Filidheacht
An Ruaig as Éirinn
Ag triall thar an tsáile atámaoid indiu,
Ag dul thar an bhfairrge dhorcha dhubh,
A bhfad ó n-ár gcáirdíbh thar sáile anonn,
Ó oileán ár n-óige, 'n ar tógadh sinn ann.
Tá seólta d'á síneadh, tá'n oidhche ag teacht,
Agus tá na sean-daoine ag caoineadh go bocht,
Tá tonnta ag bualadh thimchioll an bháid,
Ochón! na sean-daoine! is truagh mar táid!
Nach é seo an sgaradh tá géar agus roighin,
Tá cuid againn 'tarraing ó mhachairibh Laighean,
O Chonndae Chill-Chainnigh, 's ó Chondae an Righ,
Ó Longphort, 's Cill-Dara, 's as Conndae na Midhe.
Tá Ulltaigh ag siubhal ann go gruamach 's go mall,
Ó Dhoire, ó Aondruim 's ó shean-Dhún-na-nGall,
Ag teacht as Tír-Eóghain, 's as Condae an Dúin.
As tá tuilleadh ar fán ó chlár geal Múmhan.
Bhí Condae Chiarraidh 'fiafruidh a chéile,
Agus Condae Chorcaigh “is gortaigh' i nÉirinn,”
Do bhíodar ó Eóchaill a's as sin go Tráighlighe,
'S ó chathair Phortláirge go Caiseall na Righ.
Chuir Connacht an mhuinntir bha dhona amach,
Is iad bhí eólach ar sgrios a's ar chreach;
Is iad bhí eólach ar bhuaidhirt gach lá,
Ar theinnteachaibh múchta, ar ruaig 's ar chrádh.
Bhí an lá aca 'tarraing as Ghaillimh na gcloch,
'S ag imtheacht le chaoineadh ó Liadhruim na loch,
Ó Roscomáin féarmhar na gcaora 's na mbó,
A's ag brúchtadh 'na sluaightibh as an gCondae Mhuigh-Eó.
Bhí siad 'na gcéadtaibh as Éirinn iomláin,
Cruinnighthe le chéile i n-aon áit amháin,
Bhí gáir ann, a's glaodhach, bhí sgríoch agus gol,
Is ar éigin ba léir dham cá raibh mé ag dul.
Ba mheasgtha gach aon tre n-a chéile, go mór,
Bhí gárrtha trom-bhróin ann, bhí sgreadghail a's deóir,
Bhí eascaine i mBéarla 's i nGaedhilg nár bhinn,
Chomh fad a's is beó mé cuimhneóchad air sin.
Ar na sean-daoinibh liath' bhí bríste 'gus bróga,
Bhí éadach san bhfáisiún ar bhuachaillibh óga,
Bhí naoidheanáin a's páistidhe dá bhfásgadh ag mnáibh,
Bhí reabadh na gruaig' ann, 's greadadh na lámh.
A's do thuig mé ann sin mar dubhairt Cathal Mac Cába,
(Níor thuigeas é riamh go ceart, gus an lá sin)
“Nach bhfuil pian ná peanaid ná galar chomh cráidhte
Le h-éag na gcarad no le sgaramhain compánach.”
Do mhéadaigh an buaidhreadh, nuair buaileadh an clog,
Agus b'éigin dóibh sgaramhaint, an láidir 's an lag,
An sean-duine cráidhte 's an páiste beag óg,
An mac a's an mháthair le deór agus póig.
Bhí buachaill breágh láidir ann, 's labhair sé liom,
Gaisgidheach galánta gan amhras bhí ann.
Agus dubhairt sé “seacht gcéad míle mallacht go deó
Ar an tír a's an dlighe ta d'ár ndíbirt as so.”
“Amén!” ar fear eile 's é ag cuimilt a shúl
“Tá croidhthe na gcéadtaibh d'á réabadh indiú.
Dá mbudh tráighte an long sin d'eireóchadh sí suas
Le tuile na ndeór tá dá ndórtadh anuas!”
Tabhair 'm amharc amháin, 'nois, ar thalamh na h-Éireann
Tá ag laghdughadh i gcómhnuidhe, ag laghdughadh sna
spéarthaibh,
Ag laghdughadh, ag laghdughadh, ar síor-dhul i gceó,
Och! b'éidir nach bhfeicfimíd í níos mó!
An Craoibhín Aoibhinn