Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Manus Ó Domhnaill
Title
Manus Ó Domhnaill
Author(s)
Mánus Ó Domhnaill,
Pen Name
Níosairde
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mánus Ó Domhnaill “An uair a chaineann siad gradh Na ndaoine nach bhfuil beó Bhfuil náire ort aon fhocal rádh Ar ocht gcéad déag acht dó? Ní'l ann acht tráill no droch-chineál A mhasluigheas a thír Acht ógánaigh mar tá sibh Sibh ólfas gloine fíor.” 'Sé mo bharamhail nach bhfuil mórán ainmneacha is stáir na hÉireann is mó thuilleas cion, meas agus urraim ná Mánus Ó Domhnaill, an té air a bhfuilim ag brath anois ar ghearr-chunntais a thabhairt. Is annamh, fairíor, bhíos fios ag an choiteanntacht ar na fearaibh is treise, na fearaibh is tréine agus is oirdhear- caigh a mhair ins an saoghal. Agus ní'l daoine ar bith eile ar thalamh na cruinne go léir, bhfuil níos mó
easbadh eólais orra, i dtaobh seanchais agus stáire a dtíre agus a cuid fear agus ban measamhla ná muinntir na hÉireann. Is searbh í an fhírinne. Is doiligh le duine an méid seo a rádh agus admháil as comhair an tsaoghail acht sí an fhírinne ghlan í, teidheann sé i n-aghaidh croidhe agus coinsias dhuine a rádh acht má theidheann féin, sílim gur fearr an fhírinne innseacht agus ar neamh-eólas ar stáir na tíre admháil, le súil is go mbrostóchamuid orainn agus féachaint le beagán do'n eólas 'na bhfuilmíd easbadhach a phiocadh suas agus a chur isteach i n-ar gceann. Creidim nach bhfuil triúr fear i nÉirinn taobh amuigh do Dhún na nGall, ná b'fhéidir taobh amuigh do Pharáisde Cill Mhic Eádhnáin féin, a chuaidh cainnt ná tráchd ar Mhánus Ó Domhnaill. Mar sin féin, níor sheas ar thalamh ghlas na bhFiann, ná ar aon talamh eile fós ariamh, aon fhear a raibh níos mó grádh aige ar a thír ná mar bhí aige-sean. Chuir sé suas le gach uile shórt, masla agus tarcuisne agus mímheas, chomh maith leis an ngéar-leanamhain is géire agus is cráidhte ar chuir aon duine do'n chineadh daonna suas ariamh leis; agus an méid seo go léir i ngan fhios don tsaoghal, i ngan fhios dá mhuinntir féin. Rugadh agus tógadh Mánus Ó Domhnaill i nGual, i gConndae Dhún na nGall, ins an mbliadhain (1758) míle seacht gcéad ocht déag agus dá fhíchead. D'fhágfadh sin é go díreach dhá fhíchead (40) bliadhain i n-aimsir na gluaiseachta — i n-“ocht gcéad déag acht dó.” Ba do mhuinntir Uí Dhomhnaill é ar thaobh na máthar chomh maith le taobh an athar, agus ba hé an t-aon mhac amháin bhí aca é. Tháinig sé ó bhunadh chlann Domhnaill as Inis Alla — oileán beag atá taobh amuigh do na Rosaibh, agus seo iad an treibh cheadna thug Aodh Ruadh dúinn i gcruthúnas nárbh aon iongnadh go raibh an braon ceart san áit cheart ann, agus é theacht ó shliocht Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill. Ba fear é fuair oideachas maith go leór, mar bhí sé ceaptha amach mar adhbhar sagairt ag a mhuinntir, acht bhí fhios ag Dia níos fearr. Bhain sé le Cumann na nÉireannach Aontuighthe go dlúth tar éis a cúr ar bun, agus is rí-ghairid go raibh sé 'n a chaiptín nó n-a cheannphoirt orra so 'na cheanntar féin. Is cosamhail nach raibh an tír gan spiadóiríbh an t-am sain acht an oiread leis an aimsir atá a láthair, mar rinne fear do mhuinntir Mhac Grath spiadóireacht agus is gearr gairid mo léan go raibh madraí-allta an t-Sas- annaigh ar a threóir agus é gabhtha aca faoi bhultaibh agus shlabh- raidhibh iarainn. San mbliadhain óchad a hocht ('98) is eadh tógadh agus tugadh go Leitirceanainn é. Caitheadh isteach san phríosún annsain é, i sheóimrín fuar, fliuch, salach dorcha, ar feadh cheithre seachtmhainí agus ar feadh an achair sin ní fhaca se solus na gréine. Cuireadh slabhradh trom cruaidhe faoi n-a mhuinéal, slabhradh eile ar a chosaibh, fáisgeadh sgriúnna ar a chuid ordógaidhe, agus fuair sé mar bhiadh luach pinginne aráin buidhe agus pionta uisge gach lá. Ní hé amháin gur chuir an bhroighdeanas so pian agus pionús mór air, acht chuir siad ag cur fhola é, agus thuit na h-ingne dhá mhéarachaibh. Chualamar go