Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá fá'n dtuaith

Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LÁ FÁ'N TUAITH



Thugas cuairt fá Ghuirtín na mBó le gairid. Ná
fiafruighidh dhíom cá bhfuil Guirtín na mBó, mar ní
innseochad dhíbh é. Dá n-innseochainn, is baoghalach go
mbéadh sibh go léir ag dul ann i mbliadhna, agus, cé gur
droch-mhúinte liom a rádh, b'fhearr liom gan sibh a dhul
ann. 'Na dhiaidh sin agus uile, níor mhór dam a rádh go
bhfuil Guirtín na mBó timcheall le dhá mhíle fhichead
siar ó thuaidh ó Licín, agus tá a fhios ag an saoghal go bhfuil
Licín suidhte i gceart-lár sléibhte Connamara. Má
fhéadann sibh Guirtín na mBó d'fhagháil amach as an
tuarasgbháil seo, téirighidh ann agus fáilte. Muna bhféad-
ann, is amhlaidh is fearr liom é.



I dtús an gheimhridh seo 'seadh thugas an chuairt seo
ar Ghuirtín na mBó. Ní raibh fúm dul ann chor ar bith.
Go deimhin ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid d'áit
ar dhruim talmhan go dtí an lá so ar a bhfuilim le
trácht. Sér'd do bhí curtha romham acht an tAthair
Máirtín Ua Máille, sagart Pobail Teampaill na
Manach, a fheicsint. Bhíos i nGaillimh le dhá lá roimhe
seo. D'fhágas an baile mór ar thraen fiche nóimid i
ndiaidh a seacht, agus do shroicheas Licín tuairim an deich.



Ag teacht as an stáisiún dam, do bhreathnuigheas
im' thimcheall le féachaint an raibh cárr ar bith le
fagháil, mar b'fhásach mé go raibh Teampall na Manach
brabach agus dhá mhíle dhéag siar ó Licín. Bhí aon chárr
amháin ann agus sean-ghearrán bán faoi. Ní raibh duine
ná deóraidhe 'na sheasamh 'na aice, agus ní raibh a fhios
agam cia mba leis é. Bhí seisear nó mór-sheisear 'na
suidhe ar chlaidhe taobh amuigh do'n stáisiún ag caitheamh
tabac agus ag amharc ar an tír do bhí os a gcomhair, ar
nós go sílfeá nach raibh do ghnó le déanamh aca acht
tabac a chaitheamh agus breathnughadh uatha. Bheannuigheas
dóibh agus bheannuigh siad-san dam-sa. Ní gabhadh dham a
rádh gurab i nGaedhilg do labhras.



“Cia leis an cárr so?” arsa mise.



Bhain triúir aca an píopa as a mbéal, agus d'fhreagair
siad a dtriúir mé.



“Leis an bhfear fada sin thall,” adeir siad, ag síneadh
a méire chuig fear do bhí na sheasamh leis an gclaidhe
cúpla slat taobh thiar dhíobh.



Dhearcas ar an bhfear fada, agus go deimhin bhí a dhóthain


L. 775


fad ann, mar bhí sé sé troighthe go leith ar áirde. Ní'l
aon chabhair dham a rádh go raibh sé ag caitheamh dúidín
chomh maith leis na fearaibh eile agus go raibh sé ag amharc
uaidh go géar thart timcheall na tíre.



“Gabh a leith, a Pheadair,” arsa duine do'n triúr,
“teastuigheann cárr ó'n bhfear uasal so.”



Níor chuir Peadar oiread agus cor as.



“'Sé mo mheas,” arsa mise liom féin, “nach bhfuil
fonn oibre ar Pheadar. Dá mbadh i nGaillimh do
bhéinn, nó sa gClochán féin, bhéadh na céadta tiomán-
aidhe thart timcheall orm 'na bhfáinne dhom bhodharughadh
le n-a chuid caisíneachta.”



“A Pheadair Fhada,” adeir an fear an dara huair,
“gabh a leith annso. Teastuigheann cárr ó'n bhfear
uasal so, adeirim leat.”



Chuala Peadar an turus so agus d'árduigh sé a cheann.
Is minic na fir fhada 'na bhfallsóiribh, acht sháruigh an
fear so a bhfaca mé riamh. Ar deireadh thiar tháinig
sé suas go dtí mé agus sheas sé romham. Bhain sé an
dúidín as a bhéal.



“B'fhéidir go mbéadh cárr ag teastáil uait?” ar
seisean.



“An anois fuair tú fios air sin?” arsa mise.



