Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gnó agus Teanga na hÉireann

Title
Gnó agus Teanga na hÉireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Eanair 11, 1902.



GNÓ AGUS TEANGA NA hÉIREANN



Tá daoine ann fós a cheapas nach bhfuil aon bhaint
ag an nGaedhilg agus ag obair na hÉireann le n-a chéile.
Ní'l sé leath-bhliadhain ná leath na seachtmhaine ó shoin ó
léigheamar baramhail fir — ball de Chonnradh na Gaedhilge
bhí ann — ag rádh go gcuireann sé náire air bheith ag
éisteacht le Gaedhilgeóir déarfas nach bhfuil léigheas ar
Éirinn acht an Ghaedhilg do chur ar bun. Fear cliste, do
b'eadh é ag sgríobhadh an Bhéarla, agus fear do chreid gach
ar sgríobh sé. Ní'l fear ar bith chomh sundusach ag
labhairt dithchéille le fear glic. Ní chuirfeá aon tsuim
i n-amadán, mar, dar leat féin go dtagann dithchéille
uaidh-sean go nádúrdha, acht nuair bhéas fear cliste
glic ar easbaidh céille is mór an t-iongnadh le duine é.



Anois ní hé amháin go mbaineann gnó na hÉireann
leis an Ghaedhilg, acht gan an Ghaedhilg, níl sé i ndán
d'obair na tíre dul chum cinn. Má bhítear gan Teanga
na tíre seo do chur ar bun acht go failligheach neamh-
shuimeamhail, is fáilligheach neamh-shuimeamhail a rachas
obair na tíre ar aghaidh, agus dhá luaithe dhá dtuigidh lucht
ceirde, agus lucht gnó na tíre é sin is amhlaidh is goirre
dhóibh an chabhair. Féach i leith. Cia nidh teanga? Tá
slighe nádurdha do thug Dia do dhream daoine le n-a
smuainte d'fhoillsiughadh d'á chéile. Tá sé do réir
nádúir mar sain, ag cineadh daoine teanga áirithe do
bheith aca; agus ins an teangaidh sin amháin is eadh is fearr
thiocfas smuainte, agus intinn na ndaoine sin amach.
Ins an teangaidh sin amháin tá fíor-spioraid na
nGaedheal, a shean-ghnása, a shean-nósa, a nádúr, os
cionn gach nidh eile, a nádúr. Is tré n-a nádúr agus tré
n-a ndúchas a éireóchthas le cineadh daoine dhul chum cinn,
chomh maith le duine aonraic, duine n-a anonar, agus má bhíonn
spalpas ná spleadhchas ag duine le bealach ná le slíghidh
dhuine eile cinnfidh obair air, nó muna gcinnfidh sí air
is ionnann é, ní féidir leis í dhéanamh ach i n-aghaidh a
tholach, i n-aghaidh a chos, agus i n-aghaidh a nádúir. Leis an
obair do dhéanamh go ceart dó, do réir slighe dhuine
eile, caithfidh sé a nádúr féin do chaitheadh uaidh go
léir, tógfaidh sin tamall maith air, annsain caithfidh sé
nádúr agus slighe an duine eile do ghlacadh agus do bheith aige
go huile agus go hiomlán. Má ghníonn sé sin tá leis,
ní'l clóich na stró air uaidh sin amach, acht bíodh a fhios
aige go gcaithfidh sé an malairt seo do dhéanamh
go glan iomlán, ní dhéanfaidh sé cúis dó dul leath
bealaigh, ná a thríomhadh cuid. Anois sé an sgéal
ceannann céadna é ag náisiún nó ag cineadh, ní'l deifir
ar bith sa domhan ann. Is de dhaoinibh a déantar
náisiún, agus má's leis an tír seo dul chum cinn, caithfidh
sí an Ghaedhilg, agus spioraid na Gaedhilge do chur i n-áirde
agus i dtosach, nó caithfidh sí an teanga do chur fá chois
amach is amach, agus teanga agus spioraid eile do ghlacadh.
Ní'l aon teach leath bealaigh ann; caithfear bheith go
léir an thaoibh éigin. Ní'l ann acht dul amudha dhúinn
bheith sásta le bheith idir eatorra mar bhí na fataí sa
gcéad fhoghmhar.



Ní'l amhras ar bith nach bhfuil daoine i nÉirinn atá
ag déanamh a ndíchill gnó na tíre do chur chum tosaigh,
daoine do chaill an nádúr Gaedhealach go léir, nó
daoine, d'oile, nach raibh sé aca le cailleadh. Ar modh
ar bith, sé an nádúr Sasanach atá ionnta. Tá siad
deagh-rúnach, díograsach acht atáid ar easbaidh tuigsin,
agus ní measa dóibh beirthe é. Ní thuigeann siad nach
bhfuil muinntear na hÉireann Gaedhealach ar fad, na
Gallda ar fad, acht idir eatorra. Nó go dtuigidh
siad gur obair saobh-nósach bheith ag iarraidh bail do chur
ar dhaoinibh do chaill, nó do chaith uatha a ndúchas, ní
dhéanfaidh siad an obair mar is ceart, sé sin go réir
nádúir.



Fear ar bith cheapas go ndéanfaidh an Béarla sinn
maith go leór, ní'l sméaróid, ná smiochóid ar bith
céille aige. Seadh, b'éidir dhó fios do bheith aige go
gcothuigheann biadh an cholainn, nó rud mar sain. Acht
a rádh, is go bhfuil an Béarla sáthach maith againn, ní'l.
Bhí a fhios ag Dia níos fearr agus is uime sin do thug sé
an Ghaedhilg dhúinn, má's olc maith í, agus aon duine a
déarfas “ó sgaoil uait an Ghaedhilg sin, agus oibrighmís
an Béarla,” bíodh a fhios aige gur ionann é sin agus a
rádh, “cá bhfios do Dhia céard is maith dhúinn, ba cheart
Dó an Béarla thabhairt dúinn.” Sin é an sgéal anois,
daoine gallda ag iarraidh ciall do chur i ndaoinibh nach
bhfuil gallda ná Gaedhealach, acht ins an lag atá
eatorra, agus ní'l sé so-thuigsiona aca cia an t-adhbhar
nach bhfuil a gcuid teagaisg ag dul chum cinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services