Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár nGnó Féin
Title
Ár nGnó Féin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Ath-Cliath, Feabhra 1, 1902 AR nGNÓ FÉIN B'fhéidir gur mithid dúinn iarracht do dhéanamh ar chloch-mhíle eile do chur suas go goirid ar bhóthar na Gaedhilge, ag taisbeáint go bhfuil gach uile ghnó sa tír le déanamh againn i dteangaidh na nGaedheal. Ó thárla nach raibh an Ghaedhilg ghá cur i n-úsáid i n-oifigibh, agus obair na hoifige ghá dhéanamh tríotha, ná cuireadh mear- bhall ná seachmall ar bith eile orainn dearmad do dhéanamh ar an teangaidh, agus ar gcuid cainnte do bheith ar fad i mBéarla. Ní obair bheag ná obair fhánach í seo, ní obair fir amháin í, acht obair na tíre, obair na nGaedhilgeóirí go hiomlán. B'fhorusta tuitim i n-ear- ráid, agus i dtraipisí ag oibriughadh, cuir i gcás, gnó bannca i nGaedhilg. Ní dóigh go bhfuil aon chléireach- bannca ann atá n-a Ghaedhilgeóir chomh díograsach sain, agus go mba mhian leis a chuid oibre do dhéanamh i nGaedhilg, acht ní hé sin an fáth nár bhfoghantach an rud dhúinn bheith gár n-ullmhughadh féin fá chomhair na hoibre sin, agus bheith ag cur ainmneacha ar na leabhraibh oibre atá ag an gcléireach sain, agus ar gach modh áirithe cainnte dá bhfuil i n-úsáid aige. Dhá bhfuighfidhe na hainmneacha so — ní féidir nó tiocfaidh a lán aca isteach ag an Oireachtas so — go ceart, agus iad do bheith go seasmhach aon uair amháin, níor dheacair iad do chraobhsgaoileadh agus do leathnughadh, agus ba ghearr go mbeidís i n-úsáid go fóir- leathan. Is maith iad na sgéalta na dánta, agus na hamhráin, acht ní hiad iomlán na Gaedhilge iad, agus do réir mar tá siad ag dul chum cinn ní fuláir an obair eile do cur ar aghaidh, mar an gcéadna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services