Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Connachtach Neamh-Naisiúntach
Title
An Connachtach Neamh-Naisiúntach
Author(s)
Ó Maoláin, Mícheál,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Connachtach Neamh-Naisiúntach Ba gnáthach liom i gcómhnuidhe an Claidheamh do léigheadh. Gach dar-daoin ag a h-aon a chlog, do bhuailinn isteach i siopa éigin ag iarraidh an Claidheamh agus an tÉireannach Aontuighthe sul rachainn ag mo dhinnéar, agus dhearcainn orra. Muna mbeadh an dá phighinn agam ba dinnéar gan sásamh bheadh agam-sa an lá sin. Shaoileas go mba sean-chara an Claidheamh do bhreath- nuigh mé mar sin air, agus bhíodh an-phléisiúr agam ag léigheadh mar bhí cúis na Gaedhilge dul ar aghaidh i ngach áit. Bhí go maith gur tháinig Méarthóg Ghuill agus Conáin, agus tá a fhios ag 'ch uile dhuine céard dubhradar. Sgríobh mise litir i mBéarla chuig an gClaidheamh agus níor cuireadh i gclódh í (is maith liom rádh annso dhá mbeadh M.P., T.C., P.L.G., M.R.I.A., F.R.U.I., M.A., B.A., nó litreacha éigin eile i ndiaidh m'ainm go gcuir- fidhe isteach an litir sin san gClaidheamh.) Sheólas litir i nGaedhilg annsin agus cuireadh i gclódh í sin acht i náit an sgéal fhágbháil idir mé féin agus Mearthóg chuir Fear Eagair an Chlaidhimh a bhuille féin in m'aghaidh- sa agus anois tá gach “Gaedheal” cinnte go bhfuil an Connachtach Neamh-Naisiúntach marbh ar fad, acht tá sé creathadh na gcos fós. An tseachtmhain seo cuireann Mearthóg “Caisíne- acht” eile de, agus ar ndóigh ní bheadh sé ceart nó cóir muna nglaoidhfeadh sé Seóinín agus Iar Shasanach orm-sa. Níor dhubhairt sé go díreach gur Iar-Shasanach nó Seóinín mé, acht gur Connachtach Neamh-Náisiúntach mé, agus sin é an rud céadna, acht ní chuireann sé sin aon trioblóid orm-sa, agus ná bíodh sé dhá cheapadh. Ritheann an chaint sin de mo dhruim-se mar rithfeadh uisge de dhruim lachan. Níl múisiam ar bith orm-sa 'na thaoibh sin. Tá aon rud amháin ráidhte aige agus sé an masladh is mó b'fhéidir leis a thabhairt domsa, sin — dhá mbeadh mo charraigeacha Béarla amuigh san Aifric Theas agus a losgadh as na gunnaibh móra go n-imtheóchadh na Búraigh i n-aon sgiotán amháin, agus nach bhfillfeadh siad go deó, agus annsin bheadh an bhuaidh ag an “bPréachán Mór.” Da mbeadh fonn ormsa congnadh thabhairt do'n Phréachán Mór, thógfainn suas mo ghunna is thiocfainn amach ar nós fir agus throidfinn i n-aghaidh na mbúraigh, agus dhá mbeinn amuigh agus fonn orm congnadh thabhairt do na Búraibh, ní le caint do dheanfainn é. Deir Méarthóg dhá mbeidh Gaedhilg ag Tóin go mbeidh sé seacht nuaire déag is fiche níos fearr ná bhí sé. Cá bhfios do Mhéarthóg a mbeadh sé acht sé huaire déag is fiche agus trí ceathramhnaí?
Acht le críoch chur ar mo sgéal. Go deimhin is le dubhrón chaitheas mé rádh nach féidir liom níos mó an Claidheamh do léigheadh. Tá a fhios agam go ríogh-mhaith gur cuma leat agad nó uait mo phighinn, agus ní mórán chuirfeas sé as dhuit-se nó dhomsa. Dubhairt Mearthóg gur cháin mise an Claidheamh san litir Bhéarla úd. Cia an chaoi bhfuil a fhios aige? An bhfaca sé an litir? Muna féidir le fear litir do chur go dtí páipéar gan í bheith i mbéal gach duine (nuair nar cuireadh i gclódh í) tá sgéal deas againn. Is fusa fheicsint go bhfuil lucht stiúrtha an Chlaidhimh ag iarraidh ar dtús an Ghaedhilg bheith dhá labhairt ag na hÉireannachaibh, acht san am chéadna ag iarraidh na hÉireannaigh do dhéanamh dílis d'Impireacht na Sagsan. Ní bhfuighfidh siad mise le congnadh thabhairt dóibh, mar tá súil agam go bhfeicidh mé an lá nuair bhéas Impireacht na Sagsan agus gach rud tá bainnt léithe shíos — dhá losgadh imeasg na — agus sí mo ghuidhe se, go raibh gach Seóinín bíodh an Ghaedhilg aige nó ná bíodh shíos freisin. Ná bíodh aon mhilleán agad orm má chloiseann tú go mbeidh mé ag déanamh mó dhíchill chum daoine chongbháil ó'n gClaidheamh do cheannach. Táim anois ar nós fear bhí i ngrádh le cailín agus gur chaith an cailín tar bord é. Tá mé féin agus an Claidheamh anois sgartha ó chéile, tá' fhios agam go ndéanfaidh sé gach is féidir leis mise do chur “thar sáile,” agus déanfaidh mise mo dhicheall chum an Chlaidheamh do chongbháil ag baile agus gan í leigean “tar muir,” agus chídhfimíd cé againn thiocfas amach slán. Tá a fhios agam go mbeidh 'ch uile sórt rud ráidhte liom, agus beidhfear ag ceapadh go bhfuil mé ar thob 'ch uile shórt do réabadh le cúthach, acht taim anois chomh socair le — acht tá mo dhóthain sgríobhtha agam tá sé i n-aice le n-am agam dul go Breathanach, chum sláinte na bainríoghna d'ól. Mícheál O Maoláin an Iar-Sasanach, nó Cosantóir na nGall do réir Ghuill. (Dá mbeadh a fhios ag an gClaidheamh go raibh an Mhéarthóg ag teacht ar an bpáirt d'fhágfaidhe an cath idir na laochraibh. Tá dhá bharamhuil eile agat, a Mhíchil, nach bhfuil ceart; an chéad cheann .i. dhá mbeadh litreacha le t-ainm agat, go leigfidhe dhuit do chuid cainnte a dhéanamh i mBéarla; an dara ceann .i. go mbeidh an Claidheamh feasta ar do thóir. Tá báramhuil bun os cionn eile agat i dtaoibh lucht stiúrtha an Chlaidhimh, agus ar a lán eile nach é. Má táir ar nos fear i ngrádh táir go bocht. Seo é an chaoi a mbíonn fear i ngrádh: “Ní aithnighim lon thar chuach, Ní aithnighim teas thar fhuacht, 'S ní aithnighim anois m'fhuath ó m' cháirdibh, Ní aithnighim oidhche ó lá, Acht d'aithneochainn fos mó ghrádh, Dhá dtigidh sí i dtráth dom fhóiríghint.” Tá súil againn nach bhfuil tú chomh dona sain amach is amach. — F. an Ch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services