Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL.
Lá ar n-a bhárach níor eirigheamar go ró-luath agus bhí
an deich a chlog ann nuair a bhí ar gcéadphroinn nó ar
mbreacfasta caithte againn. D'eirigh sinn amach, sé
sin Diarmuid agus mé féin ar fuaid an sráid-bhaile ag
amharc ar an áit. Is mór an áit í Árd a' Ratha fá
choinne éadaigh lámh-dhéanta d'fhaghbháil, óir gní na
daoine thart fá'n dúthaigh sin mórán deantus as olann
na gcaorach, mar atá báinín nó pláinín, éadach glas-
caorach, agus éadach dathuighthe de gach uile chineál, agus gní
siad fosda earraidhe cleiteáilte amhail stocaidhe
giosain, fó-léinte, fó-bhrístí agus a leithéidí eile. Gní
siad mar an gcéadna lín-éadach do ghreanadh agus do
bhreacadh go céirdeamhail. Is i nÁrd a' Ratha tá an
margadh fá choinne gach uile sheórt mar seo do dhíol agus
táthar dá dhíol ins na siopaibh fosda. Chuadhmar
isteach i siopaibh agus cheannaigh mé dhá phéire stocaidhe
agus greasán gearr de éadach glas-chaorach. I ndiaidh
am-dinéire rinneamar comhairle dhul amach ar thurus
chuig sean sgéaluidhe atá in a chomhnuidhe trí mhíle taobh
thiar de Árd a' Ratha ag Gleanngheis. Tá Gleanngheis
in a cineal beárna idir Ard a' Ratha agus Sean-ghleann
Choluimchille. Gleann cumhaing domhain atá i nGleann-
gheis, agus beagán tighthe ar gach taobh de'n ghleann. Casadh
bean linn ar an bhealach-mhór agus chuir mise ceist uirri
i nGaedhilg ca háit a raibh teach Éamoinn Óig, óir
b'é sin ainm an sgéalaidhe. Mac Gill is sloinneadh
dhó, acht tá ainm ag na daoinibh go coitcheann ar gach
duine agus sin é an t-ainm tugtar orra go coitcheann.
“Sin thall-sean-chasán,” arsan tsean-bhean, “agus má théid
sibh suas an casán sin go dtí na croinn (crannaibh) úd
thuas ní bhéidh sibh i bhfad ó thigh Éamuinn Óig.”
Leanamar comairle na mná agus ghluais muid suas
an sean-chasán. Cha raibh sé ró-fhuras dúinn dhul
suas an cnoc mar bhí fánaidh mór leis, acht
éirigh linn sa' deireadh, agus nuair a tháinig muid fhaid
leis na crannaibh chonnaic sinn teach beag aol-gheal
romhainn agus rinneamar ar an doras. D'eirigh mo
chroidhe in mo chléibh ag druidim do'n doras dúinn
nuair a chuala mé daoine ag caint 's ag comhrádh i
nGaedhilg ar an taobh istigh. Bhí an doras fosgailte
agus bhuaileamar isteach. Bhuanamar prab as na daoinibh
ar dtús acht ní fada gur aithin siad Diarmuid agus rinne
fear-a-tighe agus bean-a-tighe croitheadh-lámh leis. Bhean-
nuigh gach uile dhuine dhúinn agus socruigheadh cathaoireacha
dúinn ós comhair na teineadh. Sin é an teach a bhí go
compórtach cluthmhar! Bhí teine mhaith mhóna ar an
teallach agus na lasracha agus na splanca ag imtheacht go tiugh
suas ar an pholl-deataigh. Bhí lóchrann geal-lasta ar
an gclár. Bhí dhá thúirne i leath-taoibh an tighe, agus dhá
chailín óga dóigheamhla ag sníomh orra. Bhí beirt eile, .i.
