Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá fá'n dtuaith

Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LÁ FÁ'N TUAITH



“Támuid i dteannta anois, ar chuma ar bith,” arsa
Peadar.



Níor fheadas é 'shárughadh.



“Teastóchaidh leath-chlaidhe nua uait,” arsa mise.



“Is fearr liom an cárr briste,” ar seisean, “ná dá
ngortóchaidhe an sean-ghearrán, gan trácht orainn féin.
Céad moladh go deó le hÍosa nach ndearnadh cruas
d'ar gcnámhaibh.”



“Cér'd dhéanfas sinn anois,” arsa mise, “ó thárla
gan chárr sinn?”



“Tá mé 'ceapadh go bhfuighmid cárr ar iasacht i
mBaile na Lachan,” ar seisean. “Cuirfidh mé beirt
nó thriúr i gcoinne an cháirr seo. Teannam uait.”



D'imthigh sé air, ag tarraing an tsean-ghearrán 'na
dhiaidh, agus níor bhfallsóir mé dhá leanamhaint. Ba ghearr
gur shroicheamar an baile beag. Níorbh' aon leas-ainm
Baile na Lachan a ghlaodhach air, mar ní fhaca mé bocht
ná nocht ar an tsráid acht páisdí agus lachain. Chruinnigh
na páisdí thart timcheall orainn 'na bhfáinne ag dearcadh
go cúthal orainn. Níor mhór dham a admháil nach raibh
caoi ró-mhaith orainn, mar bhí ar gcuid éadaigh chomh
smeartha sin le draoibh an bhóthair go sílfeá go rabhamar
thar éis bheith ag únfairt i lochán ar nós na muc. Bhí
cáibín Pheadair ar leath-taoibh a chinn, agus bhí mo hata-sa
chomh suarach salach sin go gceapfá gurab ó bhacach do
fuaras ar iasacht é. Ní'l aon chabhair dham a rádh gur
chuireamar iongantas an tsaoghail ar na páisdíbh.
Thosuigh siad ag cainnt agus ag comhrádh le n-a chéile, agus
grádh mo chroidhe go deó iad! ní raibh smid asta acht
Gaedhilg. Nach binn í an Ghaedhilg as béal páisde!
Dhá bhinneacht iad ceileabhar na n-éan agus crónán na
habhann ag rith le fánaidh, ní'l ionnta acht gliogarnach
i gcomórtas leis an nGaedhilg dhá caitheamh amach as
béal páisde nach bhfuil focal Béarla 'na cheann.



Labhras le gearr-chailín amháin a raibh cúl dubh gruaige
uirri agus é i n-aimhréidh le famainnibh casta thart timcheall
a sul. Bhí sí chomh cainnteach le sean-mhnaoi nóimidín
roimhe sin, acht chomh luath is d'osgail mé mo bhéal ní
raibh fhocal aisti. Sháith sí a méirlín 'na leath-súil, agus
dhearc sí síos ar a coisíníbh beaga lomnochta go díreach
mar bhéadh sí gan a bhfeicsint riamh cheana. Labhras
léithi an dara huair — sé d'fhiafruigheas dhi cíarbh' ainm
agus sloinneadh í — agus b'éigin dam mo cheann a chromadh agus
cluas a chur orm féin le n-a ndubhairt sí a chloistin.
Fá dheireadh agus fá dheóidh, rinneas amach gurbh' í Nóra
Phatsey í, 'sé mo bharamhail nach raibh a fhios aici cia' ar
díobh í. D'fhiafruigheas dhi annsin an raibh sí ag dul
chum sgoile. Dubhairt sí go raibh le bliadhain.



“Cé'rd bhíos tú 'fhoghlaim ag an sgoil?” arsa mise.



“Ní bhím ag foghlaim tada,” ar sise.



“Dona go leor,” arsa mise, “agus go cé an fáth nach
mbíonn tú ag foghlaim tada?”



“Ní thuigim cér'd bhíos an mháighistreás a rádh,” ar
sise.



“Ní'l aon Ghaedhilg ag an máighistreás, mar sin?”
arsa mise.



“Ní'l,” ar sise. Bhí a cuid cúthalachta ag imtheacht
uaithi faoi seo, agus d'fhreagair sí go neamh-eaglach mé.



“Bhfuil focal aici?” arsa mise.



“Ní'l aon fhocal,” ar sise, “chor le beithidheach.”



“Mo thruagh thú,” arsa mise liom féin, “nach é an
dearg-náire é do leithéid-se a bheith ag fás suas gan
leabhar gan léigheann, fá rádh is nach bhfuil focal
Gaedhilge ag an máighistreás! Fá chúram an tsagart
atá an sgoil, is cosamhail?” adeirim-se os árd.



“Seadh,” ar sise, “an tAthair Seaghán.”



