Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Connachtach Neamh-Naisiúntach

Title
An Connachtach Neamh-Naisiúntach
Author(s)
Ó Maoláin, Mícheál,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Connachtach Neamh-Naisiúntach



Ba gnáthach liom i gcómhnuidhe an Claidheamh do
léigheadh. Gach dar-daoin ag a h-aon a chlog, do
bhuailinn isteach i siopa éigin ag iarraidh an Claidheamh
agus an tÉireannach Aontuighthe sul rachainn ag mo dhinnéar,
agus dhearcainn orra. Muna mbeadh an dá phighinn agam
ba dinnéar gan sásamh bheadh agam-sa an lá sin.



Shaoileas go mba sean-chara an Claidheamh do bhreath-
nuigh mé mar sin air, agus bhíodh an-phléisiúr agam ag
léigheadh mar bhí cúis na Gaedhilge dul ar aghaidh i ngach
áit.



Bhí go maith gur tháinig Méarthóg Ghuill agus Conáin, agus
tá a fhios ag 'ch uile dhuine céard dubhradar.



Sgríobh mise litir i mBéarla chuig an gClaidheamh agus
níor cuireadh i gclódh í (is maith liom rádh annso dhá
mbeadh M.P., T.C., P.L.G., M.R.I.A., F.R.U.I., M.A.,
B.A., nó litreacha éigin eile i ndiaidh m'ainm go gcuir-
fidhe isteach an litir sin san gClaidheamh.)



Sheólas litir i nGaedhilg annsin agus cuireadh i gclódh í
sin acht i náit an sgéal fhágbháil idir mé féin agus Mearthóg
chuir Fear Eagair an Chlaidhimh a bhuille féin in m'aghaidh-
sa agus anois tá gach “Gaedheal” cinnte go bhfuil an
Connachtach Neamh-Naisiúntach marbh ar fad, acht tá sé
creathadh na gcos fós.



An tseachtmhain seo cuireann Mearthóg “Caisíne-
acht” eile de, agus ar ndóigh ní bheadh sé ceart nó cóir
muna nglaoidhfeadh sé Seóinín agus Iar Shasanach orm-sa.
Níor dhubhairt sé go díreach gur Iar-Shasanach nó
Seóinín mé, acht gur Connachtach Neamh-Náisiúntach mé,
agus sin é an rud céadna, acht ní chuireann sé sin aon
trioblóid orm-sa, agus ná bíodh sé dhá cheapadh. Ritheann
an chaint sin de mo dhruim-se mar rithfeadh uisge de
dhruim lachan. Níl múisiam ar bith orm-sa 'na thaoibh
sin. Tá aon rud amháin ráidhte aige agus sé an masladh
is mó b'fhéidir leis a thabhairt domsa, sin — dhá mbeadh
mo charraigeacha Béarla amuigh san Aifric Theas agus a
losgadh as na gunnaibh móra go n-imtheóchadh na Búraigh
i n-aon sgiotán amháin, agus nach bhfillfeadh siad go
deó, agus annsin bheadh an bhuaidh ag an “bPréachán Mór.”
Da mbeadh fonn ormsa congnadh thabhairt do'n Phréachán
Mór, thógfainn suas mo ghunna is thiocfainn amach ar
nós fir agus throidfinn i n-aghaidh na mbúraigh, agus dhá
mbeinn amuigh agus fonn orm congnadh thabhairt do na
Búraibh, ní le caint do dheanfainn é.



Deir Méarthóg dhá mbeidh Gaedhilg ag Tóin go
mbeidh sé seacht nuaire déag is fiche níos fearr ná bhí
sé. Cá bhfios do Mhéarthóg a mbeadh sé acht sé huaire
déag is fiche agus trí ceathramhnaí?


L. 630


Acht le críoch chur ar mo sgéal. Go deimhin is le
dubhrón chaitheas mé rádh nach féidir liom níos mó an
Claidheamh do léigheadh. Tá a fhios agam go ríogh-mhaith
gur cuma leat agad nó uait mo phighinn, agus ní mórán
chuirfeas sé as dhuit-se nó dhomsa. Dubhairt Mearthóg
gur cháin mise an Claidheamh san litir Bhéarla úd.
Cia an chaoi bhfuil a fhios aige? An bhfaca sé an litir?
Muna féidir le fear litir do chur go dtí páipéar gan
í bheith i mbéal gach duine (nuair nar cuireadh i gclódh í)
tá sgéal deas againn.



Is fusa fheicsint go bhfuil lucht stiúrtha an Chlaidhimh
ag iarraidh ar dtús an Ghaedhilg bheith dhá labhairt ag na
hÉireannachaibh, acht san am chéadna ag iarraidh na
hÉireannaigh do dhéanamh dílis d'Impireacht na Sagsan.
Ní bhfuighfidh siad mise le congnadh thabhairt dóibh, mar
tá súil agam go bhfeicidh mé an lá nuair bhéas Impireacht
na Sagsan agus gach rud tá bainnt léithe shíos — dhá
losgadh imeasg na — agus sí mo ghuidhe se, go raibh gach
Seóinín bíodh an Ghaedhilg aige nó ná bíodh shíos
freisin.



Ná bíodh aon mhilleán agad orm má chloiseann tú
go mbeidh mé ag déanamh mó dhíchill chum daoine
chongbháil ó'n gClaidheamh do cheannach. Táim anois
ar nós fear bhí i ngrádh le cailín agus gur chaith an cailín
tar bord é. Tá mé féin agus an Claidheamh anois sgartha
ó chéile, tá' fhios agam go ndéanfaidh sé gach is féidir
leis mise do chur “thar sáile,” agus déanfaidh mise mo
dhicheall chum an Chlaidheamh do chongbháil ag baile agus gan
í leigean “tar muir,” agus chídhfimíd cé againn thiocfas
amach slán.



Tá a fhios agam go mbeidh 'ch uile sórt rud ráidhte
liom, agus beidhfear ag ceapadh go bhfuil mé ar thob 'ch
uile shórt do réabadh le cúthach, acht taim anois chomh
socair le — acht tá mo dhóthain sgríobhtha agam tá sé
i n-aice le n-am agam dul go Breathanach, chum
sláinte na bainríoghna d'ól.



Mícheál O Maoláin an Iar-Sasanach,
nó Cosantóir na nGall do réir Ghuill.



(Dá mbeadh a fhios ag an gClaidheamh go raibh an
Mhéarthóg ag teacht ar an bpáirt d'fhágfaidhe an cath
idir na laochraibh. Tá dhá bharamhuil eile agat, a
Mhíchil, nach bhfuil ceart; an chéad cheann .i. dhá mbeadh
litreacha le t-ainm agat, go leigfidhe dhuit do chuid
cainnte a dhéanamh i mBéarla; an dara ceann .i. go
mbeidh an Claidheamh feasta ar do thóir. Tá báramhuil
bun os cionn eile agat i dtaoibh lucht stiúrtha an
Chlaidhimh, agus ar a lán eile nach é. Má táir ar nos
fear i ngrádh táir go bocht. Seo é an chaoi a mbíonn
fear i ngrádh:



“Ní aithnighim lon thar chuach,
Ní aithnighim teas thar fhuacht,
'S ní aithnighim anois m'fhuath ó m' cháirdibh,
Ní aithnighim oidhche ó lá,
Acht d'aithneochainn fos mó ghrádh,
Dhá dtigidh sí i dtráth dom fhóiríghint.”



Tá súil againn nach bhfuil tú chomh dona sain amach is
amach. — F. an Ch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services