Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stair Éamuinn Uí Chleire

Title
Stair Éamuinn Uí Chleire
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Ó Neachtain , Eoghan
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: Mac an Ghuill, 1918)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


0
1

STAIR ÉAMUINN UÍ CHLÉIRE.


2
3

Cuid I.


4
5

Do bhí flaith uasal, onórach, gaoiseach, grinn,
6géarthuigsionach, oirdheirc, áluinn árd-mheanmnach, dá
7madh comhainm Éamonn Ó Cléire, i gcríoch áluinn
8fhéaruaine comhchomhthrom Chonnacht. Agus lá n-aon dar
9éirigh ar thulaigh árd fhadamharcach i bhfogus dá dhún
10fosgach, fionnaolta féin do chonnairc maighre maiseach
11mná, ba bhreagha dreach dealbh agus déanamh dar
12chruthaigh an nádúir ariamh ionna fhiadhnuise, ar ar dhoirt
13tuile trom-ghrádha don chéad amharc, agus ag breith ar
14bhárr cruibh uirre d'fhear fíor-chaoin fáilte fria. Do
15fhreagair sisi an beannchadh céadna go mín macánta
16mnámhuil agus go miochair muinteardha ag rádh:


17
18

Is ag iarraidh na fáilte sin do chuir an duileamhuin
19annso mé, óir is innilt óg do mhuintir an choimhdhe mé,
20Iomchuibheacht inghean Fhortúin mo ainm, agus do neasg
21sé do bhaing doisheachanta orm turas agus comhnuidhe
22do dhéanamh frat-sa agus fós pósadh riot, ar an
23gconnradh so: thú go suthain, síorruidhe cuideachta,
24combáidh agus caidreamh an chathaightheoir thásgamhuil
25oirdheirc .i. Cuirm Searbhandeire agus a ghaolta do
26sheachnadh, óir is fíor-bheagán (má tá aon duine ar chor
27ar bith) a chumlas leis nach biaidh lán do dhinnle .i. galar
28na boichtine; agus do bhrosdughadh do mhioscais agus do
29mhéadughadh t'fhuatha air do dhéana mé craobhscaoileadh
30ar a thuistidhthe, ar a ghaolta agus ar a chraobha
31coimhneasa dhuit.
32


L. 2


33

Ar dtús ba mac brughaidh don tír é, dá rugadh
34mórán cloinne, fa héagcosmhuil leis an ndraoi se.
35Is é fa hainm dá athair Eorna; duine toiceamhuil,
36tábhachtach, bronntach, boicheadach é. Is é fa hainm don
37inghean fa sine ag Eorna Cosg Geanais, inghean Eorna.
38Bairín Leathan, inghean Eorna, an dara hinghean. An
39treas inghean Urthoirbheirt, inghean Eorna; an ceathramha
40hinghean Déirc i bhFolach, inghean Eorna, agus mac maith
41teith grádhach do lean a athair .i. Sturra fial-mhac
42Eorna. An seiseadh duine do chloinn Eorna, agus
43an mac déidhionach do rugadh do Eorna .i. Cuirm
44Searbhandeire mac Eorna. Agus an tan do bhí máthair
45Eorna torthach ar Eorna do rinneadh faistiona dhi go
46mbéarfuidhe mac don ghin do bhí fa na broinn. Ba
47meiste an rann Eorpa uile dá dtagadh chum aoise.
48Tráth rugadh an mac so dó agus go bhfaca droch-thuar
49faoi, do smuain gurab dó ráinig an faistine, agus
50ar son gurab ní i n-aghaidh nádúir athair do bhásughadh
51na geine do shíolruigh uaidh féin, gidheadh níos taoisge
52nó thuillfeadh náire nó míochlú dhó dubhairt go gcuirfeadh
53chum báis é, go n'aire sin do chuir coire mhór mheiséala
54os cionn teine lasanta lán-ghéire, agus do theilg an
55ghein chrosta choiripe se agus droch-bhodach eile nár
56bhfeairrde tír nó talamh é a bheith ann .i. Hopa Cionnbhuidhe,
57do iarr an ghein si comh doth is do rugadh é re
58n-a oileamhuin, do theilg sé (adeirim) i n-éinfheacht san
59gcoire romhráidhte dá mbruth agus dá dteampuirt iad,
60gur shaoil go ndearna praiseach agus ola dá bhfeoil
61agus dá gcnámha; gi nach amhluidh thárla, óir bhádar
62d'éis gach sgalla nimhe neanta dá bhfuaradar níos
63treise agus níos tréine nó bhádar ariamh roimhe.


64
65

An uair do chonnarcsan nár bh'fhéidir a mbásughadh
66ar an modh so do chuir purgóid nimhe dá hollmhughadh
67(do nós deasga) dhóibh. Do at agus do líon san modh
68soin iad gur shaoil na huile dá bhfacuidh iad go
69réabthaoi agus go sgoiltí iad os a chéile, acht do
70sháruighdar an bás so mar gach bás eile. Do roinne
71annso stuidéar fhada fhorusda ag smuaineadh créad ba


L. 3


72

déanta leo. Do mheas aige féin go madh le teann
73dolpha draoidheachta agus diabhluigheacht do sháruigheadar
74gach bás dár tionsgnadh dóibh. Fo dheire is é do
75cinneadh ris soitheacha fairsne dhá chionn do dhéanamh
76agus a dteilgean i ndiaidh a gcinn ionnta, ní do rinne
77gan mhoill, agus stopadh na héadain ag na soithighibh ar
78mhodh nar bh'fhéidir smide dá laghad gaoithe nó anála a
79dhol asteach nó amach, acht gur oibrigh an cumhgach i
80rabhadar agus an rúmail a rinneadar udhtruisge a
81gcoirp, cubhar agus cuib a gcroidhe agus a gcléibh,
82tré chláruibh daingne donna dairbhe i ngléas gur shaoil
83amharcaigh nach raibh teacht ón túnuisg sin acu, agus
84dá chur i n-iumhuil don domhan nach bás gan choir a
85fuaradar. Do teilgeadh ar chartacha mar ghaduighthe
86chum na croiche iad, tré gach sráid agus tré gach áit
87phuiblidhe eile. Do teilgeadh dá éisi so i gcarcair
88chumhang chomhdhorcha faoi thalamh iad, áit ionn nach raibh
89léas léargais nó amharc gréine nó gealaighe. Ar a
90shon so is uile d'éirgheadar ó gach bruid agus ó gach
91gabhadh ionna dtárla iad do gheis draoidheachta agus
92dolpha, níos treisi agus níos tréine agus ní ós calma
93míle uair nó bhádar an chéad uair agus atáid anois
94san anchumas sin nach bhfuil beant nó imtheacht ag laoch
95fo neimh orra.


96
97

Anois ó chualuidh tú a dtásg go fírinneach féach a
98bhfaghann tú do chlaonta deontach ar a seachnadh, agus
99má gheibhir pósa mise riot; gidheadh choidhche 'rís coimhnigh
100agus tuig go mbrisfidh staonadh dá laghad do do
101thaobh-sa a dhul i gcleith nó i gcomhlann leo coibhreacha
102ar ngrádha agus ar bpósda.


103
104

Ná bíodh sin 'na an-shocracht ort, ar Éamonn, óir
105biaidh mé comh dílis duit is bhíos mé don anam atá
106ann mo chliabh.


107
108

Do pósadh annso iad, agus do bhádar treall go
109suaimhneach socair grádhach ré chéile, go gcualuigh
110Éamonn lá n-aon trácht fada foirleathan ar neart
111agus ar dho-chlaoidhteacht an fhathuigh agus gur ghlac éad
112agus tnúth adhbhol é fo an gcáil agus fo an dtásg


L. 4


113

do bhí go generalta ar neart neamhchuimsighthe an
114fhathuigh agus do chuaidh go mil-bhriathrach do fhoruid a
115mhná agus do aisg cead uirre fulang dó a chumus
116d'fhéachuin leis an bhfathach. Do fhreagair an macaomh
117mná go sochmaidh stuama deiscréideach agus a deór
118ar a gruaidh ag rádh:


119
120

Ó! a Éamuinn, an í sin do gheallamhuin dhamh-sa, a
121Éamuinn?


122
123

Ar an mbachall ádruic, ar Éamonn, gibé ar bith
124gealladh thug mé dhuit ní fhuileona mé sgléip an
125mhéirligh úd a imtheacht gan smachtughadh.


126
127

Ar Maintin, ar ise, má ní tú sin ní thaobhochad-sa thú
128go bruinne an bhrátha.


129
130

Ar Miontuin (ar eisean), má ní tú sin féin ní
131stadfa sain misi agus innis dhamh cia bhfuil bunáit an
132tí ar a bhfuil do thrácht.


133
134

Srathaigh síleach siubhlach siobóideach é (ar issi) bhíos
135le draoidheacht agus le dolpha i n-iliomad do ionaduibh
136i n-éinfheacht ar son gurab í nÁth Cliath atá a longphort
137agus a rígh-theaghlach.


138
139

Ní chuirfe do chraobhscaoileadh fa deara dhamh-sa mo
140thionsgnamh a chur i ndearmad agus ní mó athrochas mé
141mo inntinn go comhrac dhamh leis an arrachtain sin.


142
143

Annso do bhean bruide meanman ann gur ghluais
144gan mhoill i n-aithghiorra gacha conaire go húir iathbháin
145leargach Laighean agus go bánta biatacha Dhroma
146Chollchoille .i. Átha Cliath agus an óig-ógh sa ar láimh
147ris. Is iomdha áit ar an mbealach ar shaoil an fathach
148éirghe slighe do thabhairt dó. Ní raibh ráth nó baile ar
149ghabh thríd nar chuir an fathach comhartha agus signe
150dubhshlána an uile thaistiollach, gidheadh níor fhreagair
151an curadh so é i n-aon ionad go ráinig Achadh an
152Droma dá ngoirthear anois Sráid San Tomás i ndorus
153Átha Cliath. Do bhí fo an am céadna a dtáinig an
154curadh sa fo an Achadh iomad do chlannuibh ríogh agus
155ró-fhlatha, do shaoithibh saora, seoid-bhronntacha, do
156shlóightibh daora dísgearshluaigh agus do mhnáibh seanga
157síotháille ar an dtulaigh, dar bheannuigh Éamonn go


L. 5


158

miochair muinnteardha, ag fiafruighe do gach aon fo
159seach ar b'aithin dhóibh an fathach Cuirm Searbhandeire.


160
161

Is eol cheana, ar aon don chomh-chruinniughadh, créad í
162do mhian leis?


163
164

Atá, ar eisean, óir fáth mo thuiris don tír si ag
165comhlann leis. Óir do chualuigh mé teist mhór ar mhéad
166a neirt agus a dhraoidheacht agus a mhí-mhúinteacht.


167
168

Go deimhin (ar an cathruightheoir) ní gnáth leis an
169duine sin é féin do cheilt, agus mo chomhairle dhuit
170gan buain uime, óir is fíor-annamh a sgarus duine ar
171bioth leis gan cuid dá chomharthuibh, agus má tá dúil
172agad-sa spairn nó comhrac do dhéanamh leis rachuidh
173meise (go toilteanach) dá ghairm chugad.


174
175

Ná téigh (ar an chumhal do bhí na aice .i. an
176Iomchuibheacht, inghean Fhortúin) agus má bhaineann don
177dul so buailfear é, agus fareis sin sgarfa mise
178leat.


179
180

Ar Mantuin, ar an gaiscidheach, dá mbiadh a neart
181mar neart Hearcuil do thóigeadh na sléibhte, agus a
182ghaois agus a ghliocas mar ghliocas Chongcoluin, do
183fhéachuinn-si mo neart leis gan tlás gan time, agus
184goirthear air.


185
186

Do goireadh air, ar a impidhe, agus comh doigh is
187tháinig faoi an toichim agus faoi an tuarasgbháil sin,
188do fhéach go claon mailíseach ar an innilt óig do bhí i
189bhfochair an churuidh agus adubhairt go mbiadh aige féin
190nó go dtuitfeadh leis. Tráth chonnairc an gaisgidheach
191méad a shutail dubhairt do bhriathraibh árda so-chlusta
192nach ba leis í gan chomhlann teann tinneasnach tar a
193cionn.


194
195

Féachuim an bhfuil sin do mheisnigh agad, ar an fathach.


196
197

Atá (ar Éamonn).


198
199

Is ionnsin do ionnsuighdar an dias sin a chéile mar
200dhá leomhan ligthe líomhtha ladranda, nó mar dhá
201mhathghamhuin mhillteach mhór-uathbhásach, nó mar dhá easa
202ruadh-thuile ag tuitim i gcionn a chéile i n-aon áill, nó
203mar dhá ghribhingne mheara mhór-ghníomhacha. Tréimhse
204fhada ag spairn agus ag spéirlinn, ag gabháil do


L. 6


205

dhórnuibh agus do dhearg-bhasuibh i n-aghaidhibh agus i
206ngnúisibh a chéile, seal eile ag gabháil do sgeana géara
207glasa i n-inchinnibh agus i n-asnachaibh a chéile, agus do
208phreabuibh diana difreacha i n-íochtar bholg agus bhronn
209a chéile, gan fios ag amharcuibh cia dhíobh is mó ar a raibh
210cosamhlacht buadha ar feadh sheacht n-uaire do ló. Fa
211dheoidh an tan do chonnairc an fathach anneart a chomh-chomhlonnuigh
212do thug deirge ar bháine agus ar mhísgéimh
213agus do ghlac brisi go tobann tinneasnach go ráinig
214an abhuinn dá ngoirthear an Poiteul, i nDruim
215Cholchoille, mar ar chuir cleas an ghath boilg na shuidhe,
216ag lámhach, ní saighdibh mar do nídís curuidh eile, acht
217cuach agus copáin i n-aghaidh an ghaluigh (mar do shaoil
218é do-chlaoidhte) treall fhada; treall eile ag lámhach an
219uile ghné soithighe agus bhriolláin, mar do bhí siothuluibh
220fairsne fíor-dhoimhne, sgáluidhe cruaidhe comh-chruinne,
221tangcairt ghallda ghlan-airgid, ladaluibh bhealuighthe
222bheul-tiubh, porinnséaruibh nuadha neamh-ghnáthacha,
223boicínibh fásgfhunnsach, agus meidreacha greanta
224gaodhulacha; acht ní dheachuigh leis gan chúitiughadh, óir
225níor caitheadh arm ar bioth leis an ngoileach so nach
226gcaithfeadh ar ais go dána díbhfeirgeach, ar mhodh gur
227shaoil na huile go raibh an fathach ar fágáil; gi nach
228amhluidh thárla, óir do rug oide fealltach fionghalach
229an fhathuigh .i. Hopa Cionnbhuidhe, greim ar mhullaigh chinn
230ar an ngníomh iongantach so, agus do rug dearbhráthair
231do Hopa Cionnbhuidhe .i. Brantí Loisgtheach mhic Deasga
232ar a dhá chois, agus an fathach féin ar a chom feardha
233fíor-áluinn air, i modh ar mhéad a n-uimhre i n-aghaidh
234aonaráin go ndearnadh cime creapuillte cruadh-chuibhrighthe
235dhe, gur teilgeadh síos an staighre é. Bhí
236comh fada síos agus do bhí an t-aer suas, i ndeirc
237dhomhuin chiar-dhuibh chomhdhorcha, mar ar briseadh a chnámha
238uile gan fhuighil le fóirneart na treasgartha do thárla
239dhó, áit ionna raibh aimsir imchian do gheis na healadhna
240draoidheachta sin, go daingion dosgaoilte, faoi dholuibh
241agus fo phianta do-leigheasta do-iongabhála agus fo
242dhoightheacha diachracha do-fhulanna, mar a ndearna na
243gleórána se síos:
244


L. 7


245


246Uch is truagh mo chor,
247Is mé go docht i n-uaigh,
248Fós ní bhfuair mé bás,
249Ní fearr mar táim, is truagh.


250
251

Cháill mé neart mo chnámh,
252Mo chois mo lámh gan ghníomh,
253Mo theanga ghasda is balbh,
254Uch nach marbh ataoim.


255
256

D'imthigh ciall mo chinn,
257Níl mo shuim i ngaois,
258Táim gan choth gan lón,
259I gcarcair chrón dhubh shíos.


260
261

A Chonnachta, úir na gcath,
262A mhúir na ngalach fial,
263Uch, uch gan mé san uaigh,
264Tráth shíleas uait-si triall.


265
266

Dá mbiaidhinn i Gcruachain shiar,
267Mar mbiaidh triall na slógh,
268Gan lón ní bhiaidhinn i bhfeart,
269Is mé 'mo bheatha beo.


270
271

A Ros an mhaide chaim,
272Is aoibhinn crann is bláth,
273Leuna is féar is mach,
274Mo léan nach d'aice tá.


275
276

I nÁrd-mhoigh Átha Liag,
277I mbeul Átha Liag na sreabh,
278Nó i Neilfinn na gcliar,
279Ní bhiaidhinn gan liaigh 'mo ghar.


280
281

A bhaile Átha Luain,
282Nar chuir cluain ar aon,
283B'fhearr a bheith gan lón
284Nó sac óir mar taoim.
285


L. 8


286

I nGaillimh, caladh carb,
287Mairg nach ann atá,
288Budh híce leighis dhúinn,
289Bheith na dhún go lá.


290
291

Ba fearr i Sligeach thinn,
292Is tú gan ghrim 'do láimh,
293Nó i nÁth Cliath na gclog
294Slán is coth 'do dháil.


295
296

Tír na nÓg an tír,
297Tír na gcaor 's na mbeach,
298Tír na bhfiadh 's na bhfearb,
299Tír na dtarbh 's na n-each.


300
301

Tír na gceall 's na gcliar,
302Tír na bhfial an tír,
303Tír na saoi is na suadh,
304Suairc i n-aimsir bídh.


305
306

A Chonnachta táim go cráidhte tréith 'do dheoidh,
307Gan chuideachta sháimh ba gnáth mar éisg ag ól,
308Gan chumas 'mo láimh, mo chnámha réabtha fós,
309Do chuireas mo bhláth 's is fágtha mé gan lón.


310
311


312Do bhí mar so an seal do bhí san uamhuigh dá
313bhréagadh féin, acht ní rug fóiríthin air, furtacht nó
314fuasgladh, agus ní bhéaradh go bruinne an bhrátha muna
315mbeith go dtug Dia agus deagh-chinneamhuin Aodhagán
316Feartach don uaimh, mar a bhfuair an ríogh-churadh so go
317huaigneach direoil, gan don dhroing dhaonna 'na fhochair
318acht Easbhuidh, inghean Fhortúin .i. deirbhshiúr don óig-mhnaoi
319do tháinig dá choimhdeacht as Connachta agus ad
320fháguigh é an tan do chuaidh i gcleith ris an bhfathach. Ba
321saoi go n-eagna a n-iomláin an tAodhagán so agus draoi
322fiosach fír-ghlic do sháruigh fir ndomhain i ngaois agus i
323n-ealuidh, agus go mór-mhór i ngaois na healadhna
324draoidheachta, gi nár chuir a mhóir-eolus i ngníomh le
325droch-bheart ariamh, acht le furtacht agus le fóiríthin


L. 9


326

dhronga deireoile lucht aicíde agus galar, agus ag
327scaoileadh agus ag dí-chuibhreadh braighde ós carcaruibh,
328daora os greamuibh agus draodhghonta ós geasa. Do
329fuair an draoi so na leabhair do bhí ag Medea, le ar
330chuir sean-athair Iason i n-óige agus i n-áille agus i
331gcumas seacht mbliadhna fichead, agus do fhosgail
332leabhar dhíobh, ag buaint fáinge le slaitín bheag na
333thimchioll agus ag rádh na rann so re gcuireadh a dolpha
334i n-éifeacht. Do canadh do réir na haibidhtire:


335
336


337Alatrum angur arr
338Ballatrum bingum barr
339Colatrum clingum corr
340Donatum dionguin dar
341Elistra ela inn
342Feilistra feala fann
343Geimistra géara grinn
344Hemistra hera hann
345Iejunum ioncon ionn
346Leprudum limpa linn
347Memutum mensa minn
348Nelupus nemga ninn
349Omorum omnia onn
350Pomorum pongia pann
351Quotorum quona quonn
352Rostrorum rongia rann
353Stultorum stongia stinn
354Teucrorum tongia tun
355Ultorum ungia inn
356Zonzorum zungia zunn.


357
358


359Annso do chuir trí séideoga fo thrí faoi chorp an
360othair agus adubhairt an oráid: pinam, panum, punum,
361portum, scaruim, scaoiliom díchoibhrighim an t-othar
362deireoil draodhghonta sa ón uile ghuais gheasa agus
363theimhioll draodhamhuil Luicifer agus a dhubh-threabhlaigh,
364ón uile olc aingcis agus urchóide Bhelsebub agus a
365dheisciobail agus ón uile nimh-neart agus náimhdeanas
366Cherberus Dhis agus Abiron agus ó mhoghsaine drannanach
367dubh-dhóighte le ar dhealbh an fathach agus a lucht feadhma


L. 10


368

a ndolpha, le ar díoghbháladh an goileach oirdheirc se,
369agus neasguim geis agus geasa orra go prap saoileach
370sárluath a gcumas uile agus a ngliocas iomlán chur i
371ngníomh ag leigheas agus ag dí-choibhreadh an othair
372anbhfuinn éagcruaidh si. Neasguim fós le geasa mná
373droga, i n-ainm an duibh-dhuruma Nemesis agus
374Megeara theacht a dhíoghailt leatroim an churuidh so ar
375lucht a inghreama. Crusda Bhíla, Bergida, Eanna,
376Súda Cinerima, Catenas, Uincula, Cuibhreacha, Sanda,
377dudo dodo feritatis a Móla. Amen.


378
379

Iar gcríochnughadh na horáide sin do Aodhagán draoi
380do chorruigh fóch na talmhan uile, do chriothnuigh na
381firmhemuinte, do bhéic na cairgeacha, do mhadhm an
382mhuir tar a gnáth-thóranna, do dhorchuigh deallradh na
383gréine gluaire gile agus do bhí much adhbhal coitcheann
384ar feadh na cruinne ceathar-rannuighe crith-eagluighe, do
385bhí criúin leomhuin agus liobaird agus gach gné fheithide
386eile do hoiltear ar talamh ag comhroith faoi thearmonn
387deirce diamhartha dorcha do-fhaghala agus chuaisibh crann
388agus cairgeach, ag seachnadh uathbháis na stoirme agus
389an troimphleisg throsamhuil thoranda do thárla. Bhí so
390amhluidh teora uair gan traochadh gan laghdughadh, gan
391súil ag aon san mbith atharrach garma generalta shíol
392Adhamh go gleann Iosaphat do chlos, gi nach amhluidh
393do bhí, óir do háinig go hobann prap ciúnas soineann
394agus deallradh glé gréine do sgab agus do sgaol
395gach teimhioll, gach much agus gach dubhrat dar fholuigh
396na firmhemuinte fairsne fuar-fhliucha, ar mhodh nach raibh
397dúl fo neimh nar ghluais as a ghnás seicréideach ag
398déanamh aeir ag méad taithneamhuigh na haimsire do
399thárla. Níor fhan braoighin i gcnoc, nó geilt i ngleann,
400nó bádhbh i n-uaigneas, nó eun i gcoill nach dtáinig de
401aon-aonta le na gceoltuibh agus le na gceileabhruibh
402iomdha éagsamhla suairc síth-bhinne ar fud dhúnta, rátha
403agus claich-dhíseartuibh, ag meas nach raibh dúl domhanda
404beo acht iad féin.


