LÁ FÁ'N TUAITH
B'fhíor dhó. D'fhágas mo bheannacht ag an mbeirt cois
teineadh agus d'imthigh liom amach. Bhí Peadar Fada
romham ar an tsráid, agus cárr nua aige. Bhí an sean-
ghearrán bán chomh gasta is do bhí sé riamh. Ar siubhal
arís linn gan mhoill. Gan bó mhór agus bodóg a dhéanamh
dhe, shroicheamar Teampall na Mánach fá meadhon-
lae. D'fhágas mo chéad slán ag Peadar Fada, agus
rinneas ar theach an phobail. Níor dhoiligh é 'fhagháil. Bhí
sé suidhte ar árdán sgathamh beag ó'n mbaile amach. Bhí
fear ag obair os comhair an tséipéil ag cur caoi ar
bhalla.
“Bhfuil an sagart istigh?” adeirim-se.
“Cia an sagart?” ar seisean.
“An tAthair Máirtín Ua Máille,” arsa mise. “Nach
é sagart pobail an pharáiste seo é?”
“Is é, gan dabhat,” as seisean.
“Bhfuil sé istigh?” adeirim-se.
Do leath a shúile air agus do bhreathnuigh sé orm ó cheann
go talamh.
“Dhiún a bhfuil fhios agam,” ar seisean.
“Maiseadh, badh cheart go mbéadh fhios,” arsa mise,
“agus tú go díreach os comhair an tséipéil.”
“'Ar ndó', ní chomhnuigheann sé sa séipéal,” ar
seisean.
“Is baramhlach nach gcomhnuigheann,” arsa mise, “acht
'sé mo mheas nach bhfuil a theach i bhfad uainn.”
“Tá sé deich míle talmhan uainn,” ars' an fear.
Hobair gur thuiteas as mo sheasamh.
“Mo chorp ó'n seabhac,” arsa mise, “an dá ríribh
atá tú?”
“'Ar ndó', seadh,” ar seisean. “Cia an chiall go
mbéinn ag stealladh magadh fút? Tá dhá theach pobail
ag an Athair Máirtín — an ceann so agus ceann eile thiar
i nGuirtín na mBó. Is i nGuirtín na mBó chomhnuigheas
sé. Ní theagann sé annso acht uair sa tseachtmhain le
hAifreann an Domhnaigh a léigheadh.”
“Agus cia an bealach a rachfainn go Guirtín na
mBó?” arsa mise.
“An bealach sin díreach os do chomhair,” ar seisean.
“Tá Guirtín na mBó seacht míle taobh thiar do'n
chnoc úd.“
Ní raibh aon neart agam air. Bhuaileas an bóthar, agus
níor bh'fhallsóir mé dhá chur dhíom. Dhá uaignighe an
t-aistear ó Licín go Teampall na Mánach, b'uaignighe
i bhfad an bealach so. Portacha, fraoch agus clocha glasa —
sin é a raibh le feicsint agam, thiar, thoir, ó thuaidh, agus ó
dheas. Níor casadh dham acht corr-dhuine. Shílfeá
gur i bhfásach a bheitheá. Bheitheá ag fiafrughadh dhíot
féin cár imthigh na daoine agus na beithidhigh uait.
Do réir mar shiubhlainn bhínn ag breathnughadh uaim
go géar ar na héinibh. Cuirim spéis mhór ins na
héanlaith, agus ag taisteal na tíre dham, má's ag
coisidheacht, ag marcaidheacht nó ag rothaidheacht bhím,
bím ag faire amach i gcomhnaidhe orra. Chonnaic mé
mo dhóthain mhór dhíobh an lá so. Ní'l aon chall agam a
rádh go n-eitealladh an lon dubh agus an spideóigín tharm
gacha ré nóimid, ó thaoibh go taobh do'n bhóthar. Is
minic do chídhinn an smólach ag léimneach suas ó
bhun an chlaidhe go dtí a bharr agus ag glanadh leis isteach
sa mbuaile. Ó am go ham chluininn fothram cois na
chlaidhe, agus ag amharc tharm dham chídhinn an gealbhan
catha, nó an gealbhan garrdha, nó an ghlasóg, nó
b'fheidir an gealbhán creige. Ní hannamh do mhothui-
ghinn “gic, gic,” le m'ais, agus thuiginn ar ball gurab í
an bhuidheóg do bhíodh ann. Ba ghearr 'na dhiaidh sin go
bhfeicinn an t-éinín buidhe ag cleasaidheacht ar an
mbóthar cúpla troigh uaim, acht chomh luath is thugadh sé
fá ndeara go mbínn ag faire air, d'imthigheadh sé do
léim agus anonn thar an gclaidhe leis. Uair amháin chonnaic
mé an caislín cloch agus a chéile é féin 'na shuidhe ar an
ngéag uachtair do thom aitinn, agus ise ar an ngéag
uachtair do thom eile. Is aisteach an giolla é an
caislín cloch. Sé an áit is fearr leis an dhruim
talmhan ar fhíor-mhullach tuim éigin, agus cé gur “caislín
cloch“ thugtar air, is annamh luigheas sé ar chloich.
Tamall gearr thar éis an lánamhain so a fheicsint, cia
do chífinn acht an snag breac? Sheas an bitheamhnach
ar bharr an chlaidhe, chuir sé a cheann ar leath-taoibh agus
bhain sé lán a dhá súl asam, mar adéaradh sé liom,
“cia thú féin, a dhuine chóir, nó cia ar b'as thú?” Ó,
thárla nach bhfuair sé aon fhreagra uaim, leig sé
sgread as go díreach mar mhionnán ag méilidh, agus as go
bráth leis.
(Leanfar dhe seo)
Pádraig Mac Piarais