“M'anam go mbadh mhaith liom an shagart úd a
thachtadh,” arsa mise liom féin. Dá n-abróchainn an
méid sin os árd, is baoghalach go sílfeadh an páisde
beag geal a raibh a hinntinn dá sgriosadh agus dá basgadh
ag an sagart so, go raibh an diabhal ionnam. Ná ceapadh
duine ar bith agaibh go bhfuilim ró-dhian ar an Athair
Seaghan. Nach raibh sé d'fhiachaibh air an páisdí do bhí
fá n-a chúram a sheóladh ar bhealach a leasa, agus eólas agus
foghlaim a thabhairt dóibh? Agus nach raibh sé ag séanadh
eólais orra nuair nach raibh aon mhúinteóir ar thuarasdal
aige acht múinteóir nar labhair focal do'n teangaidh
do bhí ag na páisdíbh? Go bhfóiridh Dia ar na ceann-
taraibh Gaedhealacha! Tá cead a gcinn ag na stiúr-
thóiribh sgoile le bliadhain anuas, agus 'na dhiaidh sin is beag
nach bhfuil an sgéal chomh dona is bhí sé riamh.



Ó thárla nach raibh aon uain agam le cainnt, d'fhágas
mo bheannacht ag Nóra Phatsey, agus do bhailigheas liom.
Ní raibh smeach cúthalachta ar na páisdíbh faoi seo, agus do
chuireadar go léir “Go ngothuighidh Dia dhuit” 'mo
dhiaidh.



Bhí teach ósta ag ceann thiar na sráide. Rinne
Peadar air, agus níor bh'fhallsóir mé dhá leanamhaint. Nuair
shroicheamar é, d'imthigh Peadar ag iarraidh cáirr nua.
Bheannuigheas-sa isteach. Thar éis mo chuid éadaigh a
ghlanadh agus caoi a chur ar mo hata, bhuaileas isteach i
seomra do bhí leath-taoibh an tsiopa. Seomra sáthach
mór do bhí ann. Bhí bord, cathaoir nó dhó, agus cúpla stól
ann. Bhí toirt mhór teineadh ar an teallach. Bhí dealbh
Roibéaird Emmet ar thaoibh amháin do'n tsimléar, agus


L. 798


dealbh an Tighearna Roberts ar an taoibh eile. Bhí an
pictiúr ar a nglaodhtar “Martial Law in '98,” os
cionn an teallaigh, agus go díreach os a chomhair sin bhí
an pictiúr úd “The Relief of Ladysmith” do thug
muinntir “Bovril” i n-aisge uatha le déidheanaighe.
Rinneas meanga gáire ar bhféachaint na bpictiúirí
dham — ní nár mhilleán orm.



Bhí triúr romham sa seomra, beirt 'na suidhe cois
teineadh agus fear amháin ag faire amach ar an bhfuinneóig.
Ceannaidhthe muc do bhí sa mbeirt cois teineadh do
réir cosmhalachta. Boicín mór do bhí sa bhfear eile.
Éadach galánta air agus hata faisiúnta. Níor dhoiligh a
aithne go raibh sé thar éis Ameriocá. Bhí sé ag caitheamh
sigeiréid. Ag gabháil thairis dam, chonnaic mé go
raibh buisgín “Tabs” leagtha ar an gclár le n-a ais.



Bheannuigheas do'n triúr i nGaedhilg. D'fhreagair
an bheirt cois teineadh go ciúin cneasta mé. Níor
fhreagair an boicín. D'árduigh sé a chuid mailidhe, agus
leig sé fead as. Shíleas gur mothuigheas na focla
“damned lingo” as, acht ní rabhas cinnte.



“Deasuigh anuas cois teineadh,” arsa duine do'n
bheirt. “Tá an diabhal air le fuacht.”



Shuidheas síos. D'amharcas ar an mbeirt do bhí os
mo chomhair agus d'amharc siad-san orm-sa. Sgraiste
mór fir do bhí i nduine aca. Crabadán beag do bhí sa
bhfear eile agus é chomh caol le muinéal cuirre-móna.
Thosuigheamar ag comhrádh. Níor labhramar acht
Gaedhilg. An fhaid do bhí an chainnt ar siubhal bhí an
boicín thall ag amharc go droch-mhúinte orainn agus ag
bogadh a chinn díreach mar adearadh sé, “Mo thruaigh
sibh, a spriosáin, ag labhairt an allamuis chainnte sin.”
Tar éis tamaillín tháinig cailín isteach agus thug gloine
biotáille dhó. Labhair sé léithi go hárd ar chaoi go
gcluinfimís. “I reckon,” ar seisean, mar bheadh sé
ag magadh fúinn, “we must all speak this mediaeval
lingo now.” Níor fhreagair an cailín é, agus go deimhin
'sé mo mheas nar thuig sí é, mar ní raibh acht corr-fhocal
Béarla aici.
Pádraig Mac Piarais



(Leanfar de seo.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services