Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht - An Ruaig as Éirinn
Title
Filidheacht - An Ruaig as Éirinn
Author(s)
An Craoibhín Aoibhinn,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Filidheacht An Ruaig as Éirinn Ag triall thar an tsáile atámaoid indiu, Ag dul thar an bhfairrge dhorcha dhubh, A bhfad ó n-ár gcáirdíbh thar sáile anonn, Ó oileán ár n-óige, 'n ar tógadh sinn ann. Tá seólta d'á síneadh, tá'n oidhche ag teacht, Agus tá na sean-daoine ag caoineadh go bocht, Tá tonnta ag bualadh thimchioll an bháid, Ochón! na sean-daoine! is truagh mar táid! Nach é seo an sgaradh tá géar agus roighin, Tá cuid againn 'tarraing ó mhachairibh Laighean, O Chonndae Chill-Chainnigh, 's ó Chondae an Righ, Ó Longphort, 's Cill-Dara, 's as Conndae na Midhe. Tá Ulltaigh ag siubhal ann go gruamach 's go mall, Ó Dhoire, ó Aondruim 's ó shean-Dhún-na-nGall, Ag teacht as Tír-Eóghain, 's as Condae an Dúin. As tá tuilleadh ar fán ó chlár geal Múmhan. Bhí Condae Chiarraidh 'fiafruidh a chéile, Agus Condae Chorcaigh “is gortaigh' i nÉirinn,” Do bhíodar ó Eóchaill a's as sin go Tráighlighe, 'S ó chathair Phortláirge go Caiseall na Righ. Chuir Connacht an mhuinntir bha dhona amach, Is iad bhí eólach ar sgrios a's ar chreach; Is iad bhí eólach ar bhuaidhirt gach lá, Ar theinnteachaibh múchta, ar ruaig 's ar chrádh. Bhí an lá aca 'tarraing as Ghaillimh na gcloch, 'S ag imtheacht le chaoineadh ó Liadhruim na loch, Ó Roscomáin féarmhar na gcaora 's na mbó, A's ag brúchtadh 'na sluaightibh as an gCondae Mhuigh-Eó. Bhí siad 'na gcéadtaibh as Éirinn iomláin, Cruinnighthe le chéile i n-aon áit amháin, Bhí gáir ann, a's glaodhach, bhí sgríoch agus gol, Is ar éigin ba léir dham cá raibh mé ag dul. Ba mheasgtha gach aon tre n-a chéile, go mór, Bhí gárrtha trom-bhróin ann, bhí sgreadghail a's deóir, Bhí eascaine i mBéarla 's i nGaedhilg nár bhinn, Chomh fad a's is beó mé cuimhneóchad air sin. Ar na sean-daoinibh liath' bhí bríste 'gus bróga, Bhí éadach san bhfáisiún ar bhuachaillibh óga, Bhí naoidheanáin a's páistidhe dá bhfásgadh ag mnáibh, Bhí reabadh na gruaig' ann, 's greadadh na lámh. A's do thuig mé ann sin mar dubhairt Cathal Mac Cába, (Níor thuigeas é riamh go ceart, gus an lá sin) “Nach bhfuil pian ná peanaid ná galar chomh cráidhte Le h-éag na gcarad no le sgaramhain compánach.” Do mhéadaigh an buaidhreadh, nuair buaileadh an clog, Agus b'éigin dóibh sgaramhaint, an láidir 's an lag, An sean-duine cráidhte 's an páiste beag óg, An mac a's an mháthair le deór agus póig. Bhí buachaill breágh láidir ann, 's labhair sé liom, Gaisgidheach galánta gan amhras bhí ann. Agus dubhairt sé “seacht gcéad míle mallacht go deó Ar an tír a's an dlighe ta d'ár ndíbirt as so.” “Amén!” ar fear eile 's é ag cuimilt a shúl “Tá croidhthe na gcéadtaibh d'á réabadh indiú. Dá mbudh tráighte an long sin d'eireóchadh sí suas Le tuile na ndeór tá dá ndórtadh anuas!” Tabhair 'm amharc amháin, 'nois, ar thalamh na h-Éireann Tá ag laghdughadh i gcómhnuidhe, ag laghdughadh sna spéarthaibh, Ag laghdughadh, ag laghdughadh, ar síor-dhul i gceó, Och! b'éidir nach bhfeicfimíd í níos mó! An Craoibhín Aoibhinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services