smaoine,
2866ól nú meisge, droich-leabhair, droch-chuideachta,
2867siúbhal oidhche, rinnce, agus díomhaointeas.


2868
2869

*Is maith an béas é glaodhach ar Íosa, ar
2870Mhuire, agus ar Naomh Ióseph, ag iarraidh cabharach
2871ortha chómh luath agus thagann aon droch-smaoineamh
2872i n-ár n-aigne, agus annsan cuimhneamh ar rud
2873éigin eile ar fad — rud éigin a bhí 'á léigheadh le
2874déannaighe againn, nú rud éigin a chonnacamair
2875nú a chualamair.


2876
2877

**Is féidir aithghearradh a dhéanamh ar an
2878chéad trí aithne — na h-aitheanta a bhaineann le
2879Dia agus le n-ár ndualgaisíbh 'n-A thaobh — i
2880bhfocalaibh ár dTighearna: "Grádhfaidh tú do
2881Thighearna Dia ód' chroidhe go h-iomlán agus ót'
2882anam go h-iomlán agus ót' aigne go h-iomlán."
2883— (Mait. xxii. 37.) An té thugann grádh mar


L. 92


2884

sin do Dhia níl baoghal ná go gcoimeádfaidh sé
2885an chéad aithne, mar tabharfaidh sé adhradh do
2886Dhia mar is cóir; coimeádfaidh sé an dara
2887h-aithne, mar tabharfaidh sé urraim agus onóir
2888d'Ainm Naomhtha an Tighearna; agus coimeádfaidh
2889sé an tríomhadh h-aithne, mar geárrfaidh sé cuid
2890d'á aimsir (an Domhnach) amach i gcómhair seirbhís
2891Dé. Is féidir aithghearradh a dhéanamh ar na
2892h-aitheantaibh eile i bhfoclaibh ár dTighearna:
2893"Grádhfaidh tú do chómharsa mar thú féin." —
2894(Mait., xxii. 39.) An té thugann grádh d'á
2895chómharsain ar son Dé de réir na bhfocal so
2896tabharfaidh sé an onóir is ceart do'n mhuinntir
2897a bhíonn ós a chionn, agus ceart agus cothrom
2898do'n mhuinntir a bhíonn fé n-a chómhacht; ní
2899dhéanfaidh sé díoghbháil anama ná cuirp d'á
2900chómharsain, agus ní mhillfidh sé a chuid ná a chlú.
2901Nuair adeirimíd go bhfuil 'fhiachaibh ar dhuine
2902grádh a thabhairt d'á chómharsain mar a thugann
2903sé grádh dhó féin ní deirimíd go bhfuil 'fhiachaibh
2904air an méid céadna nú an oiread céadna de
2905ghrádh a thabhairt dó, ach an SAGHAS céadna de
2906ghrádh. Má bhíonn grádh de'n tsórt san againn
2907d'ár gcómharsain, béidh an meas céadna againn
2908air gur mhaith linn go mbéadh ag eisean orainne;
2909labharfaimíd 'n-a thaobh fé mar ba mhaith linn go
2910labharfadh seisean orainne; agus taisbeán-
2911faimíd cáirdeas dó fé mar ba mhaith linn go
2912dtaisbeánfadh seisean cáirdeas dúinne. Tá
2913ceangal orainn grádh a bheith d'ár namhaidibh chómh
2914maith agus bhéadh againn d'ár gcáirdibh. Ceann
2915de sna cómharthaibh gur Críostaidhe duine 'seadh
2916go ngrádhann sé a namhaide. Tá trí réasúin nú
2917fáthana againn chun grádh a thabhairt d'ár namhaidibh,


L. 93


2918

agus do'n mhuinntir a dheineann éagcóir orainn:
2919(a) D'órduigh ár dTighearna dhúinn é — "Tugaidh
2920grádh d'bhúr namhaidibh" — (Lúcás, vi. 27); (b) Thug
2921ár dTighearna féin sampla dhúinn, agus (c) Is
2922ar an gcoingheal san a maithfear ár bpeacaí
2923dhúinn féin — "Maith dhúinn ár gcionnta mar a
2924mhaithimíd-ne do chách a chionntuigheann 'n-ár n-aghaidh."
2925


L. 94


2926

CEACHT A FICHE


2927
2928

*I dteannta na deich n-aitheanta thug Dia
2929féin dúinn tá aitheanta eile ann a thagann uaidh
2930tríd an Eaglais chughainn. Dubhairt Críost leis
2931an Eaglais: "An té éisteann leat-sa éisteann
2932sé liom-sa." D'á bhrigh sin is ó Dhia a thagann
2933aitheanta na hEaglaise chómh maith le deich
2934n-aitheanta Dé ach nách sa tslighe chéadna a tugadh
2935dúinn iad. Deir ár dTighearna i dtaobh an té
2936a dhiúltaigheann éisteacht leis an Eaglais gur
2937cuma é nú págánach nú puibliocánach. — (Mait.,
2938xviii. 17.) Tugtaí PUIBLIOCÁNAIGH ar an
2939muinntir a bhailigheadh an cháin Rómhánach ó sna
2940Giúdachaibh. Bhí gráin agus fuath ag na Giúdachaibh
2941dóibh, mar go ndeinidís lomadh agus creachadh
2942agus éagcóir ar na daoinibh. Tugann an
2943Eaglais mórán aitheanta dhúinn, ach tá sé
2944h-aitheanta is mó tábhacht ná an chuid eile:-


2945
2946

*An chéad aithne "Aifrionn d'éisteacht gach
2947Domhnach agus lá saoire." Do mínigheadh an
2948aithne sin cheana nuair a deineadh trácht ar an
2949tríomhadh aithne d'Aitheantaibh Dé. Tá Domhantaí
2950ann is solamhanta ná a chéile. 'Siad Domhnach na
2951Páise, Domhnach na Failme, Domh ach Cásga, An
2952Mhion-Cháisg, Domhnach Cingcíghse, agus Domhnach na
2953Tríonóide na Domhantaí is solamhanta ortha. 'Sé
2954DOMHNACH NA PÁISE an cúigeadh Domhnach de'n
2955Charghas. Tugtar an t-ainm sin air mar gheall
2956ar an gcuimhniú a deintear ar Pháis Chríost
2957tamall gairid 'n-a dhiaidh sin. Is é Domhnach na


L. 95


2958

FAILME an Domhnach a thagann i ndiaidh Dhomhnach
2959na Páise. Tugtar an t-ainm sin air i gcuimhniú
2960ar theacht ár dTighearna, go caithréimeach, isteach
2961i gcathair Ierusalem nuair a bhailigh na daoine ag
2962fáiltiú roimis agus nuair a leathadar géaga
2963failme ar an mbóthar fé n-A chosaibh. Mar
2964chuimhniú ar sin deintear failm a choisreacan
2965agus a riar ar an bpobal an Domhnach so gach
2966bliadhain. Is é Domhnach CÁSGA an Domhnach
2967'n-a ndeintear cuimhniú ar Eiseirighe ghlórmhar
2968ár dTighearna ó mharbhaíbh. Tugtar an MHION-
2969CHÁISG ar an Domhnach tar éis Domhnach Cásga.
2970Fadó, an mhuinntir a bhíodh tar éis Baiste do
2971ghlacadh go solamhanta um Cháisg chuiridís díobh,
2972an Domhnach so, na brait bhána a cuirtí ortha lá
2973a mbaistí. Sin é an fáth go dtugtar Dominica
2974in Albis, nú Domhnach na mbán-bhrat, air.


2975
2976

*Naomhuightear an lá saoire sa tslighe chéadna
2977go naomhuightear an Domhnach. Ní bhíonn an
2978oiread céadna de laetheantaibh saoire i gcuid de
2979sna tíortaibh agus bhíonn i dtíorthaibh eile. Deich
2980gcinn de laetheantaibh saoire fógartha a bhíonn
2981againn i nÉirinn: (1) Lá Nodlag, (2) Lá Féile
2982an Timcheallgheárrtha, (3) An tEpiphaní nú Lá
2983Nodlag Beag, (4) Lá Féile Pádraig, (5) Dar-
2984daoin Deasgabhála, (6) Lá Féile Cuirp Críost,
2985(7) La Féile Pheadair agus Phóil, (8) Lá Gabhála
2986na Maighdine Muire suas ar Neamh, (9) Lá na
2987Naomh Uile, (10) Lá Geineamhaint na Maighdine
2988Muire gan Smál. (1) Is é LÁ NODLAG an chéad
2989lá saoire fógartha de bhliadhain na hEaglaise,
2990mar tosnuigheann bliadhain na hEaglaise leis an
2991gcéad lá de'n Adbhent — an Domhnach is giorra
2992de'n deichmhadh lá fichead de Shamhain — agus is é


L. 96


2993

an cúigeadh lá fichead de Mhí na Nodlag Lá
2994Nodlag. Deintear cuimhniú an lá san ar theacht
2995ár dTighearna ar an saoghal i mBetlehem.
2996(2) An chéad lá d'Eanair deintear cuimhniú ar
2997TIMCHILL-GHEARRADH ár dTighearna, óir do
2998deineadh Timchill-ghearradh Air de réir gnás na
2999nGiúdach an t-ochtmhadh lá tar éis É theacht ar an
3000saoghal. (3) Bíonn féile an EPIPHANÍ nú an
3001Nodlaig Bheag againn an 6adh lá d'Eanair.
3002Deintear cuimhniú an lá san ar fhoillsiú ár
3003dTighearna do sna geintibh nuair a chuir Sé É
3004féin i n-iúil do sna fearaibh eólais nú Máigí.
3005Focal Gréigis is eadh Epiphaní agus cialluigheann
3006sé "foillsiú." (4) Bíonn LÁ FÉILE PÁDRAIG
3007againn an 17adh lá de Mhárta. Deintear cuimhniu
3008ar Naomh Pádraig, Asbol na hÉireann, d'iompuigh
3009muinntir na tíre seo fadó ó phágántacht go
3010Creideamh Chríost. Deirtear gur i nAlbhain a
3011rugadh é. Tugadh go hÉirinn é nuair a bhí sé
3012'n-a bhuachaill óg. Fé cheann seacht mbliadhan
3013d'éaluigh sé ó bhraighdeanas. Tamall 'n-a dhiaidh
3014sin do chuir an Pápa, Naomh Celestín, go hÉirinn
3015é chun an chreidimh a chraobhsgaoileadh i measg
3016phágánach na tíre. (5) Tagann DARDAOIN
3017DEASGABHÁLA dachad lá tar éis Domhnach
3018Cásga. Deintear cuimhniú an lá san ar ár
3019dTighearna a dhul suas ar Neamh ó Chnoc Olibhet
3020agus A shuidhe ar dheas-láimh Dé. (6) Is é
3021DARDAOIN CHORP CHRÍOST an Dardaoin i
3022ndiaidh an chéad Domhnach tar éis Cingcíghse. Is
3023i n-onóir Chríost i Sácraimínt Bheannuighthe na
3024hAltóra bhíonn an fhéile seo againn. Tugtar
3025laetheanta féile so-aistrighthe ar an dá fhéile seo
3026mar nách ar an lá céadna de'n bhliadhain a thuit-


L. 97


3027

eann siad gach aon bhliadhain marab ionann is na
3028laetheanta féile eile — na laetheanta féile do-
3029aistrighthe. (7) Is é an naomhadh lá fichead de
3030Mheitheamh LÁ FHÉILE PEADAIR AGUS PÓIL.
3031Bíonn an fhéile sin againn i n-onóir an dá
3032Asbol san a cuireadh chun báis an lá san de'n
3033bhliadhain nuair a bhí Néró i gceannas Ímpreachta
3034na Rómha. (8) Is é an cúigeadh lá déag de
3035Lughnasa LÁ GABHÁLA NA MAIGHDINE MUIRE
3036suas ar Neamh. Deintear cuimhniú an lá san
3037ar thógaint na Maighdine Muire suas go flaitheas
3038Dé tar éis a báis. Is é gnáth-thuairim na
3039starthaidhe Caitilicidhe gur i nIerusalem a fuair
3040sí bás. Tar éis a báis níor leig Dia d'á corp
3041beannuighthe dreóghadh san uaigh, ach thóg Sé suas
3042ar neamh é i dteannta a h-anma. (9) Is é Lá
3043Samhna LÁ FHÉILE NA NAOMH UILE — lá fhéile
3044na ndaoine go léir a bhí ar an saoghal so agus
3045atá anois i seilbh na glóire i bhflaitheas Dé.
3046(10) Bíonn Féile GHEINEAMHAINT NA MAIGH-
3047DINE MUIRE GAN SMÁL againn an t-ochtmhadh
3048lá de Mhí na Nodlag. Deinimíd cuimhniú an lá
3049san ar an mbuadh thug Dia do'n Mhaighdin Mhuire
3050thar gach éinne de chlann Ádham nuair nár leig
3051Sé aon smál ná timheal de pheaca an tsinnsir
3052ar a h-anam.


3053
3054

*I dteannta na laetheanta saoire fógartha
3055cuireann an Eaglais ós ár gcómhair laetheanta
3056féile eile. Ní laetheanta saoire fógartha iad,
3057ámhthach. Is amhlaidh a chuireann siad ar gcuimhne
3058dhúinn neithe do thuit amach i saoghal ár dTighearna,
3059nú i mbeatha na naomh, nú i stair na hEaglaise.
3060Bíonn Lá Fhéile Muire na gCoinneall ann an
3061dara lá de Mhí Feabhra chun toirbheirte ár


L. 98


3062

dTighearna sa Teampall a chur ar gcuimhne
3063dhúinn; bíonn Féile Naoimh Ioseph, pátrún na
3064hEaglaise, ann an 19adh lá de Mhártha; bíonn
3065Féile Anam na. Marbh an dara lá de Shamhain,
3066chun go nguidhfí go spesialta ar na h-anmnachaibh
3067i bPurgadóireacht. Bíonn Féile Theachtaireacht
3068an Aingil ann an 25adh lá de Mhárta. Is gairid
3069ó bhí an lá san 'n a lá shaoire fógartha. Deintear
3070cuimhniú an lá san ar an sgéal a thug an tÁrd-
3071aingeal Gábríél chun na Maighdine Muire — gur
3072b'í a bhí toghtha chun bheith 'n-a máthair ag Mac Dé.
3073Bíonn Féile Seacht nDólás na Maighdine Muire
3074ar an Aoine roimh Dhomhnach na Failme. Bíonn
3075féile eile i n-onóir Seacht nDólás na Maighdine
3076Muire an cúigeadh lá déag de Mheitheamh an
3077Fhóghmhair. Cialluigheann na Seacht nDólás so na
3078seacht ndubhróin uathbhásacha a bhí ar Máthair Dé,
3079agus is mar gheall ar an mbriseadh croidhe do
3080chuir na seacht ndubhróin seo uirthe go bhfeicimíd
3081go minic a pictiúirí agus seacht gcloidhmhte tré
3082n-a croidhe. I dteannta na bhféilte seo ainmnighthe
3083bíonn féile speisialta i ngach fairche agus
3084paróiste agus eaglais i n-onóir an naoimh a
3085bhíonn 'n-a phátrún ar an áit.


3086
3087

**An dara h-aithne "trosgadh agus tréadhnas
3088do dhéanamh na laetheanta órduighthe." Chun an
3089dualgais atá orainn aithrighe agus leór-ghníomh do
3090dhéanamh i n-ár bpeacaíbh d'ainmnigh an Eaglais
3091tráthana áirithe de'n bhliadhain chun aithrighe -
3092Adbhent agus an Carghas. Tugtar Adbhent ar
3093an aimsir ó'n Domhnach is giorra do'n 30adh lá
3094de Shamhain (lá fhéile Naoimh Aindriais) go dtí
3095an Nodlaig. Ba mhian leis an Eaglais go
3096ndéanfaimís sinn féin d'ollamhú i gcaitheamh na


L. 99


3097

h-aimsire seo chun féile na Nodlag do chaitheamh
3098mar is cóir. 'Sé an Carghas an dachad lá roimh
3099Cháisg (gan aon Domhnach a chóimhreamh). An té
3100a chaitheann an Adbhent agus an Carghas mar is
3101cóir gheóbhaidh sé mórán grásta ó Dhia, béidh sé
3102ag déanamh leór-ghníomh 'n-a pheacaíbh agus ag
3103cur sriain le n-a ainmhiantaibh. Leanann dhá
3104thráth gáirdeachais agus lúthgháire spioradálta (an
3105Nodlag agus an Cháisg) an dá thráth a tugtar
3106d'aithrighe agus do leór-ghníomh. Tá cuid de
3107mhíosaibh na bliadhna a tugtar suas d'oibreachaibh
3108éigin crábhthachta. Um Bealtaine deintear onóir
3109fé leith a thabhairt do'n Mhaighdin Muire. Is é
3110mí Dheire an Fhóghmhair mí na Coróineach Mhuire,
3111is é Mí an Mheithimh mí Chroidhe Neamhdha Íosa,
3112agus is í an tSamhain mí na nAnam i bPurga-
3113dóireacht.


3114
3115

**Tugtar "na Rógáide" nú "Laetheanta
3116na hAthchuinghí" ar an Luan, an Mhárt, agus an
3117Chéadaoin roimh Dardaoin Deasgabhála. Cuirtear
3118suas úrnaighthe speisialta na trí laetheanta so 'á
3119iarraidh ar Dhia an rath a chur ar shíoltaibh agus
3120ar thorthaíbh na talmhan agus síothcháin agus séan
3121a thabhairt do sna daoinibh.


3122
3123

*LÁ TROSGAIDH is eadh aon lá ná ceaduigh-
3124tear dúinn a chaitheamh ach aon bhéile amháin
3125iomlán. Is LÁ TRÉIDHNIS lá 'n-a gcoisgtear
3126orainn feóil d'itheadh. LÁ TROSGAIDH AGUS
3127TRÉIDHNIS is eadh aon lá ná ceaduightear
3128dúinn a chaitheamh ach aon bhéile amháin agus go
3129gcoisgtear orainn feóil d'itheadh 'n-a theannta
3130san. Níl aon lá sa mbliadhain ná fuil cead
3131againn im, uibhe, agus bainne do chaitheamh. Tá
3132cead againn lá trosgaidh i dteannta an éin-


L. 100


3133

bhéile iomláin MION-BHÉILE do chaitheamh ar
3134maidin agus istoidhche ach gan ós cionn ocht
3135n-únsa bídh a bheith i mion-bhéile na maidne ná
3136ós cionn dá únsa istoidhche. Níl 'fhiachaibh ar
3137éinne fé bhun bhliadhain agus fiche d'aois, ná ar
3138éinne ós cionn trí fichid bliadhan d'aois, trosgadh
3139do dhéanamh. Níl ceangal trosgaidh (1) ar an
3140muinntir a bhíonn ag obair go dian, ná (2) ar
3141éinne ná fuil ar fóghnamh 'n-a shláinte nú go
3142ndéanfadh an trosgadh aon díoghbháil d'á shláinte,
3143ná (3) ar dhaoinibh bochta nách féidir leó béile
3144ceart bídh d'fhághail. Tá 'fhiachaibh orainn tréadhnas
3145a dhéanamh ó aois seacht mbliadhan amach. Is
3146féidir faoisiú d'fhághail i ndlighe an trosgaidh
3147agus an tréidhnis ó'n Easbog nú ó'n sagart
3148paróiste nú ó dhuine éigin go bhfuil cómhacht aige
3149chuige ach gan é iarraidh gan chúis.


