Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Manus Ó Domhnaill

Title
Manus Ó Domhnaill
Author(s)
Mánus Ó Domhnaill,
Pen Name
Níosairde
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mánus Ó Domhnaill



“An uair a chaineann siad gradh
Na ndaoine nach bhfuil beó
Bhfuil náire ort aon fhocal rádh
Ar ocht gcéad déag acht dó?
Ní'l ann acht tráill no droch-chineál
A mhasluigheas a thír
Acht ógánaigh mar tá sibh
Sibh ólfas gloine fíor.”



'Sé mo bharamhail nach bhfuil mórán ainmneacha is stáir
na hÉireann is mó thuilleas cion, meas agus urraim ná
Mánus Ó Domhnaill, an té air a bhfuilim ag brath anois
ar ghearr-chunntais a thabhairt.



Is annamh, fairíor, bhíos fios ag an choiteanntacht ar
na fearaibh is treise, na fearaibh is tréine agus is oirdhear-
caigh a mhair ins an saoghal. Agus ní'l daoine ar bith
eile ar thalamh na cruinne go léir, bhfuil níos mó


L. 647


easbadh eólais orra, i dtaobh seanchais agus stáire a dtíre
agus a cuid fear agus ban measamhla ná muinntir na hÉireann.
Is searbh í an fhírinne. Is doiligh le duine an méid seo
a rádh agus admháil as comhair an tsaoghail acht sí an fhírinne
ghlan í, teidheann sé i n-aghaidh croidhe agus coinsias dhuine
a rádh acht má theidheann féin, sílim gur fearr an fhírinne
innseacht agus ar neamh-eólas ar stáir na tíre admháil, le
súil is go mbrostóchamuid orainn agus féachaint le beagán
do'n eólas 'na bhfuilmíd easbadhach a phiocadh suas agus a
chur isteach i n-ar gceann.



Creidim nach bhfuil triúr fear i nÉirinn taobh amuigh
do Dhún na nGall, ná b'fhéidir taobh amuigh do Pharáisde
Cill Mhic Eádhnáin féin, a chuaidh cainnt ná tráchd ar
Mhánus Ó Domhnaill. Mar sin féin, níor sheas ar
thalamh ghlas na bhFiann, ná ar aon talamh eile fós ariamh,
aon fhear a raibh níos mó grádh aige ar a thír ná mar bhí
aige-sean.



Chuir sé suas le gach uile shórt, masla agus tarcuisne agus
mímheas, chomh maith leis an ngéar-leanamhain is géire
agus is cráidhte ar chuir aon duine do'n chineadh daonna
suas ariamh leis; agus an méid seo go léir i ngan fhios
don tsaoghal, i ngan fhios dá mhuinntir féin.



Rugadh agus tógadh Mánus Ó Domhnaill i nGual, i
gConndae Dhún na nGall, ins an mbliadhain (1758)
míle seacht gcéad ocht déag agus dá fhíchead. D'fhágfadh
sin é go díreach dhá fhíchead (40) bliadhain i n-aimsir na
gluaiseachta — i n-“ocht gcéad déag acht dó.”



Ba do mhuinntir Uí Dhomhnaill é ar thaobh na máthar
chomh maith le taobh an athar, agus ba hé an t-aon mhac
amháin bhí aca é.



Tháinig sé ó bhunadh chlann Domhnaill as Inis Alla —
oileán beag atá taobh amuigh do na Rosaibh, agus seo iad
an treibh cheadna thug Aodh Ruadh dúinn i gcruthúnas
nárbh aon iongnadh go raibh an braon ceart san áit
cheart ann, agus é theacht ó shliocht Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill.
Ba fear é fuair oideachas maith go leór, mar bhí sé
ceaptha amach mar adhbhar sagairt ag a mhuinntir, acht
bhí fhios ag Dia níos fearr.



