Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ár nGnó Féin

Teideal
Ár nGnó Féin
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1902
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Ath-Cliath, Feabhra 1, 1902



AR nGNÓ FÉIN



B'fhéidir gur mithid dúinn iarracht do dhéanamh ar
chloch-mhíle eile do chur suas go goirid ar bhóthar na
Gaedhilge, ag taisbeáint go bhfuil gach uile ghnó sa tír
le déanamh againn i dteangaidh na nGaedheal. Ó
thárla nach raibh an Ghaedhilg ghá cur i n-úsáid i n-oifigibh,
agus obair na hoifige ghá dhéanamh tríotha, ná cuireadh mear-
bhall ná seachmall ar bith eile orainn dearmad do
dhéanamh ar an teangaidh, agus ar gcuid cainnte do bheith
ar fad i mBéarla. Ní obair bheag ná obair fhánach í
seo, ní obair fir amháin í, acht obair na tíre, obair na
nGaedhilgeóirí go hiomlán. B'fhorusta tuitim i n-ear-
ráid, agus i dtraipisí ag oibriughadh, cuir i gcás, gnó
bannca i nGaedhilg. Ní dóigh go bhfuil aon chléireach-
bannca ann atá n-a Ghaedhilgeóir chomh díograsach sain,
agus go mba mhian leis a chuid oibre do dhéanamh i nGaedhilg,
acht ní hé sin an fáth nár bhfoghantach an rud dhúinn
bheith gár n-ullmhughadh féin fá chomhair na hoibre sin, agus
bheith ag cur ainmneacha ar na leabhraibh oibre atá ag an
gcléireach sain, agus ar gach modh áirithe cainnte dá bhfuil
i n-úsáid aige. Dhá bhfuighfidhe na hainmneacha so — ní
féidir nó tiocfaidh a lán aca isteach ag an Oireachtas
so — go ceart, agus iad do bheith go seasmhach aon uair
amháin, níor dheacair iad do chraobhsgaoileadh agus do
leathnughadh, agus ba ghearr go mbeidís i n-úsáid go fóir-
leathan. Is maith iad na sgéalta na dánta, agus na
hamhráin, acht ní hiad iomlán na Gaedhilge iad, agus do
réir mar tá siad ag dul chum cinn ní fuláir an obair
eile do cur ar aghaidh, mar an gcéadna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services