Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gnó agus Teanga na hÉireann
Title
Gnó agus Teanga na hÉireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Eanair 11, 1902. GNÓ AGUS TEANGA NA hÉIREANN Tá daoine ann fós a cheapas nach bhfuil aon bhaint ag an nGaedhilg agus ag obair na hÉireann le n-a chéile. Ní'l sé leath-bhliadhain ná leath na seachtmhaine ó shoin ó léigheamar baramhail fir — ball de Chonnradh na Gaedhilge bhí ann — ag rádh go gcuireann sé náire air bheith ag éisteacht le Gaedhilgeóir déarfas nach bhfuil léigheas ar Éirinn acht an Ghaedhilg do chur ar bun. Fear cliste, do b'eadh é ag sgríobhadh an Bhéarla, agus fear do chreid gach ar sgríobh sé. Ní'l fear ar bith chomh sundusach ag labhairt dithchéille le fear glic. Ní chuirfeá aon tsuim i n-amadán, mar, dar leat féin go dtagann dithchéille uaidh-sean go nádúrdha, acht nuair bhéas fear cliste glic ar easbaidh céille is mór an t-iongnadh le duine é. Anois ní hé amháin go mbaineann gnó na hÉireann leis an Ghaedhilg, acht gan an Ghaedhilg, níl sé i ndán d'obair na tíre dul chum cinn. Má bhítear gan Teanga na tíre seo do chur ar bun acht go failligheach neamh- shuimeamhail, is fáilligheach neamh-shuimeamhail a rachas obair na tíre ar aghaidh, agus dhá luaithe dhá dtuigidh lucht ceirde, agus lucht gnó na tíre é sin is amhlaidh is goirre dhóibh an chabhair. Féach i leith. Cia nidh teanga? Tá slighe nádurdha do thug Dia do dhream daoine le n-a smuainte d'fhoillsiughadh d'á chéile. Tá sé do réir nádúir mar sain, ag cineadh daoine teanga áirithe do bheith aca; agus ins an teangaidh sin amháin is eadh is fearr thiocfas smuainte, agus intinn na ndaoine sin amach. Ins an teangaidh sin amháin tá fíor-spioraid na nGaedheal, a shean-ghnása, a shean-nósa, a nádúr, os cionn gach nidh eile, a nádúr. Is tré n-a nádúr agus tré n-a ndúchas a éireóchthas le cineadh daoine dhul chum cinn, chomh maith le duine aonraic, duine n-a anonar, agus má bhíonn spalpas ná spleadhchas ag duine le bealach ná le slíghidh dhuine eile cinnfidh obair air, nó muna gcinnfidh sí air is ionnann é, ní féidir leis í dhéanamh ach i n-aghaidh a tholach, i n-aghaidh a chos, agus i n-aghaidh a nádúir. Leis an obair do dhéanamh go ceart dó, do réir slighe dhuine eile, caithfidh sé a nádúr féin do chaitheadh uaidh go léir, tógfaidh sin tamall maith air, annsain caithfidh sé nádúr agus slighe an duine eile do ghlacadh agus do bheith aige go huile agus go hiomlán. Má ghníonn sé sin tá leis, ní'l clóich na stró air uaidh sin amach, acht bíodh a fhios aige go gcaithfidh sé an malairt seo do dhéanamh go glan iomlán, ní dhéanfaidh sé cúis dó dul leath bealaigh, ná a thríomhadh cuid. Anois sé an sgéal ceannann céadna é ag náisiún nó ag cineadh, ní'l deifir ar bith sa domhan ann. Is de dhaoinibh a déantar náisiún, agus má's leis an tír seo dul chum cinn, caithfidh sí an Ghaedhilg, agus spioraid na Gaedhilge do chur i n-áirde agus i dtosach, nó caithfidh sí an teanga do chur fá chois amach is amach, agus teanga agus spioraid eile do ghlacadh. Ní'l aon teach leath bealaigh ann; caithfear bheith go léir an thaoibh éigin. Ní'l ann acht dul amudha dhúinn bheith sásta le bheith idir eatorra mar bhí na fataí sa gcéad fhoghmhar. Ní'l amhras ar bith nach bhfuil daoine i nÉirinn atá ag déanamh a ndíchill gnó na tíre do chur chum tosaigh, daoine do chaill an nádúr Gaedhealach go léir, nó daoine, d'oile, nach raibh sé aca le cailleadh. Ar modh ar bith, sé an nádúr Sasanach atá ionnta. Tá siad deagh-rúnach, díograsach acht atáid ar easbaidh tuigsin, agus ní measa dóibh beirthe é. Ní thuigeann siad nach bhfuil muinntear na hÉireann Gaedhealach ar fad, na Gallda ar fad, acht idir eatorra. Nó go dtuigidh siad gur obair saobh-nósach bheith ag iarraidh bail do chur ar dhaoinibh do chaill, nó do chaith uatha a ndúchas, ní dhéanfaidh siad an obair mar is ceart, sé sin go réir nádúir. Fear ar bith cheapas go ndéanfaidh an Béarla sinn maith go leór, ní'l sméaróid, ná smiochóid ar bith céille aige. Seadh, b'éidir dhó fios do bheith aige go gcothuigheann biadh an cholainn, nó rud mar sain. Acht a rádh, is go bhfuil an Béarla sáthach maith againn, ní'l. Bhí a fhios ag Dia níos fearr agus is uime sin do thug sé an Ghaedhilg dhúinn, má's olc maith í, agus aon duine a déarfas “ó sgaoil uait an Ghaedhilg sin, agus oibrighmís an Béarla,” bíodh a fhios aige gur ionann é sin agus a rádh, “cá bhfios do Dhia céard is maith dhúinn, ba cheart Dó an Béarla thabhairt dúinn.” Sin é an sgéal anois, daoine gallda ag iarraidh ciall do chur i ndaoinibh nach bhfuil gallda ná Gaedhealach, acht ins an lag atá eatorra, agus ní'l sé so-thuigsiona aca cia an t-adhbhar nach bhfuil a gcuid teagaisg ag dul chum cinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services