405
406

Is annso do rinne an curadh romhráidhte teora srogh,
407agus a tabhairt dtrí léim árda éadtroma eunamhuil dó


L. 11


408

do thuit a chuibhreacha agus a gheimhioll de agus do bhí
409comh slán agus comh slán-chréachtach is do bhí ó lá a
410thuismidh go so, acht amháin go raibh cnápar na
411gcuibhreach ionna chnámha feardha fíor-láidre; agus
412anois do bheir a mhóide agus a mhór-mhionna má bheireann
413i n-árd nó i bhfána ar an bhfathach in' aoinfhear go
414ndéana díoghaltas dúr díbhfeirgeach (i n-éiric a mhasla)
415air, agus go háiridhe má bheireann ar mhachaire fhairsne
416fheur-uaine Bhaile na Sgórnaigh air nach stadfa leis
417go dteilge i ndiaidh mhulluigh a chinn i bPoll Tighe
418Léabáin é áit as nach gcasa i dtaobh a chúil nó a aghaidh
419go bruinne an bhrátha agus go fuinne na síoruidheachta.


420
421

Do tháinig annso dá fhéachuin an chumhal óg áluinn
422do ghluais as Connachta leis agus do shuidh go
423mnádhamhuil sochmadh sochaidearrtha na fhochair dá
424theagasg agus dá chomhairliughadh, ag rádh go báidheamhuil
425miochair leis an fathach agus a ghaolta do sheachnadh, nó
426nach n-éireoghadh béim buadha nó biseach go earr a
427shaoghuil leis, agus dá ndeachuidh sé go hArcadia agus
428turas an tobair bheannuighthe Cristorius do thabhairt,
429tobar sin ag a bhfuil do bhuadha agus do mhíorbhuile,
430nach bhfuil aon dá n-ibhe dá uisge nach dtiubhradh fuath
431nadúrtha do fhíon agus do bhiotáille láidre eile go
432foircheann a bheatha dá éis, go gconnloghadh féin leis
433go dílis do-scaoilte daingean diongbhálta choidhche
434uaidh sin amach, is go mbiadh sé seasmhach do-chlaoidhte,
435agus go háiridhe nach gclaoidhthidhe go bráth leis an
436fhathach é. Tuilleadh eile: thug Aodhagán Feartach a
437lán-mhionna ar eagla nó ar impidhe chumhachta san mbith
438nach bhfuaisgeoladh go bráth arís ó gheasa nó ó dholpha é.
439Uime sin is seachanta dhó an drong le ar dealbhadh
440an draoidheachta. Do fhreagair an goileach gnímh-iongantach
441í, ag rádh:


442
443

Admhuighim dhuit, a mhaighre maiseach mín-dhealbhach dhá
444nglacuinn do chomhairle nó do theagasg go seachónainn
445gach duadh agus gach dóghruinn do-fhulanga dá ndeachuidh
446mé thríd, agus feasta go críoch mo bheatha ní racha mé
447troigh tharsna do do neamh-thoil.
448


L. 12


449

Do chraitheadar lámha re chéile, ag tabhairt móide
450dísleachta agus diongbháltacht dá chéile. Is annsin do
451bhádar tréimsi i n-aice a chéile, fa sholás mhór agus fa
452shuaimhneas ádhbhal agus fo lán-chiúnas meadhair agus
453meanman, go ndeachadar lá n-aon ag déanamh aeir
454agus aoibhnis go tuluigh árd fhad-amharcaigh dhuilligh
455ghéag-ghlais fhéar-uaine dá ngoirthear Nead na nEun
456Aduadhain agus dá ngoirthear go coitcheann an
457Phénics, agus go dtárla dóibh go hobann mí-ádhmhail
458an fathach romhráidhte san chonair sin agus é uamuighthe
459ionna chaithbhert cosanta cóirighthe, ag beannughadh dóibh
460go miochair gnúis-réidh geal-gháireach, ag fiafruighe dhe
461cionnas ro bhí.


462
463

Tráth chonnairc an dias so é do chriothnuigheadar
464mar bhoig-shibhin ar ghaisi nó mar dhuille ar chrann ar
465chrith, agus go mór-mhór an bhean ar a dtáinig lí
466glas-thana bán-bhuidhe an bháis, bailbhe maille agus
467mearbhuil teanga friotail agus cainte; do chaill a
468hiosgada a lúth a léim agus a luathghoil; do shnadhm
469mímheanmna agus droich-mheisneach a croidhe gan
470ghanguid gan mhairg gan fhuath gar fhormad ionna cliabh
471cailcidhe cnis-gheal; do stad a hucht agus a hanál i
472modh gur thuit i laige agus i lán-tsuan, san riocht gur
473shaoil na huile dá bhfacuidh í gur sgar a hanam
474naomhtha neimh-chionntach léithe. Tráth do chonnairc an
475goileach so, nár ghlac time tlás nó toibhéim i n-airc
476nó i n-éigin ariamh, a chaoimhtheach san gcróluighe sin
477d'imthigh na ghaisi grod-mhear glan-ratha go hárus nó
478go hadhbhuidh an fhathuigh, do dhíoghailt uamhan agus
479anbhfuinne a mhná agus do bhean béim sgéithe do
480chualthas idir dhá fhuinn na críche.


481
482

Is annso táinig an fathach damanta deamhnuighthe si
483fa thuairim na dtrost dtoranta n-uathbhásach neimh-mheasardha
484ro-chualuigh agus bluntarbuis ionna láimh
485chum an mhíle mhór-ghlonnuigh si a lámhach. Acht an tan
486do chonnairc an curadh so tionsgnamh mioscais agus
487mí-ghean an mhéirligh do bhí gan truaighe gan trócaire
488do fhuaduigh a arm as a lámh ar tí an t-urchar do


L. 13


489

lámhach. Gidheadh níor éirigh leis fon am a rug an fathach
490aith-ghrim ar an ngunna, idir cé ar thárla giorac
491spairn agus cruaidh-spéirlinn ar feadh trí n-uaire
492leora lán-fhada lae. Fa dheoidh do rug an rutharach
493romhráidhte greim sgóige agus scórnuigh ar an ndúl
494ndiabhluidhe sin, dá phocadh dá chuirleadh agus dá
495thrasgairt ó áit go hionad, ar mhodh nár fháig clúid nó
496coirnéal leabuidh nó landuir san áras nár chuartuigh
497leis, san riocht sin gur shaoil na huile dá bhfacuigh iad
498go gclaoidhfidhe an fathach gan chontabhairt.


499
500

An tan do chonnairc Hopa Ceannbhuidhe a dhalta san
501mhór-éigin sin do thóig na gártha go gclos don teagh
502uile. Níor choisg dá áird-éimheacha go dtáinig Uaitéir
503mac a Ghoile, Uaitéir mac Ainísi, Brantí Loisgthe,
504agus bodach mór aduadhain ath-uathmhar láidir eile as
505an Spáinn dá ngoirthear Sac, agus do rugadar i
506n-éinfheacht air, Hopa Cionnbhuidhe grim daingean
507dosgaoilte ar mhullach cinn air dá thoirneadh agus dá
508thiomáin ó áit go háit. Gidheadh ní fhuaireadar a leagan
509nó a chur fútha go dtáinig an bhean chuice féin as an
510táimhneul ionna raibh agus go bhfacuidh san gcruadháil
511si é. Annsin do sgairt go hairgneach ar dhream don
512chomhursain do bhí i láthair ag iarraidh orra cuid don
513leathtrom do thógbháil dá fear. Fa deacair leo a dhol
514san deabhaidh acht re teann truaighe dhó do ghabhadar
515cuid do na buillibh ionna scéithibh leathna lán-chruaidhe
516féin, i modh gur cuireadh ó n-a chéile iad don dul sa;
517acht an uair do shaoil an míle meanmnach an adhbhuidh
518ghuasachtach so do fhágáil do chuaidh iomlán na námhad
519romhráidhte ar an dorus agus tugadar a móide agus
520a mór-mhionna nach scarfadaois leis go fágbháil cuid
521dá chloinn na gheall agus na chomhartha buadha dá éis.
522Tráth chonnairc an macaomh mná méad an mhí-chomhgair
523dá dtiucadh dóibh comhnuidhe dá laghad do dhéanamh i
524ndeirc na n-amhas n-ain-mhianach sin, agus gur chuir
525Aodhagán Feartach druim-dhiúltadh le furtacht no
526fóirithin do thabhairt dóibh do stríoc dóibh go huirísioll
527agus do fhiafruigh go sochma foirbhthe macánta
528mnádhamhuil créad ba mian dóibh.
529


L. 14


530

Is é is mian dhuinn (ar iadsan) an meicin dá
531ngoirthear Ceannbheart ríogh.


532
533

Maiseadh, ar isi, atá sin agus mo chlaonta i n-aghaidh
534a chéile, agus is cruadhálach an mhalairt dhamh sin agus
535mé féin agus mo fhear taobh leis, óir ba comfóirt gan
536áireamh dhuinn é san chonaire uaignigh lán-fhada atá re
537siubhal aguinn. Acht níl neart air, is truagh ár gcor.


538
539

Maiseadh, ar an fathach, do na seacht ndiabhal féin
540truaighe agam-sa dhíbh agus is niscóid chléibh gan a bhfuil
541aguibh do bheith aguinn.


542
543

Do ghluais ar so Éamonn agus a bhean ar láimh leis
544as an mbruídhin sin i luas a gcos, acht dubhairt an
545fathach ag féachuin na ndiaidh:


546
547

Athrú, créad é an diabhal sa d'éirigh dhúinn nar
548chuinge sinn an crainnmhiosan uatha. A Bhraintí, ar
549sé, gluais thusa na dtóruigheacht ós tú is meisneamhla
550eadruinn. Do rachuinn féin dá dtóruigheacht acht go
551bhfuilim ro-lag an-shocair ionn mo bholg ó n-a bhfuil do
552dhíth geir ann.


553
554

Iar so fosglus Brainti a bhrollach agus léigeas é
555féin chum ratha na ndiaidh i luas fearbóige ar léana
556loim lán-chruaidhe, agus gi gurbh fhada roimhe iad do
557rug fa dheoidh orra, agus chomh doith is do ráinig suas
558leo dubhairt do ghuth árd sochlusta:


559
560

Giní, giní, hiar, hiar, giní.


561
562

Adubhairt Éamonn annso ag féachuin tar ais: Cad é
563so, cad é so?


564
565

Atá, ar a bhean, cuid do bhuidhin na mallachta táinig
566a mhealladh mo chuiléin uaim-se.


567
568

Ods ucs, ar Éamonn, an féidir sin? ag tógbháil
569cupla doróg agus dá stabhladh na dhiaidh gurab do lom
570scíbe scirthín ratha d'imthigh uaidh mar a raibh cách agus
571é ag dul i n-anbhfuinne le teann saothair, teas agus
572luas anála. Do fhiafruigh an fathach annso dhe créad a
573d'éirigh dhó.


574
575

Do éirigh an donus, ar eisean, óir don diabhal stad
576nó tuirneadh do chuaidh ar mhac Uí Chléire ar ball a
577bhfacuigh mé acht ag stabhladh cloch orm go dtáingeas


L. 15


578

asteach uaidh agus dá mbéarthaoi orm don diabhal deor
579do fhágfadh ionnam.


580
581

Frangcach thusa, ar an fathach.


582
583

Ní headh cheana, don diabhal braon do fhuil Fhrangcach
584ionn do chorp agus dá mbeith ní theichfeá roimhe a
585leithide súd dho shean-bhodach. An-bhás go bhfagha tú, a
586mheullacháin boduigh lobhtha.


587
588

Is dóigh go rabhamar uile go léir ag gabháil dó agus
589ar fhéadamair a leagan, ar Braintí.


590
591

Ar mo choinsias, ar an fathach, ní fháigfe mé coiscéim
592os so go Roscumáin nach biaidh mé na dhiaidh nó beana
593mé an maidrín dhíobh.


594
595

Is annso ghluais an lánamhuin se i luas milsidhe i
596ndiaidh míl ar machaire lom lán-chruaidhe i meadhoin
597mísa mí-ghnéidhe Márta, tré choilltibh draoineacha
598dreiseach, tré mhóintibh criarthach coimheadhacha cos-shluigtheach,
599tré árduibh aibhseacha uathbhásacha agus tré
600ghleannta diamhartha dorcha do-shiubhalta, ag seachnadh
601na learg loma lán-réidhe, do eagla táirm an fhathuigh,
602do shaoil éirghe bhealaigh do thabhairt go fíor-mhinic dóibh,
603gi nár éirigh leis go ráinig Áth Thús na Seachtmhaine Baile
604Átha Luain.


605
606

Is annso do chuaidh an gaiscidheach go neamh-choimhéadach
607ag spaisteoireacht do shiubhal oidhche, is gan i n'aice
608acht aon bhuachaill amháin darab ainm Ocht mBuinn
609Liath-shúileach, agus is beag a shaoil go raibh an robuire
610se ag luigheachan air, gi nach amhluidh do thárla, óir do
611rug an fathach ar an mbuachuill agus do scuaib a dhá
612chluais ó bhun na diúide dhe, agus muna mbeith gur
613fhág do lomán ratha é ní hamhras liom nach léigfeadh
614as an mball ar aon chor é; acht ba hionann é, óir níor
615mhair aon tamall tar éis an bheárnaidh si.


616
617

Do fhiafruigh a chéile dhe créad a d'éirigh dá bhuachuill.


618
619

Do aithris Éamonn dhi mar do bhí.


620
621

Ní fhuighe mé uait go bráth an diabhal sin do sheachnadh
622agus a fhios agad féin nach mbeanann aoinneach dhó nach
623bhfaghann an chuid is measa.


624
625

Is fíor sin, ar Éamonn, agus imthighmíd go prap as


L. 16


626

so do eagla a theacht oruinn, agus nísa mhó díoghbhála
627do dhéanamh dhúinn.


628
629

Déanam, ar ise.


630
631

Do ghluaiseadar annsin agus ní dhearnadar comhnuidhe
632go rángadar Ros cochorum Comáin agus an tráth
633shaoileadar foslongphort na hoidhche sin do thógbháil
634ann cia chídhfédís san taobh thall don tsráid acht Cuirm
635Searbhandeire, riod is beag a shaoileadar. Adubhairt
636an bhean annso:


637
638

Pláigh ar an bhfear úd, bí ar nós an tsalainn shoir
639agus shiar agus i gConnachta na gcliar agus ag
640Ó Briain ar a chuid. Déanam as so a Éamuinn, ar sí,
641óir ní háit moille dhúinn i n-aon-bhaile leis an diabhal
642daonna úd.


643
644

Fíor é, ar Éamonn, agus is baoghulach liom cibé ar
645bioth áit a stiúram ar seolta muna mbiaidh sinne
646fraisin go mbiaidh seisean froinne. Ar a shon sin
647seachónamaoid mar is fearr is féidir linn é.


648
649

Annso trialluid ar a n-aghaidh san gcríoch agus do
650stad an fathach do lorgoireacht ní os sia orra, ag
651meas go saoilfidís a bhráithre .i. Bulcán Buaidhearrtha
652agus Sudhán Siashúileach mhac Coirce agus a dhearbhráthair
653eile do bhí na lán bhéil i nIar Chonnachta gur fearann
654cloidhiomh do tionsgnadh dhéanamh don fhonn bhí fo
655árd-chíos acu féin ó shean agus ó shinnsear. Do smuain
656fós go madh hionann rún agus inntinn, méin agus
657aigne dó féin agus dóibh, agus níor bh'amhras leis go
658n-imeóradaois droch-bheart díoghaltach éigin ar Éamonn
659agus ar a chéile; agus uime sin do chas ar ais go
660Laighinibh ag robail agus ag nochtadh a dtárla ionna
661bhealach, ísiol agus árd, bocht agus saidhbhir, óg agus
662sean, slán nó éagcruaidh, fa cuma leision é, ba hiasg
663a gcasfadh ionna líon.


664
665

Fágamaoid ag déanamh an donuis é, mar is gnáth
666leis, agus casamaoid go Éamonn a d'fhágamar ag
667teicheadh ón bhfathach agus ag triall níos doimhne siar
668fan gcóigeadh. An tan nach bhfacuigh an fathach roimhe
669nó na dhiaidh do ghlac meisneach agus mór-mheanmna


L. 17


670

é agus do imthigh gan time siar san gcóigeadh go
671ráinig tórannuibh fearbacha faoltacha foiríseacha fosgacha
672féar-uaine contae Liathdroma.


673
674

Níor chian annsin dóibh fón am a dtárla Bulcán
675Buaidheartha leo. Do fhear fíor-chaomh fáilte riú go
676baidheamhail miochair muintearrach dá n-iarraidh leis dá
677árus féin ó bhíodar aduain san tír. Adubhairt annso
678an Iomchuibheacht le Éamonn:


679
680

Éamuinn, Éamuinn (ar an Iomchuibheacht), a mhuirnín,
681ná freagair an fháilte nó an chuire, óir do chualuigh
682misi tásg agus mí-chliú an mhealltóir so. Is minic le
683n-a ainmhian agus le n-a olc a chuireas sé do fhiachuibh
684ar lucht eoluis gabháil do mheadóguibh rinneacha rinnghéara
685i n-asnacha agus i n-innmhidhe a chéile gan truaighe
686gan trócaire.


687
688

Maiseadh go deimhin, ar Bulcán, má chualuigh tusa
689an tásg sin orm-sa is bréag do chualuigh tú orm, agus
690fáguim-se sin i leith fé; comh nimh-chionntach agus dá
691madh uainín caorach é.


692
693

Ar mo bhréithir creidim, ar Éamonn.


694
695

Ar mo bhréithir-si, ar an bhean, má chreidir é go
696bhfuil tú meallta, óir is duine malluighthe mí-riaghalta
697é, agus do chífe tusa má bheanann tú faoi gurab
698amhluidh atá.


699
700

Ar ndomhnach féacha mé leis é, ar Éamonn, ag
701gluasacht leis dá árus.


702
703

An tan do chuadar asteach do fuaradar comh maith
704le deichneamhar ar fhichid ann ar bhinnsibh glasa cruadh-luachra
705agus bord don adhbhar céadna eattartha agus
706sruthán crustálta coirce ar an mbord romhráidhte iar
707n-a thimchiolladh le biolar agus le gleorán agus
708measgán calcuidhe cneisgheal le hais gach srutháin dá
709raibh ar an mbord gcéadna, agus an bhuidhin sin ag
710ithe agus ag slugadh agus ag fuadach an chothuidh si ó
711n-a chéile gur chuireadar an t-iomlán de i gceal.


712
713

Tháinig annso mar dhara cúrsa bia chuca measracha
714greanta greasda luchtmhara lán-fhairsne fo mheadhg
715bhlasta mhilis bheol-thaithnighthe agus miasa móra bán-ghrotha


L. 18


716

agus a n-urdail féin ime leo. Do bhí an
717tromdháimh seo ag slugadh agus ag slabaireacht an
718ghrotha agus an ime agus ag ibhe an mheidhg gur
719chuireadar droch-chríoch ar an iomlán. Do bhí féin, fear
720mar chách go gnathuigheach, domhuin go leor san gcíréib.
721Do bhí bean Éamuinn dá bhféachain lán d'iongantas
722ionna nglugaireacht agus ionna nglagaireacht agus
723ionna mí-riaghaltacht, agus céad súil chruaidh agus
724féachain ghruama aice ar Éamonn nach dtug silleadh
725dá laghad uirre-si. Do tháinig Bulcán anuas annso
726agus adharc an-mhór ionna láimh leis, agus do chuir
727fáilte roimhe na huile agus do iarr orra a bheith go
728súbhach.


729
730

Ar an leabhar, ar an chuideachta, do bheithmís go
731go súgach ar do chuid fola.


732
733

Ar an leabhar céadna, ar Bulcán, má ní sin go
734súgach sibh caithfe sibh a fagháil go roige an braon
735deirionach dhi mas é bhur dtoil é.


736
737

Annsin do chuir Bulcán a chuid fola féin dá tharruin
738agus tug lán na hadhairce romhráidhte fo mhaoil agus
739fo mhullach do gach aon fo leith le na ól di, agus ní
740ar mhaithe leo-san é, acht so an modh ar a gcuireadh a
741dhraoidheachta, a gheasa agus a dholpha i bhfeidhm agus i
742n-éifeacht. Bhíodar amhluidh so aimsir imchian go
743ndubhairt aon ba foirbhthe nó an chuid eile go madh mithid
744íoc ar son a méile.


745
746

Déantar sin, ar an t-iomlán, cia bhíos na Thadhg
747Fionn? ar Maghnus Ó Callaráin.


748
749

Éisti liom-sa dhá fhocal, ar Feargal Ó Cuigle.


750
751

'Seadh, cad é sin? ar iad-san.


752
753

Atá, ar eisean, cibé dhínn is fearr a déarfas Laoi
754nó Imtheacht an Amadáin Mhóir toiseach suidhe agus
755beinnsi a bheith aige, agus cibé is measa déarfas í íoc
756an scoit do bheith air.


757
758

Déanamaoid, ar an coimhthineol uile. Agus cia
759bhíos na bhreitheamh eadrainn?


760
761

Biaidh Madam Cliér, ar iad-san, do aon-aonta.


762
763

Do thosuigheadar annso ar Imtheacht an Amadáin


L. 19


764

Mhóir go hórduighthe, agus níor stad siad go ndubhairt
765an duine déidhionach díobh í. Annsin do fhiafruighdar
766don mhnaoi cia dhíobh ar a mbiadh íoc an sguit.
767Adubhairt sisi dá bhfreagradh dá mbiadh Solamh,
768Orpheus agus Cnú Deireoil, crutaire Fhinn dá
769n-éisteacht nach dtaibhreochuidhe barr seirbhe nó binneas
770i n-aon díobh seach a chéile, agus go madh díreach an
771chosamhlacht dhóibh Imtheacht an Amadáin agus nár mhó an
772t-amadán é no an tí ba críonna eattorra-san.


773
774

Ar láimh Chruim thug tú h'éitheach, a chuiteléir agus a
775mhada gan náire, 's a shoith ó chonuibh go daoine, a
776lot, a mhéirdreach agus a ghadhair gaoithe, ós é sin do
777cham-bhreith ba chóir a thabhairt ort féin íoc ar son an
778iomláin.


779
780

Annso do mhionnuigh gach aon díobh nach íocfadh sé
781féin aon phinninn agus gurab é is fearr adubhairt an
782laoi. Annso do bhí éitheach agus bréag ó bheul go beul
783eattorra agus bagar agus batalacha. Tráth chonnairc
784Bulcán san imriosan sa iad do mhúch sé na coinnle
785.i. a gciall. Is ionnsin do ionnsuigheadar an bhuidhin
786sin nó an bunadh sin a chéile le pastanátuibh agus le
787sgeana fada fíor-ghéara, ag gabháil casgairt do na
788pastanátuibh céadna agus do na sgeanuibh i n-innmhe
789agus i n-easnachaibh agus i mblaosguibh loma lán-chruaidhe
790a chéile, i modh nár bhréine, nár bhroghuighe
791agus nár bhrocuighe fairre Chromuel i n-ifreann nó
792ionnsan adhbhuidh chraosta chrosda camramhuil sin. Do
793bhuail Bulcán buille san leithchionn ar Éamonn, agus
794gan é ar a choimhéad, do chuir galar creathach air agus
795do leag chum lár agus lán-talmhan é.


796
797

Is annso do rinne beathadhach ceathar-chosach dhe re
798draoidheacht an draoi dhamanta romhráidhte. Iar so
799do fháguidh an coinbhliocht mar sin féin, agus do chuaidh
800ar cheithre cosa go fail fhuar-fhliuch mhuc do bhí i gcionn
801don árus ionnar choduil comh trom sin nár aithin
802Bulcán (do bhí dá thóruigheacht) ar a chuma nó ar a
803chruth, nó fós ar a shranfuidh, ba samhalta le gruntaoil


L. 20


804

mhuice, nár mhuc mar gach muc eile é, ar son gurab é
805féin do chuir san riocht agus san chuma sin é.


