Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá fá'n dtuaith
Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ FÁ'N TUAITH Thugas cuairt fá Ghuirtín na mBó le gairid. Ná fiafruighidh dhíom cá bhfuil Guirtín na mBó, mar ní innseochad dhíbh é. Dá n-innseochainn, is baoghalach go mbéadh sibh go léir ag dul ann i mbliadhna, agus, cé gur droch-mhúinte liom a rádh, b'fhearr liom gan sibh a dhul ann. 'Na dhiaidh sin agus uile, níor mhór dam a rádh go bhfuil Guirtín na mBó timcheall le dhá mhíle fhichead siar ó thuaidh ó Licín, agus tá a fhios ag an saoghal go bhfuil Licín suidhte i gceart-lár sléibhte Connamara. Má fhéadann sibh Guirtín na mBó d'fhagháil amach as an tuarasgbháil seo, téirighidh ann agus fáilte. Muna bhféad- ann, is amhlaidh is fearr liom é. I dtús an gheimhridh seo 'seadh thugas an chuairt seo ar Ghuirtín na mBó. Ní raibh fúm dul ann chor ar bith. Go deimhin ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid d'áit ar dhruim talmhan go dtí an lá so ar a bhfuilim le trácht. Sér'd do bhí curtha romham acht an tAthair Máirtín Ua Máille, sagart Pobail Teampaill na Manach, a fheicsint. Bhíos i nGaillimh le dhá lá roimhe seo. D'fhágas an baile mór ar thraen fiche nóimid i ndiaidh a seacht, agus do shroicheas Licín tuairim an deich. Ag teacht as an stáisiún dam, do bhreathnuigheas im' thimcheall le féachaint an raibh cárr ar bith le fagháil, mar b'fhásach mé go raibh Teampall na Manach brabach agus dhá mhíle dhéag siar ó Licín. Bhí aon chárr amháin ann agus sean-ghearrán bán faoi. Ní raibh duine ná deóraidhe 'na sheasamh 'na aice, agus ní raibh a fhios agam cia mba leis é. Bhí seisear nó mór-sheisear 'na suidhe ar chlaidhe taobh amuigh do'n stáisiún ag caitheamh tabac agus ag amharc ar an tír do bhí os a gcomhair, ar nós go sílfeá nach raibh do ghnó le déanamh aca acht tabac a chaitheamh agus breathnughadh uatha. Bheannuigheas dóibh agus bheannuigh siad-san dam-sa. Ní gabhadh dham a rádh gurab i nGaedhilg do labhras. “Cia leis an cárr so?” arsa mise. Bhain triúir aca an píopa as a mbéal, agus d'fhreagair siad a dtriúir mé. “Leis an bhfear fada sin thall,” adeir siad, ag síneadh a méire chuig fear do bhí na sheasamh leis an gclaidhe cúpla slat taobh thiar dhíobh. Dhearcas ar an bhfear fada, agus go deimhin bhí a dhóthain
fad ann, mar bhí sé sé troighthe go leith ar áirde. Ní'l aon chabhair dham a rádh go raibh sé ag caitheamh dúidín chomh maith leis na fearaibh eile agus go raibh sé ag amharc uaidh go géar thart timcheall na tíre. “Gabh a leith, a Pheadair,” arsa duine do'n triúr, “teastuigheann cárr ó'n bhfear uasal so.” Níor chuir Peadar oiread agus cor as. “'Sé mo mheas,” arsa mise liom féin, “nach bhfuil fonn oibre ar Pheadar. Dá mbadh i nGaillimh do bhéinn, nó sa gClochán féin, bhéadh na céadta tiomán- aidhe thart timcheall orm 'na bhfáinne dhom bhodharughadh le n-a chuid caisíneachta.” “A Pheadair Fhada,” adeir an fear an dara huair, “gabh a leith annso. Teastuigheann cárr ó'n bhfear uasal so, adeirim leat.” Chuala Peadar an turus so agus d'árduigh sé a cheann. Is minic na fir fhada 'na bhfallsóiribh, acht sháruigh an fear so a bhfaca mé riamh. Ar deireadh thiar tháinig sé suas go dtí mé agus sheas sé romham. Bhain sé an dúidín as a bhéal. “B'fhéidir go mbéadh cárr ag