Bhain sé le Cumann na nÉireannach Aontuighthe go
dlúth tar éis a cúr ar bun, agus is rí-ghairid go raibh sé 'n
a chaiptín nó n-a cheannphoirt orra so 'na cheanntar féin.
Is cosamhail nach raibh an tír gan spiadóiríbh an t-am
sain acht an oiread leis an aimsir atá a láthair, mar
rinne fear do mhuinntir Mhac Grath spiadóireacht agus is
gearr gairid mo léan go raibh madraí-allta an t-Sas-
annaigh ar a threóir agus é gabhtha aca faoi bhultaibh agus shlabh-
raidhibh iarainn.



San mbliadhain óchad a hocht ('98) is eadh tógadh agus
tugadh go Leitirceanainn é. Caitheadh isteach san
phríosún annsain é, i sheóimrín fuar, fliuch, salach dorcha,
ar feadh cheithre seachtmhainí agus ar feadh an achair sin ní
fhaca se solus na gréine. Cuireadh slabhradh trom
cruaidhe faoi n-a mhuinéal, slabhradh eile ar a chosaibh,
fáisgeadh sgriúnna ar a chuid ordógaidhe, agus fuair sé
mar bhiadh luach pinginne aráin buidhe agus pionta uisge
gach lá.



Ní hé amháin gur chuir an bhroighdeanas so pian agus
pionús mór air, acht chuir siad ag cur fhola é, agus thuit na
h-ingne dhá mhéarachaibh.



Chualamar go minic nach bhfuil inntleacht ag duine
chomh géarr ná chomh glic agus bhí ag ainglibh an uabhair.
B'fhéidir acht is deacair a cheapadh ná a chreistint go
bhféadfadh an diabhal mór shíos ar leacrachaibh dearga
ifrinn, aon phionús a cheapadh amach ní ba ghéire, aon
trap, ná innioll, ná súil-ribe a leagan d'aon duine
le níos mó fealltacht, ná beartuidheacht, ná mar leag
riaghaltas Shasanna do Mhac Uí Dhomhnaill le súil is go
ndéanfadh sé spiadóireacht ar a chuid eile do na fir
tréana, gaisgeamhla a bhí réidh agus ullamh chun eirghe amach
agus troid ar son SAORSACHT na h-Éireann.



Is minic, minic cuireadh comhra chláir san bpórsa
bréan, dubh, dorcha aige, le súil is go mbainfeadh so an
misneach as, agus go n-iompóchadh sé 'na spiadóir. Caith-
eadh luchain freisin isteach ina an seómra lobhtha aicíd-
each so, luchain nach bhfuair dada le n-ithe le seal fada
aimsire, agus a bhí leath-bhásaighthe leis an ocras. Siad na
luchain ocracha so agus an chomhra chláir bhí mar chuideachta
ag an óglaoch chomh 'd is bhí sé sa phríosún. Deirtear
gur ith siad iallacha agus leathar a bhróg le fíbín agus teann
ocrais.



Nuair a chinn orra é bhogadh, ná feillbheart imirt ar
a thír agus ar a mhuinntir d'fhéachadar bealach eile. Gheal-
ladar go dtiubhraidís mála óir dó céad punnt san
mbliadhain ar feadh a shaoghail, agus cosaint ó'n riaghaltas
chomh fad is mhairfheadh sé.



Bheadh sé chomh forusda céadna dhóibh féachaint leis
an bhfairrge chongbháil ó bheith ag tuile agus ag trághadh le
cur faoi ndeara do Mhánus Ó Domhnaill iompodh 'na
spiadóir. D'eitigh sé an tairisgint fhealltamhail seo,
go feargach fearamhail agus ó d'eitigh haistrigheadh go
Leithbhearr é agus fágadh i ngéibheann annsain é go dtí an
Márta sa mbliadhain dár gcionn, agus annsain tugadh os
comhair cóiste cogadh (military tribunal) é, faoi uach-
taránacht fir airm darab ainm Ua Muireadhaigh.