806
807

d'éirigh Bulcán ar maidin laoi agus leath-shoilsi
808ar n-a mhárach ag cuartughadh agus ag iarraidh Éamuinn,
809gi gur fada go bhfuair ameasg na muc dá únúmhairt
810é, agus a bhean na suidhe le n-a thaobh ag féachain ar
811dheilbh aingil ionna línéadach geal do bhí aice. Do
812thug Bulcán aire ro-gheur don deilbh agus adubhairt go
813meathfadh a ghaois agus a ghliocas air nó go mbiadh aige
814féin. Is annsin do fhiosruigh do Éamonn cad é an
815cosdus do bhí air tar éis na hoidhche.


816
817

Atá a fhios sin agam-sa, ar an Iomchuibheacht, atá
818trí sgillinge air.


819
820

Ar ndomhnach, ar Bulcán, atá trí thrí scillinge, agus
821níor fhan sé air.


822
823

Do bhéirfinn-si an chuluidh Aifrinn, ar an bhean, agus
824ní raibh mé ar meisge nó ar boidéis, nach raibh air
825ag dul a chodladh dhó acht trí scillinge agus mas ar
826son a bheith na luighe san bhfail si atá an chuid eile air
827ba saoire dhó go fada bheith na luighe ar leabuidh
828chlumhuigh ná ann.


829
830

Do bhéara misi agus an treabhlach uile an chuluidh
831Aifrinn gurab é sin an t-éitheach, go raibh deich
832sgilliona air ag fágáil na cuideachta dhó, ar Bulcán,
833agus don diabhal foghnamh bhí ar mhnaoi do anama riamh
834féin.


835
836

Ní hamhras liom, ar an bhean, go mionnochuid ní ar
837bith a déarfus tusa, óir is daoine do do dhéanamh féin
838iad.


839
840

Léig do do dhispóireacht, a mhéirdreach, ar Bulcán
841agus a mhuinntir, ag fuadach na deilbhe as ochras na
842mná agus annsin ag breith ar chionn agus ar chosaibh
843ar Éamonn agus do fháig amuigh ar an gcárnán é.


844
845

Do lean an bhean bhocht é agus gan do mhaoin
846shaoghalta aice acht an gaidhrín do fholuigh sí ionna hucht
847do eagla chách dá shanntughadh, agus do bhrostuigh
848Éamonn chum siubhail agus ar an mbealach dubhairt go
849neimhneach feargach:
850


L. 21


851

A Éamuinn, ar sí, dá ngabhthá mo chomhairle si ní
852bhiadh na neithe se mar atáid, mar ó thús ré do
853dhroch-chomhairle do chaill do bhuachuill a chluasa, agus
854do rinne comh neamh-spéiseamhuil sin air féin é go
855madh cuma leis créad a d'éireochadh dhó i modh nach
856fios dhúinn cionnas a sgar linn, agus is i n-aghaidh mo
857thola fós do bhean tú don robuire si do bhean mo sheod
858uasal díom.


859
860

Éist, a mhuirnín, ar Éamonn, bíodh rath i mbun a
861chaithte, atá ní ag Dia 'ar gcuinne.


862
863

Is maith ceart an ní dóthchus as Dia, ar a shon sin
864is gnáth go dtagann easbhuidh gan choidiughadh i ndiaidh
865diombail gan riachtanas, ar an bhean. Anois cia
866dtiubhram ar n-aghaidh?


867
868

Ndomhnach is cuma liom, ar Éamonn.


869
870

Ní hiongnadh liom, go deimhin, thú bheith tuirseach do
871do shaoghul, ar an bhean, déanam ar ár n-aghaidh, ní
872háit dhuinn annso.


873
874

Do ghluaiseadar annsin go tuirseach diombuidheach
875deorach agus ní fada an fádhan do rinneadar fó an
876am a dtárla fear mór árd mí-ghnéitheach orra san
877gconair. Do bheannuigh go baidheamhuil muinnteardha
878dhóibh.


879
880

A lánamhuin, ar sé, aithnighim ar bhur n-éadach agus
881ar bhur n-innioll gurab aduainibh san áit si sibh, agus
882ní dóigh liom go bhfuil dochar dhúinn fiafruighe díbh cia
883as a dtángabhair nó cia bhfuil ar dtriall?


884
885

Níl dochar ar bith, ar Éamonn, as Baile Átha Cliath
886tangamar anois agus don chontae si atá ár dtarruing.


887
888

Maiseadh, céad fáilte romhaibh, ar eisean, an bhfuil
889nuaidheacht ar bith libh ón tír sin as a dtangabhair?


890
891

Níl go deimhin, ar iad-san.


892
893

A thriath, maisi an dóigh go bhfuil eolus aguibh ar
894dhuine uasal is bráthair fogus dhamh-sa is an tír sin
895thoir cóigeadh Laighean, i mBaile Átha Cliath féin is mó
896choingbhios sé thoigheas .i. Alterman Cuirm Searbhandeire
897a ainm, presiodúin chóigidh Laighean agus
898árd-shirriam chontae agus Bhaile Átha Cliath? ar an
899t-an-aitheanta so.
900


L. 22


901

Ná hiarr ní sa mhó do sheanchas dhuinn, ar iad-san,
902óir atá a fhios aguinn go leoir-fheabhus cia atá romhat
903.i. an sladuidhe, an robuire agus an róguire is córa
904dár iarr an diabhal ionna sheirbhís ó ruaigeadh as na
905flaithis é, dúl damanda nach ndeárna deigh-ghníomh dá
906laghad ariamh acht amháin gur choisg tart na heagluise
907gan mórán costuis, agus má tá gaol agad-sa leis
908ní hamhras linn go bhfuil tú go holc, agus cá hainm
909thú? ar Éamonn.


910
911

Ní riachtanas sin do fhiafruighe, ar an bhean, óir
912aithnighim-si ar a bholg agus ar a ghné gurab é Sudhán
913siashúileach mac Coirce é agus más é, ós é gan amhras,
914ní thiubhradh sé maitheamh moide don fhear eile ar olcas
915i n-olc ar bioth.


916
917

Is mise Sudhán gan amhras gan imriosán, ní shéanfainn
918mo ainm don ghiúistís, ar Sudhán, agus go loisgthear
919mé dá mbiadh mo ghunna agam annso muna sguabfuinn
920aon urchar amháin ann do chorp.


921
922

Go loisgthear frissin thú, ar Éamonn, agus dá mbiadh
923sé ido láimh agad, do dhéanamh faitchios do do eascara,
924don deamhan eagla do chuirfeadh sé orm-sa, agus
925dhéana mé malairt pistil uair ar bith leat.


926
927

Déanam anois maiseadh é, ar Sudhán.


928
929

Ar fia déanam, cheana, ar Éamonn.


930
931

Do chuadar annsin don arm-thor ba fuisge dóibh
932agus do fuaireadar comhgar maith púdair agus
933musgaid ann, agus do bhíodar ag losgadh púdair re
934chéile gur dalladh Éamonn. Gidheadh níor traothadh a
935mheisneach ar a shon sin; rug ar an mbodach agus do
936leag faoi é. Ní raibh piléir acu, acht do choimhéad faoi
937é gur fhuagair murdar, agus dubhairt an Strangach do
938ghairm asteach agus a bhata constabla. Do tháinig
939annso Uaitéir Strong asteach agus lorg imreamhar
940ionna láimh leis, agus an uair do shaoil buille do
941bhualadh san cheann ar an ngaisgidheach, ní hamhluidh thárla
942dhó, óir do rug an curadh greim sgórnuigh air do bhean
943tógail as, agus do chuir a thoin ós a chionn. Acht cad
944é do ba aill liom a bheith leis, don deamhan sin deor


L. 23


945

a dfháguidh sé san Strongach nó san ochtar dearbhráthar
946do bhí aige, do ba comh mór láidir leis féin, muna
947raibh níos láidire, ní fháigfeadh braon i n-aon duine
948díobh muna mbeith Diarmuid Ó Codhlatáin táinig sa
949chíréib, agus tuairtearlín ionna láimh leis, agus gur
950bhuail buille feille ar Éamonn bocht do chuir i neul
951a mharbh-shuan é. Do rugadar annso air agus do
952theilgeadar ar bhara é, gidheadh níor leigeadh don
953mhnaoi a leanamhuin, óir do coingeadh í féin agus a
954gadhairín giní i ngeall re gach foghail dá ndeárna
955Éamonn.


956
957

Tráth dhúisigh an goileach as a shuan agus go dtáinig
958go hiomchuibhe chuige féin, d'éirigh go prap na stuc-sheasamh,
959ag bualadh a chloiginn gan fhios dó féin ar
960an gcrann ós a chionn (ionnar fháguidh an drong shuas
961é), nach raibh árd go leór re é seasamh go díreach ann,
962gur hobair go leigfidhe a inchinn amach, acht do cuireadh
963na shuidhe arís é agus do fhan amhluidh gur imthigh an
964luige agus an mearbhall agus an buaidhreadh do bhí
965ionna chionn as.


966
967

Annsin do chuartuigh gacha taobh dhe, agus an tan nach
968bhfuair a chéile do éirigh amach as an gcuais ionna raibh,
969agus do fhéach ionna thimchioll, agus an tan nach bhfacuidh
970acht fiodhbhudh agus fásach, agus nach bhfuair a bhean, do
971ghlac cinnmhire agus saoibh céille é, ag tarruing a
972fhoilt agus a fhionnadh, ar feadh teora oidhche agus
973teora lá, gan bhiadh, gan teine, gan leabuidh, gan
974tsuan, gan tsocruigheacht, acht ag scairteadh agus ag
975síor-ghlaodhach ar a bhean-chéile, nach raibh re fagháil i
976n-aon ionad aige. Do mhalluigh annso an uair do
977coimpreadh é, do geineadh agus do hoileadh é. Do
978smuain annso droch-bheart éigin do imirt air féin, acht
979thug trócaire doimheasta an Choimhdhe bruide ionna
980chroidhe, gur smuain aige féin dá dtugadh an-bhás dó
981féin go mbiadh go suthain síorruidhe i bpiantuibh ba
982mhíle mó nó péin ar bith dá m'fhéidir leis do fhulann
983ar an saoghul so. Do chuir so beagán forais ann (óir
984ba gaoiseach fíor-fhoghluma é) i modh gur ruaig sé na


L. 24


985

smuaintidhe granna mí-nádúrdha do bhí ionna inntinn.
986Annsin do tharraing chum a mheabhra ar éirigh dhó, comh
987maith is do ba fhéidir leis, agus an tan nár bh'fhéidir
988leis an ní do bhí déanta a neamh-dhéanamh do chuir
989roimhe féin iar n-éirghe dhó a iomchar go foighdeach, agus
990leis an inntinn sin do fháig an t-ionad uaigneach allta
991so agus do ghluais ar a aghaidh, ní do thabhairt iarraidh
992ar áit áiride ar bith acht an áit ar thoil leis an
993chinneamhuin a threórughadh, fo íota agus fo lán-ocrus.
994Do bhí ag imtheacht i luas a luaidhnidh an fhad do bhí
995roimhe don lá, agus le tuitim na hoidhche do chonnairc
996bothán crom deatuigh a gcaithfeadh leanbh bliadhna go
997leith do aois cromadh faoi an dorus ag dul asteach
998ann. Do bhuail go hairgneach an dorus agus do iarr
999a léigean asteach.


1000
1001

Do tháinig fear mór seiricthe sia-shúileach chum an
1002doruis agus do fhosguil é, ag breith ar láimh ar
1003Éamonn, ag fáiltiughadh roimhe agus dhá shocrughadh i
1004n-aice na teine agus adubhairt:


1005
1006

A dhuine uasail, an miste dhúinn fhiafruighe dhíot cá
1007hainm thú?


1008
1009

Ní miste choidhche, ar Éamonn; Éamonn Ó Cléire
1010mo ainm.


1011
1012

An tusa Éamonn Ó Cléire, ar an fear mór? Mas
1013tú tá míle fáilte don toigh-si romhad, agus cia bhfuil
1014an bhean do chualuidh mé do bheith ad' chuideachta? Mo
1015chogús, níor lughuide tfháilte a beith ad'fhochair.


1016
1017

Do choinge robuire dá ngoirthear Sudhán sia-shúileach
1018í féin agus cuileán uasal do bhí agam uaim, ar
1019Éamonn.


1020
1021

Leabhar so, gi gurab é mo dhearbhráthair si é ba gnáth
1022leis a bheith mí-mhodhamhuil stuacach, ar fear a toighe.


1023
1024

Cá hainm thusa? ar Éamonn.


1025
1026

Uilliam Riabhach do ghoir an sagart orm, ar an fear
1027mór. An bhfuil fhios agad cad é táiplis imirt?


1028
1029

Atá go deimhin, ar Éamonn, acht níl aon ní agam a
1030d'imeoruinn acht mo chuid éaduigh, agus má imrionn
1031tusa na n-aghaidh féacha mé leat é.
1032


L. 25


1033

Ní féidir a fhagháil ón gcat acht a chroiceann, ar
1034Liam (do leath taobh), ar láimh mo charas críost imeorad
1035choidhche.


1036
1037

Do léig Éamonn annso a chóta ó thús, agus na
1038dhiaidh sin a chóta beag, a hata agus a charabhata, a
1039bhróga, a stocuidhe, an t-iomlán go nuige an léine
1040agus an léine féin fo dheire. Do fhiafruigh annso an
1041raibh éadach eile astoigh.


1042
1043

Níl, ar iad-san.


1044
1045

Atá an donus mór air sin, ar Éamonn, más éigin
1046dhamh a dhul amach san riocht so agus an oidhche a sioc.
1047As do ba éigin dhó a dhul amach agus comh doith agus
1048do chuir a chos taobh 'mach don dorus do buaileadh bos
1049leis agus do fáisgeadh maide ar an dorus. An tan
1050do bhí seisean réidh do ghread an dorus ag iarraidh a
1051léigean asteach, acht do hinnseadh dhó don diabhal a
1052chos, agus imtheacht le n-a ghnathuidhe.


1053
1054

Is cosmhail, ar sé, go madh fearr dhamh go mór go
1055mbeithdís gan déanamh go fóill.


1056
1057

Siubhail chum tórramh do dhias cloinne atá faoi chlár,
1058ar iad-san.


1059
1060

An tan chonnairc Éamonn nach léigfidhe asteach é
1061do fhéach 'na thimchioll agus do chonnairc crochta ar an
1062bhfál sean-chodogha mór do bhí ionna srathair lán do
1063lorg aillsi agus mairce an chapuill ar a raibh. Do
1064rug air agus do rinne poll ionna lár is do chuir a
1065chionn thríd an bpoll, i ngléas go raibh leith an chadogha
1066roimhe agus an leith eile na dhiaidh. Trá chonnairc
1067Éamonn é féin san chruth sin is é adubhairt leis féin:


1068
1069

Arú, Éamuinn, an féidir gurab tú Éamonn Ó Cléire?
1070Ndomhnach mas tú, ní tú Éamonn Ó Cléire do bhí
1071a n-allód aguinn; is cosmhuile le Giobun a Ghiobuin thú
1072nó le Éamonn Ó Cléire.


1073
1074

Do bhí mar so ag gnáth-dhól san mbealach, go dtárla
1075fear deagh-ghnúiseach, deagh-shúrrach air, ag gabháil re
1076hais reilge teampuill, agus an tan do chonnairc an
1077fear é do stad ar a chéim agus adubhairt:


1078
1079

Conjuro te ut narres mihi quid vis ut pro te fecero.


1080
1081

Adubhairt Éamonn dá fhreagradh:
1082


L. 26


1083

Non opus est ut me conjures, nam conjuratus et
1084valde turbatus sum ante.


1085
1086

A mhaighistir, a ghrádh, ar buachaill do bhí i bhfochair
1087an uasail, atámaoid ar lom-fhágáil. Cad é súd nó
1088créad adubhairt?


1089
1090

Éist, ar an t-uasal, tarruing do phaidrín amach
1091agus guidh Dia, óir is spiorad é agus an uair chuir
1092mise faoi gheasa é i Laidion do fhreagair i Laidion
1093agus dubhairt go raibh geasa agus buaidhreadh go leor
1094air féin cheana agus nachar riachtanas geasa nuadha ar
1095bith do chur air.


1096
1097

Is cóir adeirthear go mbí gach uile shórt teangan
1098ag spiorad. Patér, patér, a mhaighistir, a mhuirnín,
1099abair patér agus labhair Gaoidhiolg leis.


1100
1101

An uair a d'aithin Éamonn an phradhainn ionna
1102raibheadar do chuir búirfe an-mhór ar nós tairbh as, óir
1103do aithin go fíor-mhaith go madh sagart an t-uasal; do
1104rinn annsin meigiolla mar ghabhar, agus amhastrach mar
1105mhada. Do léig annso an sagart é féin ar a ghlúinibh,
1106agus é ar coimhchreatha, agus adubhairt:


1107
1108

Neasguim féin ort a innsin dhamh créad é an
1109buaidhreadh atá ort, nó an féidir liom-sa cabhair do
1110thabhairt dhuit, agus mas féidir do bhéarad gan amhras,
1111gan éara, gan imriosán dhuit é?


1112
1113

Is féidir, maiseadh, ar an spiorad, agus i ngléas
1114go dtuige tú siocair mo bhuaidhridh, an uair do bhí mé
1115saoghulta mar ibh-se do thuit mé i dtinneas an-mhór
1116agus thugadar mo leagha breitheamhnas báis orm, san
1117modh go ndubhairt na huile nach raibh dáil éirghe go
1118bráth agam. Do cuireadh fios ar shagart, do fuair mé
1119ceart na hEagluisi. Annsin do smuain mé go madh
1120cóir dhamh leagáid éigin do fhágáil ag an eagluiseach
1121mhaith do fuair an uirdil sin do mo dhochar agus fuair
1122seision. Ní raibh do mhaoin shaoghulta agam, dár bhfiú
1123dhamh lámh do shíneadh dhó-san leis, acht léine chealtrach,
1124nár chuir mé ar mo dhruim ariamh, agus péire bróg
1125agus péire stocuidhe nach deachuidh ar chosa dhuine ar
1126bioth ariamh. Do bhronn mé iad so dhó dá bhfaghainn


L. 27


1127

bás. Rugsan leis iad. Tráth fuair misi saothrughadh
1128beag do hinnseadh dhamh go dtug an sagart an
1129bronntanas ris. Nár théid seisean (ar misi) go
1130flaitheas nó go hifrionn choidhche, nó misi fós, acht ag
1131léimnigh idir neulltuibh, go mbeana misi léine, bróga
1132agus stocuidhe dhe féin nó do shagart éigin eile ar a
1133son, agus anois (tré mo mhallughadh féin agus mo
1134dhroch-aisge) atá mé le trí bliadhnuibh 'mo gheoinneach
1135direoil mar chí tú, ó shagart go sagart, agus ó thom
1136go tom, agus anois tug mo aingeal coimhdeachta
1137orm-sa theacht dod' fhorruid-si ag iarraidh fóirthine ort.


1138
1139

Go bhfoirthear ort, is truagh do chor, agus ní
1140thaisteochaidh mo chongnamh uait chum do leasa agus do
1141shlánuighthe, ar an sagart, ag teilgean a bhróga, a
1142stocuidhe agus a léine chuige, ag rádh:


1143
1144

Ag so dhuit, agus mo mhíle beannacht chum do shláinte.


1145
1146

Do ghlac an spiorad iad go fonnmhar agus adubhairt.


1147
1148

Mar is lón anma agus cuirp dhamh-sa so go madh
1149lón síorruidhe dhuit-si é.


1150
1151

Do imthigh an sagart annso a nós a Mhaighistir, Íosa
1152Críost, gan bhróig, gan bhútais, dá árus féin, do bhí
1153a dó nó trí do mhíltibh uaidh, tré chuisne agus tré
1154oidhre, ag innsin dá phubal go meinic ar éirigh dhó agus
1155cionnus do shábháil sé anam.


1156
1157

Acht dála Éamuinn: ar bhfagháil an gleus so go
1158hamhantrach éadálach do chuir uime iad, agus do ghluais
1159ba cuma leis cá hionad acht imtheacht ar a aghaidh, beul
1160a chinn roimhe, go ráinig teagh ionna bhfacuidh soillsi
1161agus ionna gcualuidh comhgháir iongantach neamh-ghnáthach.
1162Do rinne go díreach ar an tsolus agus do fhiafruigh
1163do aon bhí san dorus 'na sheasamh cia ar leis an áit
1164sin, nó cia bhí 'na chomhnuidhe san toigh, nó cad é fáth
1165nó siocair an gháire do chualuidh. Do fhreagair an
1166t-óglach dhó agus adubhairt gurab í Maighistreas Púr
1167bean an toighe sin, agus gurab é fáth agus siocair
1168gáire an toighe .i. triúr robuiridhe do chloinn Éamuinn
1169Uí Chléire, gibé duine é, do éag go hobann ann, agus
1170is é is anmanna dóibh Misge Chiallgan, inghean
1171Éamuinn, Gnáthól mhac Éamuinn, agus Sgab a bhFuair,


L. 28


1172

mac Éamuinn. Do eug an inghean don tinneas dá
1173ngoirthear íota, do eug Sgab a bhFuair don tinneas
1174dá ngoirthear pláigh na nGaodhal nó an luime, agus
1175do éag Gnathól don chinnmhire.


1176
1177

Ó, mo mhíle mallacht leo-san uaidh, ar Éamonn, is
1178iad do chuir san riocht sa misi ionna bhfaiceann tú
1179mé. Chaith mé ar thacair mo chosa agus mo lámha riamh
1180ag iarraidh iad-san do chothughadh, agus ní feairrde
1181iad-san é, agus do chuir siad an donus orm-sa. Ní
1182cóir a gcur i roilig choisriogtha ar bioth, acht a losgadh
1183agus a luaithre do theilgean re gaoth na gcnoc, agus
1184fágaim féin mo sheacht mallacht acu ag imtheacht dhamh.


1185
1186

Mo choinsias, ar an t-óglách, má imthigheann tú mar
1187sin is tú athair is mí-nádúrdha dá bhfaca dearca daonna
1188ariamh.


1189
1190

Ar ndomhnach, maiseadh, imtheochad, ar Éamonn, ní
1191ba fíor dhó, óir do ghluais as an ionad go prap, agus
1192níor chuir bas teath nó fhuar ó shoin i leith orra, acht
1193ag gluasacht roimhe, ba cuma leis cá hionad a
1194dtreórochadh an cheinneamhuin é, ag iarraidh Sheáin
1195Uí Dhéaghshaircín ó dhorus go dorus, gi nach bhfuair amach
1196é go ndeachuidh go baile ionn nach bhfacuidh acht beagán
1197toighthe ar n-a dtimchiolladh do ghortuibh móra cruithneachta,
1198pise, pónaire agus eorna. Do thárla duine
1199san mbealach air dár fhiafruigh cia bhí na chomhnuidhe san
1200mbaile sin.


1201
1202

Ní cuma sin, ar an duine, Maighistir Farmor bhíos
1203ann.


1204
1205

Mo thruagh, maiseadh, an eoluch dhuit-se duine bocht
1206dá ngoirthear Seán Ó Déighsheircín? ar Éamonn.


1207
1208

Is eol cheana, óir bhí mé seal ag siubhal leis, ar an
1209t-óglach, agus is deimhin liom go bhfuil 'na stábla, a
1210sgibeol nó i n-ionad éigin dá mbeanann leis an
1211dúnuidh so.


1212
1213

Chuaidh Éamonn iarso go dún an díolúnuigh romhráidhte,
1214agus do chonnairc sean-duine taobh astoigh
1215don ursain agus a bhearad ionna láimh agus tiach ar
1216a thaobh aige, dár fhiafruigh ar bhfios dó an raibh Seán
1217siubhlach Ó Déighsheircín san toigh sin?
1218


L. 29


1219

Atá, ar eisean, créad é do ghnathuidhe leis?


