Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Bhás Thomais Uí hAllmhuráin .i. An Saor Mór.

Title
Ar Bhás Thomais Uí hAllmhuráin .i. An Saor Mór.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Cuirtin, Séamus
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Bhás Thomais Uí hAllmhuráin .i. An Saor Mór.



Séamus Mac Cuirtin do chan.



Táim tinn lag tláth claoidhte ó chualadh tásg
Mná caointe mo thíre go buadhartha i ngláimh
Cradh croidhe do lucht laoithe i dTuaidh Mumhain árd,
Bás bíocach an tSaoir bhoicht ba suairce cáil.



Cáil cheannsa is annsacht do thathaigh Tomás
Níor ghreann leis an clampar nó creacha bochtán
Rádh ran suilt le seanstoc níor bhfada leis tráth
Sa lámhchur gach dán glic ba seasmhar 's ba sámh.



Ba sámh séanmhar an Saor é is ba sultmhar suairc,
Tráth tréitheach a saor chumadh tuireadh gan ghruaim
A lán dréacht ba lán léir dó nár bhfuraisd do luadh,
Mo léan chreach go faon-lag é curtha san uaigh.



I n-uaigh chráidhte is truagh an sár-fhear ba maordha
modhamhuil,
D'fhág daimhe Chúige Chláir Luirc go faon-lag fann,
Gan duan dána an fhuaim cháinte le léigheadh as leabhar,
Ó chuaidh an sár-fhear fíor-eólach do 'n éag mo lom.



Mo lom léan ghúirt, togha éigse faoi leacaibh gan bhrigh,
Suadh saothrach, buan briathrach, gan focal le suidheamh,
Gan aon do shliocht Éibhir chum m'osna chur síos,
Ó d'éag an saor-fhlath ba shochma chum grinn.



Greann gan ghangaid go thathaigh an Saor go suairc,
Gan mheang gan aithis do chanfadh gach dréacht gan
duais,
'Na shláinte sealad dá mairfeadh gan bhéim gan
bhuaidhirt,
Ba sháimh leis glasa na nGallaibh do réabadh anuas.



Anuas ó leagadh sin Sagsannaigh claon gan smacht,
is gur bhuaidhaigh an Conallach calma an réim tar
n-ais,
Ní truaigh liom sealad faoi aindeas an tréad gan
cheart
Is mór gur measa liom lannair an léighinn do shlad.



Slad ar an mbás a d'fhág gan bhrigh mo laoch,
Gan obair gan dán gan fáilte fuinn n-a bhéal
Ó d'imthigh an dáimh do b'fhearr i gcríchibh Chéin
Níl againn le rádh acht gur fágadh sinn gan léigheann.



Léigheann is leabhar do chleachtadh an Saor go suairc,
Béarla sméarach is laidean na mbriathra mbinn
An Ghaedhilg ghasda 'na ceachtaibh ba léir do suidheamh
'S an Ghréigis ghreannta do b'aithnid dhó a léigheadh
's a sgríobh.



(Tá an dán so sgríobhtha le os cionn leath-chéad bliadhain. Fear
i dTuath Mhumhan do sgríobh é, agus Mac Cruitin do chuir sé i n-áit
Mac Cuirtin.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services