LÁ FÁ'N TUAITH
Tar éis tamaill shuidheas fúm ar an gclaidhe le mo
sgíth a leigint. Thosnuigheas ag breathnughadh uaim thart
timcheall na tíre. Fad mo shean-radhairc uaim, ní
raibh duine ná deóraidhe le feicsint. Bhí sé chomh ciúin
sin go bhféadfá an féar a chloisint ag fás. Bhí na
héanlaith féin gan labhairt. Díreach os mo chomhair
bhí sean-phréachán — níor bh'é an Préachán Mór é — ag
spáisdeóracht leis féin nós sean-mhinistéir, acht ní
raibh oiread & “cág” as. Taobh thiar dhíom bhí sgata
do shíocánaibh ag iarraidh bídh fá'n gcréafóig, acht, mo
thruaigh go deó iad! 'sé mo mheas gur beag a bhí le
fagháil aca. B'fhada liom gan duine a chasadh dham.
D'éirigheas im' sheasamh & do bhailigheas liom.
Ar deireadh thiar chonnacas sean-fhear & asal ar
bhruach portaigh ar an taobh thall do'n chlaidhe. Rinneas
orra ar lom mo dhíchill. Bhí dúchán móna ar bhruach an
phortaigh, & bhí an sean-fhear ag líonadh na móna as
béal an dúcháin & dhá cur ar an asal. Bhí an oiread
fuadair faoi leis an obair seo nár mhothuigh sé mé ag
druidim leis. Sheasas ar feadh sgathaimh ag féachaint
air. Dreóilín beag fir do bhí ann, acht bhí sé chomh
lúthmhar le girr-fhiadh lá Earraigh. Cé go raibh sé 'na
sheanoir ní raibh cuma na haoise air acht oiread liom
féin. Bhí a chuid gruaige chomh dubh le gual ceardchan,
& ní raibh fiú críth 'an ghéagaibh. Níor casadh leipreachán
riamh dham, acht má castar choidhche 'sé mo bharamhail go
n-aithneóchad as an bhfear so é, mar ní túisge leagas
mo shúil air ná tháinig gréasaidhe na sgillinge im'
aigneadh. Fá dheireadh is fá dheóidh labhras leis an
sean-fhear.
“Bail ó Dhia ort,” arsa mise.
D'árduigh sé a cheann go haibéil & bhain sé lán a dhá
shúl asam. Ní fhaca tú riamh éadan ba ghreannmhaire ná
mar bhí air. Bhí a chuid mailidhe chomh mór le dosán
aitinn & iad chomh dubh le sgiathán an fhéich mhóna. Bhí a
dhá shúil chomh glan le rosgaibh fir i dtús a óige.
Bhí an oiread reic i na chraiceann & bheadh, i mbun sean-
bhile crín. Ní raibh d'fheasóig air acht dosáinín amháin
ar gach aon leacain.
“Dia 's Muire dhuit, a Athair,” ar seisean liom, ag
baint a cháibín dhe.
“Lá breágh fuar, buidheachas le Dia,” arsa mise.
“Lá breágh fuar folláin, a Athair,” ar seisean.
Thuigeas na dhiaidh sin gur sagairtín shíl sé a bheith
ionnam — ní nár bh' iongnadh, már ó bháthais mo chinn go
bonn mo choise, ní raibh dath ar mo chuid éadaigh acht chomh
dubh le sméir. Ó thárla gur mhian liom beagáinín
beag grinn a bhaint as an sean-duine, níor leigeas
tada orm.
“Tá sé chomh maith dhuit suidhe fá do bhonnaibh, a
Athair,” ar seisean liom; “is fearr suidhe gearr ná
seasamh fada.”
Shroich mé barr an chlaidhe & shuidh mé fúm. Níor
labhair ceachtar againn ar feadh sgathaimh. Lean seisean
dá chuid oibre, & ó thárla nach raibh aon chaitheamh-
aimsire ní b'fhearr agam-sa, d'amharcas air. Do réir
mar bhí sé ag bailiughadh na móna, bhíodh an t-asal ag
imtheacht le fán. Ní túisge d'fheiceadh an sean-fhear
sin ná thogadh sé maide draighin do bhí leagtha cois an
chlaidhe & thugadh sé finneán fá'n asal, ag spalpadh na
mionn san am céadna. Acht ní raibh aon anachain i na
chuid easgaine, & siúd is gur minic thugadh sé finneán
fá'n asal, níor bhuail sé oiread is uair amháin é, & 'sé
mo bharamhail nach mbuailfeadh ar a anam.
Pádraig Mac Piarais
(Leanfar dhe seo.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11