1220
1221

Ní ar tí aoinní do thabhairt dhó acht do-chum neithe
1222do fhagháil uaidh atá mé aga iarraidh, ar Éamonn.


1223
1224

Maiseadh, nár castar choidhche chugad é uaidh-san,
1225agus gan aige féin acht an déighsheirce, ol an t-óglách.


1226
1227

Is olc adeir tú sin, ar Éamonn, agus gurab cóir
1228an déighsheirc féin do roinn.


1229
1230

Is fíor sin, ar eisean, acht ní le bramaire lán do
1231chosa agus do lámha mar thusa is cóir a roinn, agus
1232fós re duine (féadfuidh) do chuir ar shaothruigh agus ar
1233thacair sé go díomhaoineach droch-bheartach.


1234
1235

Ní iarrfadh an t-athair an mac san mbacús muna
1236mbiadh féin roimhe ann, ar Éamonn.


1237
1238

Ní hamhras liom nó gur duine do chaith a sholáthar le
1239baos agus le saoibh-chéill thú, nó nach dtiubhrthá baramhuil
1240don tsórt sin do dhuine eile.


1241
1242

Cibé ar bith mé ní féidir le do shamhuil si caimrian
1243ar bith do ghabháil nach bhfaicthear dhamh é. Acht ar a shon
1244soin cad is mian leat do fhagháil uaim? ar eisean.


1245
1246

Ba mian liom congnamh comhairle do fhagháil uait-se,
1247ar Éamonn.


1248
1249

Do bhéara mé ní nach é sin féin dhuit, ar eisean,
1250cuirfidh mé mo dhearbhráthair féin do dhéanamh treora
1251dhuit ar feadh tamaill, agus is é is ainm do Luigh
1252Asteach, agus bí go maith leis, agus muna mbiaidh
1253tusa biaidh sé féin, óir is fear mór támhach é, gan
1254tadamh chás aige ionna náire nó i spailleadh dá
1255dtiubhrthar dó. Gluais anois an uair is toil leat, óir
1256níl ní sa mhó agam-sa dhuit, acht ná himthigh go dtiubhra
1257bean a toighe a beannacht dhuit. Creidim go bhfuil
1258ocras ort.


1259
1260

Atá, ar Éamonn, agus ní hiongnadh dhamh é, óir
1261atá sé comh fada sin ó d'ith mé aoin-ghrim nach cuimhneach
1262liom aoin-ghrim do ithe ar chor ar bioth.


1263
1264

Maiseadh, ar Seán, do bhí an t-ionad sa seal agus
1265ba forus biadh agus deoch do fhagháil ann: is é sin an
1266tan do mhair Searataoi, an tsean-bhean, acht atá a
1267hinghean anois, Seartaoi Bheag, os cionn an toighe,


L. 30


1268

agus ní bhiaidh sí choidhche comh maith re n-a máthair nó
1269leath comh maith fós, ar son gurab di is fusa maith do
1270dhéanamh, óir is í is saidhbhre go fada, fada. Gidheadh
1271da madh léithe an saoghul uile ní bhiadh sí fial nó
1272farsuin, creabhdog fhuathmhar ghránna nach dtógann a
1273gob ón teine agus is fuaire i lár an tsamhraidh í nó
1274an chuisne i lár an gheimhridh. Ar a shon soin féach
1275léithe é.


1276
1277

Do chuaidh Éamonn asteach agus do bheannuigh go
1278hárd toranta agus níor freagradh an beannchadh, acht
1279do thóig sisi (croidhe cráidhte) a cionn agus tug
1280stuirr-fhéachuin thairste ar a gualuinn, agus do chrom
1281annsin go prap arís, agus tar éis a cúig nó sé do
1282chreaduibh do éirigh go haimhleisg 'na seasamh agus do
1283thug annsin raoid beag aráin agus annluisge chuige,
1284acht níor fhéach air. Do ith Éamonn go geanach an
1285mhéid do fuair, agus do ba furas dó é óir is gann
1286an síneadh láimhe tugadh dhó, agus adubhairt:


1287
1288

Leabhar so, a bhean a toighe, is cóir do rinne tú
1289gan napaicín nó éadach cláir do thabhairt dhúinn chum
1290ár lámh nó chum ar mbéil do ghlanadh tar éis bídh, óir
1291ní thug tú smeara ár bpuisíní dhúinn de.


1292
1293

Má bheirim an urad úd do gach aon do do shórt-sa
1294dá dtiuca dá iarraidh orm is gairid a mhairfeas ár
1295n-agart nó ár n-airghe leis, agus dá dtugainn gach a
1296bhfuil agam dhuit is é sin a bhuidheachas, ar an bhean,
1297agus bí ag imtheacht le do ghráthuibh.


1298
1299

Ná bíodh eagla ort, ar Éamonn, dá chruaidhe a rachas
1300sé orm ní fhuireochaidh mé agad-sa.


1301
1302

Annsin do imthigh is níor fháig beannacht i n-ionad a
1303dhéighsheirce, agus níor stad go ndeachuidh asteach i
1304dteagh do bhí ar bhruach coille roimhe san mbealach,
1305agus ní fhuair ann don díne dhaonna acht aon bhuachuill
1306amháin dar fhiafruigh cia raibh bean a toighe.


1307
1308

Do fhreagair an buachuill dó i mBéarla (is cosmhuil
1309go raibh glas Béarla air), ag rádh:


1310
1311

The house is not married to any woman.


1312
1313

To any woman, arú, ar Éamonn.


1314
1315

Yes, ar eisean.
1316


L. 31


1317

But where is the woman that uses to be in the
1318house? ar Éamonn.


1319
1320

She is go 'pon market, ar an fear beag.


1321
1322

What market? ar Éamonn.


1323
1324

The market of Newford, ar eisean.


1325
1326

Arú what market is that? ar Éamonn.


1327
1328

The market Nuadh-Átha in Irish, ar eisean.


1329
1330

What business had she there? ar Éamonn.


1331
1332

To buy trout going, ar eisean.


1333
1334

What is that? ar Éamonn.


1335
1336

'Tis breacán in Irish.


1337
1338

Arú how is it breacán, ar Éamonn.


1339
1340

Breac is trout and fadhan is going, ar an fear beag.


1341
1342

Indeed so it is, ar Éamonn. Where is the man of
1343the house, or what is his name? ar Éamonn.


1344
1345

Every man that is not on the house is off, ar eisean.


1346
1347

And the man of the house, what is his name? ar
1348Éamonn.


1349
1350

It is yourself should have knowledge upon that,
1351ar eisean, for you are the man in the house.


1352
1353

But who is the husband of the woman that uses to
1354be in the house? ar Éamonn.


1355
1356

Mandark from two swan, ar eisean.


1357
1358

Arú, ar Éamonn, what is it in Irish?


1359
1360

Feardorcha Ó Dála, ar eisean.


1361
1362

Don diabhal breug agad, ar Éamonn, and is he your
1363father? ar Éamonn.


1364
1365

I have no knowledge upon that, ar eisean, but 'tis
1366knowledge with me that he is married to my mother.


1367
1368

Ar láimh Chruim, ar Éamonn, is fíor dhuit sin, óir
1369is críonna an leanbh a bhfuil fios a athar aige. But
1370where is the man you have instead of a father gone?


1371
1372

By my soul he go to kill man for money, ar eisean.


1373
1374

Praisghé, ar Éamonn, is conntabhartach an áit si
1375ionnar chas mé. Arú, where is he gone you say?


1376
1377

To kill man for money, ar an fear beag.


1378
1379

Ní mór gur sgar an focul re n-a bhéal faoi an am
1380a bhfacuidh sé fear mór seiricthe buidhe ag teacht chum


L. 32


1381

an doruis agus sgian lán fola ionna láimh aige agus
1382a lámha fós lán fola agus sraobhán fola go mór ar a
1383éadan, agus é tar éis a theacht ó fhionnadh mairt le
1384n-a charas Críost. Do bhí an t-óglach cam-shúileach fós
1385agus níor lughaide an t-uathbhás é. Do chuir an
1386t-amharc so agus mar adubhairt an buachaill beag
1387his father went to kill man for money, a leithid sin
1388do uamhuin agus do chrith-eagla i gcroidhe Éamuinn
1389gur shaoil gan amhras gurab ó mharbhadh duine éigin
1390do tháinig an fear mór, ní do thug air gur fhuagair
1391murdar! murdar! go hárd, agus gur roith 'na bhuinne
1392amach agus an fear eile ag cromadh asteach san
1393dorus, i modh gur theilg Éamonn, ar a dhul amach dó,
1394an fear eile ar a tharr i n-áirde agus do shaoil nár
1395dhíon coill nó currach dhó. An fear eile, an tráth do
1396éirigh go prap prímh-éasguidh 'na sheasamh, ag fiafruighe:


1397
1398

Cad é an diabhal úd?


1399
1400

Annsin ag tógáil trí nó ceathair do chlocha móra
1401garbha i mbeinn a bhruit, do lean Éamonn le hinntinn
1402dá madh fhéidir leis é críoch a chur ar a shaoghul. Acht
1403ní rug air i n-árd nó i bhfána go ráinig an choill,
1404ionna ndeachuidh amugha ar a thóruidheacht. Acht an
1405tan a dfháig an choill do thárla fear mór dhó san
1406chonair agus croiceann mairt ar a mhuin leis, agus
1407do fhiafruigh de créad é fáth a dheithnis nó an luas
1408anála do bhí ann. Do aithris Éamonn dó ó úd go finit
1409mar do chualamar cheana focal ar fhocal, comh sothuigsi
1410sin gur thuig an t-óglách créad ba siocair dámhna dhó,
1411agus dá mhéad do chuir báthadh na haon bhó (a raibh a
1412croiceann ar a mhuin) air, níor fhéad gan a bheith ag
1413réabadh a chroidhe ag gáire faoi shimplidheacht an duine.


1414
1415

An ag mogadh chugam-sa atá tú? ar Éamonn.


1416
1417

Is eadh go deimhin, ar eisean, agus ní hiongnadh dhamh
1418é agus biaidh tú féin ag magadh fút féin an uair a
1419thuigfir cionnus a d'éirigh dhuit. Caras Críost dhamh-sa
1420an fear sin ar a bhfuil tú ag caint, agus is é fuil
1421na bó ar a raibh an croiceann si an fhuil do bhí ar a
1422sgíon agus ar lámha an Killman sin do bhí an


L. 33


1423

gearrabhodach innsin dhuit. Cill Mhana, an baile ionna
1424mbím-si é, ar sé. An bodach gearr mac mo cháirdios,
1425atá glas Béarla air; níl acht le mí ar scoil.


1426
1427

Ar fia, ar Éamonn, níor chuir aon duine riamh a
1428leithide do phongc diospóireacht orm-sa as do chuir sé
1429orm, agus ar a shon sin tabhair mo bheannacht dóibh an
1430uair chífeas tú iad, castar na daoine ar a chéile agus
1431ní castar na cnuic. Féadfuidh go bhfaicinn-si iad fós.


1432
1433

Do chuireadar beannacht re chéile, an t-óglách ag
1434síor-gháire, gidheadh ba deacair gáire bhuain as Éamonn.


1435
1436

Do shiubhail má ba fada nó gearr an lá agus le
1437tuitim na hoidhche do ráinig gráig-bhaile mhór ionna
1438raibh mórán toighthe agus stácuidhe arbha ar chúl gach
1439toighe dhíobh. Do iarr Éamonn fosgladh ag an gcéad
1440toigh do ráinig chuige, acht do fuair éara. Do fhiosruigh
1441cá hainm do bhí ar fhear an toighe.


1442
1443

Do Mhuinntir Dhoithfiolluigh, ar an fear astoigh, é
1444féin agus a bhean agus a chlann agus a mhuinntir.


1445
1446

Mas eadh dithfioll ag Dia roimhe ibh-se, ar Éamonn.


1447
1448

Do chuaidh do chorp feirge i mullach a toighe agus do
1449chaith steáll (d'uisge salach) síos ar mhnaoi an toighe ionna
1450méis mustaird do bhí sí a bhrughadh, ní do bhean gite
1451comh mór sin aiste gur thuit an mhias agus an mustard
1452uile ionnsa teine. Do thuirling, agus do fuair an
1453freagradh céadna ag an gcéad dorus eile chum a
1454ndeachuidh sé, agus ó nach raibh díoghaltas dá atharrach
1455aige re déanamh orra do smearuigh sluasad agus spád a
1456dfháig fear a toighe le dearmod don taobh amuigh don
1457dorus. Do ghluais roimhe dá éise so go toigh eile,
1458agus do chonnairc bean an toighe é (agus pál uisge
1459ar a cionn) ag díorughadh ar an teagh. Do leag an pál
1460di agus do roith i luas a cos asteach agus do dhúin
1461an dorus amach na aghaidh, agus é ag déanamh a dhichioll
1462ar a bheith astoigh comh doigh lé isi. Acht an uair do
1463chonnairc gur choinge amuigh é do bhean an tóin as an
1464bpál, agus do chuaidh go dorus eile agus fuair diúltadh
1465mar an gcéadna. Do chonnaircsan mar an gcéadna
1466sealbh mhór mhuc ar an tsráid agus ar bhfosgladh


L. 34


1467

doruis an gháirdín do bhean leis an toigh dhó do thomáin
1468asteach ann iad. Acht cad ba háill liom dá chur i
1469liostacht, níor fháig dorus san mbaile ar fad nár
1470bhuail agus nár dhiúlt a leigean asteach agus nár imir
1471sé biarran éigin orra go ráinig an teagh is faide
1472amach san mbaile, ag a raibh a dhorus fosguilte, agus
1473fear a toighe na sheasamh san dorus. Do shíl Éamonn
1474a dhul asteach go ndubhairt fear an toighe:


1475
1476

Fóill, fóill, cá bhfuil tú a dul?


1477
1478

Ba mian liom a dhul asteach, ar Éamonn.


1479
1480

Is teann mar sin é, ar eisean, agus adubhairt:


1481
1482

Cia hé sin ad' chuideachta?


1483
1484

Is é is ainm dó Luigh Asteach, ar Éamonn.


1485
1486

Luigh Asteach féin? ar eisean.


1487
1488

Luighfead cheana, ó dubhairt fear a toighe liom é, ar
1489Éamonn, ag roith asteach agus ag suidhe ag an tine.


1490
1491

Tráth chonnairc cách nach raibh neart air chuadar chum
1492ciúnuis. Tar éis Éamonn a bheith tamall dá ghoradh
1493féin adubhairt:


1494
1495

Is dóigh liom gurab do Mhuinntir Dhoithfiolluigh a
1496bhfuil ar an mbaile si uile.


1497
1498

Is eadh go deimhin, ar fear a toighe, acht misi atá do
1499Mhuinntir Dhubhrúin.


1500
1501

Leabhar sa, ar Éamonn go socair, ní dona sloinne
1502acu.


1503
1504

Acht do ith Éamonn gacha bhfuair le n-a ithe agus do
1505luigh ar bheinnse bheag luachra do bhí le n-a thaobh, gi
1506nach bhfuair codladh ag méad a fhuachta agus ag iomad
1507a smuaintidhe. Comh luath agus do éirigh muinntir an
1508bhaile ar n-a mhárach agus do chualadar cár choduil an
1509tí do rinne gach biorrán orra dár dearnadh an oidhche
1510roimhe sin, do chuireadar fios ar bharántas agus ar
1511chonstabla agus do ghabhadar Éamonn agus é ag
1512cromadh amach san dorus. An uair do chonnairc
1513Éamonn sin do chorruigh é féin go miliota mear-chalma;
1514agus do aimhdheoin a gcumhachta agus neirt an iomláin
1515do sgaoil Éamonn as a lámha, acht do fháig an chuid
1516do bhí i dtaobh a chúil dá chadogha na dhiaidh. Do raith


L. 35


1517

sé annso na ghaisithe géara groid-mheara agus na
1518thulcuibh teanna treun-bhorba agus na bhuinnibh beodha
1519bioth-bhuana, go ndeachuidh fo choill dhlúth dhorcha chomh-aimhréidh
1520agus gur roith ar fud na coille céadna agus
1521iad-san ag táirim air ar feadh draighne agus dreiseacha
1522go ndearna fa dheoidh geoinneach giobuch srangánach,
1523gan éadach dhe, agus nár fháguidh folt no fionnadh nó
1524croiceann air gan bhrughadh gan bhriseadh gan mhór-strócadh,
1525agus iad-san roimhe na dhiaidh agus ar gach
1526taobh dhe, gur bhean dorchacht na hoidhche dhíobh é. Thug
1527uamhan agus mór-eagla air gur fhan san gcoill sin ar
1528feadh míosa (ag teacht i dtír ar sméara, mheasóg,
1529áirne agus gach meas fiadhain eile thagas ar choill) fa
1530ghleo agus fo dhoirbh-thuirse, ag mallughadh ló a gheine,
1531a mhná, agus ag guidheadóireacht agus ag eascaoine
1532air féin nár sheachuin na lochta ba cionntach le n-a
1533mhnaoi sgaramhuin leis, ag tabhairt móide agus móir-mhionna
1534agus ag cur Dhia na urradhas air, dá dtigeadh
1535sí abhaile aon uair amháin chuige gan áireamh ar a
1536ghníomh nach ndéanfadh uiread le bréithir dá laghad i
1537n-aghaidh a tola go bráth. Do shuidh annso ag gul,
1538caoidh agus ag gnáth-dhól agus do chonnairc sgian
1539bheag phóca ar an talamh re n-a thaobh. Do thóig í go
1540luathgháireach, ag rádh go madh sona an ní iarann do
1541fhagháil amuigh. Do tharruing leis an sgian bheig sin
1542ar chrann fuinnseoige na rainn bheaga so síos: -


1543
1544


1545Och monuar mo chor,
1546Truagh 's is bocht mo chaoi,
1547Seal do bhí mé beo
1548Ní dhearnas stór do ní.


1549
1550

Mé níor smuain ar aois
1551Go raibh sí mo chionn,
1552Go teacht dhi gan fhios,
1553'S mé gan chiste cruinn.
1554


L. 36


1555

Tá mé 'nois go lag,
1556Tá mo dhearca caoch,
1557Tá mo chorp gan sgéimh,
1558Tá mo ghéag gan bhrígh.


1559
1560

Mallacht ort a dheoch,
1561Truagh nar crochadh thú
1562Suil do chailleas threod
1563Dia, mo stór 's mo chlú.


1564
1565

Misi féin an fear
1566Thréig mo rath ar lionn,
1567'bhFuaras, sean is óg,
1568Shluig mo sgóig gach am.


1569
1570

Mallacht do gach aon
1571Chaitheas aois mar mé,
1572Tug mo rath ar bheóir,
1573Do rac mo stór ar scléip.


1574
1575

Do sgar crádhbha liom,
1576Beag mo shuim i nDia,
1577Aithrighe tré mo choir
1578Ní dhearna misi riamh.


1579
1580

Aifrionn buadhach binn
1581Bhíodh i gcionn don teagh,
1582'Sa gcionn eile ag ól
1583Bhidhinn-si, sgóig gan rath.


1584
1585

Dia agus fuil a Mhic
1586Minic sin 'mo bheul,
1587Ní mar adhradh dóibh
1588Acht re spóirt dham féin.
1589


L. 37


1590

'N ionad paidre caomh,
1591I dtoiseach bídh is suain,
1592Chleachtas sgéal is práisg,
1593Bréag gan áird is uaill.


1594
1595

Ba céad binne rann
1596Graosta cam gan stuaim
1597Nó trí chaogad psalm
1598'N éisteacht fann mo chluas.


1599
1600

d'imthigh uaim mo chiall,
1601Deir an chliar gur cóir
1602Mise dhul gan sgíth
1603I n-éadach lín don Róimh.


1604
1605

Och, och, och, och, ón
1606M'ádhbhar bróin mar táim,
1607Caoch, lag, aosta, crón,
1608'S mé gan stór um láimh.


1609
1610

Dia dá dtugadh dhamh
1611Teacht ar ais dom' mhnaoi,
1612Seal do bhiad-sa beo
1613'S beag an t-ól do ním.


1614
1615


1616Ar gcríochnadh dhó do thuit na throm-shuan codlata,
1617agus so Dia Domhnuigh, tráth is gnáth leis an bpubal
1618sgaoileadh ó Aifreann. Do chuaidh aon do bhuidhin
1619adhbhal (do bhí i gcuideachta 'chéile ag teacht ó Aifrionn
1620dá n-árus féin) i leath taobh asteach fon gcoill (do
1621bhuain mhaide), agus do hárla go ndeachuidh mar a raibh
1622an gheilt si na shuan os comhair na gréine, na
1623gheoinneach lom thárnochtuighthe, taobh le lipéad beag, a
1624dfháig na dreiseacha aige don léine fuair ón tsagart,
1625agá fholach. Má (bhuain an t-óglach an maide) ar aon


L. 38


1626

chor atá fhios agam nár fhan sé le (na géagáin a bhuain
1627de), agus má dfhan nár fhan le (aon ní eile) go ráinig
1628a chuideachta, dár aithris méad uathbhás an amhairc do
1629chonnairc. Dubhairt cuid díobh gurab é an tí do imir
1630na gámaoidh ar mhuinntir Dhoithfiolluigh agus gur cheart
1631a ghabháil, agus leis an inntinn sin do ghluaiseadar do
1632aoin-bheul agus do luigheadar shíos air agus do
1633cheangladar é. Tráth chonnairc Éamonn gur gabhadh
1634mar sin gan fhios é, do fhás uamhan agus critheagla
1635ar feadh a bhall feardha fíor-chalma, ag meas gurab iad
1636muintir Dhoithfiolluigh do tháinig air.


1637
1638

Do smuain annso ar bhailbhe bhréige a leigean air
1639féin, go m'fhéidir nach n-aithneodaois é. Do labhair
1640cuid díobh annso leis ag rádh:


1641
1642

Nach tusa an díolúnach a d'imir cleasuigheacht ar
1643mhuinntir Dhoithfiolluigh i mbaile na mBodach?


1644
1645

Do rugsan le n-a mhéar ar bharr a theangan, ag
1646déanamh comhartha go raibh balbh, ag tisbeánadh a
1647theangan dóibh, dubhairt:


1648
1649

Ang, ang, ang.


1650
1651

Ndomhnach ní hé so é, ar cuid díobh, óir is beacht an
1652t-urlabhara do bhí aige.


1653
1654

Mo bhriathar, ar cuid eile, creidim nach é. Is é is
1655déanta, ar iad, a bhreith a láthair an tsagairt atá ag
1656baisdeadh páiste i dtoigh mhic Uí Dhubhrúin.


1657
1658

Mo chonsias creidim gurab é, ar an t-iomlán.


1659
1660

Do éignídar leo annso é, agus an tan do chualuidh
1661Éamonn bocht iad ag rádh a thabhairt go toigh mhic
1662Uí Dhubhrúin, mar a raibh sár-eolus air, do bhí deimhnioch
1663go raibh ar lom-fhágáil, agus ní raibh neart air, fa
1664héigin dó gluasacht, agus an tan rugadh a láthair an
1665tsagairt é do léig é féin ar a ghlúinibh ionna fhiadhnuise
1666agus do chrom a chionn go huirísiol dó. Tráth chonnairc
1667an sagart so dubhairt a scaoileadh go bhfaicfidhe créad
1668do dhéanfadh, agus nár bh'amhrus leis gur bhang nó
1669geasa do bhí air. Comh doigh is do scaoileadh, do bhí
1670dá choisreagadh féin go teann, agus do shuidh ag an
1671tine tar éis an leanbh do bhaisteadh. Do shuidh an


L. 39


1672

sagart, agus tugadh leann agus uisge beatha anuas.
1673Tráth chonnairc Éamonn so do chraith druim a lámh ris
1674an tsagart ag rádh go hárd:


1675
1676

Bháth, bháth, bháth.


