Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Bhíos a rádh gur fhág mé Dún-na-nGall oidhche ann, agus é go deirionnach 'san oidhche, agus go raibh giota eile agam le dul. Is a' tarraing ar mo charaid Seumas Mac Maghnuis a bhí mé mar fuair mé cuireadh uaidh dul ar oidheacht chuige, agus bhí mé ar tí cuairt a thabhairt air an oidhche úd. Bhí 's agam go raibh sé 'na chomhnuidhe i ndeas do Dhún-na-nGall ag tigh Roibhlinn agus fuaras tuairisg ar an bhealach ba cheart damh siubhal ag 'ul 'ionns air. Acht bhí an oidhche fliuch dorcha doinneanta. Thug mé iarracht ar eolaidhe d'fhagháil i dtigh ósda a bhí ar an bhealach, acht níor eirigh liom. Bhí mo rothar liom agus las mé an lóchrann, acht ní leigfeadh an eagla damh dul i marcuidheacht leis an oidhche do bhí ann, agus thar a bheith sin, shiubhail mé liom go socair, go dtáinig mé go dtí 'n bóthar a bhí ag 'ul síor go tigh Roibhlinn, agus thionntaigh mé síos an bealach sin. Bhí an ghaoth ag séideadh go trom agus an fhearthainn agus an flichshneachta ag teacht anuas 'na stealtrachaibh, agus anois is arís thiocfadh splanc tintrigh a thóg soilseacht dearg-ghorm san aer. Bhí an fuacht as cuimse, agus leath-troigh ar doimhne de uisge 'na thuile ag 'ul síos ar sean-bhó- thar. Leis an doinnean agus leis an dorchadas níor mho- thuigh mé an teach nuair a tháinig mé fhaid leis, acht chuaidh mé thairis, agus is í an chéad áit a fuair mé go raibh mé acht ar bhruach na fairrge agus an tuinn ag bualadh go trom ar an tráigh ag mo chosaibh. Bhuain seo geit asam agus shaoil mé go raibh mé ar seachrán daríribh. Thiontaigh mé arais ar an bhóithrín agus dhearc mé go géar ar gach taoibh dhíom ag cuartughadh an tighe. Char shiubhail mé i bhfad an feacht seo go bhfaca mé solas thríd fhál a bhí ar leath-taoibh an bhóithrín agus rinne mé air. Bhuail mé ar an doras agus fosgladh damh é, agus seoladh isteach mé go seomra te tirm mar a bhí lochrann geal ag lonnradh go trean, agus teine breagh the ar an teallach; agus dar a leoga thaitin an teas agus an solas liom go maith, agus an snas compórta do bhí ar an seomra sin. Acht bhí rud eile ann do thaitin níos fearr liom, sé sin Seumas Mac Maghnuis féin agus a bhean uasal Eithne Nic Sheagháin agus badh fhial fhéileach an fáilte d'fhear siad rómham. Thug Seumas orm gloine mhaith uisge beatha d'ól, siúd is nach ngéillim d'ólachán do ghnáth, acht bhí mé fuar flichte an oidhche sin, agus níor airigh mé gur rinne an biotailte aon dochar damh. In a dhiaidh sin tugadh mé go seomra leaptha mar ar nigh mé mo lámha agus m'aghaidh agus chuir mé orm éadach tirm. Bhí béile maith bidh againn annsin, agus shuidheamar síos ag caint 's ag comhrádh go raibh an mheadhon-oidhche ann, agus níor mhothuigh muid an t-am ag imtheacht uainn. Tháinig sinn tar an iomad neidhthe agus chumamar flaitheas nua agus talamh úr sul ar stadamar. Níor thaitin mórán rud atá ann indiu go maith linn. Cháineamar na paipéir nuaidheachta mar gheall nach bhfuil siad feara- mhail go leor i gcúis na tíre agus i gcúis na teangan, cháineamar na gliocaidhthe nó ná poilitidhthe de bhrigh nach dtuigeann siad ceist na teangan agus gur cuma leo gan a tuigsint, cháineamar lucht stiúrtha na sgol, agus oidí na sgol leis, fá gan níos mó a dhéanamh ar son na teangan agus ar son stáire na tíre, agus daoine eile diomaoidhte díobhtha seo. Mholamar daoine léi, acht tá eagla orm nach raibh an oiread daoine le moladh is bhí le cáineadh. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services