3150
3151

**Lá TRÉIDHNIS is eadh gach Aoine sa
3152mbliadhain ach amháin Aoine lasmuigh de'n Charghas
3153ar a dtuiteann lá saoire. I nÉirinn má
3154thuiteann Lá Fhéile Pádraig ar An Aoine ní bhíonn
3155trosgadh ná tréadhnas ann. Lá TROSGAIDH
3156AGUS TRÉIDHNIS I nAONFHEACHT is eadh: (1)
3157Gach Céadaoin agus Aoine sa Charghas, (2) Gach
3158Céadaoin agus Aoine agus Satharn de sna
3159Cheithre Tráthana Trosgaidh, (3) Figil na Cingcíghse,
3160Figil Lae Gabhála Muire suas ar Neamh, Figil
3161Lae Féile na Naomh Uile, agus Figil na Nodlag.
3162Tá trosgadh GAN tréadhnas ar na laetheantaibh
3163eile de'n Charghas. Tá cead ag Muinntir na
3164hÉireann feóil d'itheadh gach Satharn trosgaidh
3165lasmuigh de'n Charghas. Níl trosgadh ná tréadh-
3166nas ar aon Domhnach sa mbliadhain ná ar aon lá
3167saoire lasmuigh de'n Charghas.
3168


L. 101


3169

**Tugtar na Cheithre Tráthana Trosgaidh ar
3170an gCéadaoin, an Aoine, agus an Satharn tar
3171éis na laetheanta so: (a) an Chéad Domhnach de'n
3172Charghas, (b) Domhnach Cingcíghse, (c) an ceathramha
3173lá déag de Mheitheamh an Fhóghmhair, agus (d) an
3174tríomhadh lá déag de Mhí na Nodlag. Bíonn na
3175laetheanta san mar aimsir aithrighe agus trosgaidh
3176againn chun a iarraidh ar Dhia an rath a chur ar
3177thorthaíbh na talmhan agus sagairt naomhtha a
3178thabhairt do'n Eaglais. Cuireann an Eaglais
3179'fhiachaibh orainn trosgadh agus tréadhnas a dhéanamh
3180mar leór-ghníomh i n-ár bpeacaíbh agus chun go
3181bhféadfaimís buadh d'fhághail ar chathaibh an diabhail.
3182'N-a theannta san d'órduigh Críost dúinn trosgadh
3183do dhéanamh agus do dhein Sé féin trosgadh.
3184


L. 102


3185

CEACHT A hAON AGUS FICHE


3186
3187

*Cuireann an tríomhadh h-aithne d'aitheantaibh
3188na hEaglaise 'fhiachaibh ar Chaitilicidhthibh dul chun
3189Faoistine uair sa mbliadhain, agus cuireann
3190an ceathramhadh h-aithne 'fhiachaibh ortha dul chun
3191Comaoine um Cháisg. Éinne ná glacann Comaoine
3192um Cháisg tagann sé fé choinneal-bháthadh na
3193hEaglaise. Cialluigheann sé sin go bhféadfaí é
3194dhíbirt as thigh Dé agus dá bhfaigheadh sé bás ar
3195an staid sin ná féadfaí é adhlacan i dtalamh
3196choisricthe. Ní gádh do dhuine Comaoine na
3197Cásga do ghlacadh 'n-a pharóiste féin, ach caithfidh
3198sé a chur i n-iúil d'á shagart paróiste go raibh
3199sé ag Comaoine. I dtosach saoghail na hEaglaise
3200do théidheadh gach éinne a bhíodh ag an Aifrionn
3201chun Comaoine. Ach tar éis tamaill do chuaidh
3202na daoine i bpatfhuaire, agus b'éigean an dlighe
3203seo a dhéanamh, go gcaithfeadh gach éinne Comaoine
3204do ghlacadh um Cháisg gach bliadhain. Do cuireadh
3205an dlighe seo ar bun i gCómhairle an Latarain
3206sa bhliadhain 1215 i n-aimsir an tríomhadh
3207hInnocentius Pápa. Is sia an t-am chun
3208Comaoine na Cásga a ghlacadh a bhíonn i n-áitean-
3209aibh ná a chéile. Is féidir an dlighe a chóimhlíonadh
3210i nÉirinn anois má glactar Comaoine aon lá ó
3211thosach an Charghais (Céadaoin an Luaithridh) go
3212dtí Domhnach na Tríonóide (an chéad Domhnach
3213tar éis Cingcíghse).


3214
3215

**Tá dhá shaghas col pósta ann: (a) an col
3216a dheineann neamh-dhleaghthach an pósadh, agus


L. 103


3217

(b) an col a dheineann neamh-nídh de'n phósadh.
3218Má phósann daoine agus col eatorra a dheineann
3219neamh-dhleaghthach an pósadh is peaca marbhthach
3220dóibh é, ach seasuigheann an pósadh. Má dheineann
3221daoine iarracht ar phósadh agus col eatorra a
3222dheineann neamh-nídh de'n phósadh ní pósadh i n-aon
3223chor é agus bíd cionntach i bpeaca marbhthach ró-
3224throm go léir.


3225
3226

**Níl puinn col anois ann ná deineann ach
3227an pósadh a dhéanamh neamh-dhleaghthach. Is iad an
3228dá cheann so is mó tábhacht ortha: (1) Móid neamh-
3229sholamhanta geanamnuidheachta, agus (2) pósadh le
3230h-eiriceach. Is féidir do dhaoinibh pósadh anois
3231aon uair de'n bhliadhain is maith leó, ach
3232ná fuil beannachadh na hEaglaise le fághail
3233aca um Adbhent ná um Charghas. Tá an
3234Eaglais go h-an-mhór i gcoinn pósadh idir
3235Chaitilicidhe agus duine nách Caitilicidhe. Má
3236bhíonn an té ná fuil 'n-a Chaitilicidhe gan
3237Baiste, deineann an col a bhíonn eatorra an
3238pósadh do chur ar neamh-nídh. Tá cúis a dóthain
3239ag an Eaglais chun bheith chómh dian agus tá sí i
3240gcoinnibh pósadh idir Chaitilicidhe agus duine nách
3241Caitilicidhe: (a) mar gur minic a chailleann an
3242Caitilicidhe an Creideamh, nú go dtéidheann a
3243Chreideamh i bhfuaire, mar gheall ar a leithéid sin
3244de phósadh; (b) mar go bhfuil sé an-dheacair do'n
3245Chaitilicidhe an chlann a thabhairt suas mar ba
3246chóir; agus (c) mar ná fuil éinnídh is mó is
3247tugtha chun lánamha a chur ag achrann agus ag
3248coimheasgar ná gan iad araon a bheith ar aon
3249chreideamh amháin. Tá cheithre chol déag ann a
3250dheineann neamh-nídh de'n phósadh. Seo cuid


L. 104


3251

aca: (1) Móid Gheanamnuidheachta. (2) Gaol.
3252(3) Cómhgus nú Cóimhléaras. (4) Cáirdeas Críost.
3253(5) An pósadh a bheith fé cheilt. (6) Ceangal
3254pósta a bheith cheana ar an nduine le duine
3255éigin a mhaireann fós. (7) An pósadh a bheith le
3256duine gan Baiste. Deineann col an GHAOIL
3257neamh-nídh de phósadh idir an mhuinntir a bhíonn a
3258trí is a trí de ghaol le n-a chéile nú aon ghaol
3259is athchumaire ná a trí is a trí. Bíonn daoine
3260a trí is a trí de ghaol le n-a chéile má's iad an
3261tríomhadh glúin gaoil iad, ag cómhaireamh ó'n
3262bPRÉIMH, nú ó'n lánamhain ó'r shíolruigh na
3263glúine gaoil. Dritháir agus dribhshúr an chéad
3264ghlúin. Clann an drithár agus an dribhshéar,
3265nú clann na beirte drithár nú clann na
3266beirte dribhshéar, an dara glúin, agus
3267mar sin dóibh. Coisgeann col an CHÓMHGAIS
3268nú an chóimhléarais ar fhear, má gheibheann a bhean
3269bás, gaolta na mná go dtí an dara glúin a
3270phósadh agus coisgeann sé ar an mnaoi gaolta a
3271fir go dtí an dara glúin a phósadh. An té
3272sheasuigheann le leanbh mar athair nú máthair
3273baistidhe tá CÁIRDEAS CRÍOST nú cómhgas
3274spioradálta idir an duine sin agus an leanbh,
3275agus idir an té dheineann an baiste agus
3276an leanbh. Is PÓSADH FÉ CHEILT aon phósadh a
3277dheineann Caitilicidhe i n-aon áit eile ach i láthair
3278sagairt paróiste na h-áite (nú i láthair shagairt
3279éigin eile go bhfuil cead ó'n sagart paróiste
3280nú ó'n Easbog aige) agus beirt fídhnidhthe. Is
3281féidir leis an sagart paróiste, i n-a pharóiste
3282féin, aon daoine a thagann chuige chun go bpósfaí
3283iad do phósadh, pé áit gur b'as iad. Má's ó


L. 105


3284

áit lathsmuigh d'á pharóiste féin an bheirt aca níl
3285sé dleaghthach aige iad a phósadh gan cead ó'n
3286Easbog nú ó shagart paróiste dhuine aca, ach
3287má phósann sé iad béidh an pósadh 'n-a fhíor-
3288phósadh. Má's ó n-a pharóiste féin éinne de'n
3289bheirt nú má gheibheann sé cead ó shagart paróiste
3290ceachtair aca béidh an pósadh dleaghthach agus
3291buan-tseasamhach. Is gnáthach gur i bparóiste na
3292mná a bhíonn an pósadh, agus d'á bhrigh sin is ó
3293shagart paróiste na mná is ceart cead d'fhághail
3294má's lathsmuigh de pharóiste na mná a bhíonn
3295an pósadh. Tugann an Eaglais FAOISIÚ, nú
3296sgaoileadh ó cheangal na dlighe, i bhfor-mhór na
3297gcol má bhíonn cúis a dóthain aice chuige sin, ach
3298tá a dhó nú a thrí dhíobh ná tugann sí faoisiú i
3299n-aon chor ionnta. Is gnáthach FÓGAIRT nú
3300gairm a dhéanamh ar an bpósadh ós cómhair an
3301phobail aimsir Aifrinn na trí Domhantaí roimh-ré.
3302Deintear é sin chun go bhfaighfí eólas ar aon chol
3303pósta a bhéadh ann; mar dá mbéadh col ann i
3304gan-fhios a chuirfeadh an pósadh ar neamh-nídh ní
3305bheidís pósta i n-aon chor, agus níor bh'fhéidir
3306dóibh pósadh nó go bhfaighfí faoisiú ó'n gcol san.
3307I mórán áiteanna i nÉirinn ní gnáthach pósadh
3308d'fhógairt, ach ní mór cead chuige sin d'fhághail
3309ó'n Easbog.
3310


L. 106


3311

CEACHT A DÓ AGUS FICHE


3312
3313

Deintear úrnaighthe chun Dé (a) chun É d'adhradh,
3314(b) chun buidheachais a bhreith Leis i dtaobh A
3315thabhartaisí, (c) chun leór-ghníomh nú cúiteamh do
3316dhéanamh i n-ár bpeacaíbh, agus (d) chun tabhartaisí
3317Dé d'iarraidh.


3318
3319

*Tá dhá shaghas úrnaighthe ann: (a) ÚRNAIGHE
3320BÉIL, nú an úrnaighe a dheinimíd go coitchianta
3321i bhfocalaibh, agus (b) MÍDHEAMHAIN, nú an
3322úrnaighe a dheinimíd istigh sa chroidhe agus san
3323aigne. Níl éinnídh a dheinimíd i rith an lae — ár
3324ngnó, ár gcómhrádh, ár mbeannú d'á chéile, ár
3325gcaitheamh aimsire, caitheamh ár mbídh — níl aon
3326cheann aca san nách féidir úrnaighe a dhéanamh
3327leis, agus onóir a thabhairt do Dhia leis, má
3328thugaimíd suas do Dhia é ar an intinn sin. Ba
3329cheart dúinn, gach maidean, gníomhartha an lae
3330atá rómhainn a thabhairt suas do Dhia agus an
3331íodhbairt sin d'athnuadhchaint i gcaitheamh an lae.
3332Má dheinimíd é sin béidhmíd go coitchianta ag
3333guidhe chun Dé fé mar órduigh ár dTighearna
3334dhúinn, agus gach éinnídh a dhéanfaimíd i gcaitheamh
3335ár saoghail tabharfaidh sé onóir agus moladh do
3336Dhia, béidh ár saoghal go léir 'n-a ghuidhe chun
3337Dé ó thosach go deire. Ó 'nuair go bhfuil an
3338DOMHNACH agus an LÁ SAOIRE geárrtha amach
3339ag Dia féin chun úrnaighthe ba cheart dúinn ár
3340nguidhe a chur suas Chuige na laetheanta san thar
3341aon lá eile. Ba cheart dúinn guidhe Chuige AR
3342MAIDIN chun A chabhartha d'iarraidh i gcómhair an


L. 107


3343

lae rómhainn, agus ISTOIDHCHE, chun buidheachais
3344a bhreith Leis i dtaobh A thabhartaisí dhúinn i rith
3345an lae. Ba cheart dúinn guidhe Chuige nuair a
3346bhímíd i n-aon BHAOGHAL anma nú cuirp, chun go
3347dtabharfadh Sé saor ó'n gcontabhairt sinn. Ba
3348cheart dúinn guidhe Chuige i n-aimsir BUAIDHRIMH
3349AGUS CRUADHTAIN, chun go dtabharfadh Sé
3350neart dúinn fulang go foidhneach, agus luach-
3351saothair sa tsaoghal atá le teacht do thuilleamh
3352leis an bhfulang san.


3353
3354

*Ní dócha go raibh aon daoine ar thalamh an
3355domhain do b'fheárr a chuir i bhfeidhm cómhairle ár
3356dTighearna, gur cheart dúinn bheith go coitchianta
3357ag guidhe chun Dé, ná mar a thuig muinntir na
3358hÉireann. Taisbeánann na focail adeiridís
3359agus iad ag beannú d'á chéile gur chuimhnigheadar
3360i gcómhnuidhe go rabhadar i láthair Dé. Bhíodh
3361focail mar seo i gcómhnuidhe 'n-a mbéal agus
3362bíonn fós san áit go labhartar an Ghaedhilg:
3363Dia dhuit. — Dia is Muire dhuit. — Dia do bheatha.
3364— Bail ó Dhia oraibh. — Bail ó Dhia ar an obair. —
3365Dia beatha grásta Dé. — Dia linn. — Go bhfóiridh
3366Dia orainn. — Go réidhidh Dia dhúinn. — Go bhféachaidh
3367Dia orainn. — Go bhfágaidh Dia do shláinte agat.
3368Nách leamh neamh-milis an beannú a thugann Béar-
3369lóirí d'á chéile i gcompráid leis na focalaibh seo
3370a bhíonn go coitchianta i mbéal an Ghaedhilgeóra.


3371
3372

*Gheóbhfar i leabhraibh úrnaighthe na h-úrnaighthe béil
3373a mholann an Eaglais dhúinn. Níor cheart d'aon
3374Chaitilicidhe gan An Phaidir (Ár nAthair atá ar
3375Neamh), An tÁbhé (Go mbeannuighthear duit, a
3376Mhuire), an Chré, an Fhaoistin Choitchiann, agus
3377Gníomhartha Creidimh, Dóchais, agus Grádha is
3378Croidhe-bhrú do bheith de ghlan-mheabhair aige. Ba


L. 108


3379

cheart dó eólas éigin a bheith aige ar na
3380h-úrnaighthibh adeirtear le linn Aifrinn, ar na
3381h-úrnaighthibh adeirtear roimh Chomaoine agus
3382Faoistin, agus tar éis Chomaoine agus Faoistine,
3383ar an gCoróin Mhuire, agus rl.


3384
3385

*Is áluinn go léir an tslighe chun ár nguidhe
3386a chur suas an Choróin Mhuire nú an Paidirín
3387Páirteach a rádh. Deirtear gur bh'í an Mhaighdean
3388Muire féin a mhúin do Naomh Dominic connus
3389an Choróin a rádh. Roinntear an Choróin 'n-a
3390trí codaibh, ara dtugtar, na h-Áthais, na Dóláis,
3391agus na Buadha. Tá chúig deichneabhair ins gach
3392roinn aca san. Seo mar deirtear deichneabhar:
3393Deirtear an Phaidir aon uair amháin, annsan an
3394tÁbhé (Go mbeannuighthear duit) deich n-uaire,
3395agus annsan, Glóire do'n Athair, agus rl., aon uair
3396amháin. Sar a dtosnuightear ar an gcéad deich-
3397neabhar, is gnáthach na h-úrnaighthe seo a rádh:
3398"A Thighearna, osglóchair mo bheóla," "Agus
3399labharfaidh mo bhéal moladh dhuit." "Crom
3400chugham le congnamh, a Dhia," "Brostuigh, a
3401Thighearna, agus cabhraigh liom." "Glóire do'n
3402Athair, agus rl." Annsan deirtear an Chré ar chrois
3403an "phaidirín" agus "Ár nAthair, agus rl.," ar an
3404gcloich mhóir, agus "Go mbeannuighthear duit,
3405agus rl.," ar gach ceann de sna trí clochaibh miona,
3406agus annsan "Glóire do'n Athair, agus rl." Ní
3407gádh na h-úrnaighthe seo a rádh, ní cuid de'n
3408Choróin iad, ach is maith an rud iad a rádh.


