Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá fá'n dtuaith
Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ FÁ'N TUAITH “Támuid i dteannta anois, ar chuma ar bith,” arsa Peadar. Níor fheadas é 'shárughadh. “Teastóchaidh leath-chlaidhe nua uait,” arsa mise. “Is fearr liom an cárr briste,” ar seisean, “ná dá ngortóchaidhe an sean-ghearrán, gan trácht orainn féin. Céad moladh go deó le hÍosa nach ndearnadh cruas d'ar gcnámhaibh.” “Cér'd dhéanfas sinn anois,” arsa mise, “ó thárla gan chárr sinn?” “Tá mé 'ceapadh go bhfuighmid cárr ar iasacht i mBaile na Lachan,” ar seisean. “Cuirfidh mé beirt nó thriúr i gcoinne an cháirr seo. Teannam uait.” D'imthigh sé air, ag tarraing an tsean-ghearrán 'na dhiaidh, agus níor bhfallsóir mé dhá leanamhaint. Ba ghearr gur shroicheamar an baile beag. Níorbh' aon leas-ainm Baile na Lachan a ghlaodhach air, mar ní fhaca mé bocht ná nocht ar an tsráid acht páisdí agus lachain. Chruinnigh na páisdí thart timcheall orainn 'na bhfáinne ag dearcadh go cúthal orainn. Níor mhór dham a admháil nach raibh caoi ró-mhaith orainn, mar bhí ar gcuid éadaigh chomh smeartha sin le draoibh an bhóthair go sílfeá go rabhamar thar éis bheith ag únfairt i lochán ar nós na muc. Bhí cáibín Pheadair ar leath-taoibh a chinn, agus bhí mo hata-sa chomh suarach salach sin go gceapfá gurab ó bhacach do fuaras ar iasacht é. Ní'l aon chabhair dham a rádh gur chuireamar iongantas an tsaoghail ar na páisdíbh. Thosuigh siad ag cainnt agus ag comhrádh le n-a chéile, agus grádh mo chroidhe go deó iad! ní raibh smid asta acht Gaedhilg. Nach binn í an Ghaedhilg as béal páisde! Dhá bhinneacht iad ceileabhar na n-éan agus crónán na habhann ag rith le fánaidh, ní'l ionnta acht gliogarnach i gcomórtas leis an nGaedhilg dhá caitheamh amach as béal páisde nach bhfuil focal Béarla 'na cheann. Labhras le gearr-chailín amháin a raibh cúl dubh gruaige uirri agus é i n-aimhréidh le famainnibh casta thart timcheall a sul. Bhí sí chomh cainnteach le sean-mhnaoi nóimidín roimhe sin, acht chomh luath is d'osgail mé mo bhéal ní raibh fhocal aisti. Sháith sí a méirlín 'na leath-súil, agus dhearc sí síos ar a coisíníbh beaga lomnochta go díreach mar bhéadh sí gan a bhfeicsint riamh cheana. Labhras léithi an dara huair — sé d'fhiafruigheas dhi cíarbh' ainm agus sloinneadh í — agus b'éigin dam mo cheann a chromadh agus cluas a chur orm féin le n-a ndubhairt sí a chloistin. Fá dheireadh agus fá dheóidh, rinneas amach gurbh' í Nóra Phatsey í, 'sé mo bharamhail nach raibh a fhios aici cia' ar díobh í. D'fhiafruigheas dhi annsin an raibh sí ag dul chum sgoile. Dubhairt sí go raibh le bliadhain. “Cé'rd bhíos tú 'fhoghlaim ag an sgoil?” arsa mise. “Ní bhím ag foghlaim tada,” ar sise. “Dona go leor,” arsa mise, “agus go cé an fáth nach mbíonn tú ag foghlaim tada?” “Ní thuigim cér'd bhíos an mháighistreás a rádh,” ar sise. “Ní'l aon Ghaedhilg ag an máighistreás, mar sin?” arsa mise. “Ní'l,” ar sise. Bhí a cuid cúthalachta ag imtheacht uaithi faoi seo, agus d'fhreagair sí go neamh-eaglach mé. “Bhfuil focal aici?” arsa mise. “Ní'l aon fhocal,” ar sise, “chor le beithidheach.” “Mo thruagh thú,” arsa mise liom féin, “nach é an dearg-náire é do leithéid-se a bheith ag fás suas gan leabhar gan léigheann, fá rádh is nach bhfuil focal Gaedhilge ag an máighistreás! Fá chúram an tsagart atá an sgoil, is cosamhail?” adeirim-se os árd. “Seadh,” ar sise, “an tAthair Seaghán.” “M'anam go mbadh mhaith liom an shagart úd a thachtadh,” arsa mise liom féin. Dá