1677
1678

Agus annsin ag teilgean a dó nó trí do smugshoilibh
1679amach, do raith chum leabhair do chonnairc ar fhuinneoig
1680ós a chomhair, agus comh luath agus do fhosgail an
1681leabhar céadna do thug teóra póg dhó. Do fhiafruigh
1682an sagart do fhear a toighe cad é an leabhar sin do
1683casadh chuige, do chuir an urad sin luathgháire air.


1684
1685

Atá, ar fear a toighe, Trí Bior-ghaoithe an Bháis.


1686
1687

Nár innis mé dhuit, ar an sagart, gurab bang do
1688bhí air?


1689
1690

Do chuartuigh Éamonn an leabhar go bhfuair an áit
1691do bhí uaidh, agus do leag méar air don tsagart chum
1692go léigheadh sé é. Do léigh an sagart tagra mór i
1693n-aghaidh na pótuireacht agus a liacht olc agus mí-chomhgar
1694a ghreamuigheas di agus ar liacht díoghaltas saoghulta
1695féin a leanas í, agus gan áireamh ar na piantaibh
1696suthain le bpréachtar lucht a gnáthaighthe i n-ifrionn.


1697
1698

Ar mo choinsias, ar an sagart, is duine maith an
1699fear úd, agus ná cuiridh saobh-nós ar bith air, agus
1700tugaoi ní re n-ithe dhó.


1701
1702

Do tugadh agus do ith go madh sáthach roilíonta é,
1703agus an sagart da choimhdeacht. Tar éis na proinne
1704sin do ithe dhó agus buidheachas do thabhairt do Dhia, do
1705chorruigh a chorr-mhéar ar an mbórd i bhfiadhnuise an
1706tsagairt dá chur i n-umhail dó gur mhian leis ní éigin
1707do scríobhadh. Do thuig an sagart an comhartha agus
1708tug peann, duibh agus páipéar dó. Do shuidhsan ag
1709an mbord agus do scríobh mar so:


1710
1711

A Athair oirmhidnigh, mas fiú leat a léaghadh, scríobhfa
1712misi dhuit, an uair nach féidir liom a innsin le
1713briathruibh béil, sgeul iongantach uathbhásach. Do bhí
1714mé oidhche Shamhna so chuaidh hort agus mo phaidrín ar
1715mo mhéir agam go huaigneach ionnsa roilic i gCluan
1716Mhic Noisi, ag smuainiughadh go ndoilgheas adhbhal ar
1717iliomad mo locht, agus i meodhain mo stuidéara do


L. 40


1718

chonnairc mé corp ag tógáil a chinn as an bhfeart ba
1719neasa dhamh, agus dealbh ghaothach ghrianamhuil ós a
1720chionn, agus an corp céadna ag fás go méid
1721iongantuigh, agus do réir mar do mhéaduigh an corp
1722do mhéaduigh an deallradh mar an gcéadna. Do líon
1723mo aigne lán do iongantas agus do uathbhás agus, ní
1724hamhras duit, mo chroidhe agus mo chéadfa uile lán
1725do uamhan agus do imeagla, agus do theilg mé mé
1726féin ar m'éadan chum lár agus lán-talmhan, gi go
1727dtug an deallradh do chonnairc mé meisneach agus
1728méad mheanma dhamh, ag smuaineadh nach biadh deallradh
1729nó glé shoillsi dá shamhuil sin ag faire ar dhroch-spiorad.
1730Acht níor chian san mearbhall sin mé an tan do labhair
1731an taidhbhsi céadna agus adubhairt:


1732
1733

Éirigh, déan meisneach, thug aithrighe caon-dúthrachtach
1734na hoidhche nocht fadughadh saoghuil dhuit nár thuill do
1735mhí-ghníomha dhuit, acht caithfidh tú duadha saoghulta do
1736fhulang ar feadh dtréimsi go ndéanuidh tréaduidhe
1737éigin culaidh dhuit, do bhras-lomradh a thréada. Uime
1738sin, teilg dhíot h'éadach agus imthigh 'do gheoinneach
1739bhalbh go dtí sin. Agus atáim amhluidh ó shoin anall
1740agus mo mhíle creach biad amhluidh go fuinn mo bheatha,
1741óir is do-fhaghála an ní adubhairt. Agus do imthigh as
1742mo amharc annsin i bhfíoghair choilim. Do ghlac mo
1743éadach féin teine gan duine daonna ar bith a bheant
1744ris. Ag sin dhuit, a Athair oirmhidnigh, siocair mo
1745noichteacht, mo bhailbhe agus m'fhiadhántacht féin.


1746
1747

Thug annso an chairt le léaghadh don tsagart, is do
1748léigh an sagart an chairt romhráidhte go fír-mhinic agus
1749do mhion-sgrúd gach briathar fo leith di go fad-stuidéarach.
1750Annso adubhairt gur thuig diamharún na
1751mbriathar ndorcha sin do bhí san scríbhinn, agus
1752adubhairt leis an ngeoinneach meisneach do dhéanamh
1753agus go scaoilfeadh féin a gheasa. Do thógsan a dhá
1754láimh suas agus adubhairt:


1755
1756

Mhá, mhá, mhá.


1757
1758

Do rug an sagart leis abhaile dá thoigh féin é, agus
1759do bhí go maith leis gus an Domhnach da gcionn.


L. 41


1760

Ionnsin do rug leis go pubal an Domhnuigh é, agus
1761do léigh an chairt romhráidhte agus do mhínigh an
1762diamharún do bhí innte .i. éadach a dhéanamh, mar
1763dubhradh cheana, gur bh'é féin an tréaduidhe agus gur
1764bh'iad an comh-chruinniughadh an tréad, gurab é an
1765lomradh gach toice agus gach saidhbhrios dá raibh ag an
1766choimhthionól chríostamhuil, agus gurab é an bras lomradh
1767ar a dtráchtann an scríbhinn an t-airgead brais nó
1768umha do bhí ag an tréad .i. an pubal.


1769
1770

Do mhínigh mar an gcéadna an bhang do neasg an
1771spiorad ar an ngeoinneach bocht bhí ós a gcomhair, agus
1772cionnas a coimhlíonfuidhe agus do scaoilfidhe gach
1773geis dár cuireadh air, is é sin gach aon do réir a
1774acfuinne do airgead brais do leigean amach ar éadach
1775dhó agus go dtiucfadh a chaint chuige. Do rinneadh
1776so go fonnmhar, agus go héaduigheadh é go clúthmhar
1777seasgair ó bhonn go baithis. I ndiaidh a bheith úmuighthe
1778seasgair mar sin dó do léig é féin ar a ghlúinibh,
1779ag tabhairt scaoi do-áireamh do bheannachtuibh dúthrachtacha
1780dhóibh uile, agus go mór-mhór don tsagart
1781agus adubhairt:


1782
1783

A dhaoinibh uaisle, ar sé, níl sé ceaduightheach
1784agam-sa ní sa mhó do chaint do dhéanamh go filleadh ó
1785Loch Dearg dhamh.


1786
1787

Annsin do chraith lámh leis an tsagart agus do imthigh
1788gan mhoill go Loch Dearg, agus do thug a thuras go
1789cráidhbheach caon-dúthrachtach, san riocht sin gur shaoil
1790na huile dá bhfacuidh é go raibh cosamhlacht air go
1791naomhthaoi é.


1792
1793

Fágamaoid mar so é trí mhí, ó chill go tuath ag
1794líonadh fuinn fódbhán Fódla do thásg agus dá theastus
1795agus do mhór-chlú a throisgthe, a thréithe agus a
1796thréidheanais, san modh go dtáinic i n-éisteacht an
1797draoi Aodhagán Feartach, ní do thaitin go mór leis
1798agus comh mór sin go ndubhairt:


1799
1800

Ó chím gur atharuigh sé a bhéasa agus go bhfuil ar
1801tí a bheatha do leasughadh, bhéara mé mo chongnamh dó
1802chum a mhná a fhuasgladh agus do chum a gcur a mbeith


L. 42


1803

fuileamhnach chum a mbeatha do thabhairt i dtír go
1804neamh-thoileamhnach le lucht táir agus fuatha, agus leis
1805an inntinn sin do chuaidh go huamha uaigneach faoi
1806thalamh a stuidéir. Is annsin do chuir a chochall
1807buadhach dorcha dealbhtha draoidheachta agus dolpha
1808uime' chionn fiosach foghlumtha follusta fír-eolach agus
1809do ghlac iar sin a shlaitín bláth-bhán coimh-reamhar
1810coimh-réidh, lér ghnáthuigh a ghaois a gheasa a dhanainn
1811agus a ghliocas a dhealbhadh a shocrughadh agus a
1812shuidhiughadh, agus do bhean fáinne fairsing fíor-chruinn
1813léithe 'na thimchioll féin. Annso do thug teóra póg
1814ar a ghlúinibh dá shean-mháthair .i. talamh. Annsin do
1815cham sé a bheul agus do fhiaruigh sé a shúile ionna
1816chionn agus do chuir guin agus roinne fíoch agus feirge
1817ar a dhreich dheallruidh agus ar a gheal-ghnúis agus do
1818rinn é féin ar chuma uachuide do oibreochadh spaspas,
1819uamhan agus crith-eagla i gcroidhe an tí is dána agus
1820is meisneamhla do dhúluibh daonna an domhuin dá
1821bhfaicfeadh san riocht sin é. Do fhéach annso ionn sna
1822ceithre hárduibh gacha taobh dhe .i. soir agus siar, ó
1823dheas agus ó thuadh, do ionntuigh ma gcuairt fa thrí
1824agus do chuir teora glaodh feardha fuaimeamhuil fad-chlusach
1825as, do chualathas ag gach coirneál don chruinne
1826chathfuidh cheathar-rannuigh, agus do shéid punainn ionna
1827stoc sgairteach sgal-árd agus adubhairt an orrtha
1828romhuinn:


1829
1830

Ipse non alius per virtutem cantationis Medicae dico,
1831mando et impero ut huc nunc ad me veniant Reginae
1832Rathcruachan Síthúna Sítháine atque Cnocaiste cum suis
1833sequasibus et hoc sine mora, non cito, sed citissime
1834faciant amulo amili a molo t-ámén, go dúthrachtach
1835diadhanta. Annso do shinn a bhuabhall fuaimneach agus
1836leis sin féin do tháinig trost, torann agus tormán
1837do chorruigh agus do chuir na dúileibh agus na
1838hárd-ranna ar coimhchreathadh. Is annso táinig na
1839ríoghanuibh romhráidhte agus ceithre lóchruinn lasta
1840lán-shoillseacha (ionn a lámha míne maiseacha méirleabhra)
1841riu. Táinig ann mar an gcéadna Dis,


L. 43


1842

Cerberus, Abiron, Megéara, Nemessis, Cloto,
1843Lachesis agus Atropos agus an chuid eile do dhuibh-
1844threabhlach Ghehena rompa agus droma mór-fhuaimneach
1845ag gach aon díobh dá chruaidh-ghreadadh, i modh go raibh
1846na huile cinnte dhe gurab é luan an laoi bhrátha do
1847thárla ann. Do labhradar na ríoghanuibh romhráidhte
1848leis an draoi go bhfeirg mhóir agus go mothughadh adhbhal
1849ag fiafruighe go géirneimhneach créad í fáth na garma
1850sin do chuir orra.


1851
1852

Atá, ar sé, ag tógáil a chinn, pradhainn gan
1853chompráid agam ribh, is é sin, file fír-ghéar faobhrach
1854darab ainm Éamonn Ó Cléire do hoileadh agus do
1855hailtreadh go muirneach ris na Miúsuibh ar Chnoc aoibhinn
1856Helicon i mullach Shléibhe Parnasus do bhronn gach ar
1857thacair ariamh ag toileamhuin clú dó féin do Bhacus
1858agus do na Miúsuibh; anois aosta anbhfann, 'na dhíol
1859truaighe ó do sgar a bhean mhaith ris .i. Iomchuibheacht,
1860inghean Fhortúin. Ba mian liom re toil bhur mórdhacht-sa
1861sibh do fhuasgladh na mná céadna dhó ón mbruid ionna
1862bhfuil, agus gach aon díbh do thabhairt tabhartas fo leith
1863dhóibh, agus an chéad uair ceithre buidéil, is é sin
1864buidéal an bhean aguibh, do uisge an tobair bheannuighthe
1865Crisorius atá san Arcadia do thabhairt re n-ibhe dhó.


1866
1867

Cóimhlíonfaimíd h'aithne, ar iad-san, do aon toil,
1868agus créad is riachtanas dhúinn uile dhol i gcuinne an
1869uisge sin?


1870
1871

Cuma liom, ar Aodhagán, acht go bhfuighe seisean
1872le n-a ól é.


1873
1874

Do bhí Proserpina, bainríoghan ifrinn, a láthair agus
1875adubhairt gi nár bh'é a gnathuidhe féin é go gcuirfeadh
1876aon dá cuideachta féin na gcuinne. Do thugadar
1877uile buidheachas di. Annso chuir aithne ar Cherberus a
1878thabhairt leis é.


1879
1880

Ní easumhlacht, ar Cerberus, do bhéaradh orm gan
1881do thoil do choimhlíonadh acht easbhuidh lúdh, óir níl
1882siubhal nó astar ionn mo luidnibh ón mbrúghadh do
1883thug Hercules ar mo cheathramhna an lá do mharbh mé


L. 44


1884

Piriteus, a chompánach, i n-ifreann agus sin ar do
1885shon-sa, mas cuimhneach leat é?


1886
1887

Is cuimhneach go deimhin, ar isi. Siubhail thusa annsa
1888turas úd, Abiron, ar sí.


1889
1890

Ní rachad, don diabhal coiscéim, ar Abiron.


1891
1892

Amhgar ort, ar isi, is tré h'easumhlacht don
1893mhaighistir mhaith do bhí agad do dhíbir uaidh go hifrionn
1894thú, agus bhéara misi air h'easumhlacht (i n-áit aduain)
1895dam a chúitiughadh.


1896
1897

Don diabhal beann (biorráin) agam-sa ort, ar eision,
1898ní féidir libh misi dhéanamh ní os measa nó níos dona
1899nó atá mé.


1900
1901

Coimhnigh féin ar a bhfuil tú ag rádh, ar isi. Siubhail
1902annsúd a Dhis, ar sí.


1903
1904

Ní rachad, ar eisean, agus is iongantach liom go
1905bhfuair tú ionnad féin a leithide a luadh liom, agus
1906má tá tusa 'do ríoghan atá misi 'mo phrionnsa.


1907
1908

Siubhail thusa annsúd a Chlóto, ar sí.


1909
1910

Ní rachad, ar Clóto, is leor liom a bhfuaras do
1911dhochar ag cíoradh agus ag ciamáil na holla dá
1912ndearna mo dheirbhshiúr Laichesis snáithe a bheatha.


1913
1914

Tiaigh Iachesis féin ann, ar sí.


1915
1916

Ní rachad, ar Lachesis, agus saoilim go bhfuilim ag
1917déanamh go leor i n-aisge dhó, isé sin, ag tarruing
1918agus ag casadh snáithe a bheatha ó ló a thuismidh go so,
1919is gan fhios agam créad é an fáth.


1920
1921

Siubhail annsúd a Atropos, ar isi.


1922
1923

Ní rachad, ar Atropos.


1924
1925

Caithfidh tú dhul ann, ar isi.


1926
1927

Go loisgthear mé má théighim, ar Atropos, muna
1928ngearra mé snáithe a bheatha, a shláinte agus a shaoghuil.


1929
1930

Cosmhuil, ar si, gurab fearr dhúinn leigean dhuit,
1931ar isi. Siubhail annsúd a Nemesis agus gluais go
1932tapa fós, adeirim riot.


1933
1934

Both, both, ar Nemesis, is dóigh liom gur bagar é.
1935Mo chrochadh go bhfágha mé má théighim-si annsin, muna
1936ngabha mé do mheadóig ann san chéad áit a dteangmhuigh
1937sé orm, i ndíoghaltas mo thrioblóide.
1938


L. 45


1939

Ó, is fíor dhuit, sí sin do cheird, ar issi, agus do
1940ealadha, óir is tú féin beandhia an díoghaltais. A
1941Mhegera, an racha tusa annsúd?


1942
1943

Ní rachad, ar Megera, níl mé comh maith sin dhó féin
1944nó do dhuine ar bith eile is a dhul an fad soin ar
1945mhaithe leis.


1946
1947

A mhéirdreach dhána, ar isi, dar céird mailís,
1948fuath, feall agus urchóid, is díreach thig tú lead ainm
1949crosta, coiripe, coinneallbháite .i. díbhfeirg. Cionnus
1950a léigeas an dánacht dhuit a leithide do fhreagra do
1951thabhairt orm?


1952
1953

Ar Megera, dá freagradh: Ná goir méirdreach
1954dhíom-sa; is córa a ghairm dhíot féin é, ós tú an
1955malluightheoir do bhí pósta ar Orpheus agus do bhí san
1956am gcéadna 'do mhnaoi ag Plúto agus do fhan i
1957gcomhnuidhe san sglábhuigheacht céadna aige, agus níl
1958acht nós an choiligh gaoithe ionnad.


1959
1960

Cuma é, cuma é, a bhean uasal, ar issi.


1961
1962

Ndomhnach is cuma agus is ró-chuma, ar Megera.


1963
1964

Well, well, ar issi, nár ba slán na slinnéin íocfas
1965na cainteanna sin, agus creidim gurab é an freagradh
1966céadna nó freagradh comh dona a gheabhus mé ón
1967iomlán aguibh.


1968
1969

Ná déan amhras de, ar iad-san, do aon-ghuth.


1970
1971

An uair do chonnairc sí méad a mí-mhúinteacht do
1972chuir fídeog do bhí aice ionna beul agus do bhuail port
1973roingce uirre, do bhí comh géar comh árd agus sin go
1974gcualathas ar feadh na cruinne agus níos faide é.
1975Do tháinig annso giúrnáil throstamhuil agus girle
1976guairle gaoithe do rug 'na gcaoruibh lasracha tréas
1977na firmhemintibh iad, ag fágáil ceithre mbuidéil do
1978uisge an tobuir romhráidhte ionna bhfiadhnuise acu, chum
1979iongantais Aodhagáin agus na mbainríoghan. Tráth
1980chonnairc Aodhagán gach ar thárla dubhairt:


1981
1982

Beannacht libh, a mhná uaisle, bígidh ag imtheacht
1983feasta, a coimhlíonadh gach ar haisgeadh oruibh.


1984
1985

Do dhúin a leabhar annso, ionna raibh gach orrtha
1986agus gach oráid le a ndealbhadh a dholpha, agus comh


L. 46


1987

luath agus do dúnadh é do neamh-fhaicsigheadh iad agus
1988do imthigh gan dubh gan dath.


1989
1990

Fágamaoid ar bhealach tré gach anach ar mhian leo
1991féin a ghabháil iad, agus mas mithid dhúinn é casamaoid
1992ar Éamonn. Do fhan ar Loch Dearg trí mhí comh
1993cráidhbheach sin gur sháruigh an uile a fhoillsiughadh. An
1994uair fa mhithid leis an t-ionad cráidhbheach deagh-shomplach
1995so ionna raibh do fhágáil do fháig beannacht ag cách
1996agus do bhí beannacht ó na huile leis. Do ghluais i
1997n-aithghiorra gach conair ag triall ar ais don ionad
1998ar threoruigh a aigne é. Do bhí anois, ní hionann agus
1999ariamh roimhe, aire aige air féin, aga chongbháil go
2000dathamhuil agus do cheartuigh é féin go cruinn cliste
2001púdarrtha bláith beárrtha beitir, ionna chuluidh chóirighthe
2002déanta, mar dubhradh roimhe, do bhras-lomra.


2003
2004

Lá n-aon dá raibh ag gabháil tré dhíthribh allta
2005uaigneacha na contae i dtárla, do chonnairc an bhuidhin
2006bhan ba bhreagha dá bhfacuidh dearca daonna ón
2007chruthughadh gus an lá sin, ag déanamh go díreach ar an
2008gcuid don mhoigh ionna raibh. Do bhí ceathrar eatorrtha
2009go ndeallradh n-iongantach agus ceithre coróna áluinn
2010aithleaghta uime a gcinn flaitheamhla fionn-fholtacha,
2011agus céad maighre maiseach mín-dealbhach i sról
2012shnuighte shnas-bhán ag faire, ag coimhéad agus ag
2013coimhdeacht gach aon do na ríoghanuibh Fauni, Siorruidi,
2014Naiades, Cnoicsith gealtáin agus Collaithidh ag
2015clasuigheacht agus ag comh-roingce riompa na ndiaidh
2016agus ar gach taobh dhíobh; bean i méad mheadhonuigh idir
2017na ríoghanuibh roigheamhla-sa agus brat go n-imlibh n-óir
2018ar a haghaidh, ag folach a deagh-ghnúise, agus na
2019ríoghana agus na huile eile i gcaidreamh i gcaoineas
2020agus i gcombáidh ria. Do fháig an t-amharc iongantach
2021an-annamh so Éamonn gan bhrígh, gan bhéim, gan
2022spiodal, gan chorrughadh i mball dá bhalluibh, gur sheas
2023agus gur thocht an ghasruidh nuaidh-gheal niamh-chrothach so
2024ar feadh dtréimsi annsin, go ndubhradar do ghuth
2025ghenearálta mar do thiucfadh as aon bheul go madh
2026dualgas fír-cheart dleachtach cochorum toiseach faire


L. 47


2027

agus friotail a thabhairt do ríoghan réagáileach Ratha
2028Cruachan.


2029
2030

Do thochtadar an ath-uair annso agus adubhairt sisi
2031annsin (ag cromadh i gcomharthacht buidheachais dóibhsean):


2032
2033

Éamuinn Uí Chléire, is é fáth ár dturais annso
2034indiu, Aodhagán Feartach le n-a ghaois agus le n-a
2035mhóir-eolus do chuir gairm oruinne, ceathrar bainríoghan
2036atamaoid annso, ag aisgeadh oruinn agus ag
2037greamughadh dhínn theacht annso do do fhéachain agus
2038do do fhóirithin ón gcruadh-chás ionna bhfuil tú, má
2039chóimhlíonann tú na geasa a neasgfar ort: isé sin
2040cuideachta caidreamh agus compánas, bórd beinnse
2041teagh halla agus imsging Chuirm Searbhandeire, a
2042ghaoil a dheala agus a chombáidheacha do sheachnadh go
2043fuinn h'éta. Agus ionnus go madh fusaide dhuit na
2044geasa céadna a sheasamh gan dollrucht nó doilgheas,
2045ibh do na buidéil si atá lán do uisge an tobair
2046naomhtha Crisorius san Arcadia, ag a bhfuil do bhuadha
2047duine ar bith dá n-ibhe trí deocha dhe go mbiaidh fuath
2048an-mhór nádúrtha go críoch dheirionnach a bheatha ar
2049Chuirm Searbhandeire agus na huile eile dá bhfuil ar
2050aon aigne leis aige. Gheabhair fós ceithre geallamhna
2051scríobhtha faoi ár lámhuibh bu riaghail cinnte do do
2052threorughadh thar gach gábhadh agus tar gach cruadháil
2053dár féidir le do náimhde romhráidhte chur. Do gheabhair
2054(tuille eile) .i. do bhean i riocht is céad fearr nó
2055chonnairc tú riamh fós í.


2056
2057

Do bhí Éamonn, ar an bhfad sa, ar a ghlúinibh agus a
2058lámha i n-áirde aige, gan chois gan lámh gan chorp gan
2059bheul gan tsúil ar luasgadh aige, ag faire ar an
2060mbreith do bhearthaoi air, gur thóig an ríoghan 'na
2061sheasamh é, ag tabhairt mheisnigh dhó agus ag rádh leis
2062gan faitchios bheith air agus nár bhaoghulach dó. Do
2063thug annso cairt ionna láimh dhó i raibh na rainn so
2064síos:
2065


L. 48


2066


2067Ar Éamonn chlisde ó Cléire
2068Brunnuim-si féin gan leisge
2069Ciste, ceathra is eolus
2070Má bhíonn gan ól acht uisge.
2071Ráth Cruachan.