“Maiseadh, nach guthánach atá tú ar dhá laighead
ádhbhair,” ar seisean.



“Ní'l aon chall agat deagh-chainnt a thabhairt uait;”
arsa mise, “badh mhaith liom dul siar go Teampall na
Manach. Cia mhéad a bhainfeá dhíom lem' thiomáint
siar?”



“A' dteastóchaidh uait teacht aniar arís?” ar
seisean.



“Ní theastóchaidh,” arsa mise. “Cuirfidh mé fúm i
dTeampall na Manach anocht.”



Sháith sé an dúidín isteach 'na bhéal agus smaoinigh sé
ar feadh tamaill. Annsin bhain sé an píopa amach, agus ar
seisean —



“Bhainfinn dhá sgilling déag dhíot.” Nuair bhí sin
ráidhte aige, d' ath-chuir sé an píopa 'na bhéal.



“Maiseadh, a' mbainfeá anois?” arsa mise. “'Sé
mo bharamhail nach mbainfir. Thiubhrainn seacht is sé
pighne dhuit.”



“Nach fial flaitheamhail fairsing atá tú,” ar seisean,
“ag caitheamh do chuid airgid uait chomh fánach sin. Cia
an chiall nar fhág tú na seacht sgilleacha as agus a iarraidh
orm thú thabhairt siar ar shé pigne?”



“Maiseadh, badh mhór liom sé pighne féin dhuit,” arsa
mise, agus guth agam leis fá na foclaibh adubhairt sé.



“Dona go leór, a tháilliúir,” ar seisean.



“Tá luadar na gcos agam go fóill, buidheachas le
Dia,” arsa mise.



D'éaluigh mé ar siubhal. Ní raibh dhá shlait siubhalta
agam gur ghlaodh mo Pheadar orm. D'iompuigh mé mo
cheann. Sméid sé orm. Chuaidh mé thar m'ais arís.



“Thiubhrainn siar ar naoi sgilleacha thú,” ar seisean.



“Tá sé 'na margadh,” arsa mise.



Ní túisge bhí an margadh déanta ná d'imthigh a chuid
fallsachta ó Pheadar. Rug sé ar mo mhála — ní raibh
ar iomchar agam acht máilín beag leathair — agus chaith sé
isteach i gcobach an cháirr é. Shuidheas fúm ar an gcárr
agus shuidh seisean faoi ar an taobh eile. Rug sé ar an
laisg agus bhain sé smeach aisti. Phreab an sean-ghearrán
bán go díreach mar chaithfidhe urchar leis — 'sé mo bhara-
mhail go raibh sé 'na chodladh go dtí sin — agus as go
bráthach linn chomh maith agus dá mbéadh fiadh-chapall fúinn.



Cé go raibh Peadar Fada beagáinín beag crosta i
dtosach, ba ghearr gur bhaineas seanchus as. Nuair
thosuigh sé ag cainnt ní raibh le déanamh agam-sa
acht éisteacht leis. B' fhiú éisteacht leis, mar ba
bhlasta an cainnteóir é. Tháinig an Ghaedhilg amach
as a bhéal 'na tonntrachaibh. Ba bheag rud ó'n bhflaith-
eas anuas nár thrácht sé air. Bhí seanchus éigin le n-inn-
sint aige i dtaoibh gach cnuic agus gach srutháin dá
bhfacamar ag bualadh siar dhúinn. Ní raibh mulán ná
bulán ná oiread agus tom aitinn i bhfoisgeacht fiche míle
dhúinn nach raibh aithne aige air.



B' áluinn ar fad an tír tré n-ar ghabhamar, cé
gurbh' uaigneach í. Bhí an bóthar ag dul tré cheart-lár
na gcnoc. Uaireannta ghabhamuis síos i ngleanntán
doimhin dorcha, agus uaireannta eile ghabhamuis i n-áirde
ar dhruim chnuic. Bhí righ-radharc le feicsint againn ag
dul le fánaidh dhúinn ó mhullach na gcnoc. Bhí Beanna
Beóla díreach os ar gcomhair amach. Bhí loch beag
suidhte annso agus annsúd fá bhun na gcnoc. Uair nó
dhó d'fhéadamar an fhairrge mhór a fheicsint thíos fúinn
ar an taoibh thiar a ndeas. Bhí an t-aer chomh glan sin
gurbh' fhéidir dhúinn a fheicsint go raibh an fhairrge 'na
suidhe, agus go raibh capaill Mhanannáin ag rith i ndiaidh a
chéile go dtí an tráigh. B'aoibhinn é taithneamh na gréine
ar an gcubhar geal-bhán agus ar na tonntrachaibh gorm-
ghlasa. Bhí bád seóil nó dhó ag treabhadh na mara.