teastáil uait?” ar seisean. “An anois fuair tú fios air sin?” arsa mise. “Maiseadh, nach guthánach atá tú ar dhá laighead ádhbhair,” ar seisean. “Ní'l aon chall agat deagh-chainnt a thabhairt uait;” arsa mise, “badh mhaith liom dul siar go Teampall na Manach. Cia mhéad a bhainfeá dhíom lem' thiomáint siar?” “A' dteastóchaidh uait teacht aniar arís?” ar seisean. “Ní theastóchaidh,” arsa mise. “Cuirfidh mé fúm i dTeampall na Manach anocht.” Sháith sé an dúidín isteach 'na bhéal agus smaoinigh sé ar feadh tamaill. Annsin bhain sé an píopa amach, agus ar seisean — “Bhainfinn dhá sgilling déag dhíot.” Nuair bhí sin ráidhte aige, d' ath-chuir sé an píopa 'na bhéal. “Maiseadh, a' mbainfeá anois?” arsa mise. “'Sé mo bharamhail nach mbainfir. Thiubhrainn seacht is sé pighne dhuit.” “Nach fial flaitheamhail fairsing atá tú,” ar seisean, “ag caitheamh do chuid airgid uait chomh fánach sin. Cia an chiall nar fhág tú na seacht sgilleacha as agus a iarraidh orm thú thabhairt siar ar shé pigne?” “Maiseadh, badh mhór liom sé pighne féin dhuit,” arsa mise, agus guth agam leis fá na foclaibh adubhairt sé. “Dona go leór, a tháilliúir,” ar seisean. “Tá luadar na gcos agam go fóill, buidheachas le Dia,” arsa mise. D'éaluigh mé ar siubhal. Ní raibh dhá shlait siubhalta agam gur ghlaodh mo Pheadar orm. D'iompuigh mé mo cheann. Sméid sé orm. Chuaidh mé thar m'ais arís. “Thiubhrainn siar ar naoi sgilleacha thú,” ar seisean. “Tá sé 'na margadh,” arsa mise. Ní túisge bhí an margadh déanta ná d'imthigh a chuid fallsachta ó Pheadar. Rug sé ar mo mhála — ní raibh ar iomchar agam acht máilín beag leathair — agus chaith sé isteach i gcobach an cháirr é. Shuidheas fúm ar an gcárr agus shuidh seisean faoi ar an taobh eile. Rug sé ar an laisg agus bhain sé smeach aisti. Phreab an sean-ghearrán bán go díreach mar chaithfidhe urchar leis — 'sé mo bhara- mhail go raibh sé 'na chodladh go dtí sin — agus as go bráthach linn chomh maith agus dá mbéadh fiadh-chapall fúinn. Cé go raibh Peadar Fada beagáinín beag crosta i dtosach, ba ghearr gur bhaineas seanchus as. Nuair thosuigh sé ag cainnt ní raibh le déanamh agam-sa acht éisteacht leis. B' fhiú éisteacht leis, mar ba bhlasta an cainnteóir é. Tháinig an Ghaedhilg amach as a bhéal 'na tonntrachaibh. Ba bheag rud ó'n bhflaith- eas anuas nár thrácht sé air. Bhí seanchus éigin le n-inn- sint aige i dtaoibh gach cnuic agus gach srutháin dá bhfacamar ag bualadh siar dhúinn. Ní raibh mulán ná bulán ná oiread agus tom aitinn i bhfoisgeacht fiche míle dhúinn nach raibh aithne aige air. B' áluinn ar fad an tír tré n-ar ghabhamar, cé gurbh' uaigneach í. Bhí an bóthar ag dul tré cheart-lár na gcnoc. Uaireannta ghabhamuis síos i ngleanntán doimhin dorcha, agus uaireannta eile ghabhamuis i n-áirde ar dhruim chnuic. Bhí righ-radharc le feicsint againn ag dul le fánaidh dhúinn ó mhullach na gcnoc. Bhí Beanna Beóla díreach os ar gcomhair amach. Bhí loch beag suidhte annso agus annsúd fá bhun na gcnoc. Uair nó dhó d'fhéadamar an fhairrge mhór a fheicsint thíos fúinn ar an taoibh thiar a ndeas. Bhí an t-aer chomh glan sin gurbh' fhéidir dhúinn a fheicsint go raibh an fhairrge 'na suidhe, agus go raibh capaill Mhanannáin ag rith i ndiaidh a chéile go dtí an tráigh. B'aoibhinn é taithneamh na gréine ar