Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mháthair ; A Triúr Inghean
Title
An Mháthair ; A Triúr Inghean
Author(s)
Cathal,
Pen Name
Cathal
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN MHÁTHAIR & A TRIÚR INGHEAN Bhí bean ann fad ó a raibh triúr inghean aici, acht ba leas-inghean duine aca. Ba hí an leas-inghean a bhíodh a déanamh 'ch uile obair ar fud an tighe. Ní ghníodh an bheirt eile pioc maitheasa ó mhaidin go hoidhche acht na suidhe síos & a máthair ag cur comhairle orra céard a dhéanfaidís nuair a bhéidís i n-a dteach féin. I gceann tamaill phósadar, & phós an leas- inghean freisin. Nuair a bhíodar tamall pósda, chuaidh an mháthair ar cuairt aca. Chuaidh sí go dtí an chéad inghean, a pós ar dtús. Fuair sí í sin ina suidhe chois na teineadh & an teach salach brocach, “Muise a inghean ó,” adeir an mháthair, “tuige nach n-eirigheann tú suas & thú féin a théitheadh le do chuid oibre.” D'imthigh an mháthair annsin & chuaidh sí ar cuairt ag an inghin eile, bhí a teach sin rud beag níos fearr. Chuir sí síos dinneár di féin & dá máthair. Nuair a bhí an dinnéar réidh, leag sí anuas croca mór ime. “Muise,” adeir an mháthair, “cuir an t-im sin i dtaisge go dtagaidh Scríob Cruadh an Earraigh & bhíodh sé agat le haghaidh do láimhe.” Tamall beag th'éis an dinnéir chuaidh an mháthair a bhaile. Fá cheann cúpla lá na dhiaidh sin tháinig sean-fhear isteach ag iarraidh déirce. Nuair a tháinig sé isteach sheas sé suas leis an mballa, & thosuigh sé dá chuimilt fhéin de. “An tusa Scríob Cruadh an Earraigh?” adeir bean an tighe. “Is mé,” adeir an fear, “tugtar an t-ainm sin orm.” “Tá croca ime annso agam, & dubhairt mo mháthair liom é choinneál go dtagadh Scríob Cruadh an Earraigh, & ós tusa é sin tá sé chomh maith dham é thabhairt duit.” “Tá go deimhin,” arsa an sean-fhear. Shín sé amach a mhála. Chaith an bhean an croca síos ann, & d'imthigh leis. Nuair d'fhág an
mháthair teach na hingine chuaidh sí ar cuairt ag an leas-inghin. Bhí sí sin a déanamh maistire roimpi, & teach breágh glan aici. Chuir sí fáilte roimh a leas- mháthair & ghléas sí dinnéar breágh dhi. Nuair a bhí an dinnéar ithte d'fhiafraigh an mháthair do'n leas-inghin cia an fáth a raibh sise chomh maith sin, & a beirt inghean eile gan blas aca. “Nuair a bhítheá-sa ag cur comhairle ar do bheirt inghean bhínn-se ag éisteacht leat, & anois atá mé ag iarraidh an chomhairle sin a leanacht.” Fá cheann tamaill na dhiaidh sin, chuaidh an mháthair ar cuairt arís ag an gcéad inghin, & fuair sí í roimpi mar bhí sí roimhe sin, na suidhe cois na teineadh. “An mar sin atá tú?“ adeir an mháthair, “shíl mé go ndubhairt mé leat cheana éirighidh suas & thú féin a théitheadh le do chuid oibre.” “Maise,” adeir an inghean, “dhóigh mé a raibh do líon san teach agam & ní raibh mé te na dhiaidh sin.” Chonnaic an mháthair nár raibh aon mhaith dhi léithe, & d'imthigh sí go dtí an inghean eile. Chuir sí sin dinnéar i gcóir di, acht nuair a bhí an dinnéar réidh ní raibh aon anlann lé n-aghaidh. “Cá bhfuil an croca ime a bhí agat nuair a bhí mé annso cheana?” adeir an mháthair. “Thug mé do Scríob Cruadh an Earraigh é, mar dubhairt tú liom,” adeir an inghean, & d'innis sí do'n mháthair ciannos mar tháinig sean-fear isteach cúpla lá tar éis í féin imtheacht cheana, & mar dubhairt sé gurbh é Scríob Cruadh an Earraigh é. Chuaidh an mháthair a bhaile annsin, dubhrónach go leór a smuaineadh ar an mbealach a dtug sí suas a beirt inghean. Cathal
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services