Fad ar sean-radhairc uainn bhí cnuic le feicsint,
cuid aca fá aiteann, fraoch agus raithneachaibh, agus cuid eile
chomh lomnocht le do bhois. Bhí sneachta 'na luighe ar
mhullach a bhfurmhóir, mar bhí sneachta ann timcheall le
choicthidhis roimhe sin. Ní raibh acht corr-theach le feic-
sint sgaipthe annso agus annsúd fá na cnocaibh. Chonnaca-
mar baile beag nó dhó sgathamh maith uainn agus néall
bheag dheataigh os a gcionn dhá séideadh thart timcheall
leis an ngaoith. Bhí na beithidhigh féin gann go leór, agus ní
fhacamar acht bó nó caora nó gabhar fánach annso agus ann-
súd. Muna mbéadh na héanlaithe do ghoilleadh an fíor-
uaigneas ort. Gan trácht ar na héanachaibh beaga -
agus bhí go leór leór díobh-san ag eiteall thart ar gach
taoibh dhínn — chonnaic mé an broigheall agus an gobadán agus
an chruthach agus an faoilleán druimneach agus an crosán.
Chonnaic mé an seabhac seilge uair amháin, agus ní'l aon
chall agam a rádh go bhfacas an ruadhán aille agus é ag
breathnughadh amach go géar le féachaint an raibh creabhar
caoch nó naosgach i ngar dhó — agus ar m'anam go raibh,
mar chonnaic mé an dá cheann aca tamall gearr 'na
dhiaidh sin.



Bhí an bóthar breagh cruaidh agus cé go raibh cuma
na haoise ar an sean-ghearrán bán, is aibéil do chuir
sé dhe é. Ar deireadh thiar chonnacamar baile beag
thíos fúinn. Dubhairt Peadar fada liom gurbh' é Baile
na Lachan é. Rinne an sean-chapall air agus fuadar faoi.


L. 776


Bhí sruthán beag idir sinn-ne agus an baile agus droichead
deas cloiche air. Bhí sioc ann le seachtmhain, acht ar
an droichead bhí an sioc leaghta ag an ngréin, agus bhí
an bóthar chomh sleamhain le leic-oighridh. Ag dul le
fánaidh dúinn do sgiorr an capall. Tharraing Peadar
ar a dhícheall acht ní raibh maith dhó ann. Sgiorr an
sean-ghearrán arís agus arís eile, agus b'é deireadh an sgéil
gur thuit sé i ndiaidh a chinn agus an cárr 'na mhullach.
Caitheadh i n-áirde an bheirt againn. Is maith is cuimhneach
liom go bhfacas Peadar dhá chur i n-aer agus an sean-
dúidín 'na bhéal i gcomhnaidhe aige. Níorbh am gáire
é mar ní raibh a fhios agam nach ndéanfaidhe sprudhánaí
dom' chnámhaibh i n-aghaidh na talmhan, acht is beag nár
bhain an radharc sin gáire asam. Thuiteas siar ar chaol
mo dhroma leath-taobh an bhóthair, agus hobair gur sgann-
ruigheadh an t-anam asam; acht níor sgannruigheadh ná
ní dearnadh faocha orm. Bhuaileas 'mo sheasamh gan
mhoill. Bhí Peadar 'na shuidhe cheana, agus m'fhocal agus mo
lámh dhíbh, bhí an sean-dúidín 'na bhéal fós aige, agus é gan
bhriseadh gan mhúchadh! Bhí an capall agus an cárr i n-aon
sraith amháin ar an talamh agus Peadar dhá dtarraing ar a
dhícheall. Rugas ar an gceannrach, agus tharraing an bheirt
againn i mbarr ar n-anma. Gach uair d'éirigheadh an sean-
chapall thuiteadh sé siar arís, agus do deimhin sé mo mheas
go mb'fhearr leis 'na luighe ná 'na shuidhe. Sgaoileamar
an cárr dhe annsin, agus ar deireadh na dálach do
tharraingeamar suas é. Ní raibh aon ghortughadh air
acht oiread linn féin, acht mo chreach cráidhte! bhí
ceann do leath-chlaidhthibh an cháirr 'na dhá leith.



Pádraig Mac Piarais



(Leanfar dhe seo.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services