minic nach bhfuil inntleacht ag duine chomh géarr ná chomh glic agus bhí ag ainglibh an uabhair. B'fhéidir acht is deacair a cheapadh ná a chreistint go bhféadfadh an diabhal mór shíos ar leacrachaibh dearga ifrinn, aon phionús a cheapadh amach ní ba ghéire, aon trap, ná innioll, ná súil-ribe a leagan d'aon duine le níos mó fealltacht, ná beartuidheacht, ná mar leag riaghaltas Shasanna do Mhac Uí Dhomhnaill le súil is go ndéanfadh sé spiadóireacht ar a chuid eile do na fir tréana, gaisgeamhla a bhí réidh agus ullamh chun eirghe amach agus troid ar son SAORSACHT na h-Éireann. Is minic, minic cuireadh comhra chláir san bpórsa bréan, dubh, dorcha aige, le súil is go mbainfeadh so an misneach as, agus go n-iompóchadh sé 'na spiadóir. Caith- eadh luchain freisin isteach ina an seómra lobhtha aicíd- each so, luchain nach bhfuair dada le n-ithe le seal fada aimsire, agus a bhí leath-bhásaighthe leis an ocras. Siad na luchain ocracha so agus an chomhra chláir bhí mar chuideachta ag an óglaoch chomh 'd is bhí sé sa phríosún. Deirtear gur ith siad iallacha agus leathar a bhróg le fíbín agus teann ocrais. Nuair a chinn orra é bhogadh, ná feillbheart imirt ar a thír agus ar a mhuinntir d'fhéachadar bealach eile. Gheal- ladar go dtiubhraidís mála óir dó céad punnt san mbliadhain ar feadh a shaoghail, agus cosaint ó'n riaghaltas chomh fad is mhairfheadh sé. Bheadh sé chomh forusda céadna dhóibh féachaint leis an bhfairrge chongbháil ó bheith ag tuile agus ag trághadh le cur faoi ndeara do Mhánus Ó Domhnaill iompodh 'na spiadóir. D'eitigh sé an tairisgint fhealltamhail seo, go feargach fearamhail agus ó d'eitigh haistrigheadh go Leithbhearr é agus fágadh i ngéibheann annsain é go dtí an Márta sa mbliadhain dár gcionn, agus annsain tugadh os comhair cóiste cogadh (military tribunal) é, faoi uach- taránacht fir airm darab ainm Ua Muireadhaigh. Ní bhfuaradar fiadhnaise a ndóthain chun a dhaoradh, agus ó thárla nach bhfuair gheall an t-oifigeach airm saorsacht dó, dá dtiocfadh sé agus troid le duine do na saighdiúiri sin i dtugtar dragúin orra. An saighdiúr so bheith gléasta suas na chulaith troda, ar chapall, agus an claidh- eamh nó lann fada na láimh aige, agus gan capall ar bith bheith ag Mánus, ná go deimhin arm cosanta ar bith eile acht amháin píce. Deirtear nach raibh teórainn ar bith leis ag láimhseáil an phíce. Bhí Seaghan Buidhe fealltamhail riamh, agus creidim go mbeidh go dtiocfadh soir siar, agus bhí sé amhlaidh an uair seo. Fuair an saighdiúr ordúghadh faoi rún Mánus a mharbhadh, agus dubhradh le Mánus gan aon bhuille marbhthach a thabhairt don tsaighdiúr gan a dhéanamh acht amháin é féin a chosaint air. Ghlac an t-óglaoch ó Thír Chonaill an cómhrach, agus ceapadh amach lá na troda i mbuaile an Trágh Bháin agus Leithbhearr, go díreach ag an easgaill chúmhang 'na dtagann an abhainn Fhionn agus an Mhúrnán i
dteannta a chéile — san ait a sgaoileann siad a gcuid uisgithe le fánaidh ins an bhFeabhail. Tháinig na mílte daoine go dtí an áit leis an troid fheiceál idir an dragún agus an laoch tréanmhar ó Dhún na nGall. Bhí an saighdiúr dearg ar dhruim an chapaill amuigh i lár na páirce, agus í ag seitríl, ag carta na talmhan le na cosaibh, chomh maith is dá mba mhian léi cur i ngeill don tsluagh mór bhí i láthair go raibh sise ar an taobh céadna leis an marcach, agus go mb' é a mbeadh uaithe an laoch a bhrughadh, agus a threasgairt faoi na cosaibh, agus a chuid fola leigean le fánaidh na haibhne. Níor bhfada go ndeachaidh Mánus amach i gceart lár na páirce agus is gairid na dhiaidh sin go rabhadar i n-éadan a chéile. Is iomdha míle paidir agus cré a chuaidh suas go Righ na bhFlaitheas ó chroidhthibh bhriste, ó chroidhthibh brónacha, dubhacha, ar son Mhánuis, mar ní hé an saighdiúr gallda amháin bhí ag Mánuis le troid an lá sin — bhí cliú agus cáil Thíre Conaill aige le congbháil glan ó smúit. Bhí sé ag troid ar son a anama, troid ar son a thíre agus a shabhrsacht — agus chuir sin misneach agus dóchas dá réir ann, mar