3409
3410

*Ní mór machtnamh geárr a dhéanamh le linn
3411gach deichneabhair a rádh ar an Áthas nú ar an
3412nDólás nú ar an mBuadh le n-a mbaineann sé,
3413agus d'á bhrigh sin is ceart an tÁthas nú an
3414Dólás nú an Buadh san d'ainmniú sar a ndeirtear


L. 109


3415

an deichneabhar. 'Siad so na chúig Áthais: (1)
3416Teachtaireacht an Aingil, (2) Cuairt na Maighdine
3417Muire ag triall ar Naomh Elisabet, (3) Teacht
3418ár dTighearna ar an saoghal, (4) Toirbheart an
3419Leinbh Íosa sa Teampall, (5) Íosa i lár na
3420n-ollamh sa Teampall. 'Siad so na chúig Dóláis:
3421(1) Allus Fola ár dTighearna sa Gháirdín,
3422(2) Ár dTighearna 'á sgiúirseáil, (3) An choróin
3423spíne 'á chur ar Cheann ár dTighearna, (4) Íosa
3424ag iompar na Croise, (5) Céasadh Íosa. 'Siad
3425so na chúig Buadha: (1) Eiseirighe ár dTighearna,
3426(2) Deasgabháil ár dTighearna, (3) Teacht an
3427spioraid Naoimh ar na hAsbolaibh, (4) Tógáilt
3428na Maighdine Muire suas ar Neamh, (5) Coróiniú
3429na Maighdine Muire thuas ar Neamh.


3430
3431

*Tá mórán logha le fághail ag éinne a thugann
3432TURAS NA CROISE. Chuige sin níl le déanamh
3433ach machtnamh gairid ós cómhair gach ceann de
3434sna cheithre pictiúiríbh déag a bhíonn i bhfor-mhór
3435na n-eaglaisí agus na séipéal — na pictiúirí a
3436thaisbeánann dúinn turas ár dTighearna ó thigh
3437Phontius Píaláit go Cnoc Chalbherí lá A Chéasta.
3438Ó fhíor-thosach na Críostaidheachta ba ghnáthach le
3439daoine dul ag tabhairt turais go dtí an áit do
3440shiúbhail ár dTighearna nuair a bhí Sé ag dul chun
3441A Chéasta. Do leanadar do'n nós san go dtí
3442an t-aonmhadh h-aos déag. Ach san am san
3443fuair na Turcacha greim ar an dTalamh Naomhtha
3444agus ar feadh a bhfad ní fhéadfadh éinne an turas
3445a thabhairt gan bheith i gcontabhairt a mharbhuighthe.
3446Mar gheall ar sin do thug an Pápa an logha a
3447bhí le fághail ag an muinntir a thugadh an turas
3448san do sna daoinibh a dhéanfadh oibreacha áirithe
3449eile. Is féidir anois an logha céadna d'fhághail
3450ach Turas na Croise do thabhairt i n-aon eaglais.
3451


L. 110


3452

**Má's maith linn neart a bheith i n-ár nguidhe
3453i láthair Dé ní fuláir dúinn guidhe Chuige go
3454crábhthach, go h-umhal, agus go dúthrachtach; ár
3455muinghin a bheith go láidir as Dia againn; agus
3456gan éirighe as ár nguidhe, mara bhfreagarann Sé
3457láithreach é. 'N-a theannta san ní fuláir dúinn
3458an rud iarraimíd ar Dhia d'iarraidh ar choinghil
3459gur b'é toil Dé é 'thabhairt dúinn agus go raghaidh
3460sé chun leasa anama dhúinn. Níl aon rud is
3461feárr a choimeádfaidh ár n-aigne ar ár n-úrnaigh-
3462thibh ná a chuimhneamh go bhfuilimíd i láthair Dé,
3463agus go bhfuil Sé ag féachaint orainn agus ag
3464éisteacht linn. Má chuimhníghimíd gur le Dia féin
3465a bhímíd ag cainnt nuair a bhímíd ag úrnaighe ní
3466baoghal ná go ndéanfaimíd ár nguidhe mar is
3467cóir.


3468
3469

*Is minic nuair a bhíonn daoine ag guidhe chun
3470Dé go mbíonn siad ag cuimhneamh ar rud éigin
3471eile. Má's le n-a dtoil a dheineann siad é sin
3472is peaca é. Ní h-aon pheaca é má's i n-aindeóin
3473an duine a thagann an cuimhneamh san 'n-a
3474n-aigne, ach ba cheart do gach éinne a dhícheall a
3475dhéanamh i gcómhnuidhe ar a aigne a choimeád ar a
3476ghuidhe.
3477


L. 111


3478

CEACHT A TRÍ AGUS FICHE


3479
3480

'Sé ár dTighearna féin do chúm an "Phaidir,"
3481nú "Ár nAthair atá ar Neamh, agus rl." Tá sa
3482Phaidir réamh-fhocal agus seacht n-athchuinghí.
3483Baineann trí h-athchuinghí aca le Dia agus cheithre
3484h-athchuinghí linn féin agus le gach nídh a theas-
3485tuigheann uainn i gcómhair anma agus chuirp. 'Sí
3486seo an Phaidir, roinnte i réamh-fhocal agus
3487athchuinghí:-


3488
3489

Réamh-fhocal: Ar nAthair atá ar neamh.
3490Athchuinghí:


3491
3492

1. Go naomhuighthear T'Ainm


3493
3494

2. Go dtagaidh Do Ríoghacht.


3495
3496

3. Go ndeintear Do thoil ar an dtalamh mar a
3497deintear ar neamh.


3498
3499

4. Ár n-arán laetheamhail tabhair dúinn indiu.


3500
3501

5. Maith dhúinn ár gcionnta mar mhaithimíd-ne
3502do chách a chionntuigheann 'n-ár n-aghaidh.


3503
3504

6. Ná leig sinn i gcaithíbh.


3505
3506

7. Saor sinn ó olc.


3507
3508

*I dtosach na Paidre árduighmíd ár gcroidhe
3509chun ár nAthair síoruidhe atá ins na Flaithis.
3510Tugaimíd "athair" Air mar a dhéanfadh leanbh
3511le n-a athair chun a chur ar gcuimhne dhúinn féin
3512gur cheart dúinn cion a bheith againn Air agus
3513grádh againn Dó agus muinghín a bheith againn As
3514fé mar a bhéadh ag leanbh as a athair. Tugaimíd
3515ÁR nAthair Air, mar nách orainn féin amháin atá


L. 112


3516

'fhiachaibh orainn guidhe ach ar an gcine daonna
3517go léir fara sin. Deirimíd "atá ar neamh"
3518chun go mbéadh ár smaointe ar an oighreacht
3519ghlórmhar atá geallta ag ár nAthair síoruidhe
3520dhúinn agus chun ná béimís ag smaoineamh ar
3521neithibh saoghalta. Annsan iarraimíd (1) go
3522dtabharfaí uraim agus moladh d'Á Ainm Naomhtha,
3523(2) go dtiocfadh A Ríoghacht, 'sé sin, go mbéadh
3524A ghrásta i gcroidhthibh an chine daonna 'á riaghalú
3525agus 'á gcoimeád ó'n bpeacadh ar an saoghal so
3526agus go bhfaighmís go léir Ríoghacht na bhFlaitheas
3527Uaidh ar an saoghal atá le teacht; agus (3) go
3528ndéanfadh gach éinne ar an saoghal so an rud
3529is toil le Dia fé mar a dheineann na h-aingil
3530agus na naoimh é ar neamh. Tar éis na neithe
3531sin go léir d'iarraidh ar son Dé iarraimíd
3532annsan, ar Dhia, dúinn féin (1) grásta d'ár n-anam
3533agus biadh d'ár gcorp, (2) maitheamhnas i n-ár
3534bpeacaíbh, (3) neart agus cabhair, i dtreó ná
3535géillfimís do chlaontaibh an tsaoghail, ná d'ár
3536n-ainmhiantaibh féin, ná do chalaois an diabhail,
3537agus (4) go ndéanfadh Dia sinn a shaoradh ó gach
3538contabhairt anma agus chuirp. Is focal Eabhra
3539"Amen" agus cialluigheann sé "Is fíor" nú
3540"Go deimhin." I ndeire na Paidre agus i
3541ndeire gach athchuinghe a chuirimíd chun Dé tais-
3542beánann sé gur b'é ár mian an rud a bhíonn 'á
3543iarraidh againn d'fhághail agus d'á bhrigh sin is
3544cuma é nú dá ndéarfaimís "Bíodh sé mar sin."


3545
3546

*Lathsmuigh de'n "Phaidir" níl aon cheann eile
3547de sna h-úrnaighthibh a bhíonn i mbéal na ndaoine
3548is tairbhighe ná an "tÁbhé," nú "Go mbeannuigh-
3549thear duit, a Mhuire." Tá sé 'n-a thrí chodaibh.
3550B'iad an t-Árdaingeal Gábríél agus Elisabet


L. 113


3551

Naomhtha do chúm an chéad chuid de fé naomh-
3552análú Dé. An Eaglais féin do chúm an tríomhadh
3553cuid de. 'Siad so na trí coda:-


3554
3555

1. Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh.
3556Tá an Tighearna i t'fhochair; is beannuighthe thú
3557idir mhnáibh.


3558
3559

[Focail an Árdaingil nuair d'innis sé do'n
3560Mhaighdin Mhuire gur b'í bhéadh 'n-a máthair ag
3561Mac Dé.]


3562
3563

2. Is beannuighthe thú idir mhnáibh,
3564Is beannuighthe toradh do bhruinne, Íosa.


3565
3566

[Focail Elisabet Naomhtha nuair a chuaidh sí
3567ar cuairt ag triall ar an Maighdin Muire.
3568An Eaglais a chuir an focal "Íosa" isteach.]


3569
3570

3. A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, agus rl.


3571
3572

[An Eaglais do chúm an chuid seo dhe i Mór-
3573chómhairle Ephesus sa bhliadhain 431.]


3574
3575

*Is iad Liodán na Maighdine Muire agus
3576Beannachadh an Aingil na h-úrnaighthe eile is
3577coitchianta adeirtear i n-onóir na Maighdine
3578Muire. Tá Liodáin eile, ann, leis, a mholann
3579an Eaglais dúinn: Liodán Íosa, Liodán Chroidhe
3580Naomhtha Íosa, Liodán na Naomh, agus an Liodán
3581a léightear do'n mhuinntir a bhíonn ag fághail bháis.
3582Tugtar liodán ar an saghas úrnaighthe adeireann
3583mórán daoine i n-aonfheacht. Deireann éinne
3584amháin an chéad chuid de'n ghuidhe, agus deireann
3585an chuid eile dhíobh an dara cuid mar fhreagra.
3586Tugtar Liodán Lorettó, leis, mar ainm ar
3587Liodán na Maighdine Muire, mar is i Lorettó -
3588an áit 'n-a bhfuil Tigh Beannuighthe Mhuire -


L. 114


3589

adeirtí ar dtúis é. Na daoine théidheadh ar
3590oilithre go dtí Lorettó, thugaidís leó abhaile an
3591Liodán, agus mar sin do leath sé ar fuaid an
3592domhain Chríostaidhe. Deirtear Beannachadh an
3593Aingil i n-onóir Ioncholnú ár dTighearna, chun a
3594thaisbeáint cad é an lúthgháir agus an t-áthas a
3595bhíonn ar Chríostaidhthibh i dtaobh teacht ár
3596dTighearna i gcolan daonna. Deirtear trí
3597h-uaire sa ló é: ar maidin, i meádhon-lae, agus
3598um thráthnóna. Buailtear clog na h-eaglaise
3599trí h-uaire sa ló chun a chur i n-iúil do sna
3600daoinibh gur b'é an t-am é chun Beannachadh an
3601Aingil a rádh.
3602


L. 115


3603

CEACHT A CEATHAIR AGUS FICHE


3604
3605

*Tá trí neithe RÍACHTANACH do gach sácraimínt
3606chun í bheith 'n-a sácraimínt i n-aon chor. Ní
3607fuláir (1) cómhartha so fheicse, (2) agus cómhacht
3608chun grásta do bhronnadh a bheith ag an gcómhartha
3609san, agus (3) Críost féin a bheith mar úghdar ar
3610an gcómhartha san, agus ar an gcómhacht a bhíonn
3611ann. Ní bronntar aon tsácraimínt gan ADHBHAR
3612na sácraimínte agus FOIRM na sácraimínte a
3613bheith ann i dteannta a cheile agus MINISTIR
3614na sácraimínte. 'Sé ADHBHAR na sácraimínte
3615an nídh go mbaintear úsáid as i mbronnadh na
3616sácraimínte agus pé rud a deintear leis an
3617nídh sin. ('Sé adhbhair sácraimínte na Baiste
3618an t-uisge, agus dortadh an uisge ar an té a
3619baistear.) Tugtar FOIRM na sácraimínte ar
3620na foclaibh adeirtear le linn na sácraimínte a
3621bhronnadh. Deineann an t-adhbhar agus an fhoirm
3622i dteannta a chéile CÓMHARTHA SO-FHEICSE na
3623sácraimínte. Is é an MINISTIR an té a cheap
3624Críost chun na sácraimínte a bhronnadh. Tugtar
3625GRÁSTA ar an sochar anma a thugann gach
3626sácraimínt dúinn. Tugann gach sácraimínt dhá
3627shaghas grásta dhúinn: (1) grásta naomhuighthe nú
3628cómhnuighthe — an chéad ghrásta nú an dara grásta
3629(féach Ceacht a Dó Dhéag), agus (2) grásta
3630sácraimínteamhail. Tugtar GRÁSTA SÁCRAI-
3631MÍNTEAMHAIL ar an mbuadh fé leith a bronntar
3632orainn le linn gach sácraimínte do ghlacadh dhúinn,
3633a thugann teideal dúinn ar ghrástaibh áirithe


L. 116


3634

d'fhághail ó Dhia nuair a bhíonn gádh againn leó.
3635Nuair a baistear duine tugann Dia an buadh fé
3636leith seo dhó go bhfaighidh sé grásta chun ná
3637géillfidh sé do'n diabhal, d'á ghníomharthaibh ná
3638d'á phuimp nuair a cuirfear cath air. Nuair a
3639théidheann duine Fé Láimh Easbuig tugtar an
3640buadh so dhó go bhfaighidh sé grásta, aon uair a
3641bhéidh gádh aige leis, chun a chreideamh d'admháil
3642gan sgáth ná eagla. Tugtar Sácraimíntí NA
3643MARBH ar na sácraimíntíbh a bhronnann an chéad
3644ghrásta orainn, mar tógann siad an duine ó
3645bhás an pheaca, agus tugann siad beatha ghrásta
3646Dé dhó. Baiste agus Aithrighe na sácraimíntí
3647sin, agus ráinigheann go ndeineann an Ola
3648Dhéadhnach, agus anois agus airís sácraimínt
3649Chorp Chríost, peaca marbhthach a mhaitheamh mar an
3650gcéadna. Tugtar Sácraimíntí NA mBEÓ ar
3651na sácraimíntíbh a thugann dúinn an dara grásta
3652nú méadú ar ghrásta naomhuighthe. Tá trí
3653sácraimíntí a chuireann séala nú cómhartha
3654spioradálta ar an anam nách féidir a bhaint de:
3655Baiste, Dul Fé Láimh Easbuig, agus Órd
3656Beannuighthe. Ní féidir d'á bhrigh sin na trí
3657sácraimíntí sin a ghlacadh ach aon uair amháin.


3658
3659

**Tá deasgnátha áirithe, agus úrnaighthe, agus
3660neithe coisricthe, do chuir an Eaglais ar bun, go
3661bhfuil cosmhalacht aca le sácraimíntíbh, agus
3662tugtar NEITHE SÁCRAIMÍNTEAMHLA ortha. Ní
3663thugann siad grásta dhúinn, ach músglann siad
3664i n-ár n-anam Creideamh agus Dóchas agus
3665Carthanacht agus Aithrighe tré n-a bhfaighmíd
3666maitheamhnas i n-ár bpeacaíbh so-loghthacha, agus
3667sa tslighe sin deinid ár n-anam níos taith-
3668neamhaighe i láthair Dé. Seo cuid de sna neithibh


L. 117


3669

sácraimínteamhla is gnáithighe a cuirtear i bhfeidhm
3670san Eaglais: na h-úrnaighthe atá órduighthe ag
3671an Eaglais (cuir i gcás, úrnaighthe an Phortúis-
3672agus an Phaidir), Beannachadh an Easbuig, na
3673neithe a choisriceann an Eaglais di féin nú i
3674gcómhair an phobail, cuir i gcás, uisge coisreacan,
3675coínnle, luaithreadh, pailm, sgabaill, boinn,
3676paidiríní, agus rl. Tagann an focal sgaball chughainn
3677ó'n bhfocal Laidne scapula (guala). Ní tugtaí
3678an t-ainm sgaball fadó ach ar an chuid sin
3679d'aibíd an mhanaigh a thagadh trasna na gualan;
3680ach anois, tugann Caitilicidhthe de ghnáth an t-ainm
3681sin ar dhá ruaine beag éadaigh, ceangailte le
3682n-a chéile le dhá ribín bheaga. Nuair a bhíonn an
3683sgaball 'á chaitheamh tagann an dá ribín trasna
3684na ngualan agus bíonn ceann de sna ruainíbh
3685beaga éadaigh leis an ucht agus an ceann eile
3686leis an ndrom. Tá chúig shaghas sgaball 'á
3687gcaitheamh go coitchianta ag Caitilicidhthibh, le
3688cead ó'n Eaglais: an sgaball donn, an sgaball
3689bán, an sgaball dubh, an sgaball gorm, agus
3690an sgaball dearg. 'Sé an sgaball DONN -
3691sgaball Úird na gCáirmilíteach — an sgaball is
3692mó bhíonn 'á chaitheamh ag Caitilicidhthibh. Éinne a
3693chaitheann é béidh sé páirteach i dtoradh na
3694n-úrnaighthe agus na ndeagh-ghníomhartha a dheineann
3695manaigh agus mná riaghalta Úird na gCáirmilíteach.
3696'Sé an sgaball BÁN sgaball na Tríonóide,
3697agus is iad na sagairt atá i nÓrd na Tríonóide,
3698nú sagart éigin gheibheann cead uatha, thugann an
3699sgaball san do sna daoinibh. Caithtear an
3700sgaball DUBH i n-onóir Seacht nDólás na
3701Maighdine Muire; tá sé le fághail ó sna
3702sagartaibh a bhaineann le hÓrd Sheirbhíseach na


L. 118


3703

Maighdine Muire. I n-onóir Geineamhna na
3704Maighdine Muire gan Smál a caithtear an
3705sgaball GORM; tá sé le fághail ó shagartaibh
3706Úird na dTéatíneach. 'Sé an sgaball DEARG,
3707sgaball Páise ár dTighearna; tá sé le fághail
3708ó shagartaibh Úird Naoimh Bhincint de Pól.
3709Tugtar Agnus Dei ar ruainne beag céireach
3710agus deilbh uain geárrtha air, a choisreacann an
3711Pápa go solamhanta. Cuirtear an Agnus Dei
3712isteach i gcúmhdach éadaigh agus cuireann daoine
3713ar crocadh le n-a muineál é.


