Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Mháthair ; A Triúr Inghean

Title
An Mháthair ; A Triúr Inghean
Author(s)
Cathal,
Pen Name
Cathal
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN MHÁTHAIR & A TRIÚR INGHEAN



Bhí bean ann fad ó a raibh triúr inghean aici, acht
ba leas-inghean duine aca. Ba hí an leas-inghean
a bhíodh a déanamh 'ch uile obair ar fud an tighe. Ní
ghníodh an bheirt eile pioc maitheasa ó mhaidin go
hoidhche acht na suidhe síos & a máthair ag cur comhairle
orra céard a dhéanfaidís nuair a bhéidís i n-a dteach
féin. I gceann tamaill phósadar, & phós an leas-
inghean freisin. Nuair a bhíodar tamall pósda, chuaidh
an mháthair ar cuairt aca. Chuaidh sí go dtí an chéad
inghean, a pós ar dtús. Fuair sí í sin ina suidhe chois
na teineadh & an teach salach brocach, “Muise a inghean
ó,” adeir an mháthair, “tuige nach n-eirigheann tú suas
& thú féin a théitheadh le do chuid oibre.” D'imthigh an
mháthair annsin & chuaidh sí ar cuairt ag an inghin eile,
bhí a teach sin rud beag níos fearr. Chuir sí síos
dinneár di féin & dá máthair. Nuair a bhí an dinnéar
réidh, leag sí anuas croca mór ime. “Muise,” adeir
an mháthair, “cuir an t-im sin i dtaisge go dtagaidh
Scríob Cruadh an Earraigh & bhíodh sé agat le haghaidh
do láimhe.” Tamall beag th'éis an dinnéir chuaidh an
mháthair a bhaile. Fá cheann cúpla lá na dhiaidh sin
tháinig sean-fhear isteach ag iarraidh déirce. Nuair a
tháinig sé isteach sheas sé suas leis an mballa, & thosuigh
sé dá chuimilt fhéin de. “An tusa Scríob Cruadh an
Earraigh?” adeir bean an tighe. “Is mé,” adeir an fear,
“tugtar an t-ainm sin orm.” “Tá croca ime annso
agam, & dubhairt mo mháthair liom é choinneál go dtagadh
Scríob Cruadh an Earraigh, & ós tusa é sin tá sé chomh
maith dham é thabhairt duit.” “Tá go deimhin,” arsa an
sean-fhear. Shín sé amach a mhála. Chaith an bhean an
croca síos ann, & d'imthigh leis. Nuair d'fhág an


L. 852


mháthair teach na hingine chuaidh sí ar cuairt ag an
leas-inghin. Bhí sí sin a déanamh maistire roimpi, &
teach breágh glan aici. Chuir sí fáilte roimh a leas-
mháthair & ghléas sí dinnéar breágh dhi. Nuair a bhí an
dinnéar ithte d'fhiafraigh an mháthair do'n leas-inghin cia
an fáth a raibh sise chomh maith sin, & a beirt inghean
eile gan blas aca. “Nuair a bhítheá-sa ag cur comhairle
ar do bheirt inghean bhínn-se ag éisteacht leat, & anois
atá mé ag iarraidh an chomhairle sin a leanacht.” Fá
cheann tamaill na dhiaidh sin, chuaidh an mháthair ar cuairt
arís ag an gcéad inghin, & fuair sí í roimpi mar bhí sí
roimhe sin, na suidhe cois na teineadh. “An mar sin atá
tú?“ adeir an mháthair, “shíl mé go ndubhairt mé leat
cheana éirighidh suas & thú féin a théitheadh le do chuid
oibre.” “Maise,” adeir an inghean, “dhóigh mé a raibh
do líon san teach agam & ní raibh mé te na dhiaidh sin.”
Chonnaic an mháthair nár raibh aon mhaith dhi léithe, &
d'imthigh sí go dtí an inghean eile. Chuir sí sin dinnéar
i gcóir di, acht nuair a bhí an dinnéar réidh ní raibh aon
anlann lé n-aghaidh. “Cá bhfuil an croca ime a bhí
agat nuair a bhí mé annso cheana?” adeir an mháthair.
“Thug mé do Scríob Cruadh an Earraigh é, mar
dubhairt tú liom,” adeir an inghean, & d'innis sí do'n
mháthair ciannos mar tháinig sean-fear isteach cúpla lá
tar éis í féin imtheacht cheana, & mar dubhairt sé gurbh
é Scríob Cruadh an Earraigh é. Chuaidh an mháthair a
bhaile annsin, dubhrónach go leór a smuaineadh ar an
mbealach a dtug sí suas a beirt inghean.



Cathal

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services