n-abróchainn an méid sin os árd, is baoghalach go sílfeadh an páisde beag geal a raibh a hinntinn dá sgriosadh agus dá basgadh ag an sagart so, go raibh an diabhal ionnam. Ná ceapadh duine ar bith agaibh go bhfuilim ró-dhian ar an Athair Seaghan. Nach raibh sé d'fhiachaibh air an páisdí do bhí fá n-a chúram a sheóladh ar bhealach a leasa, agus eólas agus foghlaim a thabhairt dóibh? Agus nach raibh sé ag séanadh eólais orra nuair nach raibh aon mhúinteóir ar thuarasdal aige acht múinteóir nar labhair focal do'n teangaidh do bhí ag na páisdíbh? Go bhfóiridh Dia ar na ceann- taraibh Gaedhealacha! Tá cead a gcinn ag na stiúr- thóiribh sgoile le bliadhain anuas, agus 'na dhiaidh sin is beag nach bhfuil an sgéal chomh dona is bhí sé riamh. Ó thárla nach raibh aon uain agam le cainnt, d'fhágas mo bheannacht ag Nóra Phatsey, agus do bhailigheas liom. Ní raibh smeach cúthalachta ar na páisdíbh faoi seo, agus do chuireadar go léir “Go ngothuighidh Dia dhuit” 'mo dhiaidh. Bhí teach ósta ag ceann thiar na sráide. Rinne Peadar air, agus níor bh'fhallsóir mé dhá leanamhaint. Nuair shroicheamar é, d'imthigh Peadar ag iarraidh cáirr nua. Bheannuigheas-sa isteach. Thar éis mo chuid éadaigh a ghlanadh agus caoi a chur ar mo hata, bhuaileas isteach i seomra do bhí leath-taoibh an tsiopa. Seomra sáthach mór do bhí ann. Bhí bord, cathaoir nó dhó, agus cúpla stól ann. Bhí toirt mhór teineadh ar an teallach. Bhí dealbh Roibéaird Emmet ar thaoibh amháin do'n tsimléar, agus
dealbh an Tighearna Roberts ar an taoibh eile. Bhí an pictiúr ar a nglaodhtar “Martial Law in '98,” os cionn an teallaigh, agus go díreach os a chomhair sin bhí an pictiúr úd “The Relief of Ladysmith” do thug muinntir “Bovril” i n-aisge uatha le déidheanaighe. Rinneas meanga gáire ar bhféachaint na bpictiúirí dham — ní nár mhilleán orm. Bhí triúr romham sa seomra, beirt 'na suidhe cois teineadh agus fear amháin ag faire amach ar an bhfuinneóig. Ceannaidhthe muc do bhí sa mbeirt cois teineadh do réir cosmhalachta. Boicín mór do bhí sa bhfear eile. Éadach galánta air agus hata faisiúnta. Níor dhoiligh a aithne go raibh sé thar éis Ameriocá. Bhí sé ag caitheamh sigeiréid. Ag gabháil thairis dam, chonnaic mé go raibh buisgín “Tabs” leagtha ar an gclár le n-a ais. Bheannuigheas do'n triúr i nGaedhilg. D'fhreagair an bheirt cois teineadh go ciúin cneasta mé. Níor fhreagair an boicín. D'árduigh sé a chuid mailidhe, agus leig sé fead as. Shíleas gur mothuigheas na focla “damned lingo” as, acht ní rabhas cinnte. “Deasuigh anuas cois teineadh,” arsa duine do'n bheirt. “Tá an diabhal air le fuacht.” Shuidheas síos. D'amharcas ar an mbeirt do bhí os mo chomhair agus d'amharc siad-san orm-sa. Sgraiste mór fir do bhí i nduine aca. Crabadán beag do bhí sa bhfear eile agus é chomh caol le muinéal cuirre-móna. Thosuigheamar ag comhrádh. Níor labhramar acht Gaedhilg. An fhaid do bhí an chainnt ar siubhal bhí an boicín thall ag amharc go droch-mhúinte orainn agus ag bogadh a chinn díreach mar adearadh sé, “Mo thruaigh sibh, a spriosáin, ag labhairt an allamuis chainnte sin.” Tar éis tamaillín tháinig cailín isteach agus thug gloine biotáille dhó. Labhair sé léithi go hárd ar chaoi go gcluinfimís. “I reckon,” ar seisean, mar bheadh sé ag magadh fúinn, “we must all speak this mediaeval lingo now.” Níor fhreagair an cailín é, agus go deimhin 'sé mo mheas nar thuig sí é, mar ní raibh acht corr-fhocal Béarla aici. Pádraig Mac Piarais (Leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services