3714
3715

**Nuair a bronntar na Sácraimíntí orainn
3716nú nuair a deintear rud éigin a bheannú nú a
3717choisreacan cuireann an Eaglais i bhfeidhm mórán
3718DEASGNÁTHA. Deineann sí é sin chun brigh na
3719sácraimínte, nú brigh na coisreacan, a dhéanamh
3720soiléir dúinn, mar mhaithe le smaointe crábhthacha,
3721diadha, do mhúsgailt ionainn. Tá cuid de sna
3722deasgnáthaibh chómh ríachtanach san do shácraimíntibh
3723áirithe ná béadh sa tsácraimínt ach neamh-nídh
3724mara ndéanfaí i gceart iad, 'Siad san na
3725deasgnátha a bhaineann le h-adhbhar agus le foirm
3726na sácraimínte. Tá deasgnátha eile ann agus
3727is féidir an tsácraimínt a bhronnadh 'n-a
3728n-éaghmuis. Deasgnátha de'n tsórt san an ola
3729a cuirtear ar cheann agus ar ucht an té a
3730baistear, agus coisreacan fháinne an phósta, agus rl.


3731
3732

*Is iad so na trí neithe atá ríachtanach i
3733mBaiste:-


3734
3735

CÓMHARTHA SO-FHEICSE:


3736
3737

ADHBHAR — Uisge 'á dhortadh ar an nduine.


3738
3739

FOIRM — "Baistim thú i n-ainin an Athar
3740agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh."
3741


L. 119


3742

GRÁSTA:


3743
3744

Maitheamhnas (1) ó pheaca an tsinnsir, (2) ó
3745gach peaca eile bhíonn ar an anam, (3) agus
3746ó'n bpianós aimsire a leanann an peaca.


3747
3748

CRÍOST A ÚGHDAR:


3749
3750

Níl fhios againn i gceart cathain a cuireadh
3751an tsácraimínt seo ar bun, ach tá fhios againn
3752gur b'é Críost a chuir ar bun í, mar dubhairt
3753Sé: "Imthighidh d'á bhrigh sin agus múinidh na
3754geinte go léir agus BAISTIDH IAD i nAinm
3755an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh."
3756— Mait., xxviii. 19.


3757
3758

Níl aon tsácraimínt chómh ríachtanach dúinn
3759agus tá Baiste, mar nách féidir do dhuine gan
3760Baiste dul go Flaitheas Dé. 'N-a theannta san,
3761ní féidir do dhuine aon tsácraimínt eile a
3762ghlacadh mara bhfuil sé baistighthe. D'á bhrigh sin
3763thug ár dTighearna cead d'aon fhear nú d'aon
3764mhnaoi Baiste do dhéanamh i n-am ríachtanais.
3765Ní gádh do'n té dheineann an Baiste bheith 'n-a
3766Chaitilicidhe, ná amháin bheith baistighthe é féin. Is
3767leór dó má chuireann sé roimis an rud san a
3768dhéanamh gur mian leis an Eaglais a dhéanfaí.
3769Ní fuláir an Baiste do dhéanamh le h-uisge
3770nádúrtha — uisge mar fachtar é ó thobar nú ó
3771abhainn nú ó'n bhfairrge, agus rl. Ní dhéanfadh bainne
3772ná té ná uisge-beatha an gnó. Nuair a dheineann
3773an Eaglais Baiste go solamhanta, deineann sí
3774úsáid de'n uisge a coisrictear Satharn Cásga,
3775agus Figil Cíngcíghse. Tá trí saghas Baiste ann:
3776Baiste le h-uisge, Baiste tré Mhian nú tré
3777Dhúil, agus Baiste fola. An duine gan Baiste
3778go mbíonn grádh aige do Dhia ós cionn gach uile
3779nídh (nú croidhe-bhrú iomlán) agus go mbíonn


L. 120


3780

mian díograiseach air Baiste do ghlacadh, nú go
3781h-áirithe rún daingean aige gach aon rud do
3782dhéanamh d'iarrfadh Dia air; maithfear peaca an
3783tsinnsir dó agus gach peaca eile. Deirtear go
3784mbíonn BAISTE LE MIAN ag an nduine sin.
3785Tugtar Baiste FOLA ar mhairtíreacht, nú bás ar
3786son an Chreidimh, d'fhuilingeann duine gan Baiste.
3787Is ionann an bás san agus Baiste 'n-a chuid
3788fola féin. Tá trí shlighe chun Baiste do bhronnadh
3789le h-uisge: (1) an duine do THOMADH san
3790uisge, nú (2) uisge do CHROTHADH air, nú (3)
3791uisge do DHORTADH air. Is le dortadh an uisge
3792is gnáthaighe a baistighthear daoine anois. Ní
3793fuláir do'n té a dheineann an Baiste an t-uisge
3794a dhortadh ar an nduine a bhíonn le baisteadh,
3795agus na focail "Baistim thú, agus rl.," a rádh, SAN
3796AM CHÉADNA. Má dhoirteann duine an
3797t-uisge, agus go bhfágann sé rádh na bhfocal fé
3798dhuine eile, ní h-aon Bhaiste é. Ní fuláir na
3799focail a rádh i gceart agus iad go léir a rádh.
3800Cuir i gcás, dá ndeineadh duine tré anfhaithe nú
3801tré easbaidh cuimhne na focail "baistim thú"
3802d'fhágaint gan rádh níor Bhaiste i n-aon chor é.


3803
3804

*Nuair a bronntar an tsácraimínt seo go
3805solamhanta san eaglais, is 'mó deasgnáth a
3806cuirtear i bhfeidhm i dteannta dortadh an uisge.
3807Bíonn brigh áirithe leis na deasgnáthaibh seo go
3808léir. Cuireann an sagart a anál, trí h-uaire,
3809ar aghaidh an leinbh, mar chómhartha ar an anál-
3810bheatha spioradálta a thugann an tsácraimínt seo
3811dhúinn. Cuirtear ola choisricthe ar an ucht, agus
3812ar an ndrom, idir an dá ghualainn, chun a chur
3813i n-iúil go dtugann Baiste lúth agus acfuinn
3814spioradálta dhúinn i gcómhair an chatha le namh-


L. 121


3815

aidibh ár n-anma. Tar éis an leinbh a bhaisteadh
3816cuirtear an ola ar a nglaoidhtear CRIOSMA ar
3817a bhathas. Leantar de'n nós so ó'n aimsir a
3818cuirtí daoine Fé Láimh Easbuig láithreach tar éis
3819a mbaiste. Cuirtear brat bán anuas ar an
3820leanbh nua-bhaistighthe, mar chómhartha ar ghileacht
3821agus áilneacht an anma tar éis Baiste do ghlacadh.
3822Cuirtear coinneal ar lasadh 'n-a láimh chun a chur
3823i n-iúil go bhfuil solus an Chreidimh ar lasadh
3824'n-a anam anois. Is minic a bhíonn duine ann
3825agus nách fios d'éinne ar baisteadh riamh é, nú
3826má baisteadh nách fios ar baisteadh i gceart é.
3827Nuair a bhíonn an sgéal mar sin baistighthear é
3828FÉ CHOINGHILL. Deirtear focail na foirme
3829mar seo: "Mara bhfuil tú baistighthe cheana
3830Baistim thú i nAinm an Athar agus an Mhic agus
3831an Spioraid Naoimh." Sin mar a Baistighthear
3832Protostúnaigh nuair iompuigheann siad 'n-a
3833gCaitilicidhthibh, agus ná bíonn deimhne gur bais-
3834teadh i gceart cheana iad. Tugtar ATHAIR
3835BAISTIDHE agus MÁTHAIR BHAISTIDHE ar an
3836mbeirt a sheasuigheann le leanbh nuair a bhaistigh-
3837thear é, agus a fhreagarann thar a cheann na
3838ceisteanna a cuirtear chuige. Tá sé de dhualgas
3839ar an athair Baistidhe agus ar an máthair Bhaistidhe
3840féachaint chuige go bhfaighidh an leanbh oideachas
3841ceart i bhfírinníbh an Chreidimh, má thugann a athair
3842agus a mháthair féin failighe ann, nú má's rud é
3843nách féidir dóibh an t-oideachas san a thabhairt dó.


3844
3845

**Nuair a baistighthear duine fásta ní fuláir
3846dó: (1) Creideamh Chríost a ghlacadh, (2) croidhe-
3847bhrú a bheith air mar gheall ar a pheacaíbh (ní gádh
3848dhó croidhe-bhrú iomlán), (3) bheith toiltheanach
3849Baiste do ghlacadh, agus (4) diúltú do'n diabhal
3850agus d'á oibreachaibh.
3851


L. 122


3852

CEACHT A CÚIG AGUS FICHE


3853
3854

*Is iad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt
3855Dul Fé Láimh Easbuig:-


3856
3857

CÓMHARTHA SO-FHEICSE:


3858
3859

ADHBHAR — Criosma nú ola choisricthe, agus
3860lámha an Easbuig. (Árduigheann an tEasbog
3861a lámha ós cionn na muinntire a bhíonn ag
3862glacadh na sácraimínte, agus cuireann sé
3863Criosma ar a n-éadan.)


3864
3865

FOIRM — "Cuirim Fíoghar na Croise mar
3866chómhartha ort agus neartuighim thú le Criosma
3867an tSlánuighthe i nAinm an Athar agus an Mhic
3868agus an Spioraid Naoimh."


3869
3870

GRÁSTA:


3871
3872

(1) Méaduightear grásta Naomhuighthe i n-ár
3873n-anam agus tugtar Seacht dTíodhlaicí an
3874Spioraid Naoimh go h-iomadamhail dúinn.


3875
3876

(2) Tugtar teideal dúinn chun gach grásta
3877agus tíodhlaice a bhéidh ríachtanach dúinn chun an
3878Chreidimh a choimeád agus a admháil gan náire
3879gan eagla.


3880
3881

CRÍOST A ÚGHDAR:


3882
3883

Níl fhios i gceart againn cathain a chuir
3884Críost an tsácraimínt seo ar bun, ach léighmíd
3885i "nGníomhartha na nAsbol" gur cuireadh
3886Naomh Peadar agus Naomh Eóin ag triall ar
3887Mhuinntir Shamaria chun iad a chur fé Láimh
3888Easbuig gur "Chuireadar a lámha ortha agus
3889gur ghlacadar an Spioraid Naomh." — Gníomh.,
3890viii. 17.
3891


L. 123


3892

*Tugtar CRIOSMA ar ola measguighthe le
3893balsam, a choisriceann an tEasbog Dardaoin
3894Páise.


3895
3896

**Deintear úsáid de Chriosma, leis, nuair a
3897bhítear ag coisreacan eaglaisí, nú altóireacha,
3898nú clocha altóra, nú cailíseacha, nú uisge-chun-
3899baiste.


3900
3901

*'Sé an tEasbog an GNÁTH-mhinistir atá
3902ceapaighthe chun na sácraimínte seo a bhronnadh,
3903ach nuair a bhíonn ríachtanas nú gádh mór leis,
3904tugann an Pápa cead do shagart an tsácraimínt
3905a bhronnadh. 'Sé an tEasbog amháin, ámhthach, a
3906choisriceann an Criosma.


3907
3908

*Bíodh go bhféadfadh duine a anam a shaoradh
3909gan Dul Fé Láimh Easbuig i n-aon chor, ba mhór an
3910díthcéile failighe a thabhairt ann; mar, sa tsaoghal
3911atá anois ann, is 'mó rud a bhíonn ag tarrac
3912daoine chun aimhleasa, agus 'á gcur i gcontabhairt
3913a gCreideamh a thréigean, agus an té ná glacann
3914an tsácraimínt seo bíonn sé i n-easnamh na
3915ngrásta atá ceapaighthe chun é thabhairt saor ó'n
3916gcontabhairt sin. Ó 'nuair gur cheann de
3917"Shácraimíntíbh na mBeó" Dul Fé Láimh Easbuig
3918ní fuláir chun í ghlacadh mar is cóir bheith ar staid
3919na ngrást, i dteannta bheith Baistighthe. 'N-a
3920theannta san ba chóir do'n té théidheann Fé Láimh
3921Easbuig eólas a bheith aige ar an dTeagasg
3922Críostaidhe, agus go mórmhór ar gach nídh a
3923bhaineann leis an sácraimínt sin. Tugann an
3924tsácraimínt seo mar ghrásta sácraimínteamhail
3925dúinn neart chun ár gCreidimh d'admháil ós
3926cómhair an tsaoghail, agus ár mbeatha do chaitheamh
3927do réir teagaisg an Chreidimh. Taisbeánann na
3928DEASGNÁTHA a bhaineann leis an sácraimínt


L. 124


3929

seo an sochar anam a dheineann sí dhúinn. Síneann
3930an tEasbog a lámha amach ós cionn na ndaoine
3931a bhíonn ag dul Fé Láimh Easbuig, agus guidheann
3932sé an Spioraid Naomh do theacht ortha. Annsan
3933cuireann sé Criosma ar chlár an éadain ar gach
3934éinne aca, chun a chur i n-iúil dóibh go bhfuil
3935dualgas ortha feasta a gCreideamh d'admháil gan
3936náire, gan eagla, amhail is dá mbéadh sé sgríobhtha
3937ar a n-éadan. Annsan tugann sé buile beag
3938éadtrom ar an leacain do gach nduine aca, chun
3939a chur i n-iúil dóibh gur saighdiúirí feasta i n-arm
3940Chríost iad, agus nách mór dóibh bheith ullamh chun
3941pian d'fhulang, nú an bás féin má's éigean é,
3942níos túisge ná shéanfaidís a gCreideamh. Tógann
3943daoine ainm eile i dteannta a n-ainm baistidhe
3944nuair a théidheann siad fé Láimh Easbuig. Is
3945féidir leis gach éinne ainm aon naoimh is maith
3946leis a thoghadh, agus an naomh san a bheith mar
3947phátrún aige.
3948


L. 125


3949

CEACHT A SÉ AGUS FICHE


3950
3951

*Is iad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt
3952Chorp Chríost:-


3953
3954

CÓMHARTHA SO-FHEICSE:


3955
3956

ADHBHAR — Arán cruithneachtan, agus fíon na
3957fíneamhna.


3958
3959

FOIRM — "Is é Mo Chorp-sa é seo."


3960
3961

"Cailís Mo chuid Fola í seo."


3962
3963

GRÁSTA:


3964
3965

Tugtar dúinn sa Naomh-Shácraimínt seo Íosa
3966Críost féin, Úghdar gach grásta.


3967
3968

CRÍOST A UGHDAR:


3969
3970

Chuir Ár dTighearna an tSácraimínt seo ar
3971bun an oidhche sar ar céasadh É, nuair a bhí Sé
3972ag caitheamh A Shuipéir dheireannaigh.


3973
3974

Tá deifridheacht mhór idir an tSácraimínt
3975ghlórmhar so agus na sácraimíntíbh eile. (a)
3976Tugann na sácraimíntí eile grásta dhúinn, ach
3977tugann Sácraimínt Chorp Chríost dúinn Úghdar
3978gach grásta. (b) Ní féidir na sácraimíntí eile
3979a bheith ann i n-aon chor gan duine éigin 'á
3980nglacadh, ach is sácraimínt Corp Chríost nuair a
3981bhíonn Sé ar an altóir nú sa tabarnacul, agus
3982gan éinne 'Á ghlacadh. (c) I dteannta bheith 'n-a
3983shácraimínt is íodhbhairt mar an gcéadna Corp
3984Chríost.


3985
3986

Is Sácraimínt é 'n fhaid fhanann Sé sa tabar-
3987nacul, nú nuair a ghlacaimíd é. Is íodhbairt é
3988nuair ofráltar suas é san Aifrionn. Le linn


L. 126


3989

a Shuipéir Dheirinnigh a chaitheamh thug ár dTighearna
3990cómhacht do shagartaibh na hEaglaise arán agus
3991fíon d'atharú 'n-A Fhuil agus 'n-A Fheóil, fé mar
3992a bhí déanta Aige féin, nuair adubhairt Sé leó:
3993"Deinidh an nídh seo mar chuímhneamh orm-sa."
3994Tugtar transubstantiátíó nú BRÍOGHAISTRIÚ
3995ar an atharú a deintear ar bhunadhas nú substaint
3996an aráin agus an fhíona i bhFuil agus i bhFeóil
3997ár dTighearna. Chómh luath agus deirtear focail
3998na Coisreacan ós cionn an aráin agus an fhíona
3999ní fhanann ach GNÉITHE (.i. blas agus dath agus
4000cumadh) an aráin agus an fhíona.


4001
4002

*Tá FUIL agus FEÓIL ár dTighearna láithreach
4003sa Naomh-Shácraimínt seo tré bhrigh na bhfocal:
4004"Is é mo Chorp é seo," "Is í cailís Mo chuid
4005Fola í seo." Tá a ANAM láithreach mar an
4006gcéadna, mar go bhfuil Críost 'n-A bheathaidh sa
4007tsácraimínt seo agus nách féidir corp a bheith
4008'n-a bheathaidh gan an t-anam a bheith ann. Tá A
4009DHIADHACHT láithreach mar go bhfuil cóimh-cheangal
4010do-sgaoilte i bpearsain Chríost idir A Dhiadhacht
4011agus A Chorp agus A Anam, ó'n lá a ghlac Sé
4012Chuige nádúr daonna. Uime sin nuair a glactar
4013ár dTighearna sa tSácraimínt Naomhtha fé ghnéithibh
4014an aráin amháin glactar É go h-iomlán chómh
4015maith agus dá nglactaí É fé ghnéithibh aráin agus
4016fíona.


