Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL. Ar an mbárach bhí an Domhnach ann agus chuadhamar amach go luath chuig an Aifrionn. Casadh orainn an sagart Ó Casaide, agus ar ndóigh chuir sé forann orainn i nGaedhilge. Is Gaedhilgeóir breagh é an t-Athair Ó Casaide agus dá mbéadh sé in áit a raibh spiorad Gaedhealach ar siubhal innti badh mhór an gnó dheanfadh sé ar son na Gaedhilge, acht cha sílim go dtig leis mórán a dhéanamh i nDún-na-nGall. Tá an sagart paráisde Monsignór Mac Pháidín díleas do'n Ghaedhilg fosda. Tá beagán Gaedhilge dá teagasg ins na sgoltaibh acht taobh amuigh de'n obair atá Seaghan Ó Cnáimhsighe a dhéanamh ag Tamhnach a' Mhullaigh sílim nach bhfuil ró-mhórán déanta ins na sgoltaibh. Ag teacht arais dúinn ghoireamar isteach, Seumas Mac Maghnuis agus mé féin, go raibh seanchus againn le Pádraig Ó Gallchobhair. Is fear dlighe é Pádraig i nDún-na-nGall. Ní mheasfá gurab fear dlighe ar chor ar bith é, mar tá cuma fiúntach fearamhail air chan dálta mórán fear dlíghe a bhfuil cuma glic slíocach orra agus iad ag aithris ar Shasanaibh in a mbéasaibh in a gcuid éadaigh agus in a gcuid cainte. Tá Pádraig na Ghaedhilgtheóir thréan agus ní leageann sé faill thairis gan cúis na Gaedhilge do chur 'un tosaigh. Ar a shon sin cha dtig leis bogadh ar bith a chur ins na daoinibh fá Dhún- na-nGall. Bhí sé ag déanamh a dhíchill an uair sin féin le buidhin Gaedhilge d'aithbheodhughadh i nDún-na-nGall acht níor mhothuigh mé o shoin gur éirigh a shaothar leis. Bhí an Domhnach seo an-doineannta agus an-fhuar agus char bh'fhéidir dúinn eirigh amach i ndiaidh am-dinnéire mar ba mhaith linn a dhéanamh. Thar a bheith sin cha dtug mé cuairt ar chaisleáin Dhún-na-nGall nó ar an tsean mhainistreach nó ar na háiteachaibh oirdhearca eile atá thart timchioll ar Dhún-na-nGall. Sheasuigheas seal mhaith ar bhruaich na fairrge ag amharc ar an chuan álainn agus siud is go raibh an fairrge faoi fheirg agus na tuinn ag tuitim thar mhullach a chéile ag imtheacht ó'n trom-ghaoith ba dheas taitneamhach an radharc é. Fuaras deoch roibh-uisge le n-ól, óir atá tobar uisge-roibhe sa gharrdha ag Seumas Mac Maghnuis. Is é ainm na háite Roibh-linn mar gheall ar an bhfíor-uisge roibhe atá fá'n áit, agus go dearbhtha is sláinteamhail an áit í dá mbeadh sí gan dadaidh bheith innti acht an t-aer glan neamh-thruaillighthe thigeas ó'n fhairrge aniar. Tháinig an oidhche orainn go hobann arís agus chuadhamar isteach 'un tighe agus bhí seanchus agus filidheacht agus sgéaluidheacht againn gach re seal go dtáinig am luighe. B'éigin damh-sa bheith ar mo chois go han-luath ar maidin le dul ar traen go dtí na Ceallaibh Beaga. D'éirigh mé mar sin ag an cúig a chlog, chuir mé orm mo chuid éadaigh agus bhí breacfasta sughmhar ar bórd fá mo choinne chomh luath is bhí mé réidh le na chaitheamh. D'fhág mé slán ag mo cháirdibh chuaidh ag marcuidheacht ar mo rothar agus shroich mé port an Bhóthair-iarainn ag a leath-uair i ndiaidh an sé ó chlog agus gan acht smid de bhreacadh an lae ann. Ní raibh an traen i láthair go fóill agus b'éigin damh furacht istigh i sgalan ag an bport gan teine gan solus, go dtí go dtáinig an traen ar aghaidh. Bhí mé chomhair a bheith chaillte leis an bhfuacht, óir bhí sé ag cur shneachta agus gaoth ghear ag séideadh a rachadh go dtí smior do chnámh. Léim mé isteach i gcarráiste chomh luath is tháinig an traen isteach, dhruid mé na fuinneóga chomh dluth is thiocfadh liom, agus dhearg mé mo phíopa. Diomaoidhte de sin d'éirigh mé ann mo sheasamh agus thoisigh mé ag damhsa 'sa' charraiste le teas a thabhairt arais in mo chosaibh. Cha rabhamar i bhfad go raibh sinn ag Montsearlas (Tana-an-tsálainn is sean-ainm dó) agus bhí mé ábalta ar amharc a thabhairt amach ar an dúthaigh. Bhí an sneachta geal na luighe ar na cnuic agus ba dheas an rud iad d'fheicsint ag éirigh mar bhallaibh romhainn leis an léine gheal sin orra. Shroicheamar na Cealla Beaga ag a hocht a chlog ar maidin agus nuair thuirling mé ón traen ní mór 'ná gur dalladh mé le cioth mhór chlocha-shneachta a bhí ag tuitim fá'n bhaile sin. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services