Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail

THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL.



Ar an mbárach bhí an Domhnach ann agus chuadhamar amach
go luath chuig an Aifrionn. Casadh orainn an sagart
Ó Casaide, agus ar ndóigh chuir sé forann orainn i
nGaedhilge. Is Gaedhilgeóir breagh é an t-Athair
Ó Casaide agus dá mbéadh sé in áit a raibh spiorad
Gaedhealach ar siubhal innti badh mhór an gnó dheanfadh
sé ar son na Gaedhilge, acht cha sílim go dtig leis
mórán a dhéanamh i nDún-na-nGall. Tá an sagart
paráisde Monsignór Mac Pháidín díleas do'n
Ghaedhilg fosda. Tá beagán Gaedhilge dá teagasg
ins na sgoltaibh acht taobh amuigh de'n obair atá
Seaghan Ó Cnáimhsighe a dhéanamh ag Tamhnach a' Mhullaigh
sílim nach bhfuil ró-mhórán déanta ins na sgoltaibh.
Ag teacht arais dúinn ghoireamar isteach, Seumas
Mac Maghnuis agus mé féin, go raibh seanchus againn le
Pádraig Ó Gallchobhair. Is fear dlighe é Pádraig
i nDún-na-nGall. Ní mheasfá gurab fear dlighe ar
chor ar bith é, mar tá cuma fiúntach fearamhail air chan
dálta mórán fear dlíghe a bhfuil cuma glic slíocach
orra agus iad ag aithris ar Shasanaibh in a mbéasaibh in a
gcuid éadaigh agus in a gcuid cainte. Tá Pádraig na
Ghaedhilgtheóir thréan agus ní leageann sé faill thairis gan
cúis na Gaedhilge do chur 'un tosaigh. Ar a shon sin cha
dtig leis bogadh ar bith a chur ins na daoinibh fá Dhún-
na-nGall. Bhí sé ag déanamh a dhíchill an uair sin féin
le buidhin Gaedhilge d'aithbheodhughadh i nDún-na-nGall
acht níor mhothuigh mé o shoin gur éirigh a shaothar leis.



Bhí an Domhnach seo an-doineannta agus an-fhuar agus char
bh'fhéidir dúinn eirigh amach i ndiaidh am-dinnéire mar
ba mhaith linn a dhéanamh. Thar a bheith sin cha dtug mé
cuairt ar chaisleáin Dhún-na-nGall nó ar an tsean
mhainistreach nó ar na háiteachaibh oirdhearca eile atá
thart timchioll ar Dhún-na-nGall. Sheasuigheas seal
mhaith ar bhruaich na fairrge ag amharc ar an chuan
álainn agus siud is go raibh an fairrge faoi fheirg agus na
tuinn ag tuitim thar mhullach a chéile ag imtheacht ó'n
trom-ghaoith ba dheas taitneamhach an radharc é. Fuaras
deoch roibh-uisge le n-ól, óir atá tobar uisge-roibhe sa
gharrdha ag Seumas Mac Maghnuis. Is é ainm na
háite Roibh-linn mar gheall ar an bhfíor-uisge roibhe
atá fá'n áit, agus go dearbhtha is sláinteamhail an áit í
dá mbeadh sí gan dadaidh bheith innti acht an t-aer glan
neamh-thruaillighthe thigeas ó'n fhairrge aniar. Tháinig
an oidhche orainn go hobann arís agus chuadhamar isteach
'un tighe agus bhí seanchus agus filidheacht agus sgéaluidheacht
againn gach re seal go dtáinig am luighe.



B'éigin damh-sa bheith ar mo chois go han-luath ar
maidin le dul ar traen go dtí na Ceallaibh Beaga.
D'éirigh mé mar sin ag an cúig a chlog, chuir mé orm
mo chuid éadaigh agus bhí breacfasta sughmhar ar bórd fá
mo choinne chomh luath is bhí mé réidh le na chaitheamh.
D'fhág mé slán ag mo cháirdibh chuaidh ag marcuidheacht
ar mo rothar agus shroich mé port an Bhóthair-iarainn ag a
leath-uair i ndiaidh an sé ó chlog agus gan acht smid de
bhreacadh an lae ann. Ní raibh an traen i láthair go
fóill agus b'éigin damh furacht istigh i sgalan ag an
bport gan teine gan solus, go dtí go dtáinig an
traen ar aghaidh. Bhí mé chomhair a bheith chaillte leis
an bhfuacht, óir bhí sé ag cur shneachta agus gaoth ghear ag
séideadh a rachadh go dtí smior do chnámh. Léim mé
isteach i gcarráiste chomh luath is tháinig an traen
isteach, dhruid mé na fuinneóga chomh dluth is thiocfadh
liom, agus dhearg mé mo phíopa. Diomaoidhte de sin
d'éirigh mé ann mo sheasamh agus thoisigh mé ag damhsa
'sa' charraiste le teas a thabhairt arais in mo chosaibh.
Cha rabhamar i bhfad go raibh sinn ag Montsearlas
(Tana-an-tsálainn is sean-ainm dó) agus bhí mé ábalta
ar amharc a thabhairt amach ar an dúthaigh. Bhí an
sneachta geal na luighe ar na cnuic agus ba dheas an
rud iad d'fheicsint ag éirigh mar bhallaibh romhainn
leis an léine gheal sin orra. Shroicheamar na Cealla
Beaga ag a hocht a chlog ar maidin agus nuair thuirling
mé ón traen ní mór 'ná gur dalladh mé le cioth mhór
chlocha-shneachta a bhí ag tuitim fá'n bhaile sin.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services