4017
4018

*Níl aon ghníomh d'ár bh'fhéidir le duine a
4019dhéanamh is luachmhaire ná is uaisle ná ÍODHBAIRT.
4020'Sé an rud íodhbairt, ofráil a dheineann sagart
4021dlistionach chun Dé de rud éigin chorportha -
4022rud a marbhuightear nú athruightear ar chuma
4023éigin — chun adhradh a thabhairt Dó, chun buidheachais
4024a bhreith Leis, chun maitheamhnais peacaí d'fhághail


L. 127


4025

Uaidh, agus chun gach aon tabhartas eile d'iarraidh
4026Air. Tá cheithre fáthana le n-a ofráltar íodhbairt:
4027(1) Chun adhradh agus mór-mholadh a thabhairt do
4028Dhia, (2) chun buidheachais a bhreith Leis i dtaobh a
4029thabhartaisí, (3) chun cúitimh a dhéanamh Leis i n-ár
4030bpeacaíbh, ar shlighe go bhfaighmís grásta na
4031h-aithrighe Uaidh agus maitheamhnas ionnta, agus
4032(4) chun gach grásta agus tabharthas eile d'fhághail
4033Uaidh. Nuair a marbhuightear, nú nuair athruigh-
4034tear, rud, mar íodhbairt do Dhia, deintear é
4035chun mór-chómhacht Dé d'admháil, agus go mór-
4036mhór, chun a chur i n-iúil gur le Dia a bhaineann
4037bás nú beatha a thabhairt dúinn. Ní raibh riamh
4038aon chine daoine dá uaisle nú dá ísle iad ná
4039deineadh íodhbairt d'ofráil chun Dé. D'á bhrigh
4040sin ba dhóigh le duine gur dhual do'n chine daonna
4041— go mbaineann sé le nádúr an duine — onóir a
4042thabhairt do Dhia le h-íodhbairt. I n-aimsir an
4043tSean-Reachta nú an tSean-Dhlighe d'órduigh Dia
4044féin do dhaoinibh íodhbairtí do dhéanamh. Bhí cuid
4045de sna h-íodhbairtíbh sin fuilteach agus cuid aca
4046neamh-fhuilteach; ach ní raibh i n-aon íodhbairt aca
4047ach SAMHALTAS íodhbairte an Dlighe Nua .i. sgáil
4048nú cosmhalacht na h-íodhbairte do h-ofráladh go
4049fuilteach ar Chrann na Croise agus a h-ofráltar
4050go neamh-fhuilteach nuair adeirtear an tAifrionn.
4051Is é ár dTighearna féin íodhbartar san Aifrionn.
4052Is é Críost féin, ár nÁrd-Shagart síoruidhe, a
4053dheineann an íodhbairt. In sna sean-íodhbairtíbh
4054do marbhuightí, nú do cuirtí ar neamh-nídh, an
4055rud d'íodhbairtí. San Aifrionn deintear é sin
4056go SAMHALTASACH, mar bíonn cosmhalacht an
4057bháis ar ár dTighearna de bhrigh go ndeintear
4058coisreacan fé leith, chun an fhíona d'atharú i n-A
4059Fhuil, agus chun an aráin d'atharú i n-A Fheóil.
4060


L. 128


4061

**Gach nídh a bhaineann le Naomh-Íodhbairt an
4062Aifrinn, éide an tsagairt, an altóir, agus gach
4063nídh a bhíonn de ghnáth ar an altóir, tá brigh fé
4064leith leis. 'Siad so príomh-ranna nú príomh-choda
4065an Aifrinn: (1) An Epistil agus an Saoisgéal.
4066(2) An tOffertórium nú an Toirbheirt. (3)
4067Préafáid na Canóine. (4) An Chanóin. (1) Cuid
4068de'n Sgriptiúir Naomhtha is eadh an Epistil agus
4069an Saoisgéal. Bíonn Epistil agus Saoisgéal fé
4070leith i n-aghaidh gach lae. (2) Tugtar an tOffer-
4071tórium nú an Toirbhirt ar na focalaibh a léigheann
4072an sagart nuair ofrálann sé an t-arán agus an
4073fíon. (3) Tagann an Phréafáid tamall geárr i
4074ndiaidh an Offertórium. Ní mar a chéile bhíonn
4075an Phréafáid i ngach Aifrionn. Bíonn atharú
4076uirthe anois agus airís de réir na féile nú tráth
4077na bliadna. Is é an Sanctus críochnú na
4078Préafáide. Láithreach 'n-a dhiaidh san deirtear
4079an Chanóin. (4) An Chanóin an chuid is solamhanta
4080de'n Aifrionn. Ní deintear aon atharú ar
4081fhoclaibh na Canóine i rith na bliadna ach i gcómhair
4082cúpla féile. Deirtear an chuid is mó dhi ós
4083íseal. Cuid de'n Chanóin is eadh an Choisreacan,
4084an Pater Noster (Ár nAthair atá ar Neamh),
4085agus an Chomaoine. Nuair adeir an sagart
4086focail na Coisreacan aistrightear an t-arán agus
4087an fíon i bhFeóil agus i bhFuil ár dTighearna.
4088Deirtear an Pater Noster ós árd. Ag an
4089gComaoine glacann an sagart ár dTighearna fé
4090ghnéithibh aráin agus fíona.


4091
4092

**Is i Laidean adeirtear an tAifrionn. Tá
4093cúpla focal Gréigise ann, mar atá "Kyrie
4094Eleison" (A Thighearna, déin trócaire orainn)
4095adeirtear sé h-uaire, agus "Christe Eleison"
4096A Chríost, déin trócaire orainn) adeirtear trí


L. 129


4097

h-uaire. B'í an Laidean an teanga ba choit-
4098chianta a labhartaí i n-aimsir na nAsbol agus
4099ar feadh na céadta bliadhan 'n-a dhiaidh, agus
4100d'á bhrigh sin do thoigh an Eaglais í mar theanga
4101ofigeamhail. Bíodh gur teanga MHARBH anois í
4102tuigid lucht léighinn i ngach tír í. Go deimhin is
4103mó an mhaitheas ná an díoghbháil í bheith 'n-a
4104teangain mhairbh mar níl aon bhaoghal aon atharú
4105ná claochlú a theacht uirthe fé mar a thagann ar
4106theangachaibh beó, agus d'á bhrigh sin is innti is
4107fhusa úrnaighthe agus teagasg na hEaglaise a
4108choimeád ó thruailiú nú ó atharú bríogh. Ní h-aon
4109cheataighe do Chaitilicidhthibh an tAifrionn d'éis-
4110teacht i dteangain ná tuigid mar (1) bíonn
4111'fhios aca cad a dheineann an sagart ar an
4112altóir gan focal d'á ndeireann sé a thuigsint;
4113(2) agus tá níos mó san Aifrionn ná úrnaighthe -
4114is íodhbairt é, agus ní gádh an teanga a labharann
4115an sagart a thuigsint chun bheith rann-pháirteach
4116san íodhbairt; agus (3) is féidir leis an bpobal
4117brigh na bhfocal adeir an sagart a léigheadh i
4118leabharaibh úrnaighthe 'n-a dteangain féin. Is í
4119an Laidean a labharann an sagart agus é ag
4120bronnadh na sácraimíntí, agus is i Laidean a
4121léigheann sé na Tráthana nú an Portús. Tugtar
4122na TRÁTHANA ar na sailmeacha, na h-úrnaighthe,
4123na giotaí ó'n Sgriptiúir agus beatha na naomh a
4124léigheann an sagart gach lá. Tugtar an PORTÚS
4125ar an leabhar i n-a bhfuil na sailmeacha, agus rl., le
4126fághail.


4127
4128

**'Siad so baill an éide a chaitheann an
4129sagart nuair a bhíonn sé ag léigheadh an Aifrinn:
4130(1) An MÍOCHT: brat beag bán línéadaigh a
4131chlúdaigheann a dhá ghualain agus a dhá shlineán.
4132Tá dhá shranng as agus cuireann an sagart iad
4133san thar a ucht agus ceangalann sé tímcheall a


L. 130


4134

chuim iad. (2) BÁN-CHULAITH an Aifrinn nú
4135léine an Aifrinn, brat fada bán línéadaigh agus
4136muinchilí air, a thagann anuas go sálaibh ar an
4137sagart. (3) AN CHRIOS, a cheangalann an sagart
4138tímcheall a chuim chun an bhán-chulaith a dhaingeanú
4139air. (4) An MAINIPIL, éadach a cheangalann
4140an sagart ar a chuislinn chlé. (5) An STÓIL,
4141píosa éadaigh fada, caol, a thagann thar ghuailnibh
4142an tsagairt. Tagann a dhá cheann thar a chéile
4143i bhfoirm croise ar a ucht. (6) An casal, an
4144brat mór a chlúdaigheann drom agus brághaid an
4145tsagairt. Bíonn an mainipil, an stóil, agus
4146an casal, bán, dearg, corcura, uaithne, nú dubh
4147de réir na féile. Bíonn dath BÁN ortha nuair
4148adeirtear an tAifrionn i n-onóir ár dTighearna
4149(ach amháin nuair adeirtear é i n-onóir a Pháise),
4150nuair adeirtear é i n-onóir na Maighdine Muire,
4151nú i n-onóir na naomh nár fhulaing bás ar son
4152an Chreidimh. Bíonn dath DEARG ortha nuair
4153adeirtear an tAifrionn chun an Spioraid Naoimh,
4154nú i n-onóir Páise ár dTighearna, nú i n-onóir
4155na nAsbol, nú na Martar. Bíonn siad
4156CORCURA um Adbhent agus um Charghas nuair
4157nách i n-onóir féile áirithe adeirtear an tAifrionn.
4158Bíonn dath UAITHNE ortha nuair adeirtear
4159Aifrionn an Domhnaigh ó'n Epiphaní go dtí an
4160tríomhadh Domhnach roimh Charghas, agus ó Dhomhnach
4161na Tríonóide go hAdbhent; agus aon lá seacht-
4162mhaine i rith na h-aimsire sin ná bíonn Aifrionn
4163'á rádh i n-onóir féile éigin. Bíonn dath DUBH
4164ortha nuair adeirtear Aifrionn na Marbh agus
4165Aifrionn Aoine an Chéasta. Ní h-é an déanamh
4166céadna a bhíonn ar chasal an tsagairt agus an
4167éide cosmhail leis a chaitheann an deocán agus
4168an fo-dheocán nuair adeirtear Árd-Aifrionn.
4169


L. 131


4170

**Tá cosmhalacht rúindiamhara idir éide an
4171Aifrinn, agus an t-éadach a bhí ar ár dTighearna,
4172agus na cuibhreacha le n-ar ceangaladh É, aimsir
4173A Pháise. Is cosmhail an míocht leis an mbrat
4174a bhí ar A shúilibh nuair a bhí na saighdiúirí 'Á
4175bhualadh agus iad 'á rádh Leis innsint cé bhuail É.
4176Is cosmhail an bán-chulaith leis an gculaith bhán
4177amadáin a chuir Heróid Air. Is cosmhail an
4178chrios leis na sgiúirsíbh le n-ar buaileadh É. Is
4179cosmhail an mainipil leis an gcuibhreach a cuireadh
4180ar A lámhaibh. Is cosmhail an stóil leis an
4181gcuibhreach le n-ar ceangaladh leis an bpiolóir É.
4182Is cosmhail an casal leis an mbrat corcura do
4183chuir na saighdiúirí Air nuair a bhíodar ag magadh
4184fé, amhail is gur rígh bréige É.


4185
4186

**Tugtar an ALTÓIR ar an mbord ar a
4187ndeintear an Íodhbairt Naomhtha. Is féidir an
4188altóir a dhéanamh de chloich nú d'adhmad, ach
4189má's d'adhmad a deintear é ní mór LEAC NA
4190hALTÓRA (leac beag ceathair-chúinneach) a bheith
4191leigthe isteach i lár chláir na h-altóra chun gur
4192anuas air a bhéadh an chailís agus an Corp Naomhtha
4193i n-aimsir an Aifrinn. Bíonn poll beag ins
4194gach aon leac altóra ar a dtugtar an UAIGH,
4195agus ní mór taisí martar a bheith foluighthe sa
4196pholl san. Tugtar an TABARNACUL ar an
4197dtaisge daingean i n-a gcoimeádtar an Naomh-
4198Shácraimínt fé ghlas. Bíonn lampa i gcómhnuidhe
4199ar lasadh i n-onóir ár dTighearna ós cómhair an
4200tabarnacuil nuair a bhíonn an Naomh-Shácraimínt
4201ann. Tugtar LAMPA AN tSANCTÓRA ar an
4202lampa san. Tugtar an SANCTÓIR ar an áit
4203mórdtímcheall na h-altóra, laithstigh de'n chrann-
4204ghall. Nuair a téidheann duine isteach i n-aon
4205eaglais i n-a mbíonn an Naomh-Shácraimínt, agus


L. 132


4206

gach aon uair a ghabhann sé thar an tabarnacul,
4207is cóir dó a ghlúin a chromadh i n-onóir ár
4208dTighearna. Tugtar LEABHAR AN AIFRINN ar
4209an leabhar go léigheann an sagart an tAifrionn
4210as. Bíonn coínnle céireach ar lasadh ar an
4211altóir i gcómhnuidhe nuair a bhíonn an tAifrionn
4212'á rádh mar cómhartha gur b'é Críost an solus
4213fíor a shoillsigheann gach duine d'á dtagann ar
4214an saoghal. — (Eóin, i. 9.) Cuireann na coínnle
4215ar gcuimhne dhúinn, leis, laetheanta an ghéir-
4216leanmhana, nuair ab éigean do sna Críostaidhthibh
4217dul i n-uamhaibh fé'n dtalamh chun Aifrinn d'éis-
4218teacht i gan-fhios. — Ní bhíodh aon tsolus eile aca
4219ach solus coinneal. Seinntear an CLOIGÍN
4220nuair adeireann an sagart an Sanctus, chun
4221foráileamh a thabhairt do'n phobal go bhfuil an
4222sagart ag tosnú ar an gCanóin a rádh. Seinn-
4223tear airís é nuair a bhíonn an Coisreacan d'á
4224dhéanamh. Rudaí eile a bhaineann leis an altóir
4225cairteacha na h-altóra, línéadach na h-altóra, na
4226mion-chrúsgaí, an chros, agus na h-árthraí bean-
4227nuighthe, agus rl. Bíonn trí CAIRTEACHA ar an
4228altóir; ionnta san bíonn cuid de sna h-úr-
4229naighthibh nách caoitheamhail do'n tsagart a léigheadh
4230as Leabhar an Aifrinn. Ní fuláir clár na
4231h-altóra a bheith clúdaighthe i gcómhnuidhe le trí
4232brait de LÍNÉADACH. In sna MION-CHRÚSGAÍBH
4233bíonn an fíon agus an t-uisge i gcómhair an
4234Aifrinn. Níl sé dleaghthach Aifrionn a rádh gan
4235íomháigh ár dTighearna ar CHROIS AN CHÉASTA a
4236bheith ós cionn na h-altóra. Tugtar na h-árthraí
4237beannuighthe ar an gcailís, an mhullóg, nú an
4238paiteana, an cóifrín, agus an t-oisteansóir.
4239'Sí an CHAILIS an corn i n-a deintear an fíon a


L. 133


4240

choisreacan .i. a aistriú i bhFuil ár dTighearna.
4241Bíonn an chailís déanta d'ór nú d'airgead, ach
4242má's d'airgead a bhíonn sí déanta ní fuláir
4243í bheith óruighthe ar an dtaobh istigh. 'Sí an
4244MHULLÓG, nú an paiteana, an pláta beag,
4245déanta d'ór nú d'airgead, ar a gcuirtear an
4246Corp Naomhtha. Tugtar an CÓIFRÍN ar an
4247árthrach i n-a gcoimeádtar an Corp Naomhtha sa
4248tabarnacul. Tá dhá shaghas cóifrín ann, ceann
4249go bhfuil déanamh na cailíse air agus ceann eile
4250a bhíonn an-bheag agus é déanta i bhfoirm bosga.
4251'Sa chóifrín beag is eadh beirtear an Corp
4252Naomhtha chun na n-easlán. San OISTEANSÓIR
4253a cuirtear an Corp Naomhtha nuair a tugtar an
4254Beannachadh ó'n Naomh-Shácraimínt. Tá dhá dheas-
4255gnáith a bhaineann leis an Sácraimínt Bheannuighthe
4256ná deintí a chleachtadh san Eaglais fadó: an
4257Beannachadh ó'n Naomh-Shácraimínt agus an Dachad
4258Uaire an Chloig d'Adhradh. Nuair a tugtar an
4259BEANNACHADH cuirtear an Corp Naomhtha san
4260Oisteansóir ar an altóir, ar feadh tamaill bhig,
4261chun É d'adhradh, agus annsan árduightear É chun
4262an phobail a bheannú. Nuair a bhíonn an DACHAD
4263UAIRE AN CHLOIG D'ADHRADH ann bíonn an
4264Naomh-Shácraimínt ar an altóir san oisteansóir
4265chun A adhartha, ar feadh dachad uaire an chloig
4266as a chéile. Bíonn Árd-Aifrionn mar thosnú
4267agus mar chríochnú air. Árd-Aifrionn is eadh
4268an tAifrionn go gcantar cuid de agus go
4269mbíonn deocán agus fo-dheocán ag cabharú leis
4270an sagart 'á rádh. Má chanann an sagart féin
4271an tAifrionn, gan deocán ná fo-dheocán, tugtar
4272MISSA CANTÁTA air.
4273


L. 134


4274

CEACHT A SEACHT AGUS FICHE


4275
4276

Chun Comaoine do ghlacadh mar is cóir ní fuláir
4277dúinn bheith (1) ar staid na ngrást, agus (2) bheith
4278ar céalacan. (1) An té ná bíonn ar staid na
4279ngrást caithfidh sé dul chun Faoistine. Má
4280ráinigheann le duine, le linn dul chun Comaoine
4281dhó, cuimhneamh ar pheaca marbhthach éigin a dhear-
4282mhaid sé agus é ag Faoistin is féidir leis dul
4283chun Comaoine agus an peaca san d'innsint an
4284chéad uair eile a théidheann sé chun Faoistine.
4285Bíonn fonn ar a leithéid sin de dhuine a pheacaí
4286go léir d'innsint, agus bíonn croidhe-bhrú air
4287'n-a dtaobh go léir; d'á bhrigh sin gheibheann sé
4288maitheamhnas tré asbolóid an tsagairt, ach ó
4289'nuair go gcaithtear gach aon pheaca marbhthach a
4290chur ós cómhair an oide faoistine ní fuláir aon
4291peaca a dearmhadtar d'innsint sa chéad fhaoistin
4292eile. (2) Bíonn duine ar céalacan nuair ná
4293caitheann sé biadh ná deoch ó mheádhon-oidhche
4294roimh-ré. Bristear an céalacan má caithtear
4295biadh nú deoch tré dhearmhad chómh maith agus dá
4296gcaithtí le lán-toil é; agus is cuma cia'ca beag
4297nú mór de a caithtear — briseann an braon dighe
4298is lugha nú an ruainne bídh is lugha an céalacan.
4299Nuair a bhíonn daoine i mbaoghal báis, tugtar
4300Comaoine dhóibh agus iad gan bheith ar céalacan,
4301agus uaireanta is féidir do dhuine dhonaidhe ná
4302bíonn i n-aon bhaoghal báis Comaoine a ghlacadh
4303tar éis deoch d'ól. Tugtar LÓN ANMA nú
4304LÓN SPIORADÁLTA ar an gCorp Naomhtha


L. 135


4305

nuair a ghlacann duine É agus é i gcontabhairt
4306báis Tugtar an t-ainm sin Air mar gur b'é
4307biadh an anma É i gcómhair an turais go dtí an
4308saoghal eile.


