Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
Bhíos a rádh gur fhág mé Dún-na-nGall oidhche ann, agus
é go deirionnach 'san oidhche, agus go raibh giota eile agam
le dul. Is a' tarraing ar mo charaid Seumas Mac
Maghnuis a bhí mé mar fuair mé cuireadh uaidh dul ar
oidheacht chuige, agus bhí mé ar tí cuairt a thabhairt air an
oidhche úd. Bhí 's agam go raibh sé 'na chomhnuidhe i
ndeas do Dhún-na-nGall ag tigh Roibhlinn agus fuaras
tuairisg ar an bhealach ba cheart damh siubhal ag 'ul
'ionns air. Acht bhí an oidhche fliuch dorcha doinneanta.
Thug mé iarracht ar eolaidhe d'fhagháil i dtigh ósda a
bhí ar an bhealach, acht níor eirigh liom. Bhí mo rothar
liom agus las mé an lóchrann, acht ní leigfeadh an eagla
damh dul i marcuidheacht leis an oidhche do bhí ann, agus
thar a bheith sin, shiubhail mé liom go socair, go dtáinig
mé go dtí 'n bóthar a bhí ag 'ul síor go tigh Roibhlinn,
agus thionntaigh mé síos an bealach sin. Bhí an ghaoth ag
séideadh go trom agus an fhearthainn agus an flichshneachta
ag teacht anuas 'na stealtrachaibh, agus anois is arís
thiocfadh splanc tintrigh a thóg soilseacht dearg-ghorm
san aer. Bhí an fuacht as cuimse, agus leath-troigh ar
doimhne de uisge 'na thuile ag 'ul síos ar sean-bhó-
thar. Leis an doinnean agus leis an dorchadas níor mho-
thuigh mé an teach nuair a tháinig mé fhaid leis, acht
chuaidh mé thairis, agus is í an chéad áit a fuair mé go
raibh mé acht ar bhruach na fairrge agus an tuinn ag
bualadh go trom ar an tráigh ag mo chosaibh. Bhuain
seo geit asam agus shaoil mé go raibh mé ar seachrán
daríribh. Thiontaigh mé arais ar an bhóithrín agus dhearc
mé go géar ar gach taoibh dhíom ag cuartughadh an
tighe. Char shiubhail mé i bhfad an feacht seo go
bhfaca mé solas thríd fhál a bhí ar leath-taoibh an
bhóithrín agus rinne mé air. Bhuail mé ar an doras agus
fosgladh damh é, agus seoladh isteach mé go seomra te
tirm mar a bhí lochrann geal ag lonnradh go trean,
agus teine breagh the ar an teallach; agus dar a leoga thaitin
an teas agus an solas liom go maith, agus an snas compórta
do bhí ar an seomra sin. Acht bhí rud eile ann do
thaitin níos fearr liom, sé sin Seumas Mac Maghnuis
féin agus a bhean uasal Eithne Nic Sheagháin agus badh fhial
fhéileach an fáilte d'fhear siad rómham. Thug Seumas
orm gloine mhaith uisge beatha d'ól, siúd is nach ngéillim
d'ólachán do ghnáth, acht bhí mé fuar flichte an oidhche sin,
agus níor airigh mé gur rinne an biotailte aon dochar damh.
In a dhiaidh sin tugadh mé go seomra leaptha mar ar
nigh mé mo lámha agus m'aghaidh agus chuir mé orm éadach
tirm. Bhí béile maith bidh againn annsin, agus shuidheamar
síos ag caint 's ag comhrádh go raibh an mheadhon-oidhche
ann, agus níor mhothuigh muid an t-am ag imtheacht uainn.
Tháinig sinn tar an iomad neidhthe agus chumamar flaitheas
nua agus talamh úr sul ar stadamar. Níor thaitin mórán
rud atá ann indiu go maith linn. Cháineamar na
paipéir nuaidheachta mar gheall nach bhfuil siad feara-
mhail go leor i gcúis na tíre agus i gcúis na teangan,
cháineamar na gliocaidhthe nó ná poilitidhthe de bhrigh
nach dtuigeann siad ceist na teangan agus gur cuma leo
gan a tuigsint, cháineamar lucht stiúrtha na sgol, agus
oidí na sgol leis, fá gan níos mó a dhéanamh ar son
na teangan agus ar son stáire na tíre, agus daoine eile
diomaoidhte díobhtha seo. Mholamar daoine léi, acht
tá eagla orm nach raibh an oiread daoine le moladh is
bhí le cáineadh.
Cú Uladh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11