Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL.
Cha raibh mé i bhfad ina na Ceallaibh Beaga nuair a
ghoir mé isteach chuig Pádraig Ó Birn agus ar ndóigh chuir sé
fáilte agus fiche romham. Bhí gnó éigin agam 'sa' chúirt ag
na Seisionaighe Beaga. Bhí trí Iúistísí 'sa' chúirt an lá
sin, agus bhí Gaedhilg mhaith ag beirt aca .i. Aodh Ó Domhnaill,
ó Sheangleann Choluimcille, agus Seaghán Ó Birn, as na
Ceallaibh Beaga. Acht bhí Iúistís 'sa chathaoir nach raibh
Gaedhilg ar bith aige agus ar ndóigh tugadh an dligheadh
dhúinn as Béarla. Dá mbéadh Gaedhilg ag an uile
Iúistís féin is dóighthe go mbéadh d'fhiachaibh orra an
dligheadh do thabhairt dúinn as Béarla mar nach bhfuil
againn acht dlighthe Béarla. Acht ar a shon sin labhradh
mórán Gaedhilge ins na Ceallaibh Beaga an lá sin.
Chá raibh faill agam goirtin ins na tighthibh sgoile an
lá sin agus chan fhaca mé mo chara Seaghán Mac a' Bháird
acht chualas go bhfuil sé ag déanamh oibre tréine in a
sgoil ag teagasg Geadhilge, acht chualas fosda gurab
é sin an t-iomlán atá déanta ins na sgoltaibh sa'
pharáisde sin, sé sin, ins na sgoltaibh náisiúnta mar
tá Gaedhilg dhá múnadh ins an sgoil gnóthach atá faoi
stiúr ag an sagart Ua Domhnaill. Tá dream mhór
ghasúr 'san sgoil úd agus is mór an tarrtháil iad a bheith i
gcionn na Gaedhilge.
Cha raibh an oidhche i bhfad gan teacht orainn an lá
úd agus bhí agam le dhul go hArd-a'-rátha go fóill; acht bhí
mo chara Diarmuid Ó Cruaidhlaoich i n-éinfheacht liom
agus bhí carr seolta aige, agus thiomáin muid linn tráthnóna.
Bhí an aimsear beagán socruighthe ó'n doinionn a bhí
ann Dia Sathairn agus Dia Domhnaigh, acht in a dhiaidh sin 's
uilig tháinig corr chioth searbh go leor anuas orainn.
Labhramar Gaedhilg le gach aon duine is gach aon
bhuidhin casadh orainn ar an bhealach mhór an oidhche sin,
agus b'annamh dhúinn freagair d'fhághail i mbéarla. Is
cosmhail go bhfuil an Ghaedhilg beo beathadhach san
dúthaigh sin go fóill. Shroicheamar Árd-a'-rátha ag a
hocht a chlog agus siúd is go bhfuair muid dinéir breagh
ins na Ceallaibh Beaga bhí goile mhaith againn arís, óir
ní'l aoinnidh níos fearr fá choinne goile mhaith d'fhághail
ná tiomáint nó marcuidheacht thar sléibhtibh oidhche
fhuair gheimhridh. Ní fada, go dearbhtha, go raibh béile
maith bidh ar clár dúinn i dtigh ósda an Néillsigh, agus
dearbhaim daoibh nach dtugamar druim air. Bhí dochtúir
óg ann sin ó Baile-Átha-Cliath agus nuair a bhí go leór
ithte againn araon agus nuair a tharraing muid ar
n-anal, agus leagamar dínn ar sgíste cois na teineadh,
fuaramar fuireann cárta agus thoisigheamar ag imirt.
B'amhlaidh do chuireamar geasa orainn féin gan
Bhéarla ar bith a labhairt i gcionn na gcárta, agus
cha'r labhair muid focal amháin Béarla an tráth sin.
Chá raibh Gaedhilg ró-mhaith ag an dochtúir acht i gcionn
tamaill tháinig leis a rádh an t-aon agus an chuileat, an
rígh agus an bhainríoghan, leigim thart, nó rachaidh mé a trí,
imir, buail é, nó, tá mé buailte, chomh cliste le
ceachtar againn. Agus bhí aoibhneas an tsaoghail air
mar gheall ar an oiread sin Gaedhilge d'fhagháil gan-
stuidéir, gan buaidhreadh. Agus ar sé, “sin é go
díreach an cineal sgoile Gaedhilge ba mhaith liom dhul
dh'ionns' air i gcomhnuidhe, óir thiocfadh liom bheith in mo
shuide go compórtach cois teineadh ag imirt na gcárta
agus ag foghluim Gaedhilge in aon láthair, gan fiú imtheacht
as mo thigh féin ar chor ar bith, agus dá mba fhios damh
cheana go mb'fhéidir Gaedhilg d'fhoghluim chomh sásta
seo bhéinn in a gcionn i bhfad ó shoin.” Tá tuairim
agam go mbéadh mórán daoine ar aon inntinn leis an
dochtúir, slán a bhéas sé.
Cú Uladh