Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL. Cha raibh mé i bhfad ina na Ceallaibh Beaga nuair a ghoir mé isteach chuig Pádraig Ó Birn agus ar ndóigh chuir sé fáilte agus fiche romham. Bhí gnó éigin agam 'sa' chúirt ag na Seisionaighe Beaga. Bhí trí Iúistísí 'sa' chúirt an lá sin, agus bhí Gaedhilg mhaith ag beirt aca .i. Aodh Ó Domhnaill, ó Sheangleann Choluimcille, agus Seaghán Ó Birn, as na Ceallaibh Beaga. Acht bhí Iúistís 'sa chathaoir nach raibh Gaedhilg ar bith aige agus ar ndóigh tugadh an dligheadh dhúinn as Béarla. Dá mbéadh Gaedhilg ag an uile Iúistís féin is dóighthe go mbéadh d'fhiachaibh orra an dligheadh do thabhairt dúinn as Béarla mar nach bhfuil againn acht dlighthe Béarla. Acht ar a shon sin labhradh mórán Gaedhilge ins na Ceallaibh Beaga an lá sin. Chá raibh faill agam goirtin ins na tighthibh sgoile an lá sin agus chan fhaca mé mo chara Seaghán Mac a' Bháird acht chualas go bhfuil sé ag déanamh oibre tréine in a sgoil ag teagasg Geadhilge, acht chualas fosda gurab é sin an t-iomlán atá déanta ins na sgoltaibh sa' pharáisde sin, sé sin, ins na sgoltaibh náisiúnta mar tá Gaedhilg dhá múnadh ins an sgoil gnóthach atá faoi stiúr ag an sagart Ua Domhnaill. Tá dream mhór ghasúr 'san sgoil úd agus is mór an tarrtháil iad a bheith i gcionn na Gaedhilge. Cha raibh an oidhche i bhfad gan teacht orainn an lá úd agus bhí agam le dhul go hArd-a'-rátha go fóill; acht bhí mo chara Diarmuid Ó Cruaidhlaoich i n-éinfheacht liom agus bhí carr seolta aige, agus thiomáin muid linn tráthnóna. Bhí an aimsear beagán socruighthe ó'n doinionn a bhí ann Dia Sathairn agus Dia Domhnaigh, acht in a dhiaidh sin 's uilig tháinig corr chioth searbh go leor anuas orainn. Labhramar Gaedhilg le gach aon duine is gach aon bhuidhin casadh orainn ar an bhealach mhór an oidhche sin, agus b'annamh dhúinn freagair d'fhághail i mbéarla. Is cosmhail go bhfuil an Ghaedhilg beo beathadhach san dúthaigh sin go fóill. Shroicheamar Árd-a'-rátha ag a hocht a chlog agus siúd is go bhfuair muid dinéir breagh ins na Ceallaibh Beaga bhí goile mhaith againn arís, óir ní'l aoinnidh níos fearr fá choinne goile mhaith d'fhághail ná tiomáint nó marcuidheacht thar sléibhtibh oidhche fhuair gheimhridh. Ní fada, go dearbhtha, go raibh béile maith bidh ar clár dúinn i dtigh ósda an Néillsigh, agus dearbhaim daoibh nach dtugamar druim air. Bhí dochtúir óg ann sin ó Baile-Átha-Cliath agus nuair a bhí go leór ithte againn araon agus nuair a tharraing muid ar n-anal, agus leagamar dínn ar sgíste cois na teineadh, fuaramar fuireann cárta agus thoisigheamar ag imirt. B'amhlaidh do chuireamar geasa orainn féin gan Bhéarla ar bith a labhairt i gcionn na gcárta, agus cha'r labhair muid focal amháin Béarla an tráth sin. Chá raibh Gaedhilg ró-mhaith ag an dochtúir acht i gcionn tamaill tháinig leis a rádh an t-aon agus an chuileat, an rígh agus an bhainríoghan, leigim thart, nó rachaidh mé a trí, imir, buail é, nó, tá mé buailte, chomh cliste le ceachtar againn. Agus bhí aoibhneas an tsaoghail air mar gheall ar an oiread sin Gaedhilge d'fhagháil gan- stuidéir, gan buaidhreadh. Agus ar sé, “sin é go díreach an cineal sgoile Gaedhilge ba mhaith liom dhul dh'ionns' air i gcomhnuidhe, óir thiocfadh liom bheith in mo shuide go compórtach cois teineadh ag imirt na gcárta agus ag foghluim Gaedhilge in aon láthair, gan fiú imtheacht as mo thigh féin ar chor ar bith, agus dá mba fhios damh cheana go mb'fhéidir Gaedhilg d'fhoghluim chomh sásta seo bhéinn in a gcionn i bhfad ó shoin.” Tá tuairim agam go mbéadh mórán daoine ar aon inntinn leis an dochtúir, slán a bhéas sé. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services