4309
4310

An tráthnóna roimh dul chun Comaoine ba chóir
4311dúinn bheith ag machtnamh go dúthrachtach ar an
4312gComaoine Naomhtha agus an iomad baoth-chainnte
4313do sheachaint. Ba mhaith an rud leabhar diadha
4314a léigheadh roimh dul a chodladh dhúinn, go mór-
4315mhór leabhar a thráchtann ar an Naomh-Shácraimínt
4316seo. An té ná fuil leabhar de'n tsórt san aige
4317is féidir leis na h-úrnaighthe roimh Comaoine a
4318léigheadh as leabhar úrnaighthe. An mhaidean a
4319ghlacann duine Comaoine ba cheart dó bheith san
4320eaglais roimh Aifrionn agus na h-úrnaighthe roimh
4321Comaoine do rádh le dúthracht agus le lán-
4322chroidhe. Dá fheabhas a dheineann duine ulla-
4323mhúchán roimh Comaoine, agus buidheachas a bhreith
4324le Dia tar éis Comaoine, is eadh is mó gheóbhaidh
4325sé toradh na Comaoine. Nuair a thiocfaidh an
4326t-am chun Comaoine a ghlacadh téidheadh sé suas
4327chun crannghail na h-altóra go modhmhail agus go
4328h-umhal, a dhá láimh le n-a chéile aige agus a
4329shúile ar an dtalamh aige. Tagadh sé ar a ghlúinibh
4330ag an gcrannghal agus tógadh sé an t-éadach 'n-a
4331dhá láimh agus cuireadh sé fé n-a ghiall é i dtreó
4332is dá dtuitfeadh an Abhlann Choisricthe tré aon
4333tonóisg go bhfanfadh Sé ar an éadach agus ná
4334tuitfeadh Sé ar an dtalamh. Nuair a thiocfaidh
4335an sagart chuige leis an gComaoine Naomhtha
4336árduigheadh sé a cheann agus cuireadh sé a theanga
4337amach, chun deise a thabhairt do'n tsagart ar an
4338Naomh-Abhlainn a chur ar a theangain. Ní ceart
4339do dhuine a bhéal a dhúnadh nó go dtógann an


L. 136


4340

sagart a lámh siar uaidh. Annsan dúnadh sé a
4341bhéal agus sloigeadh sé an Naomh-Abhlainn go
4342crábhthach. Dá ráineóchadh go gceanglóchadh an
4343Naomh-Abhlainn d'á charball níor cheart dó a
4344mhéar a chur i n-aice Leis. Deineadh sé É 'fhliuchadh
4345agus É 'fhuasgailt go réidh le n-a theangain.
4346Féachadh sé chuige ná fanann an Naomh-Abhlainn ar
4347a theangain gan slogadh nó go leigheann Sé.
4348Caithfear É 'shlogadh.


4349
4350

Tar éis Comaoine filleadh sé go dtí n-a áit
4351féin agus tugadh sé tamall ag cur fáilte roimh
4352ár dTighearna atá anois 'n-a fhochair. Tar éis
4353tamaillín, má's maith leis é, is féidir leis na
4354"Úrnaighthe tar éis Comaoine" a léigheadh. Ní
4355h-é an fhaid chéadna fhanann gach éinne ag breith
4356bhuidheachais le n-ár dTighearna tar éis Comaoine,
4357mar nách í an chaoi chéadna a bhíonn ag gach éinne
4358chuige, ach níor chóir d'éinne gan ceathramha uaire
4359an chloig, an chuid is lugha dhe, do thabhairt ag
4360cómhrádh le n-ár dTighearna. Nuair a bhíonn ár
4361dTighearna i n-ár bhfochair sa Chomaoine Naomhtha
4362sin é an uair is fialmhaire É ag bronnadh A
4363ghrásta. Is mór an cosg é ar na grástaibh sin
4364má bhímíd ag smaoineamh go toilteanach ar neithibh
4365éigin eile. Tá logha iomlán le fághail as an
4366úrnaighe, "Ó a Íosa ró-mhaith, ró-mhilis, féach
4367mise, agus rl.," a rádh ós cómhair íomháighe nú
4368pictiúire Chríost ar Chrois an Chéasta. Ó 'nuair
4369gurb' ó'n gComaoine Naomhtha gheibhimíd na grásta
4370is luachmhaire agus is iomláine ba chóir dúinn
4371dul chun Comaoine chómh minic agus is féidir
4372linn. Éinne bhíonn ós cionn bliadhna gan dul
4373chun Comaoine bíonn sé cionntach i bpeaca
4374marbhthach. Deir Naomh Liguórí gur deacair


L. 137


4375

d'éinne ná téidheann chun Comaoine uair sa mhí
4376peaca marbhthach a sheachaint, agus éinne gur mian
4377leis é féin a thabhairt suas ar fad do Dhia agus
4378dul chun cinn i bhfíréantacht ní mór dó dul chun
4379Comaoine uair sa tseachtmhain nú níos minicí.
4380Tugtar COMAOINE SPIORADÁLTA ar mian
4381dul chun Comaoine nuair nách féidir an Naomh-
4382Shácraimínt a ghlacadh dá ríribh. Is féidir do
4383dhuine gníomh Comaoine Spioradálta a dhéanamh
4384aon uair is maith leis agus i n-aon áit is maith
4385leis.


4386
4387

'Siad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt
4388na hAithrighe:-


4389
4390

CÓMHARTHA SO-FHEICSE:


4391
4392

ADHBHAR — Na peacaí ínnstear go dólásach
4393i bhFaoistin, an croidhe-bhrú bhíonn ar an
4394aithrigheach, agus an breitheamhnas aithrighe a
4395ghlacann sé.


4396
4397

FOIRM — Asbolóid an tsagairt.


4398
4399

GRÁSTA.


4400
4401

Maitheamhnas pheacaí an ghnímh.


4402
4403

CRÍOST A UGHDAR:


4404
4405

Is léir gur b'é Críost do chuir an tsácraimínt
4406seo ar bun, ó sna focalaibh a labhair Sé leis
4407na hAsbolaibh lá A Eiseirighe: "Na daoine go
4408maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, tá siad maithte
4409dhóibh." — (Eóin, xx. 23.)


4410
4411

**Tugtar CIAN-ADHBHAR Sácraimínte na
4412hAithrighe ar na PEACAÍBH a bhíonn le h-innsint
4413sa bhFaoistin, agus DLÚTH-ADHBHAR na sácrai-
4414mínte sin ar ghníomharthaibh an pheacaigh nuair a


L. 138


4415

théidheann sé chun faoistine. Ó 'nuair go bhfuil
4416'fhiachaibh ar dhuine peaca marbhthach innsint i
4417bhfaoistin, má bhíonn sé ar a anam, tugtar
4418ADHBHAR RÍACHTANACH ar an bpeaca san. Ní
4419gádh peaca so-loghthach ná aon pheaca marbhthach a
4420h-innseadh cheana d'innsint, ach má innstear is
4421LEÓR D'ADHBHAR é.


4422
4423

Tá dhá bhrigh leis an bhfocal AITHRIGHE. Ciall-
4424uigheann sé (1) an SÁCRAIMÍNT le n-a maith-
4425tear na peacaí a deintear tar éis Baiste, agus
4426(2) an SUBHÁILCE a chorruigheann croidhe dhuine
4427chun gráin a bheith aige ar a pheacaíbh. Tá cheithre
4428coda nú cheithre ranna i Sácraimínt na hAithrighe:
4429(1) Faoistin, (2) Croidhe-bhrú, (3) Leór-ghníomh,
4430agus (4) Asbolóid an tsagairt.
4431


L. 139


4432

CEACHT A hOCHT AGUS FICHE


4433
4434

FAOISTIN an chéad roinn de Shácraimínt na
4435haithrighe. Tugtar Faoistin ar fhoillsiú na
4436bpeacaí do'n tsagart. Is léir ó fhocalaibh ár
4437dTighearna go bhfuil 'fhiachaibh orainn ár bpeacaí
4438d'innsint do'n tsagart má's maith linn maith-
4439eamhnas d'fhághail ionnta. Dubhairt Sé le n-a
4440Asbolaibh: "Na daoine go maithfidh sibh a
4441bpeacaí dhóibh táid siad maithte dhóibh agus na
4442daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan
4443maitheamh dóibh táid siad gan maitheamh dóibh."
4444Nuair a labhair Sé na focail seo do dhein Sé
4445breitheamh de'n Oide Faoistine. Is fé sin d'fhág
4446Sé breith a thabhairt ar cad iad na peacaí is cóir
4447a mhaitheamh agus cad iad na peacaí is cóir
4448d'fhágaint gan maitheamh. Ní féidir do'n Oide
4449Faoistine an bhreith sin a thabhairt mara n-innstear
4450na peacaí dhó. Ní fuláir dúinn ár bpeacaí
4451innsint: (1) go FÍRINNEACH, MACÁNTA .i. iad
4452innsint go h-osgailte, gan cur leó ná baint
4453uatha, ná leath-sgéal a thabhairt ionnta; (2) iad
4454innsint go hUMHAL .i. 'fhios a bheith againn nách
4455fiú sinn go maithfeadh Dia ár bpeacaí dhúinn;
4456agus (3) iad innsint go hIOMLÁN .i. gach peaca
4457marbhthach a dheineamair ó'n uair dheireannach a
4458dheineamair deagh-Fhaoistin a chur ós cómhair an
4459tsagairt. An té a cheile-ann oiread agus aon
4460pheaca marbhthach amháin go toilteanach i bhFaoistin
4461ní maithtear aon pheaca dhó — ní maithtear na
4462peacaí admhuigheann sé ach chómh beag agus maith-


L. 140


4463

tear na peacaí a cheileann sé. Tá 'fhiachaibh
4464orainn, fara sin, innsint cad é an méid uaire
4465a dheineamair gach peaca marbhthach; agus má bhí
4466aon bhaint aige le duine, nú le h-áit, nú le rud
4467ar bith eile, a mhéadóchadh nú a luigheadóchadh coir
4468nú mailís an pheaca, caithfear é innsint. Níl
4469aon cheangal ar dhuine a pheacaí so-loghthacha
4470d'innsint, ach ba mhaith an rud iad-san d'innsint
4471leis. Má dhearmhadann duine peaca marbhthach
4472d'innsint ní h-aon díoghbháil é; innseadh sé é an
4473chéad uair eile a théidheann sé chun Faoistine.


4474
4475

Níl aon chuid de'n tSácraimínt seo is ríach-
4476tanaighe ná an CHROIDHE-BHRÚ, mar gan croidhe-
4477bhrú ní féidir peaca do mhaitheamh i n-aon chor.
4478Tá dhá shaghas croidhe-bhrú ann — croidhe-bhrú
4479IOMLÁN agus croidhe-bhrú NEAMH-IOMLÁN. Is
4480é FÁTH ár gcroidhe-bhrú (.i. an rud fé ndeara
4481dhúinn an croidhe-bhrú a bheith orainn) an rud a
4482dheineann an deifiridheacht idir croidhe-bhrú iomlán
4483agus croidhe-bhrú neamh-iomlán. Bíonn croidhe-
4484bhrú iomlán ar dhuine nuair a bhíonn brón agus
4485tuirse air i dtaobh feirge a chur ar Dhia toisg
4486grádh a bheith aige do Dhia ós cionn gach uile nídh.
4487Bíonn croidhe-bhrú neamh-iomlán ar dhuine nuair a
4488bhíonn fáth éigin spioradálta, níos ísle ná grádh
4489Dé, leis an mbrón agus an tuirse a chuireann a
4490pheacaí air; cuir i gcás, eagla go gcuirfeadh
4491Dia go h-ifrionn é, nú ná tabharfadh Sé radharc
4492na bhFlaitheas go bráth dhó. An té go mbíonn
4493croidhe-bhrú iomlán air maithtear a pheacaí marbh-
4494thacha dhó lasmuigh de Shácraimínt na hAithrighe, ach
4495an té ná bíonn ach croidhe-bhrú neamh-iomlán air
4496ní maithfear a pheacaí marbhthacha dó gan dul chun
4497Faoistine. Agus fiú amháin nuair a théidheann


L. 141


4498

duine chun Faoistine is fearra dhó croidhe-bhrú
4499iomlán a bheith air ná croidhe-bhrú neamh-iomlán,
4500mar is mó de'n phianós aimsire a bhíonn tuillte
4501ag an bpeaca a maithfear de bhárr an chroidhe-bhrú
4502iomlán ná de bhárr an chroidhe-bhrú neamh-iomlán.
4503Téidheann dá rud chun croidhe-bhrú do dhéanamh:
4504(a) fuath agus gráin do'n pheaca agus brón agus
4505tuirse i dtaobh é dhéanamh, agus (b) rún daingean
4506gan tuitim sa pheaca airís. (a) Is cuma cia'ca
4507croidhe-bhrú iomlán nú croidhe-bhrú neamh-iomlán
4508a bhíonn i gceist againn; agus má's croidhe-bhrú
4509iomlán a bhíonn i gceist, is cuma cia'ca i
4510bhFaoistin é nú lasmuigh de'n bhFaoistin: má's
4511croidhe-bhrú fírinneach é ní fuláir an doilgheas
4512(1) a theacht ó'n gcroidhe, (2) bheith ós cionn nádúra,
4513(3) bheith i n-árd-chéim nú ós cionn gach doilghis
4514eilc, agus (4) bheith coitchiann. (1) Caithfidh sé
4515TEACHT Ó'N gCROIDHE. Is ionann é sin nú a
4516rádh go gcaithfidh an croidhe-bhrú bheith dá ríribh.
4517Ní h-aon mhaitheas focail an Ghním Chroidhe-Bhrú a
4518labhairt maran dá ríribh a labhartar iad. (2)
4519Caithfidh sé bheith ÓS CIONN NÁDÚRA. Is ionann
4520é sin nú a rádh go gcaithfidh sé teacht ó ghrástaibh
4521Dé agus go gcaithfidh fírinne éigin d'ár
4522gCreideamh bheith mar bhun nú mar fháth leis. Dá
4523mbéadh an croidhe-bhrú orainn tré n-ár ngrádh do
4524Dhia nú tré eagla go gcuirfeadh Dia pianós
4525orainn, bhéadh sé ós cionn nádúra. Ach dá mba
4526díoghbháil éigin saoghalta ba fháth le n-ár gcroidhe-
4527bhrú — an droch-cháil a thug an peaca orainn i
4528measg na gcómharsan, nú an teinneas cuirp, a
4529thairing sé orainn, cuir i gcás, nú aon rud de'n
4530tsaghas san — ní bhéadh ann ach croidhe-bhrú de réir
4531nádúra agus ní bhéadh maith ná brigh ann chun


L. 142


4532

peaca do mhaitheamh. (3) Caithfidh sé bheith i
4533nÁRD-CHÉIM. Is ionann é sin nú a rádh go
4534gcaithfimíd níos mó de ghráin agus d'fhuath a
4535bheith againn do'n pheaca ná d'aon droich-nídh
4536eile ar an saoghal. Ní gádh dhúinn an brón a
4537bhíonn orainn mar gheall ar an bpeaca do
4538mhothú go corportha, ní lugha ná mar is gádh
4539dhúinn deóra a shileadh, ná tocht guil a theacht
4540orainn. Má bhíonn an oiread san de ghráin
4541againn ar an bpeaca, ná fuil nídh ar domhan a
4542chuirfeadh 'fhiachaibh orainn peaca marbhthach do
4543dhéanamh go bráth airís, ní baoghal ná go mbéidh
4544ár gcroidhe-bhrú i n-árd-chéim. (4) Caithfidh ár
4545gcroidhe-bhrú bheith COITCHIANN. Is ionann é sin
4546nú a rádh go gcaithfimíd croidhe-bhrú a bheith
4547orainn mar gheall ar gach aon pheaca marbhthach
4548d'ár dheineamair ó'n uair dheireannach a dhein-
4549eamair deagh-Fhaoistin. Dá mbéadh dhá pheaca
4550marbhthach ar anam duine agus ná béadh croidhe-
4551bhrú air ach mar gheall ar cheann aca ní maithfí
4552aon cheann aca dhó. (b) An rún a dheinimíd an
4553peaca do sheachaint ní fuláir é bheith (1) daingean,
4554(2) dúthrachtach, agus (3) i n-aghaidh gach uile pheaca
4555marbhthach. (1) Ní fuláir é bheith DAINGEAN.
4556Is ionann san nú a rádh go gcaithfimíd aigne a
4557bheith againn, le congnamh grásta Dé, an peaca
4558do sheachaint feasta pé rud imtheóchaidh orainn.
4559(2) Ní fuláir é bheith DÚTHRACHTACH. Is ionann
4560é sin nú a rádh go gcaithfimíd ár ndíthcheall a
4561dhéanamh ar ár rún do chur i bhfeidhm agus go
4562mórmhór caithfimíd ócáidí an pheaca do sheachaint.
4563(3) Ní fuláir an rún a bheith I nAGHAIDH AN UILE
4564PHEACA MARBHTHACH. Is ionann é sin nú a rádh
4565go gcaithfimíd rún a bheith againn na peacaí


L. 143


4566

marbhthacha dheineamair cheana agus gach aon pheaca
4567marbhthach eile do sheachaint feasta.