2072
2073

Má sheachnann beoir is bulcán
2074Leann is súghán súgach,
2075Bhéarad a bhean a bhaile,
2076Féach an maith sin ó Úna?
2077Síoth Úna.


2078
2079

Dhéanfad-sa 'bhean a aisiog,
2080Gheabhuidh caruid is clann mhaith
2081Ma sheachnann sé gach díoghla
2082Chuirfeadh saobh ionna cheann-san.
2083Cnoc Aiste.


2084
2085

Misi ríoghan Rath Áine,
2086Misi Áine inghean Úna,
2087Do bheir sonus do dhaoine
2088Nach déan díoghla do dhiúrna.
2089Rath Áine.


2090
2091


2092Do rug annso an bhean ar a raibh an aghaidh fhidil ar
2093lámh air agus do thug naipicín lán do ór dhearg dhó.
2094Annsin do neimhnigheadh gach a bhfacuidh (acht an bhean
2095an chairt an t-ór) le sile na súl, chum iongantais
2096do-innste Éamuinn nach gcreidfeadh ar aon mhodh go
2097raibh na neithe do chonnairc amhluidh, muna mbeith na
2098comharthaí do fágadh. Do chuir annso lámh fo bhrághuid
2099a chéile agus do fháiltigh roimpe agus do phóg í re
2100hiomarcuidh dioghruis agus ailgheasa, agus a d'aisg
2101cunntas a himtheachta agus a haistear dí ó scar
2102corruighe an-shocair mí-dhílis na cruinne cleasuighe
2103cealguighe re chéile (go mí-adhmhar) iad, agus issi
2104deisean mar an gcéadna:
2105


L. 49


2106

Tar éis a n-an-shocracht a fhoillsiughadh agus a
2107leor-mhíniughadh go grádhach carthannach dá chéile, do thug
2108an bhean ar Éamonn cosg íota do na buidéil ar ar
2109thrácht cheana do ibhe. Do cinneadh leo comhairle annso,
2110a dhearbhráthair (re buidheachas mór) do chur abhaile i
2111bhfáirid Sheáin shiubhluigh. Da éisi so do cheannuigh
2112eallach agus do chuir treabhadh agus foirseadh ar siubhal.
2113Níor bh'ionann agus i gcomhnuidhe, ní hé treabhadh nó
2114foirseadh na foidhe nó na déighsheirce do bhí ar siubhal
2115acu, acht treabhadh ba tuar trócaire le a gcothuidís
2116bochta le biadh le tine agus leabuidh.


2117
2118

Do chuireadar mar an gcéadna gairm scoile ar
2119feadh a gcomhursan agus do chruinnigh chuca as gach árd
2120don chóigeadh clann flatha, tighearnuigh, tanaistí agus
2121díscirshluagha, ar mhodh go raibh agus go bhfuil biseach
2122nach beag ag teacht orra do thoice spioradálta agus
2123teaimpearálta go laothamhuil, san riocht sin go bhfuil
2124tásg agus mór-chlú a n-iomchar agus a ndeagh-cháiligheacht
2125i bhfad agus i bhfogus.


2126
2127

Do tháinig chum a scoile an deispóir cruaidh do thárla
2128air, mas coimhneach leat é (a léaghthóir), agus comh
2129doith agus do tháinig asteach do rinne lúta agus
2130adubhairt le hÉamonn:


2131
2132

Nine God to you, sold Winifred.


2133
2134

What sense is in that? ar Éamonn.


2135
2136

Sense enough, ar eisean, for Nine God to you is
2137naoi Dia dhuit, and sold Winifred is a dhíol Úna.


2138
2139

Od sankins, is that you? ar Éamonn.


2140
2141

Yes faith, ar eisean, is not simple question that,
2142sure everybody is himself?


2143
2144

Good lad, give me your hand, ar Éamonn.


2145
2146

No faith, ar eisean, if I did make that I should have
2147but one hand and you would have three hands, but I
2148believe you have a mind to put a shew out, the man
2149with the three hands.


2150
2151

Give me your hand is séan do láimh, ar Éamonn.


2152
2153

Séan do láimh, that is John your hand, ar eisean.


2154
2155

I have no business to be with you, ar Éamonn.
2156


L. 50


2157

But if you be in my face I have no business to come
2158to school to you, ar eisean.


2159
2160

Oh, I understand you; no, I will be kind to you, ar
2161Éamonn.


2162
2163

Yes, yes, some kind of body, ar eisean.


2164
2165

An é a laoi, ar Éamonn.


2166
2167

Do not call me calf, ar eisean; 'tis bad the giving
2168up you has to call bad name of man.


2169
2170

Did your father go to kill man since? ar Éamonn.


2171
2172

No, he go to kill more this morning.


2173
2174

What news, ar Éamonn, from where you came?


2175
2176

Faith no bad news is with me, ar eisean.


2177
2178

Oh, ar Éamonn, do not be always swearing your faith.


2179
2180

Puh! ar eisean, if you have not faith enough you
2181will not see God.


2182
2183

Go on your news, ar Éamonn.


2184
2185

I have no news, but yellow with God, bread is maudlin
2186enough and butter is very carpenter. You get a
2187barrel of round snow for two shillings died, you will get
2188rod good of gentle cloth for half a market, you will get
2189a barrel of corruption for six shillings; everything is
2190free enough but for that there is no king or standing
2191with all that is asking of alms, and they have no might
2192upon it.


2193
2194

But let us loose that about us, and let us not put
2195horn upon it till another hour will come, let us speak
2196upon the school and tell me what you will take till the
2197head of a quarter; be as carpenter as you can, gold if
2198you be too dear my father will have no might to pay
2199for me. Tell me what I shall pay to you from the
2200hundred day of Tuesday till the tithe day of month
2201middle. If you be too steel I will not strike under
2202you upon any preparation. I have eye with
2203God that I will take anything you will teach me. If
2204you make readiness with me you may my name write
2205down, i.e., Chair from two Swan.


2206
2207

Fia mo aghaidh, ar Éamonn, má thuigim-si leath a
2208bhfuil tú a rádh, acht má anann tú dheanad mórán dhíot.
2209


L. 51


2210

Faith but you shall not make your song of me, ar
2211eisean.


2212
2213

Both, both, both, ar Éamonn, do rae gnathuidh agam
2214aon fhocul do rádh os do chuinne, ar Éamonn, ar chor
2215ar bioth, acht má fhanann tú suidh síos ameasg cháich
2216agus beir ar do leabhar agus foghluim do litreacha,
2217biaidh mé comh saor leat agus bhíos mé le duine ar
2218bioth eile.


2219
2220

Well, ar eisean, I will take your word one hour alone,
2221and I know three letters in my book already: I know
2222luck, butter and pay.


2223
2224

Then I do not know them letters, ar Éamonn.


2225
2226

Then there is no goodness of a scholar upon you, ar
2227eisean. Is not A luck, M butter, P pay?


2228
2229

And now it is so indeed, ar Éamonn.


2230
2231

Ní leanfaidh mé níos sia ar an gcomhrádh so, óir is
2232mian liom innsin go hathchumair cionnas atá Éamonn
2233anois agus annsin sgíth do leigion do mo pheann ar
2234feadh tréimsi.


2235
2236

Atá Éamonn anois fo shéan mhór agus fo lán-tsonus
2237bó caorach agus capuill, fo mheas agus fo mhuirnn
2238ag na huile, agus do rugadh triar cloinne do aon
2239tuisme anois dó .i. Coigilt Chríonna, Taisge a bhFuighe
2240agus Ciste i bhFolach; agus ar eagla go n-éagfadaois
2241do na galruibh dar eug clann na céad mhná .i. clann
2242Bhaoithe Ní Uallacháin, do rinne ceiríní agus droinnsidhi
2243do luibhionna agus do bhláthuibh uaisle caoin-bholacha
2244agus ícidhe éagcruaidheacha .i. do Meas an Thoice, don
2245Chruinniughadh a Láthair, agus don luibh dá ngoirtear
2246Leath-throsgadh, agus don Ghlas ar Dhúil, do bheir gach
2247aon mhaidion do na droinnsidhi se re n-a ól dóibh,
2248agus cuiridh ceirínidhe do na luibhionna céadna le
2249cliabh, le croidhe agus le láimh gach aon díobh, do
2250smachtuigheas ó uaill agus ó íbioll agus ó an uile
2251chathughadh agus aimsiughadh saoghalta iad agus go madh
2252buan amhluidh iad.
2253


L. 52


2254

Cuid II.


2255
2256

Do tháinic lá n-aon fleangach an Bhéarla mhóir chum
2257na scoile, agus gathsite agus séideán saothrach neimh-mheasardha
2258ann, ag rádh:


2259
2260

O master darling there is a little victorious wood in
2261here without, and you did not hear since your ear was
2262beat upon the ground ever sport that is mucher than
2263he, taling upon the luckmouths of baldslow, and 'tis the
2264name to him, odd hog son faol, and he is in the house
2265of your carr handsome seldom hundred sick, brown
2266battle from head armour out of the county of the board,
2267and Brigid's page from Cornelius out of the county of
2268flax seed hurl is with thems there, and I leave with my
2269testament he would take laughing out of the dogs would
2270be hearing with him, he has the ear of an oaten stream
2271and a little bit of go in his witness with him, and I
2272think there is no selling compassion in Ireland that is
2273bigger than he, he says he had a but coming to town
2274to him, and the family of the town stole him, God
2275never mathew it to thems.


2276
2277

Seathruagh, dubhairt tú go leor, arsa Éamonn. Go
2278loisgthear mé má tá fhios agamsa nach Eabhruis tá tú
2279labhairt.


2280
2281

The devil a goodness of English gold upon you then,
2282and what price of labour will you bear to him will put
2283it in wit to you, as yourself does to the short churls
2284that is learning Latin?


2285
2286

Bhéara mé mo sheacht mallacht (ol Éamonn), agus
2287mas beag leat sin, tuille tiobuisde na cheann ort.


2288
2289

Let your slow coming and your share of imprecations
2290lie upon your own pate, and let them stay there.


2291
2292

O ná bíodh fearg ort a bhuachaill mhaith (ol Éamonn),
2293mínigh gach a ndubhairt tú agus bhéara mé luach dhuit.


2294
2295

Put name upon the price you will give me?


2296
2297

Bhéara mé chúig scillinne dhuit.


2298
2299

That is a grey hound of shillings, I'll take it.


2300
2301

Thruagh ní sheadh, a dhiabhuil, acht cúig sgillinne.
2302


L. 53


2303

Well, I'll take that itself; 'tis yellow with poor what
2304he gets. There's no might upon it, 'tis better a wren
2305in fist than stork on trust. Give attention sharp to
2306the thing I say.


2307
2308

Master darling, a mhaighistir a mhuirnín; there is little
2309victorious wood in here without, tá buadhchaill beag
2310ionnso 'muich; and you did not hear since your ear was
2311beat upon the ground sport that is mucher than he,
2312agus ní chualuidh tú ó buaileadh do chluas ar talamh
2313spóirt is mó ná é. Taling upon the luckmouths of
2314baldslow, a sgéaluidheacht ar adhbhéil na Maoláirne; and
2315'tis the name to him odd hog son foal, agus isé is ainm
2316dhó Cormuc mac Searraigh, and he is in the house your
2317carr handsome seldom hundred sick, and brown battle
2318from armour out of the county of the board, and Brigid's
2319page from Cornelius out of the county of flax seed hurl
2320is with thems there, agus tá sé i dtigh do cháirdeas,
2321Anna Céidtinn, agus tá Donnchadh Ó Cinnéide ó chontae
2322an Chláir agus Giolla Bríde Ó Conchubhair ó chontae
2323Roscomáin farróbhthadh ionn. And I leave with my
2324testament he would take laughing out of the dogs itself
2325would be hearing with him, Agas fágaim lem údhachta
2326go mbainfeadh sé gáire os madraidhe féin do bheith ag
2327éisdeacht leis.


2328
2329

He has the ear of a stream of oats and a little bit of
2330go in his witness with him, agus tá cluas sruthán
2331choirce, agus greim beag ime in' fhiadhnuise aige. And
2332I think there is no selling of compassion in Ireland
2333that's bigger than he. Agus saoilim-se nach bhfuil díol
2334truaighe i nÉirinn is mó ná é. He says he had a but
2335and the family of the town stole it, deir sé go rabh each
2336aige agus gur ghoid muintir an bhaile é. God never
2337mathew it to them, nár mhaithe Dia dhóibh é.


2338
2339

There is to you now, and if I had knowledge you was
2340not a better English gold than you are the devil my
2341foot would come to school to you, and would go to the
2342school of short joint sell lamb, in Irish Gearalt
2343Díoluain.
2344


L. 54


2345

Well, well, call in the little boy.


2346
2347

Here he is here at the side of my back.


2348
2349

Annsin adubhairt Éamonn:


2350
2351

Suidh síos a bhuachaill agus ith arán agus bainne, tá
2352fhios agam go bhfuil ocuras ort airéis do shiubhail.


2353
2354

Má tá féin is beag beann agam ar do chuid arán
2355pise agus bláthuighe. Agus míle slán don phobul bheag
2356lághach bheannuighthe ann a rugadh mé; is maith an gléas
2357do cuirfidhe ar mhac deagh-athar ann lá sheachanta an
2358spódla; do cuirfidhe breac duilleach donn ar snámh le
2359im, agus bulastaer pirsidhle faoi n-a chionn, arán
2360plúir do caoin-chriathruidhe seacht n-uaire tré sháirse
2361síoda, agus bainne mín tiubh, caoin, te, meith, milis,
2362meallach, meallánach muintiorrach, ag teacht 'na
2363chlaganna agus 'na laganna agus na shléibhtibh áille,
2364an-árda agus na chnuic allta, uathbhásacha, agus na
2365ghleanntuibh úra uaithbhialta, agus na thonnuibh bhorba
2366bhorthonnacha a' bagar ar do bháthadh, 's níor bhaeghal
2367dhuit a shaethar. Och a lag ó, agus a leath-lag eile,
2368súd an áit ann a bhfuightheá an t-uasal a' bronnadh
2369airgid bháin 'na mhámuibh ar bhaintreibheachuibh, agus ar
2370dhíthshleachtuibh, ar lucht aisge almsa agus ar éagcruaidh
2371dheóranda; súd an áit ann a bhfaghthar an tacar is
2372fairsne ná an fóghmhar i n-ionaduibh eile.


2373
2374

Súd an t-ionad a dtiomsochadh bean díoghluma, le
2375beagán saothair, bairille meala do na tráithnínibh i
2376níos lugha d'aimsir ná bheith cú gortach a' slugan
2377measgáin bhuig; súd an t-ionad ann a mblighthear trí
2378cheud cárta leamhnacht trí huaire san ló ón luilighe
2379dá ngairthior an dunn fhialmhar, nach n-ithionn coth san
2380mbith eile acht na tráithnínidhe tuasríomhtha. Súd a'
2381t-ionad do sháruigh aois ciúil agus ariochuibh iomshlán
2382na cruinne i gceóltuibh guib agus téad, chomh fada is
2383do sháruigh cruit Apollo (an tan do thuirling os na
2384flaithios ar ghrádh Dháphne), mún an nóinín Thomáis
2385mhic Lobuis, agus do chruthughadh air sin: do bhí Méadhbh
2386Niamh-chruthach, inghean Chormuic Óig ón Maoláirne gheil
2387ghriain-deallruigh, ag canadh ciúl comh síthbhinn sonárd


L. 55


2388

sin, ar bhruach srotha fíor-uisge fionn-bhán fairsinn
2389fíon-bhlasdach do bhí a' gnáth-rioth tré cheart-lár pháláis
2390aoibhinn aoldhaite (och mo nuar agus mo chreach go
2391buan) a hathar, go gcualaidh Ó Néill do bhí ag tuirneadh
2392fearuibh fóirne ar fhithchill i nDuire Choilim Cille í,
2393ní do thug air stad ar a láimh ag rádh gur bh'í sin
2394Méadhbh Óg inghean Chormuic ro bhí a clasaidheacht shiar
2395san Mumhain, agus go dtriallfadh go hí, ní fá fíor
2396dhó, óir do ghluais mar aon agus cúig chéad d'uaislibh
2397Uladh dá choimhdeacht, agus an tan do chualaidh Cormac
2398é bheith ag triall air do chuir coimhéirghe ar shaothuibh
2399Mhaoláirne a' fáiltiughadh Uí Néill agus a sheasnáin.


2400
2401

Do tháinic mar an gcéadna dá fháiltiughadh, Méadhbh
2402Óg agus a bantracht a' comhchantuin comh síthbhinn sin
2403gur thuit Ó Néill agus a shluaghta dá n-eachraidh i
2404dtroime-néill agus marbh-shuan le draoidh-fhuaim an
2405cheóil neamhdha neamhghnáthaigh a chlus, agus níor
2406bh'iongnadh gur thuit siadsan amhluidh, agus go dtáinic
2407braoidhin gach rátha agus gach cnuic san gcúigeadh go
2408soilbheir soiléir a' rinnce na dtimchioll. An tan do
2409stad an ceól agus do tháinic gach aon chum a
2410ghnáth-mheanma, do bheannuigheadar dá chéile go ríoghdha
2411reagailleach, a' gluasacht go miochair muintiorrach i
2412bhfochair a chéile don dún áluinn iongantach do bhí
2413riompa, agus Ó Néill agus Cormac (nó mar ba córa
2414a rádh Cormac agus Ó Néill, ós do féin an séidhneach
2415ba dleacht toiseach ó dtáinic fós agus ó dtiocfadh go
2416bráth), lámh ar láimh, agus Ó Néill a' gnáth-fhiosruigh
2417fáth nó diamharún na n-amharc ro chonnairc san chonair
2418riompa, agus don cheud fheacht cad é a' muilionn
2419maiseach mór-amadach bhí riompa ionn a gcosfhadhan?


2420
2421

Tá (ar Cormac), súd muilionn a bhíos a' gnáth-mheilt
2422preabuir, sinséir, iomad agus eugsamhlacht spíosaruidhe
2423eile.


2424
2425

Agus cad í an toit uaithbhialta ain-teith do chím os
2426cionn uisge an tsrotha?


2427
2428

Tá (ar Cormac), shúd anbhruith na feola bruitear
2429go tráthamhuil dár ngnáth-mhuintir, agus doirtior le


L. 56


2430

taosgáin ann linn an mhoilinn a chuingbhios an muilionn
2431a' gnáth-mheilt.


2432
2433

Cad é an pálás ríoghdha úd do chím ós cionn na
2434habhann? (ol Ó Néill).


2435
2436

Súd (ol Cormac), grianán gloineach, glé-fhuinneoghach
2437mar a mbíonn mo bhean, agus chúig cheud atá ann a
2438bantracht, a' déanamh trí tréana do gach lá oibre .i.
2439trian le úrnuighthe agus le salmchlasadh, trian le
2440fuagháil agus le ceartughadh éadaigh lín agus olla do
2441bhochtuibh Dé, do dhíthshleachtuibh agus do bhaintreabhachuibh,
2442agus an treas trian le fleadha fairsine fiala fíonamhla,
2443le rinncidhe lúthmhara luaimneacha láin-éadtroma.


2444
2445

Cad é an crann úd thall, a Chormuic, a bhfuil an
2446balla aol-dhaite an-árd go muirneach na thimchioll?


2447
2448

Atá (ol eisean), súd crann do thug Naomhan
2449Niamhchruthach (an sinsior ó dtáinic an sliocht dár díobh
2450mise), os Parrdhas Adhamh.


2451
2452

Cad é an toradh thagus ar an gcrann céadna? (ol
2453Ó Néill).


2454
2455

Táid trí géaga ar an gcrann (ol Cormac), geug
2456ar a bhfásann silínidhe is mo seacht n-uaire nó ceann
2457tairbh dá mhéad, agus do sháruigh milseacht meala na
2458Cetrópia. Ar gheug eile tagaid spíonáin do leaghfadh
2459i mbeul duine mar shiúcra, agus gur mó gach cruinnmheall
2460sneacht-bhán díobh trí huaire ná adhbhar céad slat
2461do chirtlín olla.


2462
2463

An treus geug (an séineach) taguid ubhla uirre, os
2464a bhfáisgthear (os gach aon ubhall díobh adeirim) iomad
2465hogusaedsuidhe do sháruigh fíonta an bheathadh i mblas,
2466agus i mbrígh.


2467
2468

Cad iad na túir an-árda úd do chím san lubh-ghort
2469úd thall? (ol Ó Néill).


2470
2471

Tá (ol Cormac), cuiriceoga beach iad súd.


2472
2473

Créad an riachtanas atá iad a bheith comh mór súd?


2474
2475

Tá (ol Cormac), óir tá gach beach dá bhfuil ionnta
2476níos mó nó caidhion, nó re gé, agus an tan a múchtar
2477cuiriceog dhíobh, gheibhthior naoi mbairille meala innte,
2478agus bairille don deachmhuidh.
2479


L. 57


2480

Ar fiadh do thug tú h'éitheach, a bhastaird (ol Éamonn
2481Ó Cléire), ní bhíonn ná buiséal.


2482
2483

Ar fiadh, a mhaighisteir, do thug - thug - thug tú féin
2484h'éitheach, agus is tú thug é, agus is leat is gnáthuighe
2485a thabhairt; agus do chruthughadh air sin, is minic do
2486mharbh mé féin beach do chínn a luighe ar bhántuibh
2487fionnscathógach funnghlas na Maoláirne, agus an chuid
2488is lugha dhe (gan tada d'ádhbhéil) do gheibhinn seacht
2489gcárta meala ionna spursan, agus lán-phúnta céarach
2490ceangailte ionna chosa.


2491
2492

Och! ó och, ó och, fágaim agad é (arsa Éamonn), innis
2493romhaidh a bhuachaill mhaith.


2494
2495

Adubhairt Ó Néill. A Chormuic, cad í an bhó úd i
2496bpáirc léithe féin?


2497
2498

Tá (ol Cormac) annsúd an scaithfhionn fhialmhar,
2499agus isí sin í, a thagus trí huaire sa ló uaithe féin
2500le na bleachtanas. Och, a lag ón, sí féin fearb na
2501mbeannacht, ó mblightear dabhach gach aon tráth, má
2502bheirthior lacht an dhá chéad tráth do na bochtuibh, agus
2503mara dtugthar don rae braon a gheabhthar an treas
2504tráth uaithe; bleanach do bhíodh na pusóid agus na
2505deoch shuain ag an treabhlaigh i gcoitchinne. Agus ar
2506son nach dtagann tarbh saoghalda ar bith 'na gar,
2507chídhtear tarbh síthe gach Lughnasa na haice, ar a mbíonn
2508beanna óir, agus earball airgid, do bheir uirre laogh
2509na Beáltuine bheith go bliadhantamhuil aice, ag a
2510mbíonn réalt óir i gclár an éaduin, agus réalt ar
2511an gcuma chéadna ar a dhá thaobh agus earball airgid
2512aithleaghta. Laogh chuirimse gach aon bhliadhain go
2513ciantuibh coigcríochach na hAimerica, ó dtagann 'na
2514mhalaird chugam long ludálda le síoda agus le sróll
2515fa n-órughadh go reagailleach do bhantracht an dúin,
2516agus a chuirim na phresantuibh go dúntuibh mór-uaisle
2517Éirionn.


2518
2519

Dfhiosruigh Ó Néill do Chormac an fáth fa raibh an
2520bán i dtaobh na cléithe timchiollda re múr cómh hárd
2521as chím, agus gan innte acht aon each amháin?


