Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Bhás Thomais Uí hAllmhuráin .i. An Saor Mór.
Title
Ar Bhás Thomais Uí hAllmhuráin .i. An Saor Mór.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Cuirtin, Séamus
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Bhás Thomais Uí hAllmhuráin .i. An Saor Mór. Séamus Mac Cuirtin do chan. Táim tinn lag tláth claoidhte ó chualadh tásg Mná caointe mo thíre go buadhartha i ngláimh Cradh croidhe do lucht laoithe i dTuaidh Mumhain árd, Bás bíocach an tSaoir bhoicht ba suairce cáil. Cáil cheannsa is annsacht do thathaigh Tomás Níor ghreann leis an clampar nó creacha bochtán Rádh ran suilt le seanstoc níor bhfada leis tráth Sa lámhchur gach dán glic ba seasmhar 's ba sámh. Ba sámh séanmhar an Saor é is ba sultmhar suairc, Tráth tréitheach a saor chumadh tuireadh gan ghruaim A lán dréacht ba lán léir dó nár bhfuraisd do luadh, Mo léan chreach go faon-lag é curtha san uaigh. I n-uaigh chráidhte is truagh an sár-fhear ba maordha modhamhuil, D'fhág daimhe Chúige Chláir Luirc go faon-lag fann, Gan duan dána an fhuaim cháinte le léigheadh as leabhar, Ó chuaidh an sár-fhear fíor-eólach do 'n éag mo lom. Mo lom léan ghúirt, togha éigse faoi leacaibh gan bhrigh, Suadh saothrach, buan briathrach, gan focal le suidheamh, Gan aon do shliocht Éibhir chum m'osna chur síos, Ó d'éag an saor-fhlath ba shochma chum grinn. Greann gan ghangaid go thathaigh an Saor go suairc, Gan mheang gan aithis do chanfadh gach dréacht gan duais, 'Na shláinte sealad dá mairfeadh gan bhéim gan bhuaidhirt, Ba sháimh leis glasa na nGallaibh do réabadh anuas. Anuas ó leagadh sin Sagsannaigh claon gan smacht, is gur bhuaidhaigh an Conallach calma an réim tar n-ais, Ní truaigh liom sealad faoi aindeas an tréad gan cheart Is mór gur measa liom lannair an léighinn do shlad. Slad ar an mbás a d'fhág gan bhrigh mo laoch, Gan obair gan dán gan fáilte fuinn n-a bhéal Ó d'imthigh an dáimh do b'fhearr i gcríchibh Chéin Níl againn le rádh acht gur fágadh sinn gan léigheann. Léigheann is leabhar do chleachtadh an Saor go suairc, Béarla sméarach is laidean na mbriathra mbinn An Ghaedhilg ghasda 'na ceachtaibh ba léir do suidheamh 'S an Ghréigis ghreannta do b'aithnid dhó a léigheadh 's a sgríobh. (Tá an dán so sgríobhtha le os cionn leath-chéad bliadhain. Fear i dTuath Mhumhan do sgríobh é, agus Mac Cruitin do chuir sé i n-áit Mac Cuirtin.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services