bhí sé i n-ann ag aon tseisear saighdiúr dearg a chuir cos i mbróig ariamh. Leis an chéad bhuille do'n phíce, ghearr Mánus srian an chapaill agus nuair bhí sin déanta ní raibh an oiread cúmhachta ag an dragún an capall a stiúradh agus nuair thug sé iaracht eile an capall a chur i mullach Mhánuis, níor éirigh leis. Chomh sgiopaidh is dhúnfá do shúil bhí feac (nó cos) an phíce ag Mánus ar an talamh agus d'éirigh sé do léim as bealach an chapaill; le linn an each dul thairis, rug sé greim brollaigh ar an dragún le crúca, nó dubhán an phíce, agus ar áit na mbun bhí saighdiúr Shasanna na chláirsíneach ar chaol a dhroma. Is truagh mar deirtear é, i n-áit cead a choise a thabhairt dó mar gealladh, tugadh os comhair an bhreithimh arís é agus nuair a tugadh, thosuigh an breitheamh gallda — an breitheamh so a bhris a fhocal — ag miona móra agus ag easgainidh. Tháinig cúthach feirge air. Dubhairt sé dá mbeadh míle fear eile mar Mhánus, i gcuideachta a chéile go mbrisfidís, go réabfaidís agus go stóicfidís coróin Shasanna ó chéile agus go gcaithfidís i mullach an tubaiste san bhfairrge mhóir í. D'orduigh an beithe- adhach-allta do bhreitheamh, é cheangail do phosta adhmaid, agus chúig (500) céad buille do laisg a thabhairt dó. Bhíotas dhá cheangal agus ar thob na mbuillí a thabhairt dó, nuair tháinig an Tighearna Caobhán — a bhí an t-am sain os cionn an airm go léir i nÉirinn — i lár na páirce agus nuair fuair sé fios agus fáirnis ar an rud a thuit amach, thug sé ordughadh dhóibh é sgaoileadh agus a leigeann chum bealaigh. Acht b'éigin dó bannaidhe a thabhairt, go bhfanfadh se socair agus go gcongbhóchadh sé an síothchán ar feadh seacht mbliadhna. Níor cuireadh bac ná cosg ar níos mó, nó go bhfuair sé bás i mí na Lúghnasa san mbliadhain 1844, chúig bhliadhna agus dá fhichead i ndiaidh na h-aimsire seo. Tá se forusda go leór ag cuid do na daoine bheith lán do mhisneach agus do thír-ghrádh, agus glacadh le maslaíbh agus tarcuisne, le pionús agus le géarleanamhain nuair atá an saoghal ar fad ag féachaint orra, agus tabhairt cur síos don domhan go léir, ar a dtréineacht agus a gcalmacht — acht dá bhféachfaidhe cia an bhraon, cia an smior, cia an grádh tíre atá ionainn, mar déanamh le Mánus Ó Domhnaill, tá faitchios mo chroidhe orm nach mbeadh muid chomh dílis dár dtír, nuair bheadh pianta an ocrais agus an an-shógh chomh maith le piantaibh coirp ag dul dúinn. Cia mhéad duine againn a loicfeadh nuair bheadh na slabhraí timcheall ár lámh agus ár gcos, an chomhra chláir os ár gcomhair agus luchain ocracha, sgólta, caola ag ithe agus gearradh iallacha agus leathar ár gcuid bróg? Dá mbeadh an saoghal chomh cruaidh orainne is bhí sé ar mhuinntir na h-aimsire sin, ní shílim go mbeadh an oiread dílseacht i n-ar measg is bhí i n-“ocht gcéad déag acht dó.” Acht 'ar ndóigh ní aon iongnadh go mbeidís acht an oiread. Anois atá an teanga ghallda againn, teanga na ndaoine a rabhamar ag troid leó an t-am sin (agus a bhfuil go fóill má's fíor dúinn féin). Tá béasa agus cleachtaí na Sasannach againn, tá céol, amhráin agus rinncí an t-Sasannaigh dá gcur i gcleachtadh i bhfad níos minice ná mar tá, ár gceól, ár n-amhráin agus ár rinncí féin — agus ó tá is go bhfuil, ní'l sé luighe le réasún ná le nádúr go mbeadh muid chomh fíor ná chomh dílis dár dtír agus do gach uile nidh eile bhaineas léi. Siúd is go bhfuil an aimsir sin thart, agus na daoine bhí dílis, agus a throid ar son na hÉireann imthighthe faoi an bhfód, go slíghe na fírinne, tá dóchas láidir agam gur fhan a spioraid-san — spioraid agus sméaróid na SOARSACHTA beó 'nár measg agus go lasfar an splannc agus an sméaróid cheart i gcroidhe gach Ghaedheal agus go bhféachfhadh siad le bheith chomh dílis agus chomh dubhrachtach do Éirinn is bhí Mánus Ó Domhnaill agus laochraí ochaid a h-ocht. “Beidhmid go bráth, i mbrón nó i rath, An ár nÉireannaigh go deó, Chomh dílis a's bhíodar An ocht gcéad déag acht dó.” NÍOSAIRDE
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services