bean agus cailín ag cíoradh nó ag cárdáil olna 'sa'
choirneal is ag déanamh rollóg dí. Bhí cailín óg eile
ag greanadh is ag breacadh lín-éadaigh agus cailín eile ní
b'óige 'ná ceachtar aca thíos ins an seomra agus lóchrann
aici léithe féin ag sgrúdadh somplair nó deilbhe, agus ag
cleiteáil dá réir. Bhí na mná eile gnóthach agus aoibhneas
an tsaoghail orra i gcionn a gcuid oibre. Ní mór na
gur shaoil mé gur i ngrianán na mban a bhíos ag
Cruachán Mheadhbha nó i measg ban Uladh ag Emhain
Macha. Acht ní headh, óir cha raibh cosamhlacht Choncho-
bhair ar fhear a' tighe agus cha measfadh duine ar thalamh an
domhain gur b'ionnan Meadhbha agus bean a' tighe. Bhí
Éamonn agus a mhac ag ól tae nuair a chuaidh sinne is-
teach agus nuair a bhí an tae caithte aca shuidh siad thart, agus
fuair Éamonn a dhúidín agus stiog tobac agus i ndiaidh an
tobac a ghearradh a shuaitheadh agus a chur sa phíopa thóg sé
aoibhleóg as an teine agus chuir le béal an phíopa í gur dhearg
sé an píopa agus shín thart é gur chaitheamar uile toit.
Chomh fhad is bhímear ag caitheadh d'iarr Diarmuid ar
Éamonn Óg amhrán nó dhó a chanadh dhúinn. Cha raibh
Éamonn doicheallach fá'n mhéid sin agus chan sé triúr no
ceathrar d'amhránaibh maithe dhúinn. Ba thruagh liom-sa
nach raibh faill againn an oidhche sin iad do sgríbhint
síos acht b'fhéidir go bhfuil siad sgríbhte cheana féin ag
an Laoideach mar bhí sé sa' dúthaigh sin anuraidh ag
sgríbhint síos a leithéid. D'innis Éamonn sean-
sgéalta dhúinn fosda. Ag seo sgéal 'ar innis sé
dhúinn fá dtaoibh de Chrommel. Tháinig Crommel agus a
chuid saighdiúr do'n áit sin agus mhairbh siad an uile dhuine
idir fir agus mná (fearaibh agus mnáibh) do casadh orra. Theich
na daoine roimhe, sé sin duine ar bith a dtáinig leis
imtheacht. D'imthigh na daoine go léir as Árd a' Ratha
agus as Gleanngheis agus thart thimchioll na tíre sin, acht fear
amháin a raibh a bhean marbh aige agus í na luighe faoi bhórd
an oidhche sin, agus ní fhuigfeadh an duine bocht í acht d'fhan
ag faire an oidhche sin go maidin. Ar maidin, lá ar
n-a bhárach, chuir sé an corpán isteach i gcomhfra, agus
chuir ar a mhuin é agus d'imthigh leis le n-a chur ins an
tsean-roiligh in Inis Caoil, taobh thiar de'n mhuilionniar-
ainn mar a bhfuil Naomh Conall agus mórán naomh nach é
curtha. Cha deachaidh sé i bhfad nuair a casadh airm
Chrommel air agus Crommel féin aige n-a gceann. D'fhiaf-
raigh Crommel de goidé bhí 'sa' chomhfra aige, agus d'innis
an fear bocht do go cráidhte gur b'é corpán a mhná a
bhí ann, agus nach raibh aon duine le bheith ag an tóradh acht
é féin, óir gur imthigh siad uilig le sgannradh roimh
Chrommel. Ghabh Crommel truaigh dhó agus sgaoil thairis
é gan buaint leis, acht gur bhagair sé air gan amharc
'na dhiaidh go dtéidheadh sé go hInis Caol agus gan áird a
thabhairt ar rud a d'fheicfeadh sé acht an bealach
roimhe a chur de gan mhoill; agus ní'l gar damh a rádh
gur rinn sé sin. Is deas an sgéilín beag é seo, agus badh
mhaith liom a chreidmheáil, óir char chuala mé riamh sgéal
fá dtaoibh de Chrommel acht ar a mhío-thrócaireacht
uilig agus badh mhaith liom chreidmheáil narbh' eadh deamhan
agus anspiorad amuich 's amach a bhí ann.
Cú Uladh