Ní bhfuaradar fiadhnaise a ndóthain chun a dhaoradh, agus
ó thárla nach bhfuair gheall an t-oifigeach airm saorsacht
dó, dá dtiocfadh sé agus troid le duine do na saighdiúiri
sin i dtugtar dragúin orra. An saighdiúr so bheith
gléasta suas na chulaith troda, ar chapall, agus an claidh-
eamh nó lann fada na láimh aige, agus gan capall ar bith
bheith ag Mánus, ná go deimhin arm cosanta ar bith
eile acht amháin píce. Deirtear nach raibh teórainn ar
bith leis ag láimhseáil an phíce.



Bhí Seaghan Buidhe fealltamhail riamh, agus creidim go
mbeidh go dtiocfadh soir siar, agus bhí sé amhlaidh an uair
seo.



Fuair an saighdiúr ordúghadh faoi rún Mánus a
mharbhadh, agus dubhradh le Mánus gan aon bhuille marbhthach
a thabhairt don tsaighdiúr gan a dhéanamh acht amháin é
féin a chosaint air. Ghlac an t-óglaoch ó Thír Chonaill
an cómhrach, agus ceapadh amach lá na troda i mbuaile an
Trágh Bháin agus Leithbhearr, go díreach ag an easgaill
chúmhang 'na dtagann an abhainn Fhionn agus an Mhúrnán i


L. 648


dteannta a chéile — san ait a sgaoileann siad a gcuid
uisgithe le fánaidh ins an bhFeabhail.



Tháinig na mílte daoine go dtí an áit leis an troid
fheiceál idir an dragún agus an laoch tréanmhar ó Dhún na
nGall. Bhí an saighdiúr dearg ar dhruim an chapaill
amuigh i lár na páirce, agus í ag seitríl, ag carta na
talmhan le na cosaibh, chomh maith is dá mba mhian léi
cur i ngeill don tsluagh mór bhí i láthair go raibh sise
ar an taobh céadna leis an marcach, agus go mb' é a
mbeadh uaithe an laoch a bhrughadh, agus a threasgairt faoi
na cosaibh, agus a chuid fola leigean le fánaidh na haibhne.



Níor bhfada go ndeachaidh Mánus amach i gceart lár
na páirce agus is gairid na dhiaidh sin go rabhadar i
n-éadan a chéile. Is iomdha míle paidir agus cré a chuaidh
suas go Righ na bhFlaitheas ó chroidhthibh bhriste, ó
chroidhthibh brónacha, dubhacha, ar son Mhánuis, mar ní hé
an saighdiúr gallda amháin bhí ag Mánuis le troid an
lá sin — bhí cliú agus cáil Thíre Conaill aige le congbháil
glan ó smúit. Bhí sé ag troid ar son a anama, troid
ar son a thíre agus a shabhrsacht — agus chuir sin misneach agus
dóchas dá réir ann, mar bhí sé i n-ann ag aon tseisear
saighdiúr dearg a chuir cos i mbróig ariamh.



Leis an chéad bhuille do'n phíce, ghearr Mánus srian
an chapaill agus nuair bhí sin déanta ní raibh an oiread
cúmhachta ag an dragún an capall a stiúradh agus nuair
thug sé iaracht eile an capall a chur i mullach Mhánuis,
níor éirigh leis. Chomh sgiopaidh is dhúnfá do shúil bhí
feac (nó cos) an phíce ag Mánus ar an talamh agus
d'éirigh sé do léim as bealach an chapaill; le linn an
each dul thairis, rug sé greim brollaigh ar an dragún
le crúca, nó dubhán an phíce, agus ar áit na mbun bhí
saighdiúr Shasanna na chláirsíneach ar chaol a dhroma.



Is truagh mar deirtear é, i n-áit cead a choise a
thabhairt dó mar gealladh, tugadh os comhair an bhreithimh
arís é agus nuair a tugadh, thosuigh an breitheamh gallda —
an breitheamh so a bhris a fhocal — ag miona móra agus ag
easgainidh. Tháinig cúthach feirge air. Dubhairt sé dá
mbeadh míle fear eile mar Mhánus, i gcuideachta a
chéile go mbrisfidís, go réabfaidís agus go stóicfidís
coróin Shasanna ó chéile agus go gcaithfidís i mullach an
tubaiste san bhfairrge mhóir í. D'orduigh an beithe-
adhach-allta do bhreitheamh, é cheangail do phosta adhmaid,
agus chúig (500) céad buille do laisg a thabhairt dó.