2522
2523

Tá (ol Cormac), sin an tseóid is múirnighe liom


L. 58


2524

dhá bhfuil agam ó mo mhnaoi amach, agus má shocruigheann
2525tú do chluas chum éisdeacht míneóghad dhuit cionnas do
2526fuair mé an t-each gorm úd.


2527
2528

Tráthnóna oidhche Shamhna bliadhantuidhe ó shoin,
2529d'éalaigh mé ó mo bhuime, agus do thug seachrán gan
2530tsrian mé go doras rátha do bhí i bhfunn fhionnscathógach
2531san Maoláirne, agus níor chian mo cheolán a' caoi ionn
2532mé, an tan do chonnairc mé na bánta foluighthe do
2533mharc-shluagh, nach bhfuigheadh Dallán Forgaill briathra
2534leóra ná fuileamhnach chum a ngusdal, a ngléis, ná'
2535gcoirpbheartuibh a fhoillsiughadh. Do bhí srianta óir le
2536na n-eachradh agus dialluididhe airgid faoi gach
2537stócach don mharc-shluagh chrodha, cheannárd, choirpdhíreach
2538sin, agus nár bhinne Méadhbh Óg a' cantuin ná gach
2539aithidh ciúl shonárd síthbhinn dá raibh riompa na ndiaidh
2540agus ar gach taobh dhíobh.


2541
2542

Níor bhfada dhamh san mearbhchás san do thárla an
2543tan do tháinic marcach eich chinn-finn ruaidh 'mo dhochum,
2544go n-iomchar ríoghdha roígheamhuil, ag beannughadh dham
2545go tárnteach soilbhir sorbh-ghnúiseach; agus dhá óige dhá
2546raibh mé do mheas mé ar' innioll go madh dleacht
2547dfhear a chaithréime agus a chrotha uachtaránacht agus
2548taoiseacht a bheith aige ar a leanamhantuibh. Agus níor
2549bh'iongnadh gur mheasas, óir do bhí coróin óir aithleaghta
2550um a chionn clannach comhbhuidhe ar sileadh le corbhugal;
2551do bhí a chulaidh déanta suas d'ór-shnáth, foluighthe le
2552seóide, re geamuigh agus re péarluibh iomdha éagsamhla
2553éagcosmhula, san riocht gur sháruigh a dheallradh
2554laoinior na gréine an tan is uaibhrighe agus is gleóite
2555a dath a stiúradh na bhfirmhamintí lá seaca nó
2556sneacht-leaghadh geimhridh. Do rug an t-uasal árd
2557oirdheirc, ónórach sa ar bhárr croibh orm agus do rug
2558leis go doras an rátha romhráidhte mé. Annsin do
2559scairt sé comh fuaimneach sonárd sin (nach amhras liom)
2560go gcualathas ar feadh cheara ranna an bhith bhraonuigh
2561bháinleirge é.


2562
2563

Annso do tháinic faoi a thuairim 'mach os doras an
2564leasa ríoghain iongantach ainglidhe, faoi choróin agus


L. 59


2565

faoi éadaighe do bhí comh grian-dheallrach sin go
2566leaghaidís súile na n-amharcach dá mbeidís déanta do
2567dhéamuind; iar na timchiolladh re gasraidh ghluair ghlé
2568dhealbh-iongantach.


2569
2570

Do rug léithe 'steach don ráth mé, agus ní don ráth
2571do rug acht don phálás fa háille dhá raibh ariamh don
2572taobh sa do na flaitheamhnais, agus gur bh'í cloch fa
2573táire dhá raibh ann múr an pháláis chéadna carbhugal.
2574Iar nam' shocrughadh ionna cathaoir óir dhi do shuidh
2575m'fhochair go miochair grádhach, dom' fháiltiughadh le
2576corn do neachtar bhlasda mhileamhuil, deoch na ndée
2577a n-allód.


2578
2579

Acht mar do bhí misi an tan sa óg éagcríonna (óir
2580ní raibh mé an uair se acht trí bliadhna d'aois), do
2581mhaidhm mo ghul agus mo dheor, go rug sise eattair a
2582géaga fionna folláine orm, dom' chealgadh le iliomad
2583póg agus gréithibh síthe. Faoi an am ar smachtuigh mé
2584mo dhóluibh agus mo dheor do chím ag teacht faoi an
2585ríogh-halla na huaisle éidiche romhráidhte airéis túirling
2586dá n-eachradh seanga sár-luatha agus an taoiseach
2587tuasríomhtha ag breith ar láimh orm, ag rádh:


2588
2589

A mhicín ó, ná bíodh mímheanma ort, óir níor mhó
2590tfháilte do mheas ná do mhuirn i dtigh do thuisdithe
2591féin anocht dá mbeitheá ionn ná ionso; agus a mhic ó,
2592ibh deoch a ruaigfeas dóluibh ó do mheanmuin.


2593
2594

Do ghlac mé meisneach iar so os an mbáidh choitchinn
2595ro bhíodar a thaisbeánadh, agus faoi an am ar chríochnuigh
2596mé aon lá amháin eattara do rinn mé dearmud do
2597mo ghaol agus dom' dhóluibh; agus fan am ar chomhnuigh
2598mé seacht lá 'na measg, i ngnáth-shúgaidh, do bhí mé lán
2599do scléip ós an méad phearsan tháinic ionnam le
2600aon tseachtmhain amháin, agus iar mbeith damh sna
2601smuaintibh se do tháinic an rígh romhráidhte na bruighne
2602orm lá n-aon agus d'iarr do sheilg leis mé, acht gé
2603gur dheacair liom sgaramhain re gasaraidh shoilbhir
2604shuairc shubháilceach na cúirte ní thug mé éara dhó.
2605


L. 60


2606

Gléastar annso dhá each faoi shriantuibh óir agus fó
2607dhialluidibh airgid dhúinn .i. an t-each ruadh dhó-san agus
2608an t-each gorm (do chí tú thall úd) dhamh-sa.


2609
2610

Gluaistear iarso linn tré bhántuibh fiarach fásamhla
2611funnghlasa, tré choilltibh crann-árda caor-dhearga,
2612tré mhóintibh riasgacha ruadh-thuilteachdha, tré shléibhte
2613shládachdha, tré lochuibh aerachdha altachdha iasgachdha,
2614tré dhúntuibh cúirteachdha caisléanachdha, agus tré
2615chríochuibh ciana coigcríochachdha, agus a n-éis gach
2616taisdil mara agus tíre dá ndearnamar do fuaramar
2617inn féin ag doras an rátha thuasráidhte agus fad
2618amhairc do na machairibh foluighthe san uile thaobh le
2619groidhthibh scáthachdha scuab-fholtachdha, le airigheachaibh bó
2620agus bótháinte, agus le tréaduibh lomracha lán-bhána.
2621Agus an tan do chuamar asteach don ráth do scar mo
2622thaoiseach oirdheirc árd-ghníomhach liom comh neamh-fhaigsighthe
2623is dá mbeith gan a bheith ar aonchor ann, ag
2624fágáil na dtáinte se agam agus an t-each gorm do
2625bhí an uair sin a' síor-shitre i ndiaidh a gnáth-chuideachta,
2626gé nach bhfuair freagradh.


2627
2628

An tan do fágadh amhluidh so m'uath mé do bhí mé
2629tréimse a' meadhanughadh créad do ba déanta dhamh.
2630Fa dheoidh an uair nach bhfuair mé an t-iosdas ná an
2631pálás dubhradh cheana, do mheas mé nach raibh ann ar
2632taibhrigheadh dham acht siabhrrás agus taisbeánta síthe
2633saobha seachránacha. Do mheas arís go raibh a n-éifeacht
2634agus a mbrígh do réir an taisbeána, tráth do chonnairc
2635mé nár neimhnigheadh an t-each gorm ná an t-eallach
2636eile. Ní eile do mhéaduigh m'iongantas, do fuair mé
2637mé féin i méad agus i modhamhlacht agus i meisnigh
2638fir. Níor chian san mearbhchás so dhamh fon am a dtáinic
2639mo thriath ríoghdha romhráidhte, agus m'anga sítheach
2640saor-shróill faoi charbhugail aige; agus ceara cartacha
2641faoi cheara dabhacha áidhbhle an-mhóra faoi ór cheart-bhuidhe
2642chróch-dhaite spáinneach, ag rádh do bhriathruibh sonárda,
2643sochlusda: A Chormuic Óig, ní laghadughadh acht árdughadh
2644céime agus cumhachta, grádha graduim agus tiodal
2645flatha agus méadughadh iostais onóra agus ionnmhuis


L. 61


2646

dhuit mise a bheith 'mo ailtire agad anois le ceara
2647bliadhna deug; seacht mbliadhna nár 'ríomh tusa acht
2648seacht lá, agus seacht mbliadhna eile do bhíomar araon
2649ag taisdiol cianta.


2650
2651

Anois a dhalta ionmhuin, ós scaramhain re chéile ar
2652feadh treille dhúinn, fágaim (do chomhartha mo ghrádha
2653ort) agad gach a bhfeicionn tú ar gach taobh dhíot,
2654eattar éadach, ór, ionnmhus, eallach agus uile mhaithiosa
2655eile, agus uair ar bith a bhias prádhainn nó easbhuidh
2656saoghalda ar bith ort, abair an orrtha sa agus ba
2657fogus duit fóirithin.


2658
2659


2660Cuimhnigh a thriath na múrrtha lán,
2661Gur ghealluis stór go leor do ghnáth,
2662Gan trághadh gan díosg i maoin nó ndáimh
2663Do Chormac chiúin is úire cáil.


2664
2665


2666Tri folium tristrum colluncum pelle iolatus vivamen
2667vestrum terrunum tergatam tirate clandestin calicen
2668tristrum plerumque bim conlumbas numeros clangor
2669sit brachia clam salmustum ridans coelibundus celsiar
2670est conglandas semper tumillia rungia casi nunc et
2671semper et in saecula saecuilorusan.


2672
2673

Agus iar gcríochnughadh na hóráide dhó d'imthigh sé os
2674m'amharc gan dubh, gan dath, ag fágáil (mar adubhart),
2675gach ar hainmnigheadh cheana faoi mo bhreith agus faoi
2676mo chumhachta. Do bhí annso ('Uí Néill), dubhbrón agus
2677meanmna a comhbuaireadh m'aigne, sé sin dól ádhbhail
2678fa scaradh le mo thriath maiseach mórdha beartach
2679borthabharthach; agus gárdachas meisneach agus mór-luathgháire
2680a' coimhrinnce (ní nár bh'iongna) ionn mo
2681chliabh, tré mhéad mo phearsan féin agus tré ainmhéad
2682mo thoice agus m'ionnmhuis agus mo mhóir-chisde. Agus
2683fon am ar shaoil mé gluasacht m'uath chum conganta
2684sholáthar chum an chúraim mhóir-si 'chur i n-órdughadh
2685tiomána ní raibh carr ná cairt, ór ná ionnmhus, mart
2686ná caora ná capull ná ní san mbith dár fágadh agam
2687nár lean d'éinbheul go dún m'athar mé, a' sitrigh


L. 62


2688

a' géimnigh, a' búirfidh agus a' méiligh, san nós
2689uathbhásach so, i modh nár fhan óg ná ársaidh ó thaoiseach
2690go moghaidh, ná ó thriath-mhnaoi go hinnilt nár gheit
2691faoi thearmonn cuasán crann cairrgeacha agus clach-dhíseartuibh,
2692lán time uamhna agus critheagla, gé go
2693raibh mise a' gnáth-fhuagradh síthe agus meisnigh dhóibh,
2694agus ag síor-ainmniughadh m'athara agus mo máthar
2695agus dom ainmniughadh féin, gé nach bhfuair mé freagra
2696ó éinneach an lá sin gur ghlac mo mháthair (do bhí dána
2697os a crádhbhadh agus os a paidrín) misneach, ag déanamh
2698go faitcheach critheaglach orm, ag fiosruighe ar shaoghalta
2699sinn, nó cad eile, nó an geis nó draoidheacht do bhí
2700oruinn?


2701
2702

Agus an tráth do cheisdnigh go meirbh faitcheach
2703fannbhriathrach sinn, dfhreagair mise go mín miochair
2704dhi ag rádh; a mháthair ionmhuin, nach n-aithnigheann tú do
2705Chormac Óg dil féin, atá ar iarraidh uait corradh agus
2706cheara bliadhna deug?


2707
2708

Ó a mhicín mo sgairte (ar isi), aithnighim do ghuth bheith
2709cosamhuil re guth mo leineibh, gidheadh is eugcosamhuil
2710ar méad, ar ngné agus ar bhfoirbhtheacht, agus uime
2711sin is tuigthe agus is creidthe nach tusa é, acht amháin
2712mar b'é spiorad mo leinibh atá ar seachrán, agus ní
2713shé, óir ní raibh cáidh dhá laghad air.


2714
2715

Ó a mháthair, glac meisneach (ar mise), agus éist
2716re m'éachtuibh go grinn neamh-fhaitcheach, agus díbeóra
2717mé gach amhras ót inntinn. Dubhairt go n-éisdeach,
2718agus ba fíor dhi, d'éist. Annso d'aithris mé dhi ó úd
2719go fínit, mar a chualabhar cheana, agus iomad briathra
2720agus comharthaidhe eile do chleacht mé ann mo
2721leanabaois, do thug orra mo chreideamhuin agus an
2722treabhlach uile maraon. Do cuireadh cluig an bhaile agus
2723na cúigeadh mar an gcéadna dá mbaint, agus ceolta
2724agus gnáth-fhleadha ar feadh na críche go coitchionn ag
2725foilsiughadh le n-a dteachtuibh gach ar thárla. Ag sin
2726agad, 'Uí Néill, gach modh ar casadh an t-each gorm
2727chugamsa.


2728
2729

Is iongantach do sceul (ol Ó Néill), má tá fíor.
2730


L. 63


2731

Maise tá (ar Cormac), agus do chruthughadh air, má
2732deirim an órrtha thuasráidhte, ní amhras liom, chóimhlíonfaidh
2733m'impidhe.


2734
2735

Ba mór an sásughadh intinne dhúinn, an méad
2736atámaoid annso, ár mí-chreideamh san gcás sin a
2737smachtughadh, a fagháil amhairc ar chruthughadh agus air ar
2738aithris tú dhúinn a bheith fíor.


2739
2740

Cóimhlíonfa mé th'aisge (ol Cormac), san ní sin chuiris
2741chugam.


2742
2743

Leis sin féin dubhairt an órrtha, agus d'aisg ar
2744rígh na bruighne coirn go leor agus biotáillidhe a chur
2745a láthair chuige.


2746
2747

Go grod dá éise sin, tháinic faoi an toichim trí cheud
2748cairt faoi fhíon spáinneach, faoi chuirm lochlannach, agus
2749faoi bhrogóid, agus faoi bheath-uisge fiadha funnghlas
2750Fáil, agus corn greanta glan óir i láimh Chormuic, i
2751láimh Uí Néill agus i láimh gach taoisigh dá raibh san
2752mór-thionól sa, agus corn airgid i láimh gach aoin eile,
2753agus lucht freasdail go leor a' líonadh na gcorn
2754gcéadna os soithígh síthe sáir-ghleoite do gach aon don
2755bhiotáille ba mian leis.


2756
2757

Annsin do tháinic Méadhbh Óg 'gus ceara chéad
2758maighre maiseach míndhealbhach dá coimhdeacht agus aithidh
2759eugsamhuil ciúl i ndóid fionnbhán gach ailleoige dhíobh,
2760agus gur sháruigh an aithidh ciúil ba doicheólda dhíobh
2761cruit Orphéus i ndraoidheacht ciúil, agus Apolla féin
2762an tráth do thuirling os na flaithis ar ghrádh na hógmhná
2763Daiphne.


2764
2765

Do bhí na tuilte ceóil agus gnáth-óil se gan díosg
2766gan traochadh, gan trághadh, gan tiormughadh ar feadh
2767sé seachtmhaine fichiod, dá ghnáthughadh eattorra; sé sin
2768ó la buidhe Béaltaine go lá sítheach siabhrach sidheogach
2769samhna. Do bhí pobul áluinn órdhaite ag gach aon
2770fo leith dhá raibh san oiriochtas, agus cead gan chostas
2771gan toirmiosg ag gach aon (dá mbaineadh mearbhall
2772díghe nó míchomhgar ar bith eile dhó) a shuaimhnios a
2773ghlacadh go sat sítheach sóghamhuil.
2774


L. 64


2775

Na trí lá dhéidhionach i mbrollach na samhna do
2776chaithiodar leis an tsúgradh chuailleach sleightheagmhail
2777ar maraidhiocht, imirt ionn ar theasbáin curuidhe gleóchumhacht
2778iongantach oirdheirc onórach, le fortúnuibh
2779éagsamhla éagcosamhula, go ráinic an seal do Chormac
2780Óg. Agus (an séineach), ós dó-san fa fearr an mhaise
2781sin, óir ní raibh aon i bhfuisgeacht dhá chéad míle, dá
2782thruime a shuan, nár dhúisigh soin agus fuaim a stoc
2783scairteacha scal-árda, agus dá n-innsinn-se gach
2784teagmháil dá bhfuair, gach cumas gach cleisdeacht agus
2785gach calmacht, gach lúth gach luathghoil agus gach leobhéim
2786dár cóimhlíonadh leis an dásach dian dochlaoite se an
2787lá déidhionach, ba gann deich stuadha fichiod don
2788pháipéar is fairsine chum a leath a fhuillsiughadh. Do
2789sháruigh a mhór-ghníomh dhá éachta dheug Hercules, do réir
2790bhreathnuighthe na dtuirgne faithche agus na n-amharcach
2791uile go coitchionn; agus mar do bhí siad dosháruighthe
2792atáid mar an gcéadna do-innste, agus faruis sin
2793féin do-chreidthe, ar son go bhfuil 'na bhfírinne ghlain
2794ghan chaime gan chumadóireacht. Seacht gcéad deug
2795goileach gníomh-iongantach gaisge agus a n-ánnlann do
2796thaoiseachuibh agus d'uaisle oirdheirc Éirionn do chuirl
2797go neimhspéiseamhuil chum talmhan, gan bolg ar a
2798anáil féin ná ar anáil an eich ghoirm. Dubhairt Ó Néill
2799annso.


2800
2801

A Chormuic, nois tuigim gach ní dar hinnseadh mar
2802aidhbhéil bhréagach ar an Maoláirne, nár aidhbhéil acht
2803fírinne gan fhiar iad.


2804
2805

Is annso dfhear Cormac fíor-chaomh fáilte riompa
2806go genearálda ó thaoiseach go caimpear, agus d'iarr
2807leis dá dhún agus dá chúirt gan eisgiopda iad. Ar
2808dhul don dún dóibh dfhiosruigh Ó Néill cad é an teagh
2809an-mhór úd thall, tá foluighthe (mar shaoilim) le fíonnadh
2810agus le guaireach?


2811
2812

Súd craicionn torc na cuaise; torc do bhí comh
2813mór sin nach raibh imtheacht ag coin ná ag gadhar, ag
2814duine ná beathadhach dolaidh ná díoghbháil a dhéanamh dhó.
2815Sé ní do thionscain mé do chum an bheithigh se' bhasgadh,


L. 65


2816

súil ribe dhéanamh do chábla luinge agus a chur ar
2817innioll eattair dhá dhair ionn a chosán é, agus an uair
2818do bheith táirim dhlúth air go dtulcadh é féin go
2819neamhfhaireach san bpointeal, ní do rinn go grod na
2820dhiaidh seo, agus an tan do mhothuigh é féin i n-achrann
2821do thug sídhe sáirneartmhar air féin agus do strioll
2822an dá dhair os a bhfréamhuibh leis go dorus na cuaise,
2823acht ní bhfuair é féin a dhíthcheangal ná dhul ann a
2824ghnáth-thearmonn, gur shíneamar an beag 's an mór dá
2825raibh san tseilg d'éin-bheul air, le clocha, le cuailleacha
2826agus le gach gné eile airm dá raibh ar fagháil aguinn,
2827i modh gur torchradh an torc allta aingídhe se linn,
2828agus go ndeárnamar ceathramhna dhe. Annso do
2829chuireamar na ceara ceathramhna ar cheara dhraedh, agus
2830sisreach ocht gcapull ag tarraing gach drae dhíobh;
2831chuiriomar dhá leithcionn a chinn ar dá charr a tabhairt
2832a sturrfhiacla .i. a fhostuidhthe, mar bhatuidhe croise
2833do bhacaigh, agus isé craicionn an toirc chéadna is
2834díon don scioból úd do chí tú faoi fhíonnadh agus faoi
2835ghuaireach mar dubhairt ó chiana.


2836
2837

Agus ní hiongantaighe an torc agus ní huaithbhialta
2838ná carr-fhiadh an ghleanna do mharbhamar bliadhain sa
2839taca sa, le táirm thrí mí a chur ar feadh choillte,
2840boguigh, learga, chnoic agus bánta anshocracha na críche
2841air, gur claoidheadh agus gur torchradh re iomad agus
2842re teann saothair é; agus is iongantach an rae do
2843fuair san tsaoghal. Sé Lughaidh Lámhfhada, ameasg gach
2844fuadáin eile dhá dtug as ciantuibh don chrích si, do
2845thug an carr-fhiadh úd an' oisín bheag os an Iottáille
2846é, faoi an am a dtáinig Aonghus mac Anchíses do
2847ruaig ratha ó scrios na Traoithe, agus tá ó sin anall
2848san ngleann úd thall dá ngoirthear Gleann a Tobair,
2849gleann ó ar gaireadh carr-fhiadh an ghleanna air.


2850
2851

Do chí tú beannlomáin mhóra daruigh, 'ar leat féin,
2852ar thaobh na leirge úd thall, agus ní dair ná crann
2853iad, acht beannuibh an-mhóra an charr-fhiadh chéadna
2854d'órduigh mé fhágail ar bhraoch an ghleanna 'na sleachta
2855agus mar choimhne ar an bhfiadh gcéadna. Seacht


L. 66


2856

mbairille feóla gnáth-liúntas feóla mo threabhlaigh
2857gach ló go n-oidhche; agus d'innis mo ghiollanradh dhamh
2858go bhfuaradar cosdus feóla go sat ar feadh míosa
2859agus teóra lá do tharbha an charrfhiadh.


2860
2861

Tá tobar beag cruinn san ngleann thuas-ríomhtha
2862agus an seal ba beo an fiadh ní fhoileonadh duine ná
2863beathaidheach a theacht a ngaobhar an tobair. Do chuir
2864mise tor daingion do-bhrisde os cionn an tobair,
2865agus is fiú é sin, óir níor hibheadh uisge beatha riamh
2866is blasda ná é. Sé locht is mó air coimhbríoghmhar is
2867tá, óir do chuirfeadh lán mearagáin na mná is caoile
2868méar san chrích meadhar agus mór-shúgaidh ar an tí is
2869láidre coimpléasg don díne dhaonna dá n-ibheadh é. Is
2870mó sheasas an tobar sa cliú mo thighe san mbliadhain
2871ná sheasfadh trí cheud bairille uisge beatha atharthne na
2872fionnfhódla.


2873
2874

A Cormuic (ar Ó Néill), cad iad an sórt crann úd
2875do chím ionsa ngarrán coille úd hall, dfhás comh árd
2876sin gur sháruighdar a bhfaca mé do chrannuibh ceadair
2877ar Libánus ar uirde.