an gcubhar geal-bhán agus ar na tonntrachaibh gorm- ghlasa. Bhí bád seóil nó dhó ag treabhadh na mara. Fad ar sean-radhairc uainn bhí cnuic le feicsint, cuid aca fá aiteann, fraoch agus raithneachaibh, agus cuid eile chomh lomnocht le do bhois. Bhí sneachta 'na luighe ar mhullach a bhfurmhóir, mar bhí sneachta ann timcheall le choicthidhis roimhe sin. Ní raibh acht corr-theach le feic- sint sgaipthe annso agus annsúd fá na cnocaibh. Chonnaca- mar baile beag nó dhó sgathamh maith uainn agus néall bheag dheataigh os a gcionn dhá séideadh thart timcheall leis an ngaoith. Bhí na beithidhigh féin gann go leór, agus ní fhacamar acht bó nó caora nó gabhar fánach annso agus ann- súd. Muna mbéadh na héanlaithe do ghoilleadh an fíor- uaigneas ort. Gan trácht ar na héanachaibh beaga - agus bhí go leór leór díobh-san ag eiteall thart ar gach taoibh dhínn — chonnaic mé an broigheall agus an gobadán agus an chruthach agus an faoilleán druimneach agus an crosán. Chonnaic mé an seabhac seilge uair amháin, agus ní'l aon chall agam a rádh go bhfacas an ruadhán aille agus é ag breathnughadh amach go géar le féachaint an raibh creabhar caoch nó naosgach i ngar dhó — agus ar m'anam go raibh, mar chonnaic mé an dá cheann aca tamall gearr 'na dhiaidh sin. Bhí an bóthar breagh cruaidh agus cé go raibh cuma na haoise ar an sean-ghearrán bán, is aibéil do chuir sé dhe é. Ar deireadh thiar chonnacamar baile beag thíos fúinn. Dubhairt Peadar fada liom gurbh' é Baile na Lachan é. Rinne an sean-chapall air agus fuadar faoi.
Bhí sruthán beag idir sinn-ne agus an baile agus droichead deas cloiche air. Bhí sioc ann le seachtmhain, acht ar an droichead bhí an sioc leaghta ag an ngréin, agus bhí an bóthar chomh sleamhain le leic-oighridh. Ag dul le fánaidh dúinn do sgiorr an capall. Tharraing Peadar ar a dhícheall acht ní raibh maith dhó ann. Sgiorr an sean-ghearrán arís agus arís eile, agus b'é deireadh an sgéil gur thuit sé i ndiaidh a chinn agus an cárr 'na mhullach. Caitheadh i n-áirde an bheirt againn. Is maith is cuimhneach liom go bhfacas Peadar dhá chur i n-aer agus an sean- dúidín 'na bhéal i gcomhnaidhe aige. Níorbh am gáire é mar ní raibh a fhios agam nach ndéanfaidhe sprudhánaí dom' chnámhaibh i n-aghaidh na talmhan, acht is beag nár bhain an radharc sin gáire asam. Thuiteas siar ar chaol mo dhroma leath-taobh an bhóthair, agus hobair gur sgann- ruigheadh an t-anam asam; acht níor sgannruigheadh ná ní dearnadh faocha orm. Bhuaileas 'mo sheasamh gan mhoill. Bhí Peadar 'na shuidhe cheana, agus m'fhocal agus mo lámh dhíbh, bhí an sean-dúidín 'na bhéal fós aige, agus é gan bhriseadh gan mhúchadh! Bhí an capall agus an cárr i n-aon sraith amháin ar an talamh agus Peadar dhá dtarraing ar a dhícheall. Rugas ar an gceannrach, agus tharraing an bheirt againn i mbarr ar n-anma. Gach uair d'éirigheadh an sean- chapall thuiteadh sé siar arís, agus do deimhin sé mo mheas go mb'fhearr leis 'na luighe ná 'na shuidhe. Sgaoileamar an cárr dhe annsin, agus ar deireadh na dálach do tharraingeamar suas é. Ní raibh aon ghortughadh air acht oiread linn féin, acht mo chreach cráidhte! bhí ceann do leath-chlaidhthibh an cháirr 'na dhá leith. Pádraig Mac Piarais (Leanfar dhe seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services