Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL. Lá ar n-a bhárach níor eirigheamar go ró-luath agus bhí an deich a chlog ann nuair a bhí ar gcéadphroinn nó ar mbreacfasta caithte againn. D'eirigh sinn amach, sé sin Diarmuid agus mé féin ar fuaid an sráid-bhaile ag amharc ar an áit. Is mór an áit í Árd a' Ratha fá choinne éadaigh lámh-dhéanta d'fhaghbháil, óir gní na daoine thart fá'n dúthaigh sin mórán deantus as olann na gcaorach, mar atá báinín nó pláinín, éadach glas- caorach, agus éadach dathuighthe de gach uile chineál, agus gní siad fosda earraidhe cleiteáilte amhail stocaidhe giosain, fó-léinte, fó-bhrístí agus a leithéidí eile. Gní siad mar an gcéadna lín-éadach do ghreanadh agus do bhreacadh go céirdeamhail. Is i nÁrd a' Ratha tá an margadh fá choinne gach uile sheórt mar seo do dhíol agus táthar dá dhíol ins na siopaibh fosda. Chuadhmar isteach i siopaibh agus cheannaigh mé dhá phéire stocaidhe agus greasán gearr de éadach glas-chaorach. I ndiaidh am-dinéire rinneamar comhairle dhul amach ar thurus chuig sean sgéaluidhe atá in a chomhnuidhe trí mhíle taobh thiar de Árd a' Ratha ag Gleanngheis. Tá Gleanngheis in a cineal beárna idir Ard a' Ratha agus Sean-ghleann Choluimchille. Gleann cumhaing domhain atá i nGleann- gheis, agus beagán tighthe ar gach taobh de'n ghleann. Casadh bean linn ar an bhealach-mhór agus chuir mise ceist uirri i nGaedhilg ca háit a raibh teach Éamoinn Óig, óir b'é sin ainm an sgéalaidhe. Mac Gill is sloinneadh dhó, acht tá ainm ag na daoinibh go coitcheann ar gach duine agus sin é an t-ainm tugtar orra go coitcheann. “Sin thall-sean-chasán,” arsan tsean-bhean, “agus má théid sibh suas an casán sin go dtí na croinn (crannaibh) úd thuas ní bhéidh sibh i bhfad ó thigh Éamuinn Óig.” Leanamar comairle na mná agus ghluais muid suas an sean-chasán. Cha raibh sé ró-fhuras dúinn dhul suas an cnoc mar bhí fánaidh mór leis, acht éirigh linn sa' deireadh, agus nuair a tháinig muid fhaid leis na crannaibh chonnaic sinn teach beag aol-gheal romhainn agus rinneamar ar an doras. D'eirigh mo chroidhe in mo chléibh ag druidim do'n doras dúinn nuair a chuala mé daoine ag caint 's ag comhrádh i nGaedhilg ar an taobh istigh. Bhí an doras fosgailte agus bhuaileamar isteach. Bhuanamar prab as na daoinibh ar dtús acht ní fada gur aithin siad Diarmuid agus rinne fear-a-tighe agus bean-a-tighe croitheadh-lámh leis. Bhean- nuigh gach uile dhuine dhúinn agus socruigheadh cathaoireacha dúinn ós comhair na teineadh. Sin é an teach a bhí go compórtach cluthmhar! Bhí teine mhaith mhóna ar an teallach agus na lasracha agus na splanca ag imtheacht go tiugh suas ar an pholl-deataigh. Bhí lóchrann geal-lasta ar an gclár. Bhí dhá thúirne i leath-taoibh an tighe, agus dhá chailín óga dóigheamhla ag sníomh orra. Bhí beirt eile, .i. bean agus cailín ag cíoradh nó ag cárdáil olna 'sa' choirneal is ag déanamh rollóg dí. Bhí cailín óg eile ag greanadh is ag breacadh lín-éadaigh agus cailín eile ní b'óige 'ná ceachtar aca thíos ins an seomra agus