Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá fá'n dtuaith
Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ FÁ'N TUAITH B'fhíor dhó. D'fhágas mo bheannacht ag an mbeirt cois teineadh agus d'imthigh liom amach. Bhí Peadar Fada romham ar an tsráid, agus cárr nua aige. Bhí an sean- ghearrán bán chomh gasta is do bhí sé riamh. Ar siubhal arís linn gan mhoill. Gan bó mhór agus bodóg a dhéanamh dhe, shroicheamar Teampall na Mánach fá meadhon- lae. D'fhágas mo chéad slán ag Peadar Fada, agus rinneas ar theach an phobail. Níor dhoiligh é 'fhagháil. Bhí sé suidhte ar árdán sgathamh beag ó'n mbaile amach. Bhí fear ag obair os comhair an tséipéil ag cur caoi ar bhalla. “Bhfuil an sagart istigh?” adeirim-se. “Cia an sagart?” ar seisean. “An tAthair Máirtín Ua Máille,” arsa mise. “Nach é sagart pobail an pharáiste seo é?” “Is é, gan dabhat,” as seisean. “Bhfuil sé istigh?” adeirim-se. Do leath a shúile air agus do bhreathnuigh sé orm ó cheann go talamh. “Dhiún a bhfuil fhios agam,” ar seisean. “Maiseadh, badh cheart go mbéadh fhios,” arsa mise, “agus tú go díreach os comhair an tséipéil.” “'Ar ndó', ní chomhnuigheann sé sa séipéal,” ar seisean. “Is baramhlach nach gcomhnuigheann,” arsa mise, “acht 'sé mo mheas nach bhfuil a theach i bhfad uainn.” “Tá sé deich míle talmhan uainn,” ars' an fear. Hobair gur thuiteas as mo sheasamh. “Mo chorp ó'n seabhac,” arsa mise, “an dá ríribh atá tú?” “'Ar ndó', seadh,” ar seisean. “Cia an chiall go mbéinn ag stealladh magadh fút? Tá dhá theach pobail ag an Athair Máirtín — an ceann so agus ceann eile thiar i nGuirtín na mBó. Is i nGuirtín na mBó chomhnuigheas sé. Ní theagann sé annso acht uair sa tseachtmhain le hAifreann an Domhnaigh a léigheadh.” “Agus cia an bealach a rachfainn go Guirtín na mBó?” arsa mise. “An bealach sin díreach os do chomhair,” ar seisean. “Tá Guirtín na mBó seacht míle taobh thiar do'n chnoc úd.“ Ní raibh aon neart agam air. Bhuaileas an bóthar, agus níor bh'fhallsóir mé dhá chur dhíom. Dhá uaignighe an t-aistear ó Licín go Teampall na Mánach, b'uaignighe i bhfad an bealach so. Portacha, fraoch agus clocha glasa — sin é a raibh le feicsint agam, thiar, thoir, ó thuaidh, agus ó dheas. Níor casadh dham acht corr-dhuine. Shílfeá gur i bhfásach a bheitheá. Bheitheá ag fiafrughadh dhíot féin cár imthigh na daoine agus na beithidhigh uait. Do réir mar shiubhlainn bhínn ag breathnughadh uaim go géar ar na héinibh. Cuirim spéis mhór ins na héanlaith, agus ag taisteal na tíre dham, má's ag coisidheacht, ag marcaidheacht nó ag rothaidheacht bhím, bím ag faire amach i gcomhnaidhe orra. Chonnaic mé mo dhóthain mhór dhíobh an lá so. Ní'l aon chall agam a rádh go n-eitealladh an lon dubh agus an spideóigín tharm gacha ré nóimid, ó thaoibh go taobh do'n bhóthar. Is minic do chídhinn an smólach ag léimneach suas ó bhun an chlaidhe go dtí a bharr agus ag glanadh leis isteach sa mbuaile. Ó am go ham chluininn fothram cois na chlaidhe, agus ag amharc tharm dham chídhinn an gealbhan catha, nó an gealbhan garrdha, nó an ghlasóg, nó b'fheidir an gealbhán creige. Ní hannamh do mhothui- ghinn “gic, gic,” le m'ais, agus thuiginn ar ball gurab í an bhuidheóg do bhíodh ann. Ba ghearr 'na dhiaidh sin go bhfeicinn an t-éinín buidhe ag cleasaidheacht ar an mbóthar cúpla troigh uaim, acht chomh luath is thugadh sé fá ndeara go mbínn ag faire air, d'imthigheadh sé do léim agus anonn thar an gclaidhe leis. Uair amháin chonnaic mé an caislín cloch agus a chéile é féin 'na shuidhe ar an ngéag uachtair do thom aitinn, agus ise ar an ngéag uachtair do thom eile. Is aisteach an giolla é an caislín cloch. Sé an áit is fearr leis an dhruim talmhan ar fhíor-mhullach tuim éigin, agus cé gur “caislín cloch“ thugtar air, is annamh luigheas sé ar chloich. Tamall gearr thar éis an lánamhain so a fheicsint, cia do chífinn acht an snag breac? Sheas an bitheamhnach ar bharr an chlaidhe, chuir sé a cheann ar leath-taoibh agus bhain sé lán a dhá súl asam, mar adéaradh sé liom, “cia thú féin, a dhuine chóir, nó cia ar b'as thú?” Ó, thárla nach bhfuair sé aon fhreagra uaim, leig sé sgread as go díreach mar mhionnán ag méilidh, agus as go bráth leis. (Leanfar dhe seo) Pádraig Mac Piarais
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services