4568
4569

An LEÓR-GHNÍOMH an tríomhadh cuid de Shác-
4570raimínt na hAithrighe. Tugtar leór-gníomh ar an
4571gcúiteamh a thugaimíd do Dhia san easonóir a
4572thugann an peaca Dhó. Is leis an mBREITH-
4573EAMHNAS AITHRIGHE a chuireann an sagart
4574orainn i bhFaoistin agus le deagh-ghníomarthaibh
4575eile a dheinimíd an leór-ghníomh a chúiteamh.
4576Nuair a théidhmíd chun Faoistine caithfimíd an
4577breitheamhnas aithrighe a ghlacadh ó'n oide faoistine
4578le h-intinn é 'chóimhlíonadh. Má thugaimíd failighe
4579ann 'n-a dhiaidh san ní dhéanfaidh san droch-
4580Fhaoistine de'n Fhaoistine sin, mar nuair a
4581maithtear peaca fanann sé maithte. Ar a shon
4582san is uile bhéimís Cionntach i bpeacadh dá bhfág-
4583aimís an breitheamhnas aithrighe gan cóimlíonadh.
4584Dá gcuirfí breitheamhnas aithrighe trom ar dhuine
4585mar gheall ar pheaca marbhthach béadh sé cionntac
4586i bpeaca marbhthach dá bhfágadh sé é gan cóimh-
4587líonadh tré fhailighe thoilteanach. Dá mba mar
4588gheall ar pheacaíbh so-loghthacha amháin a cuirfí an
4589breitheamhnas aithrighe air, ba pheaca sho-loghthach
4590failighe thabhairt ann. Is annamh a dheineann an
4591breitheamhnas aithrighe cúiteamh iomlán a thabhairt
4592do Dhia i n-ár bpeacaíbh, ach an méid a bhíonn i
4593n-easnamh air is féidir é dhéanamh suas le
4594gníomharthaibh aithrighe uainn féin (úrnaighthe, déirc,
4595trosgadh, agus rl.), nú le toradh logha. Mara
4596ndeintear caithfear é chúiteamh i bPurgadóireacht.


4597
4598

ASBOLÓID an tSAGAIRT an ceathramhadh cuid
4599de'n tSácraimínt seo. Ní gádh puinn a rádh mar
4600gheall air. Nuair a labharann an sagart focail
4601na h-asbolóide, i n-ionad Chríost féin is eadh


L. 144


4602

labharann sé. Tar éis focail na hAsbolóide a
4603rádh as Laidean guidheann sé go raghadh Páis
4604Chríost, toradh saothair na naomh agus deagh-
4605oibreacha an pheacaigh féin chun sochair dó agus
4606chun maitheamhnais a pheacaí.


4607
4608

Tá trí neithe gur cheart do dhuine a dhéanamh
4609mar ullmhú air féin i gcómhair Faoistine. Ní
4610mór dó (1) cabhair d'iarraidh ar Dhia, (2) a choinn-
4611sias a sgrúdú, agus (3) é féin a spriucadh chun
4612croidhe-bhrú i dtaobh a pheacaí. (1) Ní mór dó
4613grásta d'iarraidh ar Dhia, mar gan grásta Dé ní
4614féidir dúinn éinnídh a dhéanamh ar mhaithe le n-ár
4615n-anam. (2) Ní mór dó a choinnsias a sgrúdú.
4616Tugaimíd COINNSIAS ar an gcómhacht san atá i
4617n-ár n-anam, le n-a dtugaimíd breith ar cia'ca
4618olc nú maith a bhíonn aon ghníomh a dheinimíd.
4619Deineann duine a choinnsias a SGRÚDÚ nuair a
4620thugann sé iarracht ar a fhios 'fhághail cad é an
4621méid peacaí a bhíonn déanta aige. Éinne ná
4622téidheann ach go h-annamh chun Faoistine, níor
4623mhisde dhó é féin a cheistiú i dtaobh gach aithne de
4624sna Deich nAitheantaibh i ndiaidh a chéile; agus de
4625réir mar thagann sé chun gach aithne fé leith aca,
4626a fhiafraighe dhe féin ar bhris sé an aithne sin,
4627agus (má bhris) an minic a bhris sé í. Tosnuigheadh
4628sé mar seo, cuir i gcás, leis an gcéad aithne:
4629Ar léigheas aon leabhair a chuirfeadh mé i gcon-
4630tabhairt mo Chreidimh a chailleamhaint? Ar thugas
4631d'éinne eile le léigheadh iad? An minic a dheineas
4632é sin? agus rl. Annsan tagadh sé chun an dara
4633h-aithne agus fiafruigheadh sé dhe féin: Ar thugas
4634masladh d'ainm Dé le h-easgainíbh? agus rl. Leanadh
4635sé air mar sin chun go mbéidh ceistiú déanta
4636aige air féin i dtaobh Deich nAitheanta Dé.


L. 145


4637

Ceistigheadh sé é féin ar an gcuma gcéadna i
4638dtaobh Aitheanta na hEaglaise, agus annsan
4639deineadh sé é féin a sgrúdú i dtaobh na neithe a
4640bhaineann le n-a shlighe-bheatha féin. Má théidheann
4641duine go minic chun Faoistine, ní gádh dhó an
4642mion-sgrúdú so go léir a dhéanamh. (3) Tar éis
4643a choinnsias a sgrúdú is cóir do dhuine é féin a
4644spriucadh chun doilgheasa nú croidhe-bhrú i dtaobh
4645fearg a chur ar Dhia. Ní h-aon mhaith do dhuine
4646dul chun Faoistine gan croidhe-bhrú nú doilgheas
4647a bheith air. Ní fuláir dúinn, d'á bhrigh sin, gan
4648failighe a thabhairt sa chuid sin de'n ullmhúchán.
4649Chun sinn féin a spriucadh chun croidhe-bhrú deini-
4650mís machtnamh go dúthrachtach ar fháthanaibh an
4651doilghís nú an chroidhe-bhrú: gur chuir ár bpeacaí
4652fearg ar Dhia atá ró-ghrádhmhar, ró-mhaith, agus
4653ró-iomlán ann féin; nú gur chuireamair fearg
4654ar Dhia le n-ár bpeacaíbh, tar éis ar thaisbeáin
4655Sé de cheanamhlacht agus de ghrádh dhúinn; nú,
4656gur rud ró-ghráineamhail agus ró-uathmhar ann
4657féin an peaca; nú, gur bh'é an peaca ba bhun
4658le Páis agus Bás ár dTighearna; nú, go
4659gcaillimíd gach aon teideal a bhí againn chun
4660flaitheas Dé nuair a dheinimíd peaca marbhthach,
4661agus go gcuirimíd sinn féin i gcontabhairt ár
4662ndamanta i n-ifrionn i gcaitheamh na síoruidheachta.
4663Toghadh gach éinne an fáth, nú na fáthana, is feárr
4664a dhéanfaidh é spriucadh chun croidhe-bhrú.


4665
4666

Tar éis é féin a spriucadh chun croidhe-bhrú
4667(agus ní bhíonn aon mhaith sa chroidhe-bhrú gan rún
4668daingean an peaca do sheachaint feasta) bíonn
4669duine ullamh chun dul chun Faoistine. Ba cheart
4670dó teacht ar a ghlúinibh, Fíoghar na Croise a
4671dhéanamh air féin, agus beannacht an tsagairt


L. 146


4672

d'iarraidh mar seo: "Beannuigh mé, 'Athair, de
4673bhrigh gur pheacuigheas." Annsan abradh sé an
4674Fhaoistin Choitchiann (Admhuighim do Dhia Uile-
4675Chómhachtach, agus rl.) chómh fada síos leis na focalaibh
4676"tré m' choir féin, agus rl." Annsan innseadh sé
4677do'n tsagart cathain roimhe sin a bhí sé ag
4678faoistin, cia'ca tugadh asbolóid dó nú nár
4679tugadh, cia'ca chúitigh sé a bhreitheamhnas aithrighe
4680nú nár chúitigh. Annsan deineadh sé, a pheacaí
4681d'innsint, gan feitheamh le ceisteachán ó'n sagart,
4682gan bheith ró-leadaránach, agus gan ainm éinne
4683eile a luadh. Is malluighthe agus is ró-sgann-
4684ramhail an rud d'éinne peaca marbhthach a cheilt i
4685bhfaoistin. Ní gádh dhó eagla ná náire a bheith
4686air. Ní baoghal dó go sgéithfear rún air, mar
4687tá 'fhiachaibh ar an oide faoistine bás d'fhulang
4688níos túisge ná labharfadh sé lasmuigh de'n
4689fhaoistin aon fhocal i dtaobh éinnídh go bhfuair sé
4690eólas air i bhfaoistin. Nuair ná bíonn le
4691h-innsint ag duine ach peacaí so-loghthacha agus
4692go mbíonn eagla air ná fuil croidhe-bhrú a dhóthain
4693air mar gheall ortha, ba chóir dó peaca éigin, a
4694dhéin sé i gcaitheamh a shaoghail, d'innsint — peaca
4695éigin a maitheadh dó cheana, agus go bhfuil
4696croidhe-bhrú a dhóthain air 'n-a thaobh. An té ná
4697h-innseann i bhfaoistin ach peacaí so-loghthacha
4698agus ná bíonn croidhe-bhrú air mar gheall ar aon
4699cheann aca deineann sé droch-faoistine, mar
4700cuireann sé an tsácraimínt ar neamh-nídh. Tar
4701éis a pheacaí d'innsint do'n tsagart ba chóir do
4702dhuine éisteacht go h-umhal agus go h-aireach le
4703n-a chómhairle, agus Gníomh Croidhe-Bhrú do rádh,
4704go dúthrachtach, le linn asbolóide d'fhághail. Dá
4705mbéadh sé de mhí-ádh ar dhuine go gceilfeadh sé


L. 147


4706

peaca marbhthach i bhfaoistin, nú dá ndeineadh sé
4707faoistin naomh-aithiseach ar aon tslighe eile, bhéadh
4708'fhiachaibh air innsint do'n oide faoistine go raibh
4709sé Cionntach sa naomh-aithis sin, agus a mhinicí a
4710bhí sé cionntach ann, agus innsint dó fairis-sin
4711gach aon pheaca marbhthach a dhein sé ó'n uair
4712dheireannach a dhein sé faoistin mar ba chóir. Dá
4713ráineóchadh le duine peaca do dhearmhad, agus é
4714ag déanamh faoistine, ní h-aon díoghbháil é, mar
4715nár deineadh go toilteanach é, agus ní gádh dhó
4716aon chathú a bheith air 'n-a thaobh. Do maitheadh an
4717peaca san i dteannta na bpeacaí eile. Tá
4718'fhiachaibh air, ámhthach, an peaca san d'innsint an
4719chéad uair eile a théidheann sé chun faoistine.


4720
4721

*I measg na ndaoine ná baineann leis an
4722Eaglais Chaitilicidhe ní maith a tuigtear cad is
4723logha ann. Is dóigh le cuid aca gur maitheamhnas
4724peacaí é. Is dóigh le n-a thuilleadh aca gur cead
4725é, a tugtar do dhaoinibh áirithe, peacaí éigin a
4726dhéanamh. Tá 'fhios ag Caitilicidhthibh, dar ndóigh,
4727nách aon rud de'n tsórt san logha. Is minic
4728fhanann pianós aimsire le fulang de bhárr pheaca
4729marbhthaigh tar éis maitheamhnas d'fhághail i gcoir an
4730pheaca, agus sa phianós shíoruidhe i n-ifrionn do
4731thuill sé. Tá trí shlighe 'n-ar féidir an pianós
4732aimsire sin do chúiteamh: (1) Is féidir le duine
4733oibreacha aithrighe a dhéanamh uaidh féin — trosgadh
4734a dhéanamh, nú déirc a thabhairt do bhochtaibh, nú
4735pianta d'fhulang ar son Dé; nú, (2) is féidir
4736leis logha d'fhághail. (3) Mara gcúitighthear mar
4737sin é ar an saoghal so, caithfear é chúiteamh
4738i bPurgadóireacht ar an saoghal eile. D'á bhrigh
4739sin, nuair gheibheann duine logha ní h-é an peaca
4740maithtear dó i n-aon chor, ach an pianós aimsire,


L. 148


4741

nú cuid de'n phianós aimsire, fhanann i ndiaidh
4742an pheaca. Tugtar LÁN-LOGHA nú LOGHA
4743IOMLÁN ar an logha 'fhuasgalann duine ó'n
4744bpianós aimsire GO LÉIR, agus LOGHA NEAMH-
4745IOMLÁN ar an logha 'fhuasgalann duine ó CHUID
4746de'n phianós aimsire.


4747
4748

**Is le cómhacht na hEaglaise a tugtar
4749réidhteach an phianóis aimsire dhúinn nuair a
4750gheibhmíd logha; mar cuireann an Eaglais chun
4751sochair agus tairbhe ár n-anma, cuid de mhór-
4752chúiteamh agus mór-luach Páise agus Báis Chríost,
4753agus de luach-saothair na naomh, fhanann san
4754Eaglais ar a dtugtar CISTE na hEaglaise nú
4755SAIDHBHREAS na hEaglaise. Thug ár dTighearna
4756Íosa Críost cúiteamh gan teóra d'Á Athair
4757Síoruidhe i bpeacaíbh an chine daonna nuair a
4758fuair Sé bás ar ár son. Ó 'nuair gur bh'é Dia
4759É níor ghádh Dhó ach an teinneas ba lugha ar domhan
4760d'fhulang, chun ceart Dé a chúiteamh thar cheann
4761an chine daonna, agus chun níos mó grásta do
4762thuilleamh ná mar theastóchadh chun an chine daonna
4763go léir a shaoradh; mar bhí luach gan teóra ins
4764gach aon rud d'ár dhein Sé. D'fhág ár Slánuigh-
4765theóir ag an Eaglais le riar an chuid sin de
4766thoradh a Pháise ná raibh gádh leis chun ceart Dé
4767a chúiteamh. Do dhein an Mhaighdean Muire agus
4768na naoimh eile tré chabhair ó ghrástaibh Dé níos
4769mó de chúiteamh le Dia ná mar ba ghádh dhóibh
4770féin. Fanann san san Eaglais mar an gcéadna
4771i dteannta mór-luach Pháise agus Báis ár
4772dTighearna. Is as an stór san de luach-saothair
4773Chríost agus na naomh íocann an Eaglais thar ár
4774gceann nuair a thugann sí logha dhúinn. Do
4775chuireadh an Eaglais fadó breitheamhnas CANÓNDA


L. 149


4776

aithrighe ar dhaoinibh mar gheall ar pheacaíbh móra.
4777Cialluigheann an focal canóin TUISE nú
4778RIAGHAIL, agus tugtar breitheamhnas "canónda"
4779aithrighe ar an mbreitheamhnas aithrighe seo, mar go
4780raibh a phianós aithrighe féin ceapaighthe i gcómhair
4781gach aon tsaghas peaca marbhthaigh. Bhíodh an
4782pianós san an-dhian agus an-dheacair le cúiteamh,
4783agus is minic a thógadh sé aimsir an-fhada é
4784'chúiteamh. Ba mhinic a cuirtí mar bhreitheamhnas
4785aithrighe ar dhuine é bheith ag déanamh roda áirithe
4786ar feadh seacht mbliadhan agus seacht ndachad lá,
4787Nuair a thugann an Eaglais anois logha seacht
4788mbliadhan agus seacht ndachad lá, nú logha céad
4789lá, agus rl., tugann sí réidhteach dúinn san oiread
4790san de'n phianós aimsire agus réidhteóchadh pianós
4791seacht mbliadhan agus seacht ndachad lá, agus rl., de
4792réir an bhreitheamhnais chanónda aithrighe. Tá
4793cómhacht ag Easbogaibh agus ag Cáirdenéalaibh
4794logha áirithe a bhronnadh, ach is ag an bPápa amháin
4795atá lán-chómhacht an uile logha a bhronnadh.


4796
4797

*Tugtar logha NEITHEAMHAIL ar an logha a
4798gheibhtear mar gheall ar nídh éigin, cuir i gcás,
4799paidirín coisricthe. Tugtar logha PEARSANTA
4800ar an logha a tugtar fé leith do dhaoinibh áirithe,
4801mar atá, na daoine a bhaineann le cuallacht
4802éigin spioradálta. Bíonn an logha ÁITEAMHAIL
4803nuair a caithtear turas a thabhairt ar áit éigin
4804áirithe, eaglais cuir i gcás, chun é thuilleamh. Tá
4805logha an Iúbail, agus an logha a tugtar do
4806dhaoinibh a bhíonn ar bhruach bháis, agus an logha a
4807tugtar le Beannachadh an Phápa, ar na loghaibh is
4808iomláine agus is mó tábhacht d'á dtugtar dúinn.
4809Chun logha d'fhághail ní fuláir do dhuine: (1) bheith
4810'n-a Chaitilicidhe, (2) a chur roimis an logha


L. 150


4811

d'fhághail, (3) na deagh-oibreacha órduightear a
4812dhéanamh, agus (4) bheith ar staid na ngrást (go
4813h-áirithe le linn na ndeagh-oibreacha a chríochnú).
4814Chun logha iomláin d'fhághail ní fuláir do dhuine
4815fuath a bheith aige d'á pheacaíbh so-loghthacha, agus
4816is annamh a bhíonn sé le fághail gan duine a dhul
4817chun Faoistine agus chun Comaoine. Is féidir
4818geall leis gach aon logha a gheibhmíd a bhronnadh ar
4819anamachaibh na marbh i bPurgadóireacht. Tugaid
4820fuasgailt ortha ó n-a bpiantaibh de réir mar
4821is toil le Dia tré n-A Mhór-Cheart agus A
4822Mhór-Thrócaire fuasgailt a thabhairt ortha.
4823


L. 151


4824

CEACHT A NAOI AGUS FICHE


4825
4826

**Tugtar OLA DHÉANNACH ar an gcúigeadh
4827sácraimínt, mar gur gnáthach gur b'í an tsácrai-
4828mínt í is déannaighe a ghlacann duine de sna
4829sácraimíntibh go mbaineann ola choisricthe leó.


4830
4831

'Siad so na neithe atá ríachtanach i nOla
4832Dhéannach:-


4833
4834

CÓMHARTHA SO-FHEICSE:


4835
4836

ADHBHAR — Ola choisricthe — ola na n-easlán.


4837
4838

FOIRM — "Tríd an ungadh naomhtha so, agus
4839tré n-A thrócaire ró-ghrádhmhar féin, go dtuga
4840Dia maitheamhnas duit i ngach peaca d'ár
4841dheinis le d' radharc," agus rl.


4842
4843

GRÁSTA:


4844
4845

Tugann sí neart agus furtacht do'n anam
4846le linn báis agus tugann sí grásta chun bás
4847naomhtha d'fhághail. Fuasglann sí ó chuid de'n
4848pianós aimsire nú uaidh go léir uaireanta.