lóchrann aici léithe féin ag sgrúdadh somplair nó deilbhe, agus ag cleiteáil dá réir. Bhí na mná eile gnóthach agus aoibhneas an tsaoghail orra i gcionn a gcuid oibre. Ní mór na gur shaoil mé gur i ngrianán na mban a bhíos ag Cruachán Mheadhbha nó i measg ban Uladh ag Emhain Macha. Acht ní headh, óir cha raibh cosamhlacht Choncho- bhair ar fhear a' tighe agus cha measfadh duine ar thalamh an domhain gur b'ionnan Meadhbha agus bean a' tighe. Bhí Éamonn agus a mhac ag ól tae nuair a chuaidh sinne is- teach agus nuair a bhí an tae caithte aca shuidh siad thart, agus fuair Éamonn a dhúidín agus stiog tobac agus i ndiaidh an tobac a ghearradh a shuaitheadh agus a chur sa phíopa thóg sé aoibhleóg as an teine agus chuir le béal an phíopa í gur dhearg sé an píopa agus shín thart é gur chaitheamar uile toit. Chomh fhad is bhímear ag caitheadh d'iarr Diarmuid ar Éamonn Óg amhrán nó dhó a chanadh dhúinn. Cha raibh Éamonn doicheallach fá'n mhéid sin agus chan sé triúr no ceathrar d'amhránaibh maithe dhúinn. Ba thruagh liom-sa nach raibh faill againn an oidhche sin iad do sgríbhint síos acht b'fhéidir go bhfuil siad sgríbhte cheana féin ag an Laoideach mar bhí sé sa' dúthaigh sin anuraidh ag sgríbhint síos a leithéid. D'innis Éamonn sean- sgéalta dhúinn fosda. Ag seo sgéal 'ar innis sé
dhúinn fá dtaoibh de Chrommel. Tháinig Crommel agus a chuid saighdiúr do'n áit sin agus mhairbh siad an uile dhuine idir fir agus mná (fearaibh agus mnáibh) do casadh orra. Theich na daoine roimhe, sé sin duine ar bith a dtáinig leis imtheacht. D'imthigh na daoine go léir as Árd a' Ratha agus as Gleanngheis agus thart thimchioll na tíre sin, acht fear amháin a raibh a bhean marbh aige agus í na luighe faoi bhórd an oidhche sin, agus ní fhuigfeadh an duine bocht í acht d'fhan ag faire an oidhche sin go maidin. Ar maidin, lá ar n-a bhárach, chuir sé an corpán isteach i gcomhfra, agus chuir ar a mhuin é agus d'imthigh leis le n-a chur ins an tsean-roiligh in Inis Caoil, taobh thiar de'n mhuilionniar- ainn mar a bhfuil Naomh Conall agus mórán naomh nach é curtha. Cha deachaidh sé i bhfad nuair a casadh airm Chrommel air agus Crommel féin aige n-a gceann. D'fhiaf- raigh Crommel de goidé bhí 'sa' chomhfra aige, agus d'innis an fear bocht do go cráidhte gur b'é corpán a mhná a bhí ann, agus nach raibh aon duine le bheith ag an tóradh acht é féin, óir gur imthigh siad uilig le sgannradh roimh Chrommel. Ghabh Crommel truaigh dhó agus sgaoil thairis é gan buaint leis, acht gur bhagair sé air gan amharc 'na dhiaidh go dtéidheadh sé go hInis Caol agus gan áird a thabhairt ar rud a d'fheicfeadh sé acht an bealach roimhe a chur de gan mhoill; agus ní'l gar damh a rádh gur rinn sé sin. Is deas an sgéilín beag é seo, agus badh mhaith liom a chreidmheáil, óir char chuala mé riamh sgéal fá dtaoibh de Chrommel acht ar a mhío-thrócaireacht uilig agus badh mhaith liom chreidmheáil narbh' eadh deamhan agus anspiorad amuich 's amach a bhí ann. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services