2878
2879

Uí Néill (ar Cormac), gais phónra iad súd, agus ní
2880fhásann siad mar súd i n-áit san mbith acht ar
2881ghrog-mhullaigh Shléibhe Sian agus san Maoláirne; acht
2882deir lucht bréag go bhfásadaois i bpárrdhas Ádhamh,
2883agus dá bhfásadh féin, cia dhár fios é, ó d'eug Ádhamh
2884is a chéile nár labhair smid dhá laghad ar a leithide?
2885Mo nuar, budh mhí-ádhmhar an choill do mo ghniath .i. do
2886mhac mo dheirbhshearthach, í an choill úd, óir san
2887tseachtmhuin se chuaidh thort d'éirigh stoirm agus anfadh
2888an-mhór, agus eisean a' gabháil treos an bpónra, do
2889leag go hobann gasacha air do rinn liothrach dá chuid
2890feóla agus sprudhall dá chnámha go léir. An gas is
2891lugha toradh na measg ní dhíolfadh an eagluis a gceart
2892féin dá thoradh ar bhairille pónra.


2893
2894

Cad í an tairbhe nó mhaith do ní gráinne don tsórt
2895sin dhuit, óir is mó ná lán beul duine nó beathaidhigh
2896gráinne dhá laghad di?
2897


L. 67


2898

Is cuma sin (ol Cormac), óir beathuighim mo mhuculach
2899léithe, agus ní is tarbhuighe go fada ná sin, do ním
2900braith agus brogóid bhríoghmhar bhiadhmhar bheol-taithneach
2901throm dhonn dheagh-dhaite dhi, a chuirim chum rígh na
2902Spáinne, agus ní bhfuil soitheach dhá laghad, no dhá
2903mhéad, dá gcuirim don bhiotáille si dhá fhorruid nach
2904gcuireann seisean ceara soithighe don tomhas chéadna
2905na mhalaird dfhíon spáinneach chugamsa, agus buidheachas
2906agus tíodhlaicdhe troma torthacha tarbhacha eile, agus
2907litreacha fír-intleachtacha foghlamtha, ag toirbheirt a
2908bháidhe agus a mhuintirios, agus ag iarraidh báidhe agus
2909gnáth-mhuintiris uaimse chuige-sean.


2910
2911

Annso an tan do chuadar asteach don dún do
2912chonnarcadar coire an-mhór do bhras iongantach órbhuidhe,
2913agus ceithre cheud giollanradh ag bruith agus ag
2914freasdal feóla ar bhochtuibh, agus a choimhliadhacht
2915céadna innilt óg ainglídhe ag roinn cácaidhe cróch agus
2916cáisidhe gan bhearna orra.


2917
2918

Ní raibh aon do na bochtuibh iomadamhuil se nach raibh
2919úrach nó cuirn leanna agus crúiscín meala, agus'
2920leithide eile uisge beatha ionn a thrasdaladh leis. Cúis
2921anbhruith a thabhairt do bhochtuibh i dtigh Chormuic do
2922saoilfídhe gur mhíchliú doileiscéalda é agus tár gan
2923chompráid agus uirísle mhí-fhiúghantach do thigh bhiatach
2924mhórdhálach Maoláirne.


2925
2926

Do chuaidh iarso bulsuiridhe a' cur a n-oifige i
2927ngníomh, sé sin a' gairm gach dreime agus dá
2928socrughadh ar bhóird ghleóite glan-airgid, foluighthe le
2929scáruididhe snasdhearg síthshróill, agus leis na huile
2930shórt bídh ba dleacht do dhaonda ar bith a bhlas nó
2931'shanntughadh, agus nach féidir go bhfuigheadh na dee
2932féin (an uair ba mó a n-onóir nó a n-ádhradh págánda)
2933locht ná mí-bhlas air. Agus gach drung ag bóird ar
2934leith suidhte do réir a ngraduim nó a dtiodal flatha.


2935
2936

Ocht míle dheug do gheibheadh ionad suidhte ionn halla
2937choitchionn Chormuic, agus ba mó fa thrí an seire halla
2938(dá ngairid Gaill dining room) ná é. Éan chéad deug
2939giolla cupáin agus corn do bhíodh ag meilidheadh ag


L. 68


2940

freasdal dighe ar ghnáththreabhluigh Chormuic Óig, agus a
2941sheacht n-urdal sin, lá feadha nó aoidheadh aduaine.


2942
2943

Do bhí gnáth-cheol agus oirfide ionn a n-éisdeacht
2944gur tóigeadh na boird agus gur filleadh na scáraididhe,
2945agus gur tugadh an brusgur .i. an biadh brisde, don
2946chosmhuintir, agus a néis buidheachuis a thabhairt go
2947cráibhtheach caoin-dúthrachtach don duileamhuin, do
2948hibheadh deoch altuighthe re gáir throimpéid, agus
2949annsin do thosuigh na ceólta ag brostughadh cháich chum
2950rinnce, ní nár dheacair dhóibh, oir ní raibh aon san
2951gcoimhthionól nach raibh fiuchadh foinn chum súgaidh air,
2952agus níor bh'iongnadh sin, óir do bhí eugsamhlacht
2953biotáillidhe agus fairsne agus iomadamhlacht dhíobh
2954dá mbrosdughadh chum óil, ionsa riocht sin, dá mbeidís
2955a' snámh ionn i lochaibh leanna fíona agus uisge beatha
2956go smig, nach beith fairsne níos mó aca ná bhí, acht
2957mar mbátuidhe amuich 's amach iad.


2958
2959

As annso do chuaidh gach dias .i. bean agus fear,
2960do saoileadh foileamhnach dhá chéile san gcoimhrinnce
2961agus ameasg gach aoin dhá ndeachaidh san tsúgradh (do
2962mhéadughadh na meadhra) do chuaidh Cormac agus a chéile
2963ionn, agus Méadhbh Óg agus Ó Néill.


2964
2965

Is annso dubhairt beul na fírinne .i. Cormac Óg,
2966gé gur shiubhail taltuidhe agus bruighne an bhith, nach
2967bhfacaidh sé eatorra lúth ná lúthmhaireacht ná clisteacht
2968rinnce i gcoimhmheas leis an rinnce do bhí eattair
2969Ó Néill agus Méadhbh Óg.


2970
2971

A n-éis na hoidhche a chaitheamh go ham suain san
2972tsúgaidh ghenerálda so, do ghluais gach aon ann a
2973chuilt shíoda shnas-órdha a' glacadh suain agus suaimhnis
2974an gearr-threall do bhí gan chaitheamh don oidhche, agus
2975Cormac agus a chéile le muirn ar Ó Néill agus le
2976onóir dhó a' dul dá choimhdeacht chum a imscinge do
2977bhí ionsa tor (dá ngairthior go coitchionn an Tor Éabhur,
2978mar is d'éabhur sneacht-bhán do bhí sé déanta); agus
2979is geile ná fiacail chon; agus mar atá sé buailte ar
2980an ngréin do leagh an cionn brais do bhí na dhíon air,
2981le an-teas na gréine, go m'éigion díon do mharmar


L. 69


2982

chruaidh do-leaghta a chur air, agus bhí sin féin a'
2983pléasgadh i dteas na míosa meodhain. Go deimhin gan
2984bréig dá mbeitheá do luighe go suaimhneach ionsa tigh
2985bárr do chluinfeá an cogar is ciúine do bheith ag
2986treabhlach neimhe. Agus dá chruthughadh, do thug uain
2987agus uaignios orm féin, le uaill na hóige, lá n-aon,
2988triall suas go bárr an tuir se, agus do bhí mo
2989luinnidhe tuirseach suil a ráinig liom a bheith shuas,
2990agus an tan a shocruigh mé tamall ag déanamh
2991iongantas do gach a bhfacaidh mé do chualuigh mé Cibel,
2992máthair Iuipiter, a rádh:


2993
2994

A mhic, a mhúirnín, ós tú féin cionntaoiseach na
2995ndee go huile agus nach bhfuil ní san mbith do-dhéanta
2996dhuit, cad as nach n-ionnarbann tú gach creidiomh nach
2997gcreidionn go ceart díreach dhuit féin mar d'órduigh
2998tú?


2999
3000

A mháthair, ar easan, is mall díreach mo dhíoghaltas,
3001agus scriosfa mé fós go léir iad, agus boladh an
3002tsionnuigh orra, acht fuileónaidh mé rae iomchubhaidh chum
3003iad féin a cheartughadh agus chum a n-earráididhe a
3004chlaochlodh dhóibh i modh nach biadh leithscéal aca milleán
3005a ndrochbheartuibh a chur 'mo leith.


3006
3007

A leinibh mo chléibh (ol ise), ó is duit féin is dleacht
3008ceart gach tíre a choingmheal i ngnáthbhun, is iongnadh
3009liom nach bhfóirionn tú ar na Gaedhil bhochta tá fagháil
3010bháis don ghorta agus a maoin agus a bhfunn, a
3011ndúthchas agus na huile eile dá gceart ag Gaill, re
3012ar díbreadh a sean agus a sinsior le feill agus le
3013inghreama.


3014
3015

A mháthair ionmhuin (ol eisean), tá gach a ndubhairt
3016amhlaidh, acht ar a shon sin, ar uairibh, sciúrsaim an
3017tí is ionmhuin liom, dá dhísliughadh dhamh féin. Acht do
3018gheabhaid fóirithin an uair a chítear dhamh féin é. Agus
3019cúis na nGall de, tá a n-am féin re teacht, ar son
3020go bhfuil siad mar sciúrsa agam-sa. An gcualaidh
3021tú mar dubhairt an file:
3022


L. 70


3023


3024Gé tá fa ghreama lag an Fhódla mhín,
3025Ag dáimh nach ceart, mo chreach is cró mo chlí!
3026Ní gnáth an tslat a ghreadas tón an naoidhin,
3027Acht tráth beag gar fo mheas is dóitear í.


3028
3029


3030An tan chualuigh mé Iupiter ag caint le na mháthair
3031ar an imtheacht so, do scannra sé mé, d'eagla go
3032gcuirfeadh gach a ndubhairt i ngníomh ar na Gaill le
3033mo linn féin, mar ba Gall ó shinsear mé agus mo
3034ghaolta uile i n-oifige an rígh, gan én dias díobh ar
3035én chreideamh.


3036
3037

Dubhairt tú go leor ar a n-imtheacht sin (ol Éamonn
3038Ó Cléire), agus cas feasda ar Chormuc agus ar
3039Ó Néill.


3040
3041

Do ghlac lung suain na hoidhche sin san tor ar ar
3042tráchtadh cheana, gé gur bheag do chodladar acht ag
3043éisteacht le aithidhe eugsamhla ciulta na ndée agus a
3044seasnáin niamhdha neamhdha.


3045
3046

Ar na mhárach, agus go cionn seachtmhaine dá éis,
3047do bhí an síthcheól céadna dá thaidhbhreadh dhóibh san modh
3048sin nach bhfuaradar sult ná greann i n-aon chaitheamh
3049aimsire dá shuairce ann' eugmuis, go dtug aimsir
3050orra dearmud agus neimhspéir a dhéanamh dhe; agus a
3051meanma a leagadh ar cheól agus ar shólás sochaithte
3052saoghalda agus a n-aire agus a n-inntinn a dhortadh ar
3053thaisbeántuibh daonna domhanda.


3054
3055

Do fuagradh go fosguilde annso gach aon ó fhear
3056chraithte sleighe go fear romhair le romhainn a rogha
3057súgradh agus súguidh ar réir a gclaonta agus a
3058leanta a leanamhuin. Don chéad fheacht do hórduigheadh
3059gach dream dár mhian goileachta a dtoil san gcás sin
3060a leanamhuin, agus go raibh deich gcéad cloidhiomh, deich
3061gcéad sleagh, deich gcéad cathbhárr agus caithbheart
3062ionn armthor Chormuic, deich gcéad each faoi shriantuibh
3063óir agus dhialluidighe airgid ionn a ghabhair-thigh; do
3064bhí deich gcéad gadhar seilge agus caolchú ionn a
3065chon-chró, trí chéad fleasgach ciúl a' sásughadh lucht
3066rinnce, agus deich gcéad óigh áluinn aingil-dhealbhach


L. 71


3067

a' clasuigheacht béil-cheóil a sásughadh aois óg agus
3068aeta na cúirte fionn-bháine si, mar dubhairt an file:


3069
3070


3071Deich gceud cloidhiomh rinneach réidh,
3072deich gcéad caithbheart coimhghlé,
3073deich gcéad sgiath nach loitfeadh lann
3074i n-armthor thriath na dtreas dteann.


3075
3076

Deich gcéad each ba sitreach seang,
3077sriantadh i n-ór-dhath n-ionann,
3078faoi shadaluibh shnas-airgid shlim,
3079nár fágadh i gcath ná' gcoimhling.


3080
3081

Deich gcéad gadhar béil-bhinn bán,
3082deich gcéad caolchú comhlán,
3083'gconchró thriath na ngleo sna ngliadh,
3084chum torchradh míl is móir-fhiadh.


3085
3086

Deich gcéad fleasgach clisde gceól,
3087i gcúirt an fhir gach aon ló;
3088deich gcéad maighre maiseach mná,
3089a' canadh cor gach cionn tráth.


3090
3091


3092Do chaithiodar uile lá agus bliadhain ar an imtheacht
3093sa, gan ghruig gan mhíofháilte, agus riar a mhiana féin
3094ag gach aon ó rígh go rámhuinn, agus Cormac ar
3095uairibh a taisbeánadh iongantais agus mórdháil na
3096Maoláirne do gach aduain, agus go mórmhór
3097d'Ó Néill; agus ameasg gach ní do theasbeáin a
3098theagh columb dhó. Agus an tan do cuireadh scinneóg
3099ann sna coilim agus do ghlacadar ite, do bhíodar
3100coimh líonmhar coimh iomadamhuil sin ní feicfidhe an
3101t-aedhar treótha i n-aontaobh ar feadh seacht míle.
3102Fiche bairille pise báine a ngnáth-liúntas gach ló go
3103n-oidhche.


3104
3105

Dfhiosruigh Ó Néill go hiongantach creud é an
3106riachtanas do bhí leis na scatuibh an-mhóra colum sin?
3107


L. 72


3108

Tá (ol Cormac), óir is éigion do mo ghiolla columb
3109chúig míle columb (an chuid is lugha dhe) a thabhairt do
3110mo ghiollanradh gach én tseachtmhuin go cinnte, agus
3111na dhiaidh sin féin bíd a' casaoid.


3112
3113

A Chormuic (ar Ó Néill), an misde fhiafruigh cionnas
3114a cothuighthear an uimhir each úd do chím ag dol chum
3115uisge?


3116
3117

Furas go leor (ol Cormac), óir ní bhfuil aon acra
3118dfhearann na Maoláirne a léigtear chum féir nach
3119spealtar cheara chéad carr féir dhe fa dhó gach aoin
3120tséasún.


3121
3122

Ceisd ort: cionnas gheibhtear leabacha go leor do
3123do ghnáth-mhuintir féin an uair a bhíos iomad aduain
3124ar aoidheacht agad, nó an ar na machairibh is éigion
3125dóibh codladh?


3126
3127

Bíodh a fhios agad, a dhuine uasail (ol Cormac), nár
3128bhfiú liomsa an t-aduain is táire dá dtiocfadh chum
3129mo chúirte a chur na luighe ar an leabuidh is dathamhla
3130dá mbíonn ag mo ghnáth-mhuintior féin, gé go bhfuil
3131cuiltí síoda snas-bhán go leor aca (ol Cormac), agus
3132ní raibh mo theaghlach ariamh gan trí mhíle leaba árd
3133áluinn ór-dhaite ríonuighthe timchioll le meirge eugsamhla
3134saoithe an bheatha, agus le ríonshamhluibh do
3135dhúilibh éadtrochta mara agus tíre go fír-cheart
3136tairngthe ionn a ndathuibh eugcosamhla agus ionn a
3137bhfoirmibh eugsamhla.


3138
3139

A Chormuic (ar Ó Néill), tá th'iosdas agus do
3140ghléas os cionn foilsighthe, agus le do chead féin ba
3141mian liom trácht ar an ní a dtáinic mé faoi n-a
3142thuairim.


3143
3144

Labhair do mhian (ol Cormac), agus ba leat do thoil
3145gan ghruaim gan ghruig gan éara.


3146
3147

Maise, ar son gur dánacht os cionn cuibhis dhamh an
3148aisge táim ar tí iarraidh a luadh liom féin -


3149
3150

Craith dhíot éadánacht (ol Cormac), budh leat
3151h'impidhe gan durr gan diúltadh.


3152
3153

Maise (ol eisean), go héadána, is ag iarraidh mná
3154do tháinic mé don ionad sa.
3155


L. 73


3156

Budh marthannach th'fháilte chum do rogha do mhnáibh
3157an dúin se, dá madh í Méadhbh Óg féin do roghain.


3158
3159

Maise is í (ol easan), gé gur céim is uirde ná
3160fál é.


3161
3162

Is leat do thoil (ol Cormuc), ar son go bhfuair
3163oighreadha na Gearmáinne, na Spáinne agus na Fraince
3164diúltadh na dála san.


3165
3166

Iar sin do gaireadh Méadhbh; agus an tan do
3167músgladh an dáil si chuice, ní raibh corcarán cuain
3168ariamh i gcoimh-dheirge léithe; ní raibh rósa riamh ba
3169deise dath ná í, agus is do-chreidthe go raibh aon do
3170bhain-dhea na bhflaitheamhnas ionbhuailte uirre i maise
3171i scéimh ná i n-iomchur; agus má bhí, dearbhuim dhuit
3172nach í Uénus í, ar son gur breathnuigheadh ubhall na
3173scéimhe léithe.


3174
3175

Dfhreagair a hathair ag rádh:


3176
3177

Athair ionmhuin onóruigh, dá dtoghtha-sa mac Dhiairmín
3178na Scuab mar chéile dhamh budh easumhal égceart mé
3179mar' riarthuinn do thoil. Agus ó thogh tú rogha
3180árd-uaisle Éirionn dhamh, is gein gan chéill gan bhéasa
3181gan umhlacht mé, do thréig modh agus modhamhlacht, dá
3182n-obainn do thoil, nó mar' gclaonainn m'aonta agus
3183m'intinn chum th'airle a chóimhlíonadh.


3184
3185

Fáilte dhuit a inghean (ol eisean), ní fhuair mé riamh
3186fós tú tarsna ná teagmhálach i n-aghaidh mo thola.
3187Annsin a breith ar láimh urra dubhairt.


3188
3189

Uí Néill, comh maith is do dheónuigh an duileamhuin
3190an cailín se mar inghean damh-sa, deónuim-se mar
3191chéile dhuitsi í agus scaoi bheannacht léithe.


3192
3193

Annso do thoirbhir ar láimh dhó í, tabhartas do ghlac
3194seisean níos fonnmhaire agus le níos mó do shólás
3195agus do luathgháire ná dá n-órnuighthidh n'árd-fhlaith os
3196cionn righthe an bheatha é, nó dá dtigeadh Iupiter a
3197fuagradh dhó go madh leis áird-cheannas na cruinne.


3198
3199

Annso do cuireadh teachta foirbhthe foghluma chum
3200uaisle oirdheirc Éirionn, a theacht i gcionn dtrí mí
3201ó an am sin, isé sin ó thoiseach an Mhárta go tús na
3202míosa meadhonuigh san tsamhradh, chum dála agus


L. 74


3203

dlúith-cheangail na deise gan chompráid se. Dfhanadar
3204an méid ro bhí san ndún fan am sa ag gnáthughadh
3205na huile mhiangas go críoch na raedhe romhráidhte.
3206Agus annsin an uair do chruinnigh uaisle Éirionn
3207agus a seasnáin os na huile árd don chrích don
3208Mhaoláirne .i. go luibhghort an uile chumhracht agus go
3209párrdhas torthach talmhuidhe na Heórpa, do pósadh an
3210dias gan chomordas sa le gach gnás dár chleacht
3211cairneacha foghluma Himeneus, agus le gach dualgas
3212agus le dleachtanas dar cleachtadh ar pósadh
3213rígh ná impire. Agus dá n-innsinn-se gach fleidh
3214agus gach féasda fialmhar fairsinn fíonamhuil, gach
3215goileachta agus gach gaisge lúthmhar luaimneach lánchrodha,
3216gach ól gach imirt gach súguidh gach suaircios
3217gach ruathar gach rinnce gach canadh clasaidheacht gach
3218ceol gach comhgháir gach fiadhach gach seilg agus gach
3219fianscaradh dár gnáithigheadh eatorra ar feadh ráithe
3220shúgach chompánach chliúiteach ghealgháireach lúthmhar
3221chámanach máireach bán-áluinn an tsamhraidh, do
3222dhéanfuinn mo staruigheacht liosda libideach liodránach;
3223agus foghnaigh focul ar uaire a n-ionad iomad, agus
3224is leor a rádh go raibh siad oirdheirc eugsamhuil
3225iomadamhuil.


3226
3227

Agus iar gcríochnughadh gach súgaidh i n-earr na ráithe
3228thuaisríomhtha, do ghluaiseadar i n-aonbheul agus i
3229n-aontoil leis an mbrídeóig go tuaith iostasach áluinn
3230Uladh, áit ann ar fríobh fáilte mhodhamhuil do gach aon
3231do réir chéime ghraduim nó tiodail flatha, agus na
3232huile shólás budh mian le leantuibh daonda an bhith i
3233gcomhgar uaisle Éirionn go coitchionn. Do rádh
3234Cormuc le Ó Néill:


3235
3236

A shaoi oirdheirc, gé go dtug onóir agus nádúr fola
3237na sinsear atá rioth ann do chuislionna ort gan spréidh
3238nó crodh iarraidh le mnaoi, ní laghdughadh acht méadughadh
3239ar do chisde agus ar do mhaoin é. Óir bronnuim-se
3240deich milliun óir, deich míle caora, ar a dtig
3241lomruidhe ór-dhaite, deich gcéad groidh scuab-fholtacha,
3242deich gceud loiligheach, deich gcéad cairt faoi shíoda,


L. 75


3243

naoi gcairr dheug faoi charbhugail agus faoi sheóidibh
3244iomdha eugsamhla eile, mar adubhairt an file:


3245
3246


3247Deich milliuin d'órghlan dhearg,
3248do fuair Ó Néill ó Chormac,
3249le Méidhbh Óig an bhéildeirg bhinn,
3250áilleaghan eannach Éirionn.


3251
3252

Deich gcéad caora is dearg-bhuidhe dreach
3253faoi lomruibh órdha 'n aon-dath,
3254deich gceud groidh ba sitreach seang,
3255is deich gcéad bleacht-bhó bhainionn.


3256
3257

Deich gceud carr faoi shíoda shlim,
3258d'fhidh mná síth sáirbhinn,
3259naoi gcairr dheug faoi gheamuigh ghlé
3260do chuaidh le Méidhbh Mhaoláirne.


3261
3262


3263Do chomhnaigheadar uaisle Éirionn agus iliomad
3264danar os ciantuibh coigcríochach lá agus bliadhain i
3265ndún Uí Néill, ionad ionn a bhfuair gach aon gach ar
3266mhian leis go fial fairsinn fosguilte, san modh sin go
3267ndubhairt na huile dá bhfacaidh féile fairsine agus
3268mórdháil Uí Néill nach raibh a samhuil eile faoi
3269iomghabháil gréine acht amháin Cormac Óg, nach raibh
3270ariamh agus nach biaidh go brainne an laoi bhráith a
3271chomhshamhuil, mar ndéana féin an eiséirghe faoi sin.
3272Do scaradar iar seo re chéile go buidheach buadhach
3273beannachtach, gach aon mar a dtug a chúram cuireadh
3274dhó, lán 'dholuibh, deoraibh agus doirbhthuirse fa bheith a
3275scaradh re chéile. Is a' seachnadh áidhbhéile a chur 'mo
3276leith (ol an buachaill), nár aithris mé trian na
3277n-iongantas ná na dtaisbeánta agus na mórdhála do
3278bhí dá gcleachtadh san Maoláirne, etc.


3279
3280

A chairde ionmhuine a léigheas a scriobhas no chluinthias
3281an scéul, tuguigh beannacht don staruidh .i.
3282SEÁN UA NEACHTUIN.


3283
3284


3285

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services