4849
4850

CRÍOST A hÚGHDAR:


4851
4852

Ní fios cathain a chuir Críost an tsácraimínt
4853seo ar bun, ach is cinnte ó fhocalaibh Shéamuis
4854Naomhtha gur b'é Críost a chuir ar bun í, mar
4855bhí sí 'n-a Sácraimínt ag na hAsbolaibh, rud ná
4856béadh gan Críost 'á cur ar bun. 'Siad so
4857focail an Asboil, Naomh Séamus: "A' bhfuil
4858éinne i nbhúr measg atá breóidhte? Cuireadh
4859sé fios ar shagartaibh na hEaglaise agus


L. 152


4860

deinidís guidhe ós a chionn, 'á iongadh le h-ola
4861i n-ainm an Tighearna, agus tabharfaidh guidhe an
4862chreidimh saor an duine easlán agus tógfaidh
4863an Tighearna suas é, agus má bhíonn peaca air
4864gheóbhaidh sé maitheamhnas ann." — Séamus, v. 14,
486515.


4866
4867

**I dteannta na ngrásta atá ainmnighthe
4868againn is minic a thugann an Ola Dhéannach grásta
4869eile dhúinn; is minic a thugann sí maitheamhnas
4870do dhuine i bpeacaí an ghnímh, ná bíonn maithte
4871dhó, agus fós sláinte cuirp má's é toil Dé é. Ní
4872tugtar an tsácraimínt seo d'éinne ach do dhuine
4873a bhíonn i mbaoghal báis tré bhreóidhteacht. D'á
4874bhrigh sin ní féidir do shaighdiúir a bhíonn ag dul
4875isteach sa chath, ná do dhaoinibh a bhíonn le cur
4876chun báis, í 'ghlacadh. Ach dá mbéadh saighdiúir ag
4877fághail bháis ar pháirc an buailte d'fhéadfaí an
4878Ola Dhéannach a chur air. Is é an sagart ministir
4879na sácraimínte seo. Cuireann sé Ola Choisricthe
4880ar na súilibh, ar na cluasaibh, ar pholáiríbh na
4881sróna, ar an mbéal, ar chroidhe an dá dheárnan,
4882agus ar bhonn an dá chos. Ungtar na baill
4883beatha so mar gur leó is gnáthaighe do dhuine
4884peaca marbhthach a dhéanamh. Oleum Infirmorum
4885nú OLA NA nEASLÁN an t-ainm a tugtar ar
4886an ola le n-a bronntar an tsácraimínt seo
4887Coisriceann an t-Easbog í an Dardaoin roimh
4888Cháisg. Coisriceann sé dhá shaghas ola eile an
4889lá céadna — CRIOSMA, agus Ola na gCAITE-
4890CIÚMNACH, an ola a cuirtear i bhfeidhm in sna
4891deasgnáithibh a bhaineann le Baiste, ag coisreacan
4892uisge baistidhe, agus ag cur Órd Beannuighthe ar
4893shagartaibh.
4894


L. 153


4895

**Ba chóir fios a chur ar an sagart gan
4896mhoill chómh luath agus chítear go bhfuil baoghal
4897báis ar dhuine. B'olc go léir an rud é gan fios
4898a chur air nó go mbéadh an duine ag fághail bháis.
4899Nuair a bhíonn súil leis an sagart ba cheart
4900seómra an duine bhreóidhte d'ullmhú 'n-a chómhair.
4901Bíodh bórd cómhgarach do'n leabaidh agus é
4902clúdaighthe le línéadach bán glan. Ar an mbórd
4903san bíodh cros, dhá choinneal céireach, fíor-uisge
4904agus uisge coisreacan, agus tubháile glan.
4905Tugann an sagart an Naomh-Shácraimínt leis,
4906chun Comaoine 'thabhairt mar Lón Anma do'n
4907duine bhreóidhte, agus ba cheart do mhuinntir an
4908tighe gan dearmhad a dhéanamh air sin. Chómh luath
4909agus bhíonn Faoistin an duine bhreóidhte éistighthe
4910is ceart do mhuinntir an tighe teacht ar a
4911nglúinibh mórdtímcheall na leabtha agus bheith ag
4912guidhe go dúthrachtach ar a shon 'n fhaid a bhíonn
4913an sagart ag tabhairt Chomaoine dó, agus ag
4914cur na hOla air. Má's féidir leis an nduine
4915bhreóidhte féin é, ba cheart dó é féin a chorruighe
4916chun croidhe-bhrú le linn Ola Dhéannach a ghlacadh
4917dhó. Tar éis na hOla a chur ar dhuine, is gnáthach
4918leis an sagart an Bheannachadh Dhéannach a thabhairt
4919dó. Tá logha iomlán le fághail ag an té gheibheann
4920an Bheannachadh so.


4921
4922

'Siad so na neithe atá ríachtanach sa nÓrd
4923Beannuighthe:-


4924
4925

CÓMHARTHA SO-FHEICSE:


4926
4927

ADHBHAR — Lámha an Easbuig 'á gcur ar an
4928té a ghlacann an tsácraimínt, agus a lámha
4929féin 'á gcur ar na h-árthraighibh beannuighthe.


4930
4931

FOIRM — Guidhe an easbuig.
4932


L. 154


4933

GRÁSTA:


4934
4935

Cómhacht agus grásta chun obair an tsagairt
4936a dhéanamh.


4937
4938

CRÍOST A ÚGHDAR:


4939
4940

Is léir gur chuir ár dTighearna an tsácraimínt
4941seo ar bun, óir dubhairt Sé le n-A Asbolaibh:
4942"Fé mar a sheól an tAthair mise seólaim-se
4943sibh-se." — (Eóin, xx. 22, 23.) Taisbeántar é
4944mar an gcéadna ó Eipistilibh Naoimh Pól chun
4945Timoteuis. Deireann an tAsbol le n-a
4946dheisgiobal gan failighe a thabhairt ins na
4947grástaibh a fuair sé tré lámhaibh an Asboil
4948féin, ach iad do chorruighe suas 'n-a anam.


4949
4950

**Bronntar cómhacht na sácraimínte seo, céim
4951i ndiaidh céime — seacht gcéimeana nú seacht
4952n-úird ar fad. Sin é an fáth go dtugtar Órd
4953Beannuighthe uirthe. Tugtar na MION-ÚIRD
4954ar na cheithre-h-órdaibh aca is túisge a ghlactar,
4955agus na hÚIRD BHEANNUIGHTHE ar na trí
4956h-órdaibh eile. 'Siad so na cheithre Mion-Úird:
4957(1) Dóirseóir, (2) Léightheóir, (3) Togharmach, (4)
4958Acalaidhe. 'Siad so na trí hÚird Beannuighthe:
4959Órd Fó-Dheocáin, Órd Deocáin, agus Órd
4960Sagairt. Ní fuláir BEARADH BAITHIS a ghlacadh
4961sar a nglactar aon órd. Ní h-órd i n-aon chor
4962an Bearadh Baithis, ach ullmhú ar dhuine i gcómhair
4963na n-órd. Is duine de'n chléir an té go
4964ndeintear Bearadh Baithis air. 'Sé an tEasbog
4965amháin is ministir na sácraimínte seo. Níor
4966chóir d'éinne Órd Beannuighthe a ghlacadh gan
4967GAIRM Ó DHIA nú glaodhach ó Dhia. Tá an
4968ghairm chéadna ríachtanach do'n duine a chuireann


L. 155


4969

roimis a bheatha do chaitheamh fé riaghail coisricthe
4970i seirbhís Dé. Tá cómharthaí áirithe ann le n-a
4971n-aithnightear de ghnáth an Ghairm sin. Cómhartha
4972aca is eadh fonn agus mian a bheith ar an duine
4973a shaoghal a thabhairt i seirbhís Dé, agus a bheatha
4974a bheith diadha, deagh-shomplach. Cómharthaí eile is
4975eadh é bheith foghlumtha a dhóthain, agus deagh-
4976shláinteach a dhóthain, chun oibre Dé a chur chun
4977cinn mar is cóir; agus cead a bheith aige ó n-a
4978oide faoistine. An té ghlacann Órd Beannuighthe
4979nú a théidheann fé riaghail choisricthe gan gairm
4980ó Dhia cuireann sé é féin i gcontabhairt a
4981dhamanta. Is mór go léir an peaca a dheineann
4982na h-aithreacha agus na máithreacha a chuireann
4983'fhiachaibh ar a gcloinn Órd Beannuighthe a ghlacadh
4984'n-a n-aindeóin, nú dul fé riaghail choisricthe 'n-a
4985n-aindeóin. Mar an gcéadna, is mór an peaca
4986d'aithreachaibh agus do mháithreachaibh a chuireann
4987cosg le n-a gcloinn nuair is mian leó a saoghal
4988do thabhairt i seirbhís Dé.


4989
4990

**'Siad so na neithe ríachtanacha i sácraimínt
4991an Phósta:-


4992
4993

CÓMHARTHA SO-FHEICSE:


4994
4995

ADHBHAR — An toil a thugann gach duine de'n
4996lánamhain bheith mar chéile pósta ag an nduine
4997eile.


4998
4999

FOIRM — An toil a thugann gach duine de'n
5000lánamhain, i bhfocalaibh nú i gcómharthaibh, an
5001duine eile a ghlacadh mar chéile pósta.


5002
5003

GRÁSTA.


5004
5005

Tugann sé grásta do'n lánamhain, grádh a
5006thabhairt d'á chéile, bheith dílis d'á chéile, agus a
5007ndualgaisí d'á gcloinn a chóimhlíonadh.
5008


L. 156


5009

CRÍOST A ÚGHDAR.


5010
5011

Ní fios cathain a chuir ár dTighearna an
5012tsácraimínt seo ar bun, ach tá fhios againn
5013gur chuir Sé ar bun í ó n-A fhocalaibh féin:
5014"An nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine
5015é." — (Maitiú, xix. 6.) Do chuir Naomh Pól
5016ceangal an phósta i gcompráid leis an
5017gceangal atá idir Chríost agus an Eaglais. —
5018(Ephes., v. 31, 32.)


5019
5020

**Is féidir pósadh a bheith NEAMH-DHLIS-
5021TEANACH (.i. i n-aghaidh dlighe Dé) agus, 'n-a
5022aindeóin sin is uile, é bheith SEASAMHACH (.i. é
5023bheith 'n-a fhíor-phósadh i láthair Dé). Dá bpósadh
5024duine agus é i bpeaca marbhthach do phósadh sé
5025go neamh-dhlisteanach, ach ní fhágfadh san é gan
5026pósadh go fírinneach. Dá ndeineadh daoine, a
5027bhéadh a trí is a trí dhe ghaol le n-a chéile, iarracht
5028ar phósadh gan faoisiú d'fhághail, ní bhéadh an
5029pósadh seasamhach ná dlisteanach. Is mór an
5030peaca é sácraimínt an phósta do ghlacadh go
5031neamh-dhlisteanach. Ní leanann beannacht Dé é,
5032agus tugann sé mí-ádh agus mallacht ar an
5033lánamhain a bhíonn cionntach. Ní féidir ceangal
5034an phósta do bhriseadh nó go bhfaighidh duine de'n
5035lánamhain bás. — "An nídh a cheangail Dia ná
5036sgaoileadh duine é." Lasmuigh de'n Eaglais
5037Chaitilicidhe deintear iarracht go minic ar cheangal
5038an phósta do sgaoileadh le cómhacht dlighe an
5039stáit, ach i n-aindeóin díthchill an dlighe fanann
5040cuing an phósta. Tá 'fhiachaibh ar an lánamhain
5041pósta maireachtaint i bhfochair a chéile. Ba
5042pheaca marbhthach dóibh sgarmhaint ó n-a chéile gan
5043chúis an-mhór go léir. Nuair a bhíonn an chúis sin


L. 157


5044

ann, agus go mbíonn 'fhiachaibh ortha sgarmhaint ó
5045n-a chéile, níl aon chead ag ceachtar aca pósadh,
5046nó go bhfaighidh an duine eile bás. Má gheibheann
5047lánamha "sgaoile pósta" ó dhlighe na tíre agus
5048má dheineann éinne aca iarracht ar phósadh le
5049duine éigin eile, de bhrigh an sgaoile bréige sin,
5050ní pósadh i n-aon chor an t-éintigheas nua, ach
5051peaca ró-ghráineamhail. 'Siad an bheirt a bhíonn
5052'á bpósadh ministrí na sácraimínte seo. Bíonn
5053an sagart mar fhídhnéidh ar an bpósadh agus
5054tugann sé beannachadh na hEaglaise do'n
5055lánamhain.


5056
5057

Tá trí sácraimíntí nách féidir a ghlacadh ach aon
5058uair amhain: Baiste, Dul Fé Láimh Easbuig, agus
5059Órd Beannuighthe. Ní féidir iad a ghlacadh ach
5060aon uair amháin, mar go gcuireann siad SÉALA
5061spioradálta ar an anam nách féidir a bhaint de.
5062Fanfaidh an séala san ar an anam i gcaitheamh na
5063síoruidheachta pé áit go mbéidh sé. Fanfaidh sé
5064air 'n fhaid a mhairfidh an duine; agus ar an
5065saoghal eile fanfaidh sé ar na h-anamnachaibh
5066beannuighthe i bhFlaitheas Dé mar mhéadú ar a
5067nglóire, agus ar na h-anamnachaibh damanta i
5068nIfrionn mar mhéadú ar a gcruadhtan. Má bhíonn
5069eagla ar éinne gur ghlac sé go neamh-sheasamhach
5070aon cheann de sna trí sácraimíntíbh seo is féidir
5071an tsácraimínt sin a bhronnadh ath-uair air fé'n
5072gcoinghiol nár ghlac sé roimhe sin í.
5073


L. 158


5074

CEACHT A TRÍOCHA


5075
5076

'Sé an rud an Breitheamhnas, an bhreith a thabhar-
5077faidh Dia, thar éis báis, ar anam gach éinne de'n
5078chine daonna, 'á sheóladh chun aoibhnis na bhFlaitheas
5079nú chun pianta Ifrinn. Tá dhá bhreitheamhnas i
5080gcómhair gach éinne — an Breitheamhnas FÉ LEITH
5081agus an Breitheamhnas COITCHIANN nú GINEA-
5082RÁLTA. Tabharfar an breitheamhnas fé leith ar
5083anam gach éinne láithreach tar éis a bháis, nuair a
5084chaithfidh gach anam seasamh 'na aonar i bhfiadhnaise
5085Dé. Tabharfar an breitheamhnas coitchiann nú
5086ginearálta ar an gcine daonna go léir i bhfochair
5087a chéile nuair a thiocfaidh deire an tsaoghail.
5088Tugtar Lá an Bhreitheamhnais agus Lá an Luain ar
5089an lá san.


5090
5091

**Sar a dtiocfaidh an lá san béidh a chómharthaí
5092sa ghréin, agus sa ghealaigh, agus i réaltaibh na
5093spéire. Béidh cogaí, agus ráflaí ar chogaíbh;
5094gorta agus pláigh, anfhaithe fairrge agus luasgacha
5095talmhan. Tar éis na neithe seo go léir cuirfear
5096deire le gach nídh saoghalta. Annsan tiocfaidh
5097an tÁrdaingeal chun an chine daonna a chruinniú.
5098Béidh cos leis ar muir agus cos leis ar tír agus
5099é ag séideadh a bhuabhail. Ní túisge cloisfear
5100glór an bhuabhail ná eireóchaidh na mairbh go léir.
5101Raghaidh gach corp i bhfochair an anma a bhí aige
5102ar an saoghal so, agus ní sgarfar ó n-a chéile
5103iad as san amach. Béidh cuirp na bhfíréan go
5104glórmhar, 'sé sin, go mbéidh siad go soillseach,
5105lúthmhar, do-choisgthe, do-ghortuighthe. De bhárr


L. 159


5106

iad a bheith SOILLSEACH béidh siad ag lonnradh
5107ar nós na réaltanna i gcaitheamh na síoruidheachta;
5108de bhárr iad a bheith LÚTHMHAR béidh sé ar a
5109gcumas turas a thabhairt ó áit go h-áit is cuma
5110cad é an fhaid é, gan aon aimsir a thógaint chuige
5111ach chómh tapaidh is cuimhneófaí air; de bhárr iad
5112a bheith DO-CHOISGTHE béidh sé ar a gcumas dul
5113gan duadh tré gach nídh corportha; agus de bhárr
5114iad a bheith DO-GHORTUIGHTHE ní baoghal dóibh
5115pian ná doilgheas, dochar ná díoghbháil d'fhulang.
5116Béidh a mhalairt de chruth ar an dream damanta.
5117Béidh cuma uathmhar ar a gcorpaibh sin, agus
5118caithfidh siad dul i dteannta a n-anam uathmhar
5119urghránna. Tiocfaidh ár dTighearna féin "i
5120sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le
5121gradam" chun breithe a thabhairt ar an gcine
5122daonna. Béidh gach éinne bailighthe i n-A láthair;
5123na deagh-dhaoine ar A láimh dheis, agus na droch-
5124dhaoine ar A láimh chlé. Annsan déarfaidh Sé
5125leis an muínntir a bhéidh ar A láimh dheis:
5126"Téanaidh, a dhaoine bheannuighthe mh'Athar, agus
5127sealbhuighidh an rígheacht atá ullamh daoibh ó chruthú
5128an domhain, mar bhí ocras orm, agus thugabhair
5129rud le n-ithe dom; bhí tart orm agus thugabhair
5130rud le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair
5131bheith istigh dom." — (Maitiú, xxv. 34, agus rl.) Annsan
5132tabharfaidh Sé A bhreith ar an dream damanta ar
5133A láimh chlé — breith ró-chóir agus breith ná fuil
5134dul uaidh. "Imthighidh uaim," adearfaidh Sé, "a
5135dhream mhalluighthe, isteach sa teine shíoruidhe, do
5136h-ullamhuigheadh do'n diabhal agus d'á aingealaibh,
5137mar bhí ocras orm agus níor thugabhair rud le
5138n-ithe dom; bhí tart orm agus níor thugabhair
5139rud le n-ól dom; bhíos ar fán agus níor


L. 160


5140

thugabhair bheith istigh dom." — (Maitiú, xxv. 41,
5141agus rl.) Agus déarfaidh siad san 'á fhreagaradh:
5142"A Thighearna, cathain a chonnacamair-na thú fé
5143ocras, ná fé thart, ná ar fán, agus nár dhein-
5144eamair furtacht ort?" — (Mait., xxv. 44), agus
5145déarfaidh ár dTighearna 'á bhfreagaradh: "Ó
5146'nuair nár dheineabhair d'éinne de'n mhuínntir
5147shuaraigh so é níor dheineabhair dómh-sa é." — (Mait.,
5148xxv. 45.)


5149
5150

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services