Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá fá'n dtuaith
Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ FÁ'N TUAITH Tar éis tamaill shuidheas fúm ar an gclaidhe le mo sgíth a leigint. Thosnuigheas ag breathnughadh uaim thart timcheall na tíre. Fad mo shean-radhairc uaim, ní raibh duine ná deóraidhe le feicsint. Bhí sé chomh ciúin sin go bhféadfá an féar a chloisint ag fás. Bhí na héanlaith féin gan labhairt. Díreach os mo chomhair bhí sean-phréachán — níor bh'é an Préachán Mór é — ag spáisdeóracht leis féin nós sean-mhinistéir, acht ní raibh oiread & “cág” as. Taobh thiar dhíom bhí sgata do shíocánaibh ag iarraidh bídh fá'n gcréafóig, acht, mo thruaigh go deó iad! 'sé mo mheas gur beag a bhí le fagháil aca. B'fhada liom gan duine a chasadh dham. D'éirigheas im' sheasamh & do bhailigheas liom. Ar deireadh thiar chonnacas sean-fhear & asal ar bhruach portaigh ar an taobh thall do'n chlaidhe. Rinneas orra ar lom mo dhíchill. Bhí dúchán móna ar bhruach an phortaigh, & bhí an sean-fhear ag líonadh na móna as béal an dúcháin & dhá cur ar an asal. Bhí an oiread fuadair faoi leis an obair seo nár mhothuigh sé mé ag druidim leis. Sheasas ar feadh sgathaimh ag féachaint air. Dreóilín beag fir do bhí ann, acht bhí sé chomh lúthmhar le girr-fhiadh lá Earraigh. Cé go raibh sé 'na sheanoir ní raibh cuma na haoise air acht oiread liom féin. Bhí a chuid gruaige chomh dubh le gual ceardchan, & ní raibh fiú críth 'an ghéagaibh. Níor casadh leipreachán riamh dham, acht má castar choidhche 'sé mo bharamhail go n-aithneóchad as an bhfear so é, mar ní túisge leagas mo shúil air ná tháinig gréasaidhe na sgillinge im' aigneadh. Fá dheireadh is fá dheóidh labhras leis an sean-fhear. “Bail ó Dhia ort,” arsa mise. D'árduigh sé a cheann go haibéil & bhain sé lán a dhá shúl asam. Ní fhaca tú riamh éadan ba ghreannmhaire ná mar bhí air. Bhí a chuid mailidhe chomh mór le dosán aitinn & iad chomh dubh le sgiathán an fhéich mhóna. Bhí a dhá shúil chomh glan le rosgaibh fir i dtús a óige. Bhí an oiread reic i na chraiceann & bheadh, i mbun sean- bhile crín. Ní raibh d'fheasóig air acht dosáinín amháin ar gach aon leacain. “Dia 's Muire dhuit, a Athair,” ar seisean liom, ag baint a cháibín dhe. “Lá breágh fuar, buidheachas le Dia,” arsa mise. “Lá breágh fuar folláin, a Athair,” ar seisean. Thuigeas na dhiaidh sin gur sagairtín shíl sé a bheith ionnam — ní nár bh' iongnadh, már ó bháthais mo chinn go bonn mo choise, ní raibh dath ar mo chuid éadaigh acht chomh dubh le sméir. Ó thárla gur mhian liom beagáinín beag grinn a bhaint as an sean-duine, níor leigeas tada orm. “Tá sé chomh maith dhuit suidhe fá do bhonnaibh, a Athair,” ar seisean liom; “is fearr suidhe gearr ná seasamh fada.” Shroich mé barr an chlaidhe & shuidh mé fúm. Níor labhair ceachtar againn ar feadh sgathaimh. Lean seisean dá chuid oibre, & ó thárla nach raibh aon chaitheamh- aimsire ní b'fhearr agam-sa, d'amharcas air. Do réir mar bhí sé ag bailiughadh na móna, bhíodh an t-asal ag imtheacht le fán. Ní túisge d'fheiceadh an sean-fhear sin ná thogadh sé maide draighin do bhí leagtha cois an chlaidhe & thugadh sé finneán fá'n asal, ag spalpadh na mionn san am céadna. Acht ní raibh aon anachain i na chuid easgaine, & siúd is gur minic thugadh sé finneán fá'n asal, níor bhuail sé oiread is uair amháin é, & 'sé mo bharamhail nach mbuailfeadh ar a anam. Pádraig Mac Piarais (Leanfar dhe seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services