Bhíotas dhá cheangal agus ar thob na mbuillí a thabhairt
dó, nuair tháinig an Tighearna Caobhán — a bhí an t-am
sain os cionn an airm go léir i nÉirinn — i lár na
páirce agus nuair fuair sé fios agus fáirnis ar an rud a
thuit amach, thug sé ordughadh dhóibh é sgaoileadh agus a
leigeann chum bealaigh. Acht b'éigin dó bannaidhe a
thabhairt, go bhfanfadh se socair agus go gcongbhóchadh sé
an síothchán ar feadh seacht mbliadhna.



Níor cuireadh bac ná cosg ar níos mó, nó go bhfuair
sé bás i mí na Lúghnasa san mbliadhain 1844, chúig
bhliadhna agus dá fhichead i ndiaidh na h-aimsire seo.



Tá se forusda go leór ag cuid do na daoine bheith
lán do mhisneach agus do thír-ghrádh, agus glacadh le maslaíbh
agus tarcuisne, le pionús agus le géarleanamhain nuair atá
an saoghal ar fad ag féachaint orra, agus tabhairt cur
síos don domhan go léir, ar a dtréineacht agus a
gcalmacht — acht dá bhféachfaidhe cia an bhraon, cia an
smior, cia an grádh tíre atá ionainn, mar déanamh le
Mánus Ó Domhnaill, tá faitchios mo chroidhe orm nach
mbeadh muid chomh dílis dár dtír, nuair bheadh pianta
an ocrais agus an an-shógh chomh maith le piantaibh coirp ag
dul dúinn. Cia mhéad duine againn a loicfeadh
nuair bheadh na slabhraí timcheall ár lámh agus ár gcos, an
chomhra chláir os ár gcomhair agus luchain ocracha, sgólta,
caola ag ithe agus gearradh iallacha agus leathar ár gcuid
bróg? Dá mbeadh an saoghal chomh cruaidh orainne is
bhí sé ar mhuinntir na h-aimsire sin, ní shílim go mbeadh
an oiread dílseacht i n-ar measg is bhí i n-“ocht gcéad
déag acht dó.” Acht 'ar ndóigh ní aon iongnadh go
mbeidís acht an oiread.



Anois atá an teanga ghallda againn, teanga na
ndaoine a rabhamar ag troid leó an t-am sin (agus a bhfuil
go fóill má's fíor dúinn féin). Tá béasa agus cleachtaí
na Sasannach againn, tá céol, amhráin agus rinncí an
t-Sasannaigh dá gcur i gcleachtadh i bhfad níos minice
ná mar tá, ár gceól, ár n-amhráin agus ár rinncí féin —
agus ó tá is go bhfuil, ní'l sé luighe le réasún ná le nádúr
go mbeadh muid chomh fíor ná chomh dílis dár dtír agus do
gach uile nidh eile bhaineas léi.



Siúd is go bhfuil an aimsir sin thart, agus na daoine
bhí dílis, agus a throid ar son na hÉireann imthighthe faoi an
bhfód, go slíghe na fírinne, tá dóchas láidir agam
gur fhan a spioraid-san — spioraid agus sméaróid na
SOARSACHTA beó 'nár measg agus go lasfar an splannc
agus an sméaróid cheart i gcroidhe gach Ghaedheal agus go
bhféachfhadh siad le bheith chomh dílis agus chomh dubhrachtach
do Éirinn is bhí Mánus Ó Domhnaill agus laochraí ochaid
a h-ocht.



“Beidhmid go bráth, i mbrón nó i rath,
An ár nÉireannaigh go deó,
Chomh dílis a's bhíodar
An ocht gcéad déag